Friday, December 28, 2012

Gunnaí

Gach uair a tharlaíonn ionsaí uafásach le gunnaí, tosaítear caint faoi conas na gunnaí go léir a bhaint ón uile dhuine.  Tá a lán daoine ann agus a cheapann nach dtarlódh ionsaithe uafásacha marfacha gan gunnaí.  Ach is iomaí sampla atá ann go dtarlódh, faraor.  Bítear ag lorg réiteach simplí, ungadh ar a gcoinsias, rud le déanamh in éadain ruda nach mbaineann le ciall ar bith.  Dea-thoil, ach fós féin, drochchúis.  Dhéanfadh sé dochar agus ní dhéanfadh sé aon mhaith.

Is rí-dheacair a mhíniú do dhaoine nach Meiriceánach iad (agus do mórán Meiriceánach, freisin), cén fáth go gcreideann Meiriceánaigh go bhfuil ceart againn gunnaí a choimeád.

Tuigtear cearta ar nós difriúil i Meiriceá, go bunúsach.  San Eoraip, de ghnáth, cheaptar ar chearta mar bhronntanais ón rialtas.  Bíonn gach ceart ag an rialtas ach amháin iad a bhronntar ar na saoránaigh.  Ach i Meiriceá, creidtear go bhfuil cearta ag gach aon duine ón tús, agus níl aon cheart ag an rialtas ach amháin iad a bhronnann na daoine air (nó a gheilleann siad dó, le fírinne).

I Sasana, thug an rialtas cead do na protastúnaigh gunnaí a choimeád sa 17ú aois.  Thuig bunaitheoirí na tíre seo go mbíonn sé tábhachtach go mbíonn saoránaigh ábalta iad féin a chosaint - ón rialtas féin, go háirithe, más gá.  Gnáth uirlis a bhí i ngunna ón tús, sna Stáit.  Agus ó shin fós.  Ní raibh eagla orainn riamh roimh ghunnaí.

Ach maraon le beagnach gach rud, tá creideamh láidir ag an eite chlé go bhfuil gunnaí go holc, agus nach bhfuil aon chiall ar bith ag aon duine nach gcreideann amhlaidh.  Is mór an trua nach mbíonn suim ag daoine mar sin sna fíricí.  Agus tá dea-smaointe ann chun rudaí dearfacha a dhéanamh, ionas go mbeadh na páistí ní ba shláine.  Ní bheadh a fhios sin ag éinne a bhraitheann ar na meáin chumarsáide chun a chuid eolais a fháil, ámh.  Agus tá an t-uachtarán seo againn ceartchreidmheach mar liobrálach - glan ina aghaidh gunnaí (is bun-chearta mhuintir Mheiriceá...).

Is iomaí rud bréagach a insítear.  Mar shampla, deirtear go bhfuil rud mar arm ionsaitheach ann atá an-difriúil ón ghnáth-arm.  Is ionann iad ach amháin an dealramh díobh.  Deirtear gur olc an rud é gunna 'leath-uathiobrích', ach tá a leithéid ann ón 19ú aois, gan fadhb ar bith.  Agus síleann roinnt daoine nach mbeadh gunnaí ann dá mbeadh siad in aghaidh an dlí.  Ach dar ndóigh, mar a deir an mana, dá mbeadh gunnaí in aghaidh an dlí, ní bheadh gunnaí ach ag coirpigh amháin.

Tá timpeall 270,000,000 gunna ag sibhialtaigh Mheiriceá, agus timpeall ceithre mhilliún eile ag an arm is na póilíní.  Fiú dá ndéanfadh cosc ar ghunnaí aon mhaith, níorbh fhéidir é a chur i bhfeidhm in aon chor.

De ghnáth, bíonn daoine níos sláine má bhíonn daoine maithe le gunnaí i láthair.  Tá samplaí go leor ann.  Ní féidir gach olcas a chosc.  Ach is féidir troid ina n-aghaidh.  Tá fadhbanna níos bunúsaí ann ná teacht ar ghunnaí, agus b'fhearrde dúinn díriú orthu sin - cabhair do na gealta, aithne ar ár gcomharsana, meas ar an mbeatha, creideamh i nDia...

Ach tá sé i bhfad níos éasca an milleán a chur ar ghunnaí.  Mór an trua.  Faighean creidimh na liobráithe an bua ar an bhfírinne arís is arís eile.  Tá súil agam go bhfuil meas ar ár mbunreacht láidir go leor chun seasamh in aghaidh an ionsaí seo is déanaí.

Friday, November 30, 2012

Vóta Eile in Aghaidh Iosrael...


Cé mhéad ball na Náisiúin Aontaithe a chaithfeadh vóta chun áit a aithint mar thír nuair
  • Bhí dhá ghrúpa ag maíomh go raibh siad i gceannas ansin go dtí tamall ó shin agus ní léir go bhfuil siad ag feidmhiú go maith fós lena chéile.  Rialtas an-amhrasach atá ann.
  • Tá dhá phíosa talún éagsúla acu, gan cheangal
  • Níl teorainneacha socraithe acu
  • Níl siad i gceannas ar aon teoreannacha, ná a n-aerspás, ná aon phort
  • Is sceimhlitheoirí gan náire iad
  • Bíonn a dtreoraithe ag insint bréige, agus ní aithníonn siad an stair mar a tharla
  • Tá éillitheacht fhorleathan ansin
  • Briseann siad dlíthe idirnáisiúnta i gcónaí - níl meas dá laghad acu ar a leithéid
  • Ní aithníonn siad ball na NA mar thír
  • Ní dhearna siad aon dul chun cinn mar phobal le chomh fada agus a chuir siad pobal orthu féin
  • Ní pobal stairiúil iad.
  • Níl aon chultúr, teanga ná creideamh dá gcuid féin acu
  • Dóbair go bhfuil geilleagar ar bith i bhfeidmh ansin
  • Tá baint acu le coireanna ar fud an domhain
  • Tá droch-chlú acu maidir le cearta daonna
  • Chuirfeadh an t-aitheantas seo isteach ar chonarthaí atá acu (gheall siad nach n-iarrfadh siad an t-aitheantas a fháil gan socruithe eile a dhénamh lena gcomarsa)
  • Ní bhfaighidh siad a lán airgid atá ar fáil dóibh ag an am seo, má iarrann siad stádas mar thír a fháil (déanfaidh sé dochar dá bpobal)
  • Chuirfeadh an t-aitheantas seo isteach ar aon dul chun cinn maidir le síocháin idir iadsan agus a gcomharsa
  • Nóiméad ó shin, bhí siad ag pléascadh busanna, agus seoladh cúpla céad diúracán chuig a gcomharsa, agus mar sin de.  Cheapfaí ar an aitheantas seo mar luaíocht ar an saghas seo droch-iompair
  • Ní dhéanfadh an vóta seo aon mhaith 
Náid. 

O, fan nóiméad - is fuath leo na Giúdaigh agus ba mhaith leo Iosrael a scriosadh!

Céad tríocha a haon.

Monday, November 26, 2012

Miotas na bPalaistíneach in Éirinn


An samhail is fearr do dhearcadh mhóramh na nÉireannach (ar an idirlíon agus sna meáin, ar a laghad) faoi na 'Palaistínigh bhochta atá go díreach cosúil leis na hÉireannaigh'...sin Bizarro World na ngreanán.  Gach rud a chreideann siad, is malairt glan na fírinne é.  Ach is miotas náisiúnta é, atá ann go hoifigiúil fiú, agus níl aon tírghrá agat mura bhfuath leat Iosrael, de réir dealraimh. 

Níos minice ná a mhalairt, dar le Fearn agus daoine eile, bíonn sé ar nós cuma liom ag an chuid is mó de mhuintir na hÉireann.  Ní bhaineann sé lena saol.  Ach fiú más amhlaidh, na daoine a dhéanann aon adhnua de, bíonn siad lán cinnte gur ionann 'trodaithe na saoirse' ar mhaith leo Iosrael a scriosadh, agus a gcuid 'trodaí na saoirse' féin.  Agus is a leithéidne a imríonn tionchar ar an rialtas agus ar chúrsaí idirnáisiúnta.

Níl rialtas na hÉireann ach beagáinín níos fearr ná radacaigh na tíre (ach bíonn tuaisceart na hÉireann níos measa ná áit ar bith eile sa deisceart, dar ndóigh). Cinnte, déantar gnó le hIosrael (ach dóbair nár ghlac siad le baghcat).  Ach pé caint atá ann faoina gcuid neodrachta, tá siad chomh frith-Iosrealach agus is féidir gan imeacht ón Aontas Eorpach nó cogadh a fhearadh orthu. Níl aon fíor-chairdeas ann idir na tíortha beaga daonlathacha seo. Seasann rialtas na hÉireann leis na daoine a phléascann busanna agus a sheolann diúracáin chuig Iarúsailéim. Laochra ag seasamh leis na daoine atá faoi chois iad, cheapann siad. Ar mithreoir ag tacú le radacaigh ar mhaith leo gach duine in Iosrael a mharú, le fírinne.

Ní raibh sé chomh dona i gcónaí (cé go raibh roinnt frithghiúdachais ann riamh, maraon le háit ar bith eile).  Sula raibh Iosrael féin ann mar thír, bhíodh tuairim choitianta in Éirinn a bhíodh ar son na Síónach.   Bhí a lán fadhbanna ann ó bhunaíodh stát Iosrael, ámh.  Chomh luath agus a ghlac na Giúdaigh le críochdheighilt mar réiteach (réiteach a bhí ag na Náisiúin Aontaithe, ach sin scéal eile...), thosaigh na hÉireannaigh chun droch-chomparáid a dhéanamh lena gcás féin. Ní raibh aon chabhair é dearcadh an Vatacáin, a ghlac Éire freisin, go mba chóir cathair idirnáisiúnta a dhéanamh de Iarúsailéim, agus nár thug siad aitheantas do Iosrael le fada mar gheall air sin.  Is fada casta an stair, ach ar ball d'éirigh dearcadh na tíre ní ba mheasa, agus tharla athrú mór sna 1970í go háirithe, nuair a rinneadh cairdeas idir an IRA agus an PLO.  Mar gheall ar an mbolscaireacht a rinne an IRA agus a lucht tacaíochta (an eite chlé), cailleadh an fíorscéal go huile is go hiomlán.  Níl ann anois ach 'na daoine bochta Palaistíneacha a bhíonn faoi bhrú ag na Iosraeligh mhóra olca'.  Ní fheictear ach coilíneacht Shasanach a rinneadh i dtír na bPalaistíneach - cé nach raibh duine ann mar Phalaistíneach riamh, cé gur throid na Giúdaigh in aghaidh Sasana chun a saoirse a bhaint amach...is cuma.  Tá an miotas ró-láidir.

Ghlac rialtas agus muintir na hÉireann le síocháin atá bunaithe ar an gcomhghéilleadh ina dtír féin.  Nuair nach bhfuil éinne lán-tsásta, sin sainmhíniú ar an gcomhghéilleadh.  Ní raibh sé éasca, ach bhí sé ceart agus riachtanach.  Tá síochán in Éirinn, buíochas le Dia.  Beidh Iosrael sa chás céanna, má bhíonn na hArabaigh sásta riamh glacadh leo.  Ach bíonn Éire ar aon intinn leis na hArabaigh dhiúltacha.  Tá sé i bhfad níos éasca gan comhghéilleadh a ghlacadh i dtír atá i bhfad i gcéin.  Ní hiad a muintir féin a bhíonn ag fáil bháis.  Is amhlaidh go bhfuil Éire sásta 'an troid' a choimeád beo thar sáile.  B'fhéidir le hÉire bheith ina dea-shampla.  Ach in ionad sin, bíonn siad ag tacú leis an taobh atá glan in aghaidh aon chomhghéilleadh.  Is rí-mhór an trua sin.

