Tuesday, January 27, 2009

Tús na Ré Nuaí

Bliain a hAon atá ann, dar ndóigh, agus an Slánaitheoir i réim. Cad tá sé ag déanamh go fóill?

Tá sé chun Guantanamó a dhúnadh. Níl tuairim dá laghad ag éinne cad a dhéanfar leis na sceimhlitheoirí sin, ach ní bheidh siad i gCúba. Seolfar go hÉirinn iad, b'fhéidir? Stad sé na trialacha míleata, freisin. Tá 10 Meán Fómhar 2001 ann arís. Bhí mé in íoctar Mhanhattan inniu, agus is cuimhin liomsa cad a tharla, agus cén fáth nár tharla a leithéid arís le hocht mbliana. Tá súil agam nach mbeidh an seandearcadh ann arís, ach tá an dealramh sin ar an scéal, mo léan.

Tá rialtas na Stáit Aontaithe chun íoc as an nginmhilleadh thar sáile arís. Agus tabhairfimid airgead don UN Population Fund, chun an ginmhilealladh a mhol is a spreagadh do na bochtáin ar fud an domhain, agus chun cabhair a thabhairt do na Sínigh é a bhrú ar shaoránaigh a dtíre. Sea, is sacraimint don eite chlé é an ginmhilleadh. Tá Nancy Pelosi chun mórán airgid a chaitheamh ar a leithéid mar chuid den phacáiste chun an geilleagar a spreagadh. Mar chuid den phacáiste ón nDáil Mheiriceánach chun breis is ocht gcéad billiún dollar a chaitheamh (a dhéanamh agus ansin a chaitheamh)....go sábhála Dia sinn. Ní íocfar an bille sin go deo, agus ní dhéanfaidh an chuid is mó dé difear ar bith chun an geilleagar a fheabhsú. Muicfheoil agus coiscíní atá i gceist. Ach is breá le Ó Bama é.

Tá an t-uachtarán Ó Bama ag rá gur mhaith leis an Defense of Marriage Act a aisghairm. Sin chun an homaighnéasachas a chur chun cinn, agus an pósadh traidisiúnta a scriosadh.

Tá fadhbanna leis na daoine a roghnaigh sé mar chomhairleoirí, ach sin scéal eile. An chuid is mó díobh, is lucht Clinton iad (fiú Bean Uí Chlinton féin!), agus tuigimid na fadhbanna ansin.

Níl cead ag an CIA rudaí áirithe a dhéanamh níos mó. Tá baol ann mar gheall air sin. Ach tharlódh sin agus McCain ina uachtarán, freisin.

Sin samplaí. Agus níl ann go fóill ach a chéad sheachtain. Muise.

Wednesday, January 14, 2009

Nílim i m'Aonar

Ar 14 Eanáir 2009 thug Rónán Mac Aodha Bhuí deisín dom agus do dhuine eile nach spalpann líne an pháirtí, duine darb ainm Tom Carew, cás Iosrael a mhíniú ar a chlár. Bhí a lán eolais agus tuiscint ar na fíricí ag mo dhuine, agus treisim leis.

Ag tús an chláir, d'iarr Rónán ar Sheosamh Mac Muirí stair na Palaistíne a ríomh, agus rinne sé jab réasúnta maith, ach amháin nach raibh gach dáta i gceart aige (réim na Muslamach) agus go háirithe nach raibh sé ag caint faoin bPalaistín, ach go raibh sé ag caint faoi Iosrael amháin. Is féidir nach cuimhin liom i gceart, mar níl an clár ar fáil fós ar an idirlín - is féidir gur iarr Rónán air stair Iosrael a ríomh. Pé scéal, ní leor an stair sin gan comhthéacs. Thug sé roinnt de, ach is ábhar rómhór sin. Táim den tuairim nach bhfuil Seosamh claonta, as an méad a dúirt sé ar an gclár. Sílim go dtuigeann sé castacht an scéil, ar aon nós. Tá súil agam.