"The Irish tendency to view the outside world in terms of local obsessions is still with us."

Mar is eol d'aon duine le súile oscailte, is tír bheag Israel, a bhfuil tíortha móra naimhdeacha Arabacha mórthimpeall uirthi, a bhíonn ag bagairt a báis uirthi ó lá a bunaithe.  Níl suim dá laghad ag na Iosraeligh i gconcas nó i gcogaíocht.  Ní bhíonn acu ach tír shlán shábháilte.  Bhí siad sásta talamh a thabhairt ar ais i ndiaidh a mbua i ngach cogadh (a thosaigh is a chaill na hArabaigh).  Déanann siad gach rud a b'áil le lucht idirnáisiúnta na síochána (mar dhea), nach ndéanfadh deireadh dá dtír.  Agus ní fhaigheann siad ach ionsaithe mar chúiteamh air.  Riamh.  Ach in aghaidh na fírinne, síltear in Éirinn gur iadsan na daoine olca.

Go gcuirtear an droch-iompar go léir ó Éirinn (agus ó thuaisceart na hÉireann).  Tús maith, leath na hoibre.



Tuesday, November 20, 2012

Frith-Iosraelachas na nÉireannach

Is í Éire an tír is measa san Eoraip maidir le frith-Iosraelachas.  Agus tá a fhios sin ag an saol.  Is léir gur ionann iad ar fuath leo Iosrael agus lucht na heite clé.  Scríobh mé sa mhír roimhe seo faoin bpósadh aisteach sin, ach sin iad mar atá.  Cheapfaí go bhfuil gach Éireannach ar aon intinn faoin bhfuath seo, más ar an idirlíon agus sna meáin chumarsáideacha amháin a fhaightear an t-eolas.  Sin an baol do dhuine de mo leithéidse, atá thar sáile.  Ach tá aithne agam ar dhaoine ciallmhara in Éirinn agus orthu a bhfuil aithne acu ar dhaoine eile in Éirinn, agus geallann siad dom nach amhlaidh an scéal.

Is é mo thaithí féin go bhfuil ar a laghad cúpla duine ann a sheasann ar son Iosrael.  Tá Kevin Myers ann.  Níl sé ceart faoin uile rud, ach níl a mhalairt fíor ach oiread.  Neimisis na heite clé é in Éirinn (sórt Ann Coulter na hÉireann, is dócha).  Agus uair amháin nuair a bhí mé ar an raidíó ag argóint ar son Iosrael, bhí duine eile ann ar mo thaobh, agus ba Éireannach é.  Ní cuimhin liom a ainm, faraor.  Agus tá cúpla duine eile mar sin ann.

Tá aithne agam ar a lán daoine de bhunadh na hÉireann i Meiriceá atá sásta tacú le hIosrael.  Ní minic aon duine a tháinig i dtír le déanaí...  D'éirigh Éire ní ba radacaí feadh na mblianta, agus a fhad siar agus a tháinig duine, is amhlaidh is lú radacach é, go hiondúil.

Deirtear agus ceaptar i measc lucht na heite clé in Éirinn nach bhfuil ach dearcadh amháin ann atá 'Éireannach'.  Níl ach tuiscint amháin ar an scéal - agus is drochthuiscint sin a thacaíonn leis an sceimhlitheoireacht agus a chuireann i leith na nIosraelach gur coilínigh iad.  Agus bíonn an eite chlé an-nimhneach.  Ní bhíonn an taobh eile sásta an nimh sin a spreagadh ina leith, agus ní bhíonn siad ag rá go poiblí go seasann siad le hIosrael, minic go leor.  Ach tá siad ann.

Seo sampla eile den nimh, a thugann radharc dúinn ar roinnt daoine cróga eile, ina ainneoin féin.  Minic go leor, is ionann lucht tacaíochta an IRA agus lucht tacaíochta Hamas, agus a mhalairt.  Aithníonn sceimhlitheoir sceimhlitheoir eile, cinnte.  Ach tá easaontóirí ann in Éirinn atá sásta caint os ard, agus buíochas mór le Dia, níl éinne chun gunnaí a scaoileadh leo um an dtaca seo.  Mar sin féin, níl sé éasca, agus ní maith le héinne gur fuath le daoine glórmhara iad.  Is iomaí duine a fhanann ina thost, táim cinnte.

Sin drochthionchar na dTrioblóidí ar an scéal seo.  Ach blianta ó shin, agus an nimh á stealladh chugam ar chlár plé Beo (iris lán-frith-Iosraelach, mar atá), tar éis tamaill tháinig duine a thuig le fírinne cad atá de dhíth chun síocháin a chothú - rud a d'fhoghlaim sé ó fhadhbanna na hÉireann (bhíodh gach duine gan fíor-ainm ar an suímh sin, mar sin, níl a fhios agam cé a bhí ann).  Bhí daoine ann in Éirinn ar mhaith leo síocháin, agus a bhí i ndáiríre faoi.  Agus tharla.  Táim cinnte go bhfuil daoine mar sin ann fós, nach mbíonn sásta bréagacha agus nimh a scaipeadh, seachas fíor-iarrachtaí a dhéanamh chun síocháin a chothú.  Is mór an trua go bhfuil siad, de réir dealraimh, ina mionlach sna laethanta seo.

Aon uair gur mian leis na hArabaigh agus a lucht tacaíochta an tsíocháin, beidh sí acu.  Roimhe sin, ní bheidh ann ach cogadh, beag nó mór.  Níl aon rogha eile ann.  Seachas taobh amháin a mharú ina iomlán.  Beidh na hArabaigh ag déanamh ionsaithe ar Iosrael, agus beidh ar Iorael iad féin a chosaint, agus mar sin, cogadh a fhearadh ar na hionsaitheoirí.  Más mian le héinne an tsíocháin a chothú, ba chóir dóibh brú ar na hArabaigh éirí as a gcuid ionsaithe, as a gcuid fuatha, agus Iorael a ghlacadh mar chomharsan.  Aon duine nach ndéanann amhlaidh, bíonn siad ag spreagadh na cogaíochta, agus tá siad ciontach as an uile dhuine a fhaigheann bás thall ansin.

An fáth go bhfuil an blag seo ann in aon chor ná go mbíonn deis ag lucht léite na Gaeilge an taobh eile (an taobh ceart, dar liom) a léamh.  Ag snámh in aghaidh easa a bhím, dar ndóigh, chun tuairimí na radacach a athrú.  Ach bíonn seans ann go bhfoghlaimeodh duine uaim, agus go ndéanfadh duine ath-scrúdú ar fhíricí an scéil.  Ach ní miste liom go gcuirim na daoine eile ar buile, ach oiread.  Taispeánann siad a bhfíordhathanna, mar a deirfí.

Cuireann sé droch-mhisneach orm gach uair a deir duine a bhíonn réasúnta ar ábhair eile rud amaideach nimhneach faoi Iosrael.  Rinne fiú Mary Robinson amhlaidh, agus ghlac sí páirt i gcomhdháil nimhneach frith-Iosraelach Durban.  Tá an timpeallacht chomh nimhneach in Éirinn, seans nach dtuigeann siad féin cé chomh holc agus a bhíonn na rudaí a deir siad.  Aineolas, seachas olcas, a bhíonn ann, tá súil agam.  Rud atá níos éasca a dheisiú.

Tá scaifte daoine ann atá sásta páirt a ghlacadh san Ireland-Israel Friendship League.  Is daoine cróga iad, cinnte.  Go raibh níos mó dá leithéid sásta a nguthanna a ardú in aghaidh na radacach nimhneach (agus a gcomhghuailithe aineolacha).  Am éigin amach anseo, seans go mbeidh suim ag an móramh in Éirinn agus san Eoraip i síocháin sa Mheánoirthear.  Agus má bhíonn ag na Rúisigh agus fiú na hArabaigh is na hIaráinigh, bhuel, beadh an-seans ann.  An dtarlódh sin sula dtagann an Tiarna ar ais, nó an é sin an comhartha a fheicfear?  An féidir é sin in aon chor?  Ní fheadar, ach ba chóir dúinn ár ndícheall a dhéanamh chun feabhas a chothú, seachas a mhalairt.

Anois, cé atá i ndáiríre?

Wednesday, November 14, 2012

Grrrr! - na Giúdaigh! - Grrr!

Seo alt (fada) an-mhaith faoin bhfáth go mbíonn lucht an eite clé chomh sásta bréagscéalta faoi Iosrael a alpadh siar. An-suimiúil ar fad. Is deacair an rud é an cás seo a mhíniú. Sceimhlitheoirí Muslamacha agus sóisialaithe aindiaga ar aon intinn faoi olcas Iosrael? Is an-ait sin, cé nach bfheicean na frith-Iosraelaigh Eorpacha agus a chomhghuaillithe é.

Ní ghlacaim go huile is go hiomlán lena bhfuil ráite san alt thuas faoi 'supersessionism' Chríostaí, mar ní fheictear a lán dá leithéid i Meiriceá (bíonn an chuid is mó de Chríostaithe Mheiriceá ag tacú le hIosrael), agus níl a lán Críostaithe ann níos mó san Eoraip. Ach luíonn sé le ciall nuair a ghlactar gur creideamh nua aindiach é an liobrálachas idirnáisiúnta.

Tá Iosrael bunaithe ar stór agus traidisiúin an iarthair (mar ba bhunaitheoirí iad féin de sin). As an Eoraip agus an Rúis a tháinig ar ais an chuid is mó díobh (ní cheaptar orthusan a díbríodh as na tíortha Arabacha srl.).

Iospartaigh san Eoraip ab ea iad. Is daoine cráifeach iad (mar dhea) - stát Giúdach atá ann. Ach don eite chlé aindiaga, is breá leo go bhfuil na Giúdaigh chomh dona (mar dhea) agus a bhí na Naitsithe. "Féach!" deir siad, "ní leor dóibh Dia, níl siad níos fearr mar gheall air!"

Creideann an eite chlé idirnáisiúnta go bhfuil siad níos cliste ná aon duine creidmheach, agus is breá leo lochtanna aon daoine creidmhacha a aithint is a cháineadh, chun sin a chruthú. Fiú más gá bréagscéalta a ghlacadh nó a chumadh. Tá siad níos mórálta ná éinne, dar leo féin (cé nach bhfuil aon bhunús don mhoráltacht gan Dia...).

Ach tá na Muslamaigh cráifeach freisin, cé go gcreideann mórán díobh i nDia ar maith leis na Giúdaigh a scriosadh ón talamh. Ní deirtear faic faoina gcreideamhsan.  Cén fáth? Ní hEorpaigh iad, ní sliocht an iarthair iad - is iadsan an 'Eile'. Ní féidir leis an Eile a bheith ciontach as a ndéanann siad, mar tá siad faoi chois. Agus nach níos morálta ná éinne aon duine a chabhraíonn leis na daoine atá faoi chois?  "Nuair a bheidh siad saor i measc na ndaoine cliste eile (mar sinne), gheobhaidh siad réidh lena nDia."  Diabhail seans, ach sin mar a shíleann na daoine 'cliste'.  Nach iar-Ghiúdaigh roinnt díobh féin?  Iar-Chríostaithe a lán díobh, ar aon nós.

Tá na Giúdaigh difriúil, ach níl siad difriúil go leor le bheith ina nEile. Tá siad difriúil go leor, ámh, nach bhfuil siad inghlactha mar dhea-liobrálaithe (cé go bhfuil mórán dá leithéid ina gcónaí in Iosrael). Is bruscar na hEorpa iad. Is sceilpín gabhair iad arís eile, faraor.

Cén fáth go gceaptar go mbíonn an Eile níos fearr?  Féin-fhuath atá i gceist, ar dóigh.  Is cosúil mar a bhíodh i rith an chogaidh fhuair.  Ba bhreá leis an eite chlé na cumannaithe (agus tá cion acu dóibh fós), cé gur fuath le haon duine a bhíodh ina gcónaí i dtír chumannach iad (agus tuigeann na daoine sin fós baol an sóisialachais - ach amháin na coirpigh féin, dar ndóigh).  Is fuath leo go raibh an lámh in uachtar riamh ag an Iarthar.  Bíonn aon rud eile níos fearr.  Fiú spioradáltacht ABC (anything but (Judeo-)Christian).  Ghlac siad le teagasc na gcumannaithe.  Bhíodh an Eoraip go holc.  Ciontach as an uile olc, beagnach.  Bíonn gá le slí eile.

Leis sin, is frithcholínithe iad, dar ndóigh.  Ba é sin an choir ba mhó ag an Iarthar, dar lena leithéid - bhrúmar ár slí bheatha ar an Eile! Agus cé nach bhfuil na coiníolachtaí ann níos mó, seasann siad leis na daoine bochta a bhíodh faoi chois ag an Iarthar (ach amháin leis na Giúdaigh...).  Tugann siad cead a gcinn dá leithéid, mar bhí siad thíos le fada, agus ní mór dóibh a gcearta a bhaint amach.  Go díreach conas a dhéantar aon mhaith do na daoine bochta sna tíortha Arabacha, is cuma leo.  Níl sé riachtanach go bhfuil dul chun cinn ann le fírinne.  Is leor dóibh gur féidir leo a rá go bhfuil siad ar an 'taobh ceart'.  Cé chomh mícheart agus chomh holc is atá an taobh sin.  Is leosan an rogha.  Seasann na liobrálaithe leis an Eile, mar phátrúin fhlaithiúla.  As droch-choinsias ó oidhreacht.  As míthuiscint ar an stair...

Ní raibh an chuid ba mhó de mhuintir Iosrael ina gcónaí ann nuair a bhíodh an Phalaistín ina coiníolacht.  Ar a laghad, ní raibh siad ann le fada sular imigh na Sasanaigh (is cuma nach raibh na Sasanaigh féin ann le fada roimhe sin...).  Tugtar coiníligh orthu, mar sin ("tá na Giúdaigh chomh holc agus a bhíodh na hEorpaigh eile!").  Is cuma gur as an áit sin a sinsir, agus gur throid siad ina aghaidh na gcoiníolach chun a saoirse a bhaint amach.  Scéal eile ar fad atá ann, ach is cuma sin, mar is fearr leis an eite chlé na bréagscéalta i gcónaí (léigh an t-alt thuas...).  "Is ionann na Giúdaigh agus na hEorpaigh a bhí ann rompu!  Ach táimid ar an taobh ceart an uair seo!"  Ní féidir a bheith ar an taobh ceart mura bhfuil taobh mícheart agat.  Agus is léir go raibh na hArabaigh faoi chois ag na hEorpaigh.  Ní féidir gur iadsan an taobh mícheart!  Bhíodh na hArabaigh ní ba chairdiúla leis na Sóivéidigh, fiú...agus más in aghaidh an Iarthair thú, ní mór go bhfuil tú in aghaidh Mheiriceá, agus seasann an diabhal tír sin le hIosrael mar dhlúthchara.  Ní féidir le Meiriceá bheith ar an taobh ceart...

Má bhíonn an 'taobh ceart' ag insint drochséalta faoin taobh eile, ní mór go bhfuil siad fíor.  Seachas sin, b'fhéidir go mbeadh na liobrálaithe (lipéid mí-oiriúnach, dar ndóigh) mícheart.  Agus ní féidir leis na daoine is cliste dá raibh ann riamh bheith mícheart!

Bíonn liobrálaithe na heite clé aindiaga.  Tá Críostaithe i measc na liobrálach, cinnte, ach ní ghlacann siad le sean-mhoráltacht na Críostaíochta, de ghnáth... Cén fath go bhfuil an eite chlé aindiaga, den chuid is mó? I gcúpla focal, chun saol nua a chumadh, ní féidir go bhfuil bas eile ann seachas na daoine is cliste féin.  Bunchloch de shean-chultúr na hEorpa í an Chríostaíocht.  Is fuath leo í, mar sin.  Agus an Giúdachas léi, ar bunaithe air atá sí. Sin rud amháin. Agus leis sin, tar éis a leithéid de Nietsche a mhol gur fearr na rudaí atá in aghaidh na rialacha a dhéanamh ná aon rudaí eile, agus go bhfuil an (rogha) gnéas an rud is tábhachtaí ar domhain, feictear ar aon chreideamh mar namhaid. 

Ach amháin más an 'Eile' atá i gceist, dar ndóigh. Namhaid mo naimhde, sin mo chara, ceaptar. Ach ní fíor sin ar chor ar bith. Is truamhéalach go mbíonn siad chomh dall nach bhfeiceann siad gur mhaith leis na sceimhlitheiorí ceannann céanna iadsan a mharu, mura nglacfaidh siad lena gcreideamh féin. Níl na liobrálaithe ar bharr a liosta, sin uile.





Wednesday, November 07, 2012

Fuair an Fhantaisíocht an Bua ar an Réaltacht


Tá an t-olltoghchán thart, agus rinne Meiriceá an rogha mhícheart, faraor.  Cad a tharla?

Is iomaí duine atá lán de dhóchas gan bhunús, ar cuma leo pé rud a rinne Obama sa réaltacht.  Is maith leo Obama mar choincheap, mar shamhail, mar ídéal.  Ní féidir leis aon rud olc a dhéanamh a chuireadh isteach ar thacaíocht a leithéid de dhuine.  Agus rinne sé a dhícheal!

Bíonn sé an-deacair uachtarán atá i réim a bhuachaint, mar tá buntáistí aige atá an-chumhachtach.  Ina measc, is iomaí duine a ghlacadh an daibhal a bhfuil aithne acu air, seachas ceann nua.

Bíonn an preas ag tacú le Obama, agus do aon duine nach n-éisteann le raidió cainte agus nach bhféachann ar Fox ar an teilifís, agus nach bhfaca na díospóireachtaí, níl aon fhios acu go ndearna Obama rudaí olca, nó go bhfuil droch-smaointe agus droch-iompar aige.  Ní bhíonn ach scéalta maithe faoi.  Agus scéalta olca faoi na Poblachtánaigh.  Nuair a insítear go bhfuil na Poblachtánaigh ag insint bréag, níl aon fhios acu nach fíor sin.

Bhí stoirm mhór in oirthear na tíre a chur isteach ar an toghchán.  Ní raibh teilifís ná peitreal ag a lán daoine, agus ní raibh na hiomaitheoirí críochnaithe ag caint leo.  Ní bhfuair siad an deis.

Ach thar aon rud eile, is léir go bhfuil níos mó daoine sásta le rialtas an-mhór, an-dhaor, agus an-chumhachtach, seachas bunreacht agus bun-phrionsabail na tíre.  Is fearr leo dea-chaint ná ciall cheannaithe.  Is fearr leo stuif a fháil ó Washington, cé go mbeidh fiacha ollmhóra ar a bpáistí, agus go mbeidh an tír ar fad bun os cionn sul i bhfad.  Is maith leo stuif.

Tá na ceathracha móra i mbun na tíre.  Fuair Obama an bua ar an dá chósta agus in áiteanna a bhfuil ceathracha móra.  Ní bhfuair sé faoin tuath.  Luíonn sin le ciall, mar bíonn Obama ag iarraidh airgead a thógáil ó mhuintir na tíre ar fad chun é a roinnt le muintir na gcathracha.

Tá beagán taithí ag Obama ar an bpost anois, ar a laghad, agus tá sé níos cáilithe ná a bhí in 2008.  Ach ní bheidh air toghchán eile a sheasamh, agus beidh sé ag iarraidh a rogha rud a dhéanamh as seo amach, níos mó ná riamh.  Tá ceannas an Tí ag na Poblachtánaigh go fóill, agus mar sin, tá bac éigin air.  Ach ní féidir linn na botúin a rinne sé go fóill a cheartú.  Tá an deis sin imithe.

Tá jab deacair os a chomhair, pé rudaí a dhéanann sé.  Tá súil agam nach ndéanann sé a lán dochair.  Ach tá imní orm go ndéanfaidh.  Tá Meiriceá níos lú, níos laige, níos faide i dtreo na heite clé, agus níos boichte anois.  Go ceann tamaill.  Beidh lá eile ag an bPaorach...

Wednesday, October 24, 2012

Miotais agus Fir Thuí

Bhí an t-alt seo leanas in Gaelscéal 10 Deireadh Fómhair 2012.

Níos minice ná a mhalairt i gcúrsaí polaitiúla, bíonn a lán daoine ag troid in aghaidh miotais agus ag déanamh ionsaithe ar fhir thuí.  Is iomaí sampla atá againn.  Agus is beag an difear idir inniu agus inné.

Deirtear gur duine aineolach gan eagna chinn é George W. Bush.  Ach ní dhearna sé go dona riamh ar scoil, agus bhain sé MBA amach ag Harvard.  D’éirigh leis mar fhear gnó agus mar pholaiteoir.  Tá daoine claonta in aghaidh a bhlais agus a nósanna cainte, in aghaidh a chreidimh is a chuid tuairimí, agus cumadh an miotas seo gan bhunús.  Cheaptaí go raibh Reagan lagintinneach, freisin, gan chúis. 

Creidtear gur óinseach í Sarah Palin mar gheall ar mhiotais a scaipeadh ceithre bliana ó shin.  Ní thuigeann mórán daoine nach ionann sí féin agus an magadh a rinneadh fúithi ar Saturday Night Live ar an teilifís.  Ba chúis mhór é do na meáin chumarsáide í a dhíspeagadh, mar ní raibh daoine coimeádacha rí-shásta le John McCain, ach bhí siad sásta go breá le Palin.  Seachas an mhiotais, an bhfuil aon duine dáiríre ann a déarfadh gur níos cliste ná í Joe Biden? 

Má tá an lucht acadúla in aghaidh an uile rud a cheapann tú, ní mór nach bhfuil tú ró-chliste, ceaptar.   Dúirt Tom Wolfe gur intleachtach an té atá eolach i réimse amháin, nach mbíonn ag nochtadh a chuid tuairimí ach faoi réimsí eile.  Dúirt Richard Posner gurb fhéidir leis an intleachtach rathúil feidhm a bhaint as a cháil chun cur síos a dhéanamh os comhair an phobail i gcoitinne ar ábhair maidir lena bhfuil sé ina amadán.  Tá blas den fhírinne sna ráitis seo.