Agus mé ar an gclár seo, rinne mé botún - is í an Iordáin an leath eile de sheanlimistéir na Palaistíne. Dúirt mise an Liobáin. Ar aon chuma, tá a dtír féin ag na hArabaigh cheana féin - tír atá níos mó na Iosrael. Rinneadh an Iordáin den chuid is mó den limistéir seo in 1922. Ceist agam oraibh, a shaineolaithe:
Cén fáth nach dtugtar Palaistínigh ar mhuintir na hIordáine?

Ach níl sé sin i gceist i ndáiríre. Níl sé ceart ar chor ar bith stair tíre a phlé chun cead a thabhairt don stát sin a bheith ann tar éis seasca bliain. Níl éinne ag iarraidh an stát sin a thabhairt ar ais go na Sasanaigh, ná do na Tuircigh, ná do na Rómhánaigh... Níl suim ag éinne sa stair mar a tharla, le fírinne, agus ní féidir linn dul ar ais agus an stair sin a athrú (cé go n-athraítear í go minic nuair a insítear í). Beatha nó bás Iosrael atá i gceist.

Dúirt duine ar an gclár raidió inné nach bhfuil sé de cheart ag éinne taobhú le hIosrael agus an feachtas atá ar bun faoi láthair, go bhfuilimid a dhéanann amhlaidh dall agus araile. Sin tús agus deireadh aon phlé lena leithéid. Nós na liobrálach (sa tuiscint nua-aimseartha) sin, gan cead cainte a thabhairt d'éinne nach n-aontaíonn leis na daoine ceartchreidmheacha. Faisistí iad, le fírinne, ach sin scéal eile...

Ah, lucht na síochána... Is póilíní na smaointe roinnt mhór díobh, le fírinne, agus níos measa. Nach bhfuil sé ceart náire a bheith ar na hÉireannaigh as a leithéid sin d'iompar?

Is léir nach mbíonn na frithIosralaigh ag obair ar son na síocháine ar chor ar bith. Tá siad ar thaobh iadsan a deir nach bhfuil cead ag Giúdach a bheith ann, agus nach bhfuil tír darb ainm Iosrael ann. Tá siad ag taobhú leis na sceimhlitheoirí, sin uile. Agus is é sin is cionsiocair an bháis a bhíonn á imirt sa Mheánoirthear. Iadsan.

(DAS, cén fáth nach mbíonn lucht tacaíochta Iosrael ag iarraidh tairge na bPalaistíneach a cnagadh ó sheilfeanna sna siopaí? a) Níl sé ceart. b) Níl aon tairgí mar sin ann.)

Bíonn lucht tacaíochta Hamas ag rá nach bhfuil sé ceart go bhfuil arm cumhachtach ag Iosrael nuair nach bhfuil ach cúpla diúracán ón Iaráin ag Hamas. Ansin, maíonn siad go bhfuil Iosrael ag iarraidh sibhialtaigh a mhárú, páistí srl. Mar a dúirt mé ar an gclár:
Dá mbeadh cuspóir ag Iosrael sibhialtaigh a mhárú, bheadh i bhfad ní ba mhó daoine marbh! Sin a thuigtear as a ráitis féin (dá mbeadh suim sa loighic acu)! Ach is cinnte gur cuspóir Hamas é sibhialtaigh a mhárú - sin an t-aon rud a bhíonn siad ag iarraidh a dhéanamh lena gcuid diúracán. Ach is cuma leis na daoine céanna sin, muise. Lucht na síochána agus na gcearta daonna. Mo thóin.

Ní raibh deis againn freagra a thabhairt do gach rud mícheart a dúirt na daoine eile ar an gclár sin, agus ní dóigh liom go ndéanfadh sé aon mhaith. Ach tá súil agam go léighfidh cúpla duine an stuif a chuirim anseo, mar is beag foinse eile atá ann don Éireannach, go háirithe as Gaeilge. Bualadh bos do Rónán as an dá thaobh a léiriú, cé go bhfuil sé féin ar thaobh Hamas.