Deirtear go bhfuil Obama an-éirimiúil agus cliste.  Bhí seisean ar scoil ag Harvard, freisin.  Níl a fhios ag éinne conas a d’éirigh leis, mar níl sé sásta an t-eolas sin a roinnt.  Bhí sé ina uachtarán ar an Harvard Law Review – mar gheall ar vótaí, seachas aon riachtanais acadúla.  Deirtear gurb í sin an bhliain is lú a luaitear aon rud ón iris sin, mar atá.   Níor scríobh Obama féin ach alt amháin – ar son an ghinmhillte... 

Fuair Mitt Romney MBA ó Harvard, freisin - cum laude.  D’éirigh go breá leis mar fhear gnó, dar ndóigh.  D’éirigh le Obama mar dhírbheathaisnéisí.  Cé acu an duine is éirimiúla?

Deirtear gur óráidí cumasach é Obama.  Ach minic go leor, bíonn an rud ceannann céanna le rá aige.  Agus gan an teleprompter, is iomaí botún a dhéanann sé.   Ní minic a thuairiscítear na rudaí amaideacha seo, ach bíonn siad ann.  Lorg ‘Obamaisms’ ar an idirlíon chun samplaí a fháil.  Níl siad chomh dona le cuid a leasuachtaráin, Joe Biden, ach sin scéal eile...  

Gan dabht, an sampla is fearr go fóill dá lagaíocht mar chainteoir agus mar dhuine cliste is ea an cur i láthair a rinne Obama sa chéad díospóireacht le Romney.  A mhalairt dá dtuairiscítí faoin mbeirt acu.  Agus cé acu an duine a dhíríonn ar mhiotais seachas ar fhíricí?  Mar a dúirt Romney, tá sé de cheart ag uachtarán a eitleán féin is a theach féin a bheith aige, ach níl an ceart aige a chuid fíricí féin a bheith aige!

Creidtear gur polaiteoir den scoth é Obama.  Ach creideann a lán daoine nach bhfuil in Obama ach polaiteoir sórt amaitéarach.  Ní bhíonn sé ábalta oibriú go maith le daoine eile nach n-aontaíonn leis.  Agus is léir nach bhfuil scileanna polaitiúla i gcúrsaí idirnáisiúnta aige.  Ar tharla ‘Reset’ leis an Rúis?  An bhfuil síocháin sa Mheánoirthear, ná baol air?  An bhfuil dea-thoil an tsaoil Mhoslamaigh aige?  Níl ná iad.  Agus féach a bhfuil ag teacht chun solais maidir leis an ionsaí in Bengasaí na Libia!

Is minic a mhaslaíonn Obama cairde na Stát Aontaithe.  Is minic a bhíonn sé ró-umhal os comhair naimhde agus daoine gan meas ar a thír.  Tuigtear eisean níos minice ná a thuigeann sé féin daoine.  An dea-pholaiteoir sin?

Chuir Obama i gcéill go raibh sé chun a bheith go ‘hiar-pháirtíneach’.  Is iomaí focal deas a deir sé, ach má fheictear ar a ndéanann sé, bíonn sé ‘hiperpháirtíneach’.  Níl aon rud ann nach ndéanadh sé ar son an ghinmhillte, mar shampla.   Shíl sé nach raibh aon ghá leis na Poblachtánaigh ar chor ar bith – mar shampla, nuair a dúirt sé “Fuair mise an bua” mar fhreagra dóibh agus iad ag plé an phacáiste spreagtha (mar dhea) in 2009.  Bhí Obama chun na céadta milliún dollar a chaitheamh ar na rudaí is ansa leis –mar chórais frithghiniúnacha –cé gur méar i súil na bPoblachtánach a leithéid. 

Fuair Obama freagra dá ráiteas sin in 2010, ó mhuintir na tíre, nuair a chaill mórán daoine dá pháirtí a bpoist.  Mar sin féin, bhrúigh sé Obamacare síos a scornach ina dhiaidh.

Deirtear go rí-mhinic gur cuma le Mitt Romney daoine bochta, agus mar sin de.  Raiméis ar fad.  Is daoine saibhre iad araon Obama agus Romney.  Cé acu an duine is flaithiúla?  In 2010, chaith Romney 14% dá chuid ioncaim ar son na carthanachta.  In 2011, beagnach 30%.  Obama in 2010, 14.2%.  Ach nuair a thosaigh Obama mar iarrthóir ar an uachtaránacht, nocht sé nár chaith sé ach 6.1% in 2006. 

Maraon leis an airgead a bhronnann Romney, is iomaí rud pearsanta a rinne sé mar charthanacht i rith a shaoil, go háirithe mar cheannaire ar a eaglais. Tá na scéalta ar fáil daon duine a bhfuil suim aige.  Ach is fearr le mórán daoine an miotas.  Ní féidir, dar leo, go bhfuil duine saibhir go deas.  Ach amháin más Daonlathaí (ceachartha) é... mar is nós an Daonlathaí airgead ar le daoine eile é a thabhairt amach...

Bíonn miotais cumasach.  Muise, bhí Obama sásta troid in aghaidh an fhir thuí agus a chúig trilliún dollar de ghearradh cánach, seachas an duine a bhí ina steillbheatha os a chomhar amach, nach bhfuil plean dá leithéid sin aige. 

Tá miotais ann faoi Obama.  Creideann a lán daoine gur Moslamach é.  Madonna san áireamh...  Mar gheall ar a chúlra agus ar na rudaí a deir is a dhéanann sé, is éasca an tuiscint seo a ghlacadh, ach dar leis agus dar leis na fíricí atá ar fáil, ní fíor é.

Creideann a lán daoine nár rugadh sna Stáit é.  Is iontach cé chomh deacair agus a bhí sé fírinne an scéil sin a fháil.  Dúirt an Harvard Law Review i mbeathaisnéis Obama in 1991 gur rugadh sa Chéinia é.  Glactar gur rugadh sna Stáit go ginearálta anois.  Tá roinnt daoine amhrasach fós, ach tá roinnt den locht ar Obama féin as seo, mar gheall ar an easpa eolais agus an droch-eolas.

Scaiptear miotais níos minice ná fíricí sa saol polaitiúla i Meiriceá.  Faightear scéalta claonta i gcónaí ó na mórfhoinsí.  Tá foinsí eile ann le tamall anuas a sholáthraíonn an taobh eile.  An rud nach dtuairiscítear ar bhealach amháin (nó deich gcinn acu...), tuairiscítear ar cheann (amháin) eile anois.  Sin rud dearfach.  Bíonn plé beomhar ar siúl ar an idirlíon agus ar an raidió i gcónaí, gan aon chinsireacht.  Agus ó am go chéile, bíonn deis ann chun daoine a fheiscint mar atá siad, mar a tharla sa dhíospóireacht ar an teilifís. 

Go n-aithnítear na miotais mar mhiotais.  Agus ná caitear vótaí ar son ná in aghaidh fear tuí.

Rogha Mhór i Meiriceá

Bhí an t-alt seo leanas in Gaelscéal 19 Meán Fómhair 2012.

Bíonn gach olltoghchán tábhachtach.  Ach i mbliana, ceapaim go bhfuil sé níos tábhachtaí ná aon uair ó 1980 ar aghaidh.  Tá na difríochtaí céanna ann idir an dá pháirtaí, mar is iondúil.  Ach tá siad níos géire i mbliana.  Cén fáth?  Tá cúpla cúis ann. 

In ainneoin na ndea-fhocal a labhair Barack Obama ceithre bliana ó shin, mar uachtarán, bhí sé ní ba dheighiltí ná aon uachtarán le fada an lá.  Ní raibh sé sásta riamh comhoibriú leis na Poblachtánaigh.  Dúirt sé i ndiaidh thoghcháin 2008 go bhfuair seisean agus a phairtí an bua, agus ba dheireadh sin le caint faoi chomhréiteach.  Cé nach n-aontaigh na Poblachtánaigh leis faoi rud ar bith, bhí siad sásta ag an am comhoibriú leis, agus deis a thabhairt dó.  Ach bhí an dá theach rialtais ag na Daonlathaigh, agus cheap siad nach raibh gá ar bith le comhréiteach.  Bhrúigh siad dlithe tríd gan vóta amháin ón taobh eile, minic go leor, Obamacare san áireamh.   Agus nuair a fuair na Poblachtánaigh an bua i mórán áiteanna in 2010 agus nach raibh an móramh i dTeach na nIonadaithe acu ní ba mhó, thaispeán Obama nach raibh sé ábalta comhoibriú le duine ar bith nach n-aontaíonn leis.  Ní raibh aon ghá aige lena leithéid i rith a shaoil.  Níl aon chiall cheannaithe aige maidir le comhréiteach, ná le conas margadh a dhéanamh.  Dóbair go raibh post ar bith aige lasmuigh den rialtas, agus ní bhíodh ach Daonlathaigh ina thimpeall den chuid is mó agus é ina pholaiteoir.  Níl an cumas aige comhréiteach le daoine.  Sea, is minic nach raibh sé fiú ag caint le ceannaire Theach na nIonadaithe, John Boehner, ó shin.  Dúirt Obama tráth go raibh sé sásta a lámh a shíneadh ‘trasna an phasáiste’ ionas go dtarraigeodh sé iad chuig a thaobhsa.  Smaoineann sé nach bhfuil réiteach ann ach na daoine nach n-aontaíonn leis a iompú go dtí a gcuid tuairimí féin.  Ní thuigeann sé gur cur agus cúiteamh a bhíonn de dhíth.  Agus tá fadhb eile aige.  Níl meas ar bith aige don taobh eile, agus is léir sin.  Ní féidir leis aon dea-thoil a chothú, agus nílim cinnte gur mhaith leis sin a dhéanamh.

Cúis eile go bhfuil deighilt níos mó ann ná le fada i mbliana ná go bhfuil Obama agus na Daonlathaigh imithe i bhfad níos faide chuig an eite chlé.  Radacach a thugtar ar Obama minic go leor, mar gheall ar an dearcadh atá aige maidir le Meiriceá agus a ról sa saol mór, agus maidir le dualgaisí an rialtais sa bhaile.  Nuair a bhí an Teach agus an Seanad araon ag na Daonlathaigh, bhí siad ábalta a rogha rud a dhéanamh.  Chaith siad i bhfad ní ba mhó airgid ná a caitheadh faoi aon uachtarán eile roimhe – le chéile!  Thug siad cumhacht don rialtas nach raibh aige riamh roimhe, go háirithe maidir le cúrsaí sláinte.  Nior ghlac siad le comhairle ar bith ó na Poblachtánaigh.  Bíonn an dá thaobh ag scarúint níos faide óna chéile maidir le beagnach gach aon rud.

Cad iad na difríochtaí is mó idir an dá phártaí, agus idir an dá iarrthóir, mar sin?  Is fearr le Obama agus a phártaí cumhacht an rialtais a úsáid chun fadhbanna na tíre a réiteach.  Is fearr leo insint do na daoine cad is fearr dóibh, conas rudaí a dhéanamh, agus cad iad na riallacha.  Is fearr leo rannóga i Washinton a bheith i mbun cúrsaí, seachas muintir na háite.  Ar an taobh eile, is fearr le Mitt Romney agus a phártaí go mbíonn saoirse ag achan duine a rogha rud a dhéanamh chomh minic agus is féidir.  Is fearr leo nach mbeadh cumhacht ag rialtas na tíre nár tugadh dó sa bhunreacht – go mbeadh rialtas srianta againn.  Ní chreideann siad go bhfuil an rialtas níos cliste na na daoine féin.

Tá difríochtaí móra ann eatarthu maidir le cúrsaí eacnamaíochta, freisin.  Is fear gnó an-rathúil é Mitt Romney.  Tuigeann sé cúrsaí gnó.  Níl aon taithí ar bith ag Obama ar a leithéid.  Creideann seisean go dtuigeann an rialtas cad is fearr i gcónaí.  Creideann sé i nósanna Keynes, agus síleann sé go ndéanfaidh sé a mhaith don ghealleagair – ar ball – má chaitheann an rialtas níos mó agus níos mó airgid.  Creideann Romney i nósanna mar an saormhargadh agus creideann sé go ndéanann na daoine rachmas, agus go ndéanann daoine poist, seachas daoine cliste an rialtais.  Chomh fada agus a thugtar níos mó saoirse do na daoine, gan cur isteach ón rialtas, is amhlaidh a chothaítear poist agus saibhreas. 

Is cuma le Obama nach mbeidh airgead go leor ag an tír chun a fiacha a íoc, agus go háirithe nach mbeidh sí ábalta íoc as Social Security agus a leithéid.  Ní chreideann na Daonlathaigh go bhfuil géarchéim ann.  A mhalairt de thuairim atá ag Romney.  Tá plean aige, agus ag a leas-uachtarán Paul Ryan, chun díriú go dáiríre ar na fadhbanna seo.  Tá Obamacare ag an taobh eile – plean chun rialtas níos mó a dhéanamh.  Níl aon rud a rinne Obama ag déanamh cúrsaí níos fearr maidir le poist a chumadh ná an geilleagar a fheabhsú.  Dúirt sé féin ag an dtosach nach mbeadh ach téarma amháin aige murab fhéidir leis cúrsaí a fheabhsú faoi cheann trí bliana.  Níl sé den tuairim sin anois, ámh.  Ba mhaith leis na rudaí ceannan céanna a dhéanamh agus níos mó ama a bheith aige chun toradh a fháil orthu.

Tá difríochtaí ann maidir le ceisteanna sóisialta, freisin, dar ndóigh, agus thaispeán na Daonlathaigh cé chomh radacach agus atá siad ag a gcomhdháil i mbliana.  Níor mhaith leo aon bhac ar an nginmhilleadh.  Glacann siad le pósadh idir homaighnéasaigh.  Is fearr leo gan Dia a luath i gcúrsaí poiblí.  Ceapann na Poblachtánaigh go bhfuil an ginmhilleadh mímhórálta, go maraítear duine gach uair, agus b’fhearr leo é a bheith in aghaidh an dlí.  Creideann siad nach bhfuil aon phósadh ann ach idir fear amháin agus bean amháin.  Agus creideann siad go bhfuil sé ceart agus cóir aitheantas a thabhairt do Dhia i gcónaí.  Tuigeann siad nach gcreideann an uile dhuine – fiú an uile Phoblachtánach – leis na rudaí seo.  Ach ní shíleann siad gur cúis sin gan oibriú ar son na dtuairimí seo mar phártaí.  Cosúil leis seo, is iomaí duine a thugann Caitliceach air féin atá ina Dhaonlathach, fiú go bhfuil seasamh a bpáirtí ar na rudaí seo glan in aghaidh seasamh na hEaglaise.  Ach tá an móramh sa dá phártaí ar aon intinn le seasamh a bpartaí maidir leis na ceisteanna seo, agus caitheann a lán daoine a vótaí mar gheall orthu. 

Maidir le cúrsaí idirnáisiúnta, is iomaí difear atá ann idir na hiomatheoirí is a bpartaithe, freisin.  Cheap Obama go mbeadh an saol ní ba dheise dó mar gheall ar a phearsantacht.  Cheap sé nach raibh meas ar bith ag an saol ar George W. Bush, ach bheadh airsean, mar bhí sé glan in aghaidh Bush.  Bhí sé sásta a rá nach tír gan a leithéid í Meiriceá, agus nach raibh inti ach tír amháin i measc an uile thír eile.  Bhí sé sásta a rá go ndearna sí a lán botún, agus ghabh sé a leithscéal as drochiompar Mheiriceá, dar leis.  Bhí sé ní ba chairdiúla do naimhde a thíre ná dá cairde.  Agus thug sé a chúl do Iosrael.  Níl Romney sásta aon leithscéal a thabhairt ar son a thíre.  Ceapann na Poblachtánaigh gur tír gan mhacasamhail í Meiriceá, mar gheall ar a suíomh, a daoine, agus a stair.  Seasann na Poblachtánaigh gan amhras le hIosrael.

Fuair Obama an bua in 2008 mar gheall ar na cogaí a tosaíodh faoi George W. Bush, i measc cúiseanna eile.  Ní raibh gach duine sásta leo riamh, agus bhí gach duine tuirseach díobh ag an am sin.  Is iomaí rud a dúirt Obama ag an am nach ndearna ó shin.  Tá níos lú saighdiúirí ann thar lear ag Meiriceá, ach tá an cogadh san Afghanastáin fós ann, tá priosúin Guantanamo fós ar oscailt, tá cúrsaí slándála na tíre beagnach mar an gcéanna agus a bhíodh siad faoi Bush.  Fuair Obama Duais na Saoirse Nobel mar cheap na daoine sin go raibh sé ina fhrith-Bush, agus go mbeadh síochán ar domhan nuair a thiocfadh sé i réim.  Bhí dul amú orthu.

Ceapann na Poblachtánaigh go bhfuil Obama lag maidir le cúrsaí idirnáisiúnta.  Níor mhaith leo go mbeadh an saol neamhchinnte faoi Mheiriceá mar chara ná mar namhaid, más gá.  Creideann siad go bhfuil an saol baolach, agus nach ndearna Obama aon mhaith lena chuid dea-chainte.  D’éirigh an chuid is mó de fhabhbanna an tsaoil ní ba mheasa faoi Obama, agus rinne sé an saol ní ba bhaolaí.  Creideann siad gur cóir do Mheiriceá bheith mar cheannaire ar chúrsaí idirnáisiúnta i measc na náisiún.  Ní bheidh aon ‘treoraíocht ón gcúl’ acusan.

Is iomaí duine a chreideann dea-chaint Obama fós.  Tá an ‘dóchas’ céanna acu.  Agus is iomaí duine a chreideann go bhfaigheann daoine saibhre mar Romney a gcuid airgid ó na daoine beaga.  Is deacair don ghnáthdhuine a thuiscint go gcumtar saibhreas faoi stiúir daoine mar Romney, agus go mbíonn gá lena gcuid airgid chun gnóthaí nua a bhunú, srl.  Is fearr leo a chreidiúint nach bhfuil ach méid amháin airgid ann sa saol agus ní mór sin a roinnt i measc na ndaoine go léir.  Creideann Poblachtánaigh gur féidir leo níos mó saibhris a dhéanamh sa saol, agus go mbeadh an saibhreas nua sin ag mórán daoine.  Creidean Daonlathaigh gur féidir leo saibhreas an tsaoil a thógáil ó dhaoine santacha agus é a thabhairt do dhaoine níos boichte, gan cur isteach ar shaibhreas ginearálta na tíre.

Tá rud amháin eile an-difriúil maidir le Obama, agus ní féidir é a sheachaint.  Is fear gorm é, an chéad fhear ghorm le bheith ina uachtarán.  Tá mórán daoine ann a chreideann gur rí-thábhachtach sin, agus seasann siad leis mar gheall air, pé rud a dhéanann sé.  Tá roinnt daoine ann atá ina mbiogóidí freisin, ach bheadh a leithéid in aghaidh Mormon freisin, agus ní chreidim go bhfuil a lán acu ann.  Agus is iomaí duine gorm nach gcaitheadh a vóta ar aon duine geal má tá duine gorm in iomaíocht leis.  Tá cine an-tábhachtach do liobrálaithe (Daonlathaigh go ginearálta) go háirithe.  Is fearr le coimeádaigh (Poblachtánaigh go ginearálta) nach smaointear ar dhaoine mar bhaill ghrúpaí, seachas mar dhaoine. Ceapann a lán daoine den eite dheas nach mbeadh Obama ina uachtarán dá mbeadh sé ina dhuine geal.  Ní raibh sé cáilithe, dar leo.  Táthar le feiscint an buntáiste fós dó gur mhaith le mórán daoine fear gorm mar uachtarán.

Tá dirfríochtaí móra ann idir an dá phartaí is an dá iomaitheoirí, ceart go leor.  Tuiscint dhifriúil ar fad ar cad is Meiriceá ann, agus cén saghas tíre a bheidh ann as seo amach.  Tá Obama an-chosúil le Jimmy Carter, maidir lena dhearcadh féin.  Níor éirigh leisean dara téarma a fháil.  Feicfear an bhfuil Meiriceá difriúil inniu ó 1980, agus an ndeachaidh an tír i dreo na heite clé i dteannta leis an bpáirtí Daonlatheach.  Tá rogha thábhachtach le déanamh.  Tá an chuid is mó de na meáin chumarsáide ar son Obama agus is buntáiste mhór sin.  Bíonn buntáiste ag an té san oifig i gcónaí.  Agus níl aithne mhaith ag mórán daoine ar Romney fós.  Mar sin féin, deirtear ag an bponc se go bhfuil iomaíocht chothrom ann eatarthu.  Cad a tharlóidh?


Monday, October 15, 2012

An Paorach Uaidh

Tá feachtas ar siúl inniu blagadóirí a spreagadh chun chun mír ar an ábhar 'The Power of We' a scríobh.  Níl mé cláraithe, ach ní féidir liom deis mar seo a chailliúint chun mo chuid a dhéanamh...mar mhagadh, ar a laghad.

Cad is brí de in aon chor?  Rinne Aonghus aistriúchán de a thugann ciall dó, ach an raibh sé ann sa Bhéarla?  Chuaigh An Cnagaire timpeall air, chun ciall a bhaint as, freisin.  Cumhacht an fhocail, nó de choincheap an fhocail 'sinn (muid)' atá i gceist, sílim.  In ionad cumhacht 'mise' nó cumhacht 'siadsan' nó mar sin de.

Mar a dúirt Queen, "Is sinne na seaimpíní, mo chara..."

Dá mbeimis go léir ar aon intinn, bheadh cumhacht thar cuimse againn, gan dabht.  Ach cén saghas cumhachta a bheadh ann?  Agus cad a dhéanfaimis léi?

Ár bpabhar, atá ar Neamh, ná lig sinn i Sinne...

Sea, ní neart go cur le chéile, agus araile, ach ní bheidh 'sinne' gan 'iadsan' go deo na ndeor.

Beidh lá eile ag an bPaorach.

Wednesday, September 12, 2012

Jimmy Carter ar Athuair

Tá drocheachtraí ar siúl sa Mheánoirthear.  Ní nuacht sin, is dócha.  Bíonn.  Ach rinneadh ionsaithe ar ambasáidí Mheiriceá san Éigipt agus sa Libia, agus mharaigh siad ambasadóir agus triúr eile sa Libia.  Ar dheis Dé go raibh siad. 

Tá siad ag iompú bratach Al Cadhda sna háiteanna seo, is ag ceiliúradh 9/11 ó thaobh na sceimhlitheoirí.  Agus bíonn na Stáite Aontaithe ag tabhairt na billiúin dollar dóibh!  Ní mór sin a stopadh. 

Níl rialtais na tíortha seo ag déanamh aon rud chun na hionsaitheoirí seo a stadadh ná píonós a chur orthu.  Níl siad ag gabháil a leithscéal do Mheiriceá.  Dúirt uachtarán na hÉigipte gur tharla drochrud - ach go bhfuil súil aige go gcoscfar na daoine i Meiriceá a rinne scannán faoi Mhohammad!