Tuesday, January 13, 2009

Fisk: Bearta is Briathar

Bhí deis agam inniu éisteacht le clár Rónáin agus an t-agallamh a rinne mé leis. Níor thuig mé ar an bhfón an méad a dúirt sé agus é ag lua Robert Fisk ag an am. Scríobh mé faoi Fisk roimhe seo, sílim, ach is féidir go ndearna mé sin ar chlár plé amháin. Ní cuimhin liom anois.

Is Sasanach de dhéanamh Michael MooreNoam Chomsky é. Úsáidtear a ainm mar bhriathar, agus is é an bhrí de ná go dtaispeáintear gach botún a bhíonn in alt le leithéid Fisk, pointe ar phointe, agus go gcuirtear na fíricí in iúl mar fhreagra d'alt amaideach na heite clé mar a bhíonn ag Fisk. Tá clú (droch-chlú) air ar fud an domhain. Seo sliocht as alt ón Astráil:
Propagandists masquerading as journalists - such as Robert Fisk of The Independent - constantly assert that 9/11 happened only because of longstanding Israeli aggression. If so, how does one explain the internecine carnage in Iraq, Algeria, north Lebanon, Pakistan and Afghanistan? Does this look like a crisis of modernity gripping the Muslim world? Or is it perhaps a Mossad conspiracy? Fisk would have us believe the latter.

Agus seo ceann ón Tuirc: Robert Fisk, a Pathological Liar?
A liar, such as Robert Fisk, has no partition between his imagination and his information.

Agus dar ndóigh, aithníonn na hIosraeligh é.
In the worst case of commentary on Tuesday's events, notorious anti-Israel polemicist Robert Fisk actually accuses Israel of lying in The Independent

blag ainmnithe ina onóir, fiú...

Is slí bheatha Fisk í bolscaireacht na sceimhlitheoirí a scapadh, agus olcas Israel agus Mheiriceá (agus de réir dealraimh, na Tuirce) a nochtadh i gcónaí. Tá sé cosúil leis an Huffington Post agus moveon.org, agus chomh iontaofa. Tá a lucht léite aige, agus beidh a leithéid ann i gcónaí sa ghleann seo na ndeor. Ó am go chéile, b'fhéidir go mbeadh duine dá léitheoirí ábalta a thuiscint gur raiméis nimhneach a bhíonn á scríobh aige, agus gurb fhéidir leo a machnamh féin a dhéanamh ar chúrsaí an tsaoil. B'fhéidir. Lá éigin. Le cuidiú Dé.

Nuair a d'inis Rónán dom go raibh aisfhreagra maith i ndiaidh an agallaimh, cheap mé go mbeadh plé ní b'fhearr ná "Neocon Naitsí" a thabhairt orm agus bagairt an cac a bhualadh asam, ach sin caighdeán an phlé a bhíonn ann ar an ábhar seo, faraor. Léitheoirí Fisk iadsan, gan dabht.

Tá colún le teidil an-oiriúnach ag Fisk: Robert Fisk's World
My favourite moment came when I pointed out that journalists should be on the side of those who suffer. If we were reporting the 18th-century slave trade, I said, we wouldn't give equal time to the slave ship captain in our dispatches. If we were reporting the liberation of a Nazi concentration camp, we wouldn't give equal time to the SS spokesman. At which point a journalist from the Jewish Telegraph in Prague responded that "the IDF are not Hitler". Of course not. But who said they were?

Nach bhfuil sé cliste? Is dócha go mbeadh sé ar thaobh na Naitsithe in Earrach 1945, freisin. Agus is duine eile é gur mhaith leis Israelach a mhárú gach uair a mháirítear Palaistíneach, agus a mhalairt, chun a bheith cothrom...nó thuigfaí sin dá mbeadh loighic ar bith ina chuid scríbhneoireachta.