Nach cosúil le heachtraí 1979 san Iaráin seo?  Agus bhí uachtarán chomh lag is chomh dona againn ag an am sin.  Chomh holc maidir le hIosrael.  Chomh trína chéile maidir le cúrsaí an tsaoil ar fad.  Agus anois, an toradh céanna ar an lagaíocht sin.

Níl sé ceart aon leithscéal a thabhairt do sceimhlitheoirí mar seo.  Cogaíocht atá ann nuair a ionsaítear ambasáid tíre.  Mura bhfaightear ceart agus cúiseamh, éireoidh cúrsaí níos measa ar fad. 

Dá mbeadh ceannaire againn.

Seans go gceapann na daoine seo go mbeidh, mí Shamhna, agus sin an fáth go bhfuil siad dár n-ionsaí anois.  An mbeidh buama admhach ag an Iaráin roimhe sin?  Tá an saol baolach, agus níos baolaí fós gan uachtarán inniúil ar Mheiriceá.

Tuesday, September 11, 2012

Aon Bhliain Déag

Go raibh síocháin shíoraí ar anama na ndaoine go léir a maraíodh cothrom an lae seo tá aon bhliain déag ó shin.  Aon duine a bhí beo ag an am, is cuimhin leis cá raibh sé agus na heachtraí uafásacha sin ar siúl.  Athraíodh an saol ar an lá sin.

Bhí crógacht agus laochra ann an lá sin, freisin, dar ndóigh.  Rinneamar amhrán faoi, blianta ó shin.  Tá sé as Béarla agus as Gaeilge ar dhlúthdhiosca Bhriain DeVale.  Ní mór dúinn na rudaí maithe a chuimhniú is a cheiliúradh.

Is iomaí rud a scríobh mé ó shin, go háirithe filíocht, a bhaineann leis an lá seo.  Tá an chéad dán ar an ndlúthdhiosca thuas.  Tá an ceann sin agus dánta eile faoi i mo leabhar, An File ar Buile, i measc a lán rudaí eile.  Agus tá na túir ar an gclúdach.



Nochtadh an fhírinne dúinn an lá úd, go bhfuil daoine olca ann agus gur mhaith leo sinne a mharú.  Agus ina dhiaidh, nochtadh dúinn go bhfuil dhá shaghas duine ann.  Iadsan a sheasann linn in aghaidh na ndúnmharfóirí, agus iadsan a cháineann na Stáit Aontaithe as na hionsaithe seo agus an uile rud eile.  Is scanrúil go bhfuil a lán den dara saghas i measc na nGael.  Ach dar ndóigh, cosúil le gach cineál duine, bíonn meascán idir maith is olc ann.

Mar Mheiriceánach bródúil, táim buíoch de mo chairde thar lear a sheasann linn in éadan an oilc.  Rinneadh ionsaí orainn go léir ar 9/11 2001.  Ná déantar dearmad de go deo.

Maidir leosan nach seasann linn, guím go dtiocfaidh ciall orthu lá éigin.  Tá an blag seo ann mar gheall ar an dóchas sin, agus chun eolas a chur ar fáil as Gaeilge nach mbíonn ar fáil aon áit eile - chun misneach a thabhairt do na daoine a thuigeann.  Agus mura dtiocfaidh ciall ar ár naimhde, bím anseo dá gcéasadh, agus fáilte.

Tá a fhios agam gur féidir le daoine tuairimí difriúla a ghlacadh maidir leis an dóigh is fearr dúinn sinn féin a chosaint agus an olc a chosc.  Is maith an rud sin a phlé.  Chomh fada agus atá an cuspóir céanna againn.  Ní éistfidh mé go deo le leithscéalta dóibh siúd a rinne an t-uafás, ná aon olcas dá leithéid.  Tá olc agus maith ann.  Glactar taobh.

Friday, August 24, 2012

Cá bhFuil an Ceart is an Chothroime?

Is iomaí rud atá as alt sa saol seo, ach sílim go bhfuil níos mó ná mar is iondúil le déanaí.  Tarlaíonn rudaí amaideacha i gcónai, dar ndóigh.  Ach an bhfuil patrún ann, agus cúrsaí ag dul in olcais?

Gearradh chomh beag le deich mbliana ar Anders Breivik, a mharaigh 77 duine san Iorua.  Cén mhaith sin?  Cén chóir?  Tá siad as a meabhair ar fad, dar liom.  Mura gcuirtear chun báis é (an rogha ab fhearr), ba chóir é a choimeád faoi ghlas go deo, ar a laghad.  Ní thuigim seo ar chor ar bith.  Beidh sé deas séimh síochánta go leor i gceann deich mbliana, is dócha.

Bítear ró-bheag ar chúrsaí an-dáiríre mar seo.  Agus ina theannta sin, bítear ró-dhian ar chúrsaí neafaiseacha - go háirithe nuair a bhaineann siad leis an gCeartchreidmheachas Polaitiúla.  Tá Póilíní na Smaointe níos tábhachtaí ná na fíorphóilíní i sochaí an lae inniu, cheapfaí.  Breathann sé ar do dhearcadh, dar ndóigh, cé acu má cháintear nó nach gcáintear thú.  Ní bhíonn na póilíní smaointe seo ag cosaint éinne.  Bíonn siad ag géarleanúint aon duine coimeádach a deir aon rud míchúramach.  Déanann siad an mór as an mbeag i gcónaí.

Seo leanas cúpla sampla.

Bhí duine darb ainm Sandra Fluke ag caint ar son Obama agus an dlí Sláinte (Obamacare), agus go háirithe, in aghaidh na hEaglaise Caitlicigh (agus in aghaidh saoirse creidimh, le fírinne), ag brú ar ollscoil Chaitliceach (mar dhea, ach sin scéal eile) íoc as ábhar frithghiniúnach.  Gníomhaí is ea í ar son an ghinmhillte, freisin.  Tá duine mór ar an raidió anseo darb ainm Rush Limbaugh, agus is coimeádach é.  Bíonn spraoi aige ar a chlár mór náisiúnta, clár plé agus tuairimí polaitiúla, agus bhí sé ag magadh faoi Fluke.  Bhuel, bhain sé feidhm as droch-fhocal - slut - i rith an mhagaidh sin.  Tuigeann tú, ba mhaith léi go n-íocann an rialtas as a cuid coiscíní nó mar sin de, ionas go mbeadh sí sásta bualadh craicinn.  Ach pé scéal, botún ab ea é an saghas sin focail a úsáid.  Ghabh sé a leithscéal faoi cheann tamaill bhig.  Ach ba chuma sin.  Scaoileadh na madraí air.  Chaill sé fógróirí, agus bhí sé ina dhuine gan mheas ar fud na meán cumarsáide le fada.  Dar ndóigh, is fuath leo é ar aon chuma, ach bhí sé seo ina scéal mór le fada acu.  Ní raibh a lán plé faoi na hábhair dháiríre, an ginmhilleadh, saoirse cainte, nó saoirse creidimh, nó an droch-dhlí seo féin.  Ba focail mhí-oiriúnacha Limbaugh ina scéal mór.

Sampla eile a tharla an tseachtain seo.  Ach tá an t-ionsaí ag teacht ón taobh eile an uair seo freisin, mar gheall ar a gcuid eagla roimh na meáin agus an eite chlé (is beagnach ionann iad sin).  Tá duine darb ainm Todd Akin ina iarthóir ar phost mar sheanadóir náisiúnta. Tá sé i bhfábhar beatha na bpáistí sa bhroinn a chosaint.  Aontaíonn an móramh i Meiriceá leis i gcásanna áirithe, pé rud a deir na Daonlaithigh.  Ach ní aontaíonn gach éinne nuair atá éigniú nó ciorrú coil i gceist.  Dúirt sé rud aimscí maidir leis an éigniú, an choimpeart agus an ginmhilleadh le déanaí.  Níl sé sásta go mbeadh aon eisceacht ann chun ginmhilleadh a cheadú (níl aon locht ar an leanbh).  Ach ní raibh a ndúirt sé soiléir, cruinn ná intuigthe ag an móramh.  Tá an pháirtí Poblachtach an-íogair le déanaí mar tá toghchán an uachtaráin ag teacht, agus bíonn an eite chlé ag fógairt go bhfuil na Poblachtaigh 'frith-mhná,' cé gur raiméis sin.  Anois, tá beagnach gach duine ina pháirtí féin ag iarraidh ar Akin éirí as an gcomórtas, mar creideann siad nach bhfuil aon seans aige tar éis an ráitis amháin sin.  Is cuma pé rud a chreideann sé, is cuma go bhfuil bun-sheasaimh mhaithe aige, is cuma gur duine maith é - dúirt sé drochrud.  Níl sé sásta géilleadh dóibh go fóill.  Níl a fhios agam an bhfuil seans aige - deirtear nach bhfuil.  Más amhlaidh an scéal, ba chóir dó géilleadh.  Ach dá dtabharfaí deis dó, cá bhfios nach mbeadh sé maith go leor.  An mór as an mbeag arís.

Idir an dá linn, is féidir le daoine ón eite chlé pé rud ab áil leo a rá gan aird ó na meáin.  Dúirt an leasuachtarán Joe Biden le déanaí, i mblas gorm do lucht éisteachta gorm, gur mhaith leis na Poblachtaí iad a chur ar ais i slabhraí.  Bréag a mhaslaigh na Poblachtaigh agus an lucht éisteachta araon.  Ach tugtar 'pass' do Biden i gcónaí.  Agus tá a lán samplaí eile dá leithéid ann, dar ndóigh.

Éireoidh cúrsaí níos measa as seo go dtí an toghchán, táim cinnte.  Ba chóir go ndíreofar ar na hábhair is tábhachtaí, ach tá an-amhras orm go ndéanfaí a leithéid, faraor.  Mar sin féin, tuigeann daoine cad atá i gceist sa toghchán seo.  Bíodh ciall acu.

Monday, August 06, 2012

An tOcras

Conas ab fhéidir fadhb an ocrais ar domhain a réiteach?  An mbeidh an teicneolaíocht ábalta gach duine a bheathú ar ball?  Nó arb fhéidir leis na tíortha saibhre na tíortha bochta a shábháil?  Ní mór bheith dóchasach go mbeidh cúrsaí níos fearr lá éigin, cinnte.  Ach ní mór an fhírinne a ghlacadh, fresisin.  Braitheann roinnt den fhadhb le bochtanas ithreach agus mar sin de, agus is féidir a leithéid a dheisiú, minic go leor.  Ach an chuid is mó den fhadhb, sin an pholaitíocht.

Tá mapa anseo a thaispeánann na háiteanna is mó a bhfuil an t-ocras iontu.  Tá an liosta ar fáil anseo.

Sna háiteanna is mó a mbíonn cogaí, éillitheacht, deachtóireacht (cumannachas, minic go leor, nó dian-sóisialachas an-chosúil leis), barra drugaí seachas bia, nó gach ceann acu seo, is iad na háiteanna is mó a bhfuil ocras iontu.

Tá dul chun cinn in áiteanna mar an Ind mar gheall ar athruithe polaitiúla.  Níos lú sóisialachais.  Nuair a éiríonn le daoine gnó a dhéanamh gan cur isteach ón rialtas nó ón gcaimiléireacht, éiríonn leo caighdeán maireachtála níos fearr a dhéanamh dóibh féin.  Agus an fórsa is éifeachtaí chun saibhreas na ndaoine a mhéadú, sin an caipitleachas.

Téann cúrsaí ó go holc go níos measa i dtíortha mar an Chóiré Thuaidh, An Bholaiv, nó Poblacht Dhaonlathach (mar dhea) an Chongó.  Ní mór cultúr a chothú i dtíortha an domhain atá oiriúnach don dul chun cinn, a thabharfadh deis do na daoine sin.  Seachas sin, is beag an mhaith a dhéanfaí.  Sin an fhírinne ghlan shearbh.  Is cuma cé mhéad bia nó airgid a thabharfaí muna mbeadh sochaí agus rialtas ann a cheadódh rathúnas na ndaoine.

Beidh na bochtáin againn i gcónaí, faraor, chomh fada agus a bheidh peacaí an domhain ann.

Friday, July 13, 2012

Earrach Arabach?

Bhuel, táim i mo thost le fada, agus bhí sé ar intinn agam an t-ábhar seo a phlé beagán.  Tá Samhradh Arabach ann anois, is dócha, agus tá sé níos léire go bhfuil cúrsaí ag dul in olcas, den chuid is mó.  Ní raibh aon bheochaint na saoirse ann, ach a mhalairt.  Sean-scéal na dtíortha seo, faraor - streachailt idir bocanna móra, idir treibheanna, agus idir seicteanna atá ar siúl.

San Éigipt, tá Comhaltas na Muslamach i réim, nó beidh, de réir dealraimh.  Tuigeann beagnach gach éinne gur eagraíocht atá bunaithe ar an sceimhle sin.  Ach amháin Obama...  Duine beag sa saol mór is ea é fós, faraor, gan a lán tuiscint ar chúrsaí.  Treisíonn sé leis an uachtarán nua dá gcuid, fiú.  Ceapann sé go bhfuil an Comhaltas tuata, den chuid is mó...  Dá mb'amhlaidh!  Ba mhaith leis an uachtarán tuata nua-tofa seo, Mohammed Morsi, saoirse a fháil don Síoc Dall, an sceimhlitheoir is mó dá bhfuil faoi ghlas ag Meiriceá.  Duine deas é, gan dabht.

Is maith leis na Rúisigh Assad sa tSiria.  Ní miste leo Acmadainiseab san Iaráin ach oiread.  Is breá leo méar a chur i súil Mheiriceá (Obama), le fírinne.  Sin toradh ar an 'Cnaipe Reset' a d'fhógair Obama ag tús a réime.  Cacamas.  Is léir nach dtuigeann sé Putin ar chor ar bith, agus go dtuigeann Putin eisean go smior.

Bhí drochscéal ann sa Libia, freisin.  B'fhiú do Mheiriceá buamaí a chaitheamh orthu ansin, dar le Obama - gan cead ó éinne, sa bhaile ná san NA.  Samhlaigh Bush ag déanamh a leithéid!  Bheadh an saol ar fad ag screadadh is ag caoineadh.  Bhuel, pé scéal, rinneadh.  Dóbair go raibh daoine níos measa ná Gadáfaí i mbun na tíre - ach d'éirigh le duine eile.  Fós féin, tá fadhbanna eile sa chomharsanacht sin.

Plus ça change, plus c'est la même chose ...

San Iaráic, tá seans acu.  Tugadh seans dóibh.  Feicfear conas a éireoidh leo, gan a lán tacaíochta míleata uainne as seo amach.  Tá súil agam nach gcaithfidh siad uathu an saoirse a fuair siad.  Bhí (agus tá) sé an-daor.

Ní bheidh réiteach éasca ann riamh sa Mheánoirthear.  Ach tá cúrsaí i bhfad níos deacra gan uachtarán ciallmhar ag na Stáit Aontaithe.  Go raibh ceann nua againn san athbhliain.

Tuesday, May 29, 2012

Reifreann in Éirinn

Arís.  Ní mór daoibh bhur gcuid vótaí a chaitheamh ar a shon.  Ar ball.  Mura nglacann sibh leis, beidh deis eile agaibh, gan dabht, glacadh leis in athuair.  Caithigí bhur vótaí go dtí go bhfaighfear an toradh a b'áil le lucht an AE/Euro.

Má thuigim i gceart é, beidh bhur mbunreacht leasaithe ionas nach mbeidh aon ghá le dlíthe Éireannacha, mar déanfar pé dlí a bheidh de dhíth sa chonradh áirithe seo.  Má thugann sibh cead a gcinn don AE, beidh sé i bhfad ní b'éasca, mar déanfaidh daoine eile gach dlí daoibh.  Ar ball.

Fiú go bhfuil na daoine is measa i gcoinne an reifrinn seo, ní ionann sin agus é a bheith go maith.  As cúiseanna amaideacha a seasamh-san, den chuid is mó (cé go ndeir siad go bhfuil suim acu i gcúrsaí gnó na tíre).  Ach cén difear idir a bheith san AE agus a bheith sa Ríocht Aontaithe?  Cé acu a b'fhearr? Feicim go n-íocfar sibh má ghlacann sibh leis an gconradh seo, agus ní bheidh airgead na Eorpa (mar dhea) ar fáil daoibh gan é.  Go n-éirí an t-ádh libh.  Molaim gan cúrsaí a ghlacadh as imní is imeagla.  Is beag socrú ciallmhar a dhéantar faoi bhrú is faoi bhagairt.

Tá gá leis an mbeartas déine, cinnte.  Ach ní leor sin, dar liomsa.  Tá gá leis an neamhspleáchas, idir neamhspleáchas dlí agus neamhspleáchas airgeadais.  Ach seo an bóthair ar a bhfuil Éire le fada.  Is iomaí geall a tugadh daoibh.  An bhfuair sibh aon toradh astu fós?

Níl aon rogha maith ann.  Cé acu an ceann is lú a mhéad olcais?

Ar a laghad, tugtar reifreann daoibh.  Ní hamhlaidh san chuid is mó den AE.  Tá bhur mbunreacht do bhur gcosaint (beagán).  Bígí lán-chinnte sula n-aithróidh sibh é...

Wednesday, May 09, 2012

An Eoraip ar an Dé Deiridh?

oirthear na Gearmáine bán le fada.  Bíonn mórán daoine ag imeacht ón Eoraip, fiú go mbíonn mórán ag teacht ón oirthear go dtí an iarthar (agus níos mó ag teacht ón Áise is ón Afraic).  Ach an rud is tábhachtaí, níl siad ag déanamh leanaí!  Na hEorpaigh, sin a rá.  Tá daoine eile ann agus bíonn a lán páistí acusan.  Tá seans mór ann go mbeidh Eorapastáin ann faoi cheann tamaill, mar a tharlaíonn.

Maraon leis an eapsa páistí, tá féinmharú na hEorpa acu mar aidhm pholaitiúil, is léir.  Ní féidir leanúint ar aghaidh leis an euro mar airgeadas do gach tír mar atá.  Agus ní mór go n-athraofar cúrsaí eacnamaíochta chun na billí a íoc is ciall a dhéanamh de pé airgeadais a bheidh ann.  Ach is cosúil go mbíonn na daoine ag caitheamh a gcuid vótaí in aghaidh na matamaitice.  Níl siad sásta an réaltacht a ghlacadh.  Níl uatha ach gach compord a bhíonn acu a bheith ann fós - agus níos mó.

Tá súil agam go mbeidh deis agam roinnt den Eoraip a fheiscint sula mbeidh sé imithe go deo.  Beidh rianta ann, is dócha.  Ach an mbeidh siad bocht, briste, faoi smacht deachtóirí, easaontaithe, Moslamach, trína chéile ar fad - nó an uile rud sin, sul i bhfad?  Is iomaí rud a bheidh ag athrú, go maith nó go holc.  Go raibh ciall acu.  Lá éigin.  Feicfidh mé ar na pictiúir, idir an dá linn.  Bíonn dóchas ann, is dócha... 

Tá súil agam go mbeidh sibh ábalta bheith níos mó ná i bhur ndroch-shampla maith, a chairde san Eoraip.

Monday, April 30, 2012

tSen Guantseng

D'éiligh an laoch Síneach tSen Guantseng (Chen Guangcheng) ó na húdaráis sa tSín an tseachtain seo.  Cé hé féin?  Dlíodóir dall é, a sheas in éadan rialtas brúdúlach na Síne mar gheall ar a bpolasaí chun ginmhilleadh a dhéanamh ar mhná in aghaidh a dtoile, agus chun iad a aimridiú.  Roimhe sin, sheas sé ar son daoine faoi éalang agus in éadan droch-mhonarcha a bhí ag loit an dúlra.  Ach chuir a sheasamh ar son na mban is a bpáistí sa bhroinn fearg ar an rialtas, go háirithe an rialtas áitiúil. 

Deir rialtas na tíre nach é a bpolastaí ginmhilleadh nó aimridiú a bhrú ar dhaoine, ach níl aon amhras go ndéantar amhlaidh.  Sin an fáth go ndearna tSen a ghearán.  Chreid sé rialtas na tíre.  Ach is tír bhrúidiúl Chumannach í fós, agus ní cheadaítear aon tseasamh in éadan chumhacht an rialtais.

Cuireadh tSen faoi ghlas cúpla uair, mar gheall ar thriall bhréagach, agus bualadh go dona é - agus a bhean, leis.  Ciapadh a ghaolta eile, a mháthair is a iníon óg san áireamh.  Agus é faoi bhraighdeanas baile, ní cheadaíodh dó caint le héinne, agus cuireadh cosc ar aon chuairteoirí eachtránacha go háirithe.  Bualadh roinnt díobh a rinne iarracht chun cuairt a thabhairt air, fiú.

Anois, le cabhair ó laochra eile, d'éiligh sé.  De réir dealraimh, tá sé ag ambasáid na Stáit Aontaithe, ach níl aon admháil oifigiúil ann fós.  An bhfuil sé slán fós, mar sin?  Táthar ag súil.  Níl Obama iontaofa ar chor ar bith ag déaláil le drochrialtais, agus tá imní orm go ndéanfaidh sé feall ar tSen.  Ach le cúnamh Dé, beidh saoirse ag tSen, ar shlí.  Ní dóigh liom go mbeidh sé ábalta dul abhaile riamh.  Agus tá a chairde gaol i mbaol i gcónaí.

Tá aird an domhain ar a chás, agus tá seans ann go ndéanfar athruithe sa tSín mar gheall air.  Seans beag, cinnte, ach seans.  Feicfear.  Cúis náire don tSin is ea é, agus fadhb mhór anois do na Stáit Aontaithe, freisin.  Buíochas le Dia.

Thursday, March 01, 2012

Ginmhilleadh, Gnéas agus Grásta

(Sea, an trí ábhar nach bhfuil ceadaithe i gcómhrá dea-bhéasach, de ghnáth!)

Déanann cásanna deacra droch-dhlíthe, deirtear, agus is fíor sin, go háirithe nuair atá ceist an ghinmhillte id lámhaibh. Féach an t-alt iontach seo a scríobh duine d'Eaglais Shasana chun na sonraí a fhoghlaim. Níl an cheist seo gan deacracht ar bith, agus ní mór do gach duine a mhacnamh féin a dhéanamh ar cheisteanna na móráltachta. Ba chóir glacadh le grásta Dé mar threoir. Ach is léir nach bhfuil an chuid is mó de na daoine atá i bhfábhar an ghinmhillte ag iarraidh fírinne mhoráltach a bhaint amach a chuireadh in aghaidh saoirse ghlan maidir le cúrsaí gnéis. Den chuid is mó, níl ann sa ghinmhilleadh ach breithrialú i ndiaidh an bhirt, dar leo, agus is cuma leo go maraítear duine (má chreideann siad gur duine ar bith atá ann...).

Is é cúrsaí gnéis an cloch is mó ar pháidrín na ndaoine atá frith-chreidmheach. Ní deirim aindiach d'aon ghnó, mar ní bhíonn a leithéid sásta go gcreideann éinne i nDia. Ní ghlacann a lán díobh go bhfuil sé ceart ná cóir aon tuairim eile a bheith ann ar chor ar bith a chuireadh in aghaidh a roghanna féin. Tá dlíthe ann in áiteanna mar Cheanada, fiú, a deir nach féidir le duine aon rud olc a rá faoin homaighnéasachas, mar shampla. Cuireadh an dlí ar dhuine a chur fógra i nuachtán, nach raibh ann ach uimhreacha véarsaí ón mBíobla! Ach creideann siad ag an am céanna nach siad féin na fanaicigh...

Tá cúiseanna eile ann, cinnte - nó leithscéalta eile - a chuireann daoine ón Eaglais. Is iomaí cladhaire a bhíonn ina bhall san Ealgais (in eagraíocht ar bith, mar a tharlaíonn) (Glacaimse leis an Eaglais Chaitliceach amháin, ach baineann gach rud a deirim anseo leis an traidisiún Críostaí mar a thuigeann an móramh é). Mar i gcás Abú Ghráib, mar shampla, ní ionann drochbheart daoine olca in eagraíocht mhór agus cuspóirí na heagraíochta féin. Ní mór don eagraíocht an cosc is mó agus is féidir a chur ar dhrochghníomaithe ina measc, nó ní bheidh inti ach cladhairí. Déanann an Eaglais ámhlaidh, cé nach mbíonn a hiarrachtaí gan locht. Ní leor a leithéid de mhíshástacht chun an creideamh ar fad a chaith sa bhruscar, ná baol air.
"Fágtar le hais a chéile ag fás iad araon go dtí an fómhar, agus nuair a bheidh an fómhar á dhéanamh déarfaidh mé leis na buanaithe: Bailígí an cogal chun a chéile ar dtús, agus déanaigí punanna de chun a dhóite. Ach cruinnígí an t-arbhar isteach i mo scioból." - Matha 13:30
Sea, an dia nua-aimseartha is mó (sean-dia atá ann leis na cianta, le fírinne), sin an gnéas. Don duine nua-aimseartha, ní cóir go gcuireadh bac ar aon rud idir bheirt (nó níos mó) atá toilteanach. "Cén fáth go mbíonn an Eaglais chomh buartha i gcónaí faoin ngnéas?" fiafraíonn siad. Ní bhíonn go háirithe, ach amháinn go seasann an Eaglais in aghaidh déithe bréagacha. Is é an gnéas an uirlis is feidhmiúla atá ag an diabhal chun daoine a scarúint ó Dhia. Níl teagasc na hEaglaise chomh dona maidir le cúrsaí gnéis. Ach ceaptar go bhfuil an duine nua-aimseartha níos cliste ná a shinsir go léir - ná an Eaglais atá ann le timpeall 2000 bliain - ná Dia féin - agus mar sin, níl Dia ann.

Ach féach ar thoradh an dearcaidh seo, nuair a thugann an duine cead a chinn dó féin. Na daoine gan Dia, na Náitsithe is na Cumannaithe, mharaigh siad níos mó daoine ná aon lucht rompu riamh (is tá siad á dhéanamh fós). Tá an teaglach at titim as a chéile san Iarthar. Bíonn sé níos coitianta i gcónaí nach bhfuil beirt tuismitheoirí ag páistí an lae inniu. Má ghintear iad in aon chor. Is má thagann na páistí a ghintear chun solais riamh. Maraítear níos mó díobh ná a rugtar i dtíortha go leor. Milliún i ndiaidh milliúin. Agus ní bheidh a leithéidí ann arís.
"Ní fíor, mar a deirtear go minic, nach féidir leis an duine an saol a eagrú gan Dia. An rud atá fíor ná, gan Dia, níl sé in ann an saol a eagrú ach in aghaidh an duine." - Henri de Lubac
Níl sé éasca glacadh le gach teagasc maidir le cúrsaí gnéis, ach níl sé dodhéanta, agus tá sé dár leas ar a laghad an iarracht a dhéanamh. Ba chóir dúinn ár macnaimh a dhéanamh orthu (agus guí), mar a dhéanann an Eaglais go léir i gcónaí. Is fearr leis an móramh sa lá atá inniu ann, de réir dealraimh, an dia eile sin a adhradh. Ach bíonn grásta Dé ar fáil i gcónaí. Guímis.
"Ach mura mian libh fónamh don Tiarna, déanaigí bhur rogha inniu idir na déithe dá ndearna bhur n-aithreacha fónamh taobh thall den Abhainn, agus déithe na
nAmórach a gcónaíonn sibh ina ndúiche anois, le fónamh dóibh. Maidir liom féin agus le mo theaghlach, ámh, déanfaimid fónamh don Tiarna." - Iósua 24:15

Wednesday, February 15, 2012

Lá ‘le Vailintín

Is iomaí miotas a bhaineann leis an lá seo. Chreid mé roinnt díobh le blianta. Ach toisc nár chuimhin liom na sonraí, rinne mé fiosrú ar an scéal athuair inné, agus fuair mé eolas suimiúil.

Níl baint ar bith ag nósanna an lae seo le féile Rómhánach ar bith. Níl éinne cinnte cé acu an Vailintín áirithe a bhímid ag ceiliúradh - bhí níos mó ná duine amháin ann. Agus níor cheaptaí ar an lá seo mar lá cheiliúrtha an ghrá go dtí an ceathrú haois déag, de réir dealraimh. Cheaptáí gurb é seo an lá ar a roghnaíonn na héin a gcéilí, agus mar sin gurb oiriúnach don ghrá é. Ní mar gheall ar an naomh a cheaptar sin.

Cumadh scéalta san ochtú haois déag chun baint idir Vailintín agus Lupercalia a mhaíomh, agus glacadh leis, gan fianaise ar bith sa stair.

Mairtírigh ab ea na Vailintíní a cheiliúradh an Eaglais Chaitliceach. Ach féachaint nach bhfuil eolas dá laghad againn fós fúthu, níltear á gceiliúradh ar an bhféilire oifigiúil níos mó. Cinnte, tá baint idir an grá agus grá Críostaí, ach níl aon rud ar leith maidir le Vailintín atá níos oiriúnaí ná aon mhairtíreach eile, ach de thaisme go raibh lá a fhéile ag tús an earraigh.

Lá 'le Vailintín sona daoibh, mar sin féin (lá ina dhiaidh).

Thursday, February 09, 2012

Séamus na Gaeilge agus Fadhb na nUimhreacha

Rinneadh an chéad clár sa tsraith Dúshlán faoin Sáirsint Séamus Ó Fianghusa. Cainteoir líofa Meiriceánach (agus cara dom) atá san arm (fórsaí cosanta) is ea é, a bhí ar dualas san Afghanastáin (tá alt dá chuid in An Gael). Tugann sé cuairt ar Ghaoth Dobhair, ar Dhoire, agus téann sé abhaile go Nua-Eabhrac i rith an chláir, agus feictear é san Afghanastáin, ag obair mar shaighdiúr ansin.

Níl an clár go dona. Cheapfaí go mbeidís dá ionsaí an t-am ar fad (lucht déanta na clár, seachas an Talabán...), ach ní dhearna. Mar sin féin, tuigtear ó na roghanna a rinneadh agus ó roinnt tráchtanna sa chlár go bhféacheann siad ar Shéamas mar dhuine le dhá chloigeann, ar a laghad. Sin an fáth go ndearna siad an clár, is dócha - an rud is annamh is iontach. Tá an clár an-suimiúil.

Mar is iondúil, cé gur clár RTÉ TG4 é, rinneadh do lucht labhartha an Bhéarla é. Fo-theidil a bhíonn ann i mBéarla nuair a bhítear ag labhairt na Gaeilge, agus ní bhíonn fo-theidil as Gaeilge ann nuair a labhraítear Béarla. Ach más locht sin, is locht a bhíonn ann i gcónaí...

Bualann Séamas le fear i nDoire a insíonn dó go mbeadh sé ag troid ina aghaidh dá mbeadh sé ina chónaí san Iaráic nó san Afghanastáin. Is iomaí duine a déarfadh a leithéid, gan smaoineamh ar an gcúis a mbeadh sé ag troid ar a shon. Is cuma le daoine mar sin cé chomh dona agus atá naimhde na Stát. Dar leo, níl aon rud tábhachtach ach go bhfuil arm eachtránach i dtír eile. Is beag an radharc ar an saol atá ag a leithéid de dhuine. Níl an saol chomh simplí sin. Níl aon amhras orm ach go mbeadh sé ag troid ar son na sceimhlitheoirí thall. Agus is mór an trua sin.

An t-aon rud glan olc atá sa chlár ná an mhír ina luaitear sibhialtaigh na hAfghanastáine. Insíonn Séamus dóibh nach mbíonn na Meiriceánaigh ag marú sibhialtach. Go díreach ina dhiaidh, deir an tráchtaire go maraíodh rud mar 1300 Meiriceánach san Afghanastáin, agus gur maraíodh rud mar 130,000 sibhialtaigh. An rud atá le tuiscint as sin ná gur inis Séamus bréag, cheapfaí. Ach níl baint ar bith idir na huimhreacha sin. Na sibhialtaigh a fuair bás mar gheall ar shaighdiúirí Mheiriceá (NATO), de thaisme a tharla, i measc cogaíochta. Sin rud a tharlaíonn i ngach aon chogadh. Agus níos lú sna cogaí seo ná riamh sa stair. Ach an chuid is mó de na sibhialtaigh seo, mharaigh an Talabán agus sceimhlitheoirí eachtránacha eile iad. Más féidir linn an uimhir a thugtar a ghlacadh ar chor ar bith, mar is léir nach mbíonn fíor-uimhreacha thaismí an Talabáin le fáil, agus go ndéanann siad a seach ndícheall chun sibhialtaigh mharbha a chur os comhair an tsaoil, seachas naimhde armtha, agus is iomaí cleas atá acu chun sin a dhéanamh. Seans go bhfuil gaoth an dearcaidh ann sna huimhreacha seo go mbíonn rud éigin mí-chothrom ann má bhíonn na Meiriceánaigh ag marú céad duine as gach Meiriceánach a maraíodh - mar a bheadh cluiche éigin ar bun. Cé chomh hamaideach is atá an dearcadh sin, tá sé coitianta. Ach tá blagmhíreanna eile agam faoi na huimhreacha...

Pé scéal, mar chlár ar an ábhar seo, tá sé go maith, den chuid is mó. Treise leo, agus treise le Séamus agus a chomhghleacaithe, a bhíonn ag déanamh an saol níos fearr dúinn go léir, agus do mhuintir na hAfghanastáine go háirithe. Go raibh toradh ar a gcuid oibre.

[Dála an scéil, ní fuaimnítear ainm na tíre thall mar a cheapfá ón litriú oifigiúl, agus molann Séamus féin an h a chur i lár 'Afghanastáin'.]