Is fearr liomsa bheith ar thaobh na fírinne agus ar thaobh an chearta. Ach is Neocon Naitsí mé...(AGOA)

Monday, January 12, 2009

Coireanna Cogaidh

Deir Comhairle Chearta Daonna na NA (mar dhea) gur féidir go bhfuil Iosrael ciontach as coireanna cogaidh i nGása. Mar is iondúil, is cuma leo cad atá ar siúl i bhfírinne. Tá na NA níos measa ná gan mhaith, dar liom. Déanann siad dochar. Ach cad eile a tharlódh agus tíortha mar Chúba, an Éigipt agus an tSín ag déanamh urraíochta ar rúin mar bhaill den chomhairle ar chearta daonna? Is seafóideach ar fad ceann a thabhairt dá leithéid ar an ábhar seo. Ba chóir seasamh ina n-aghaidh go minic (beannacht Dé ar Cheanada - mar ní dhearna na Stáit an rud ceart an uair seo). Níl tuairim na NA intaofa maidir le hIosrael, le blianta fada. Agus tugann siad cabhair do na sceimhlitheoirí gach uair a dhéanann siad a leithéid seo. Sin an t-arm is cumhachtaí atá ag na sceimhlitheoirí - tuairim an domhain.

Agus féach conas a úsáideann siad an t-arm seo: manufacturing disaster
Táim cinnte go bhfuil siad an-bhuíoch den phreas/bhlagchruinne Éireannach, i measc daoine eile...

Ní aontaím le Colin Powell i gcónaí, ach bhí an ceart ar fad aige nuair a dúirt sé an méad seo leanas:
As Secretary of State Colin Powell observed, as long as the Palestinians believe they can win in the court of world opinion, they will have no incentive to pursue peace.

Is iad an bholscaireacht agus na daoine saonta a ghlacann léi a choimeádann an foréigin ar siúl sa MheánOirthear. Sea, na daoine a bhíonn ag caint is ag ologón faoin síocháin... Creidann siad siúd a scaipeann an bholscaireacht seo go bhfuil siad an-sofaisticiúil agus níos cliste ná aon daoine eile. Ach buailtear bob orthu i gcónaí. Go háirithe maidir leis na Palaistínigh. Féach a gcuid bréag faoin imshuí, agus i gcoitinne (le cabhair ó na NA, dar ndóigh).

Is cuma leis na frithIosraeligh go mbíonn coireanna cogaidh á ndéanamh ag na Palaistínigh i gcónaí, agus iad ag déanamh sciatha de shibhialtaigh agus ag márú sibhialtach...

Seo sampla eile den saghas seo iompair:
http://www.youtube.com/watch?v=eTGbP55HGi8

Na líomháintí a chloistear i gcónaí i gcoinne Iosrael, tá roinnt díobh bunaithe ar an gCúirt Idirnáisiúnta* (nach nglacann Iosrael leis), agus le Protocol a hAon, nach nglacann Iosrael leis. Agus gach uair a luaitear an Protocol sin, tuigim níos fearr cé chomh hamaideach is atá sé. Níl sé "féaráilte" arm láidir a úsáid in aghaidh daoine gan na hairm chéanna, agus a leithéid sin de chacamas. Mar a d'fhiafraigh mé de Rónán Mac Aodha Bhuí ar an raidió, an mbeadh sé ní b'fhearr dá mbeadh clocha agus bataí ag na hIosraeligh? Muise, ba mhaith le daoine áirithe seans a thabhairt do na sceimhlitheoirí, amhail is go mbeadh seilg mhadra rua i gceist. Ach ní cluiche é seo.

Aontaím leis an mana Béarla seo: Peace through superior firepower. Níl meas madra (rua) ag sceimhlitheoirí ar aon rud eile.



* - Gabh mo leiscéal faoi na botúin sa seanalt faon gcúirt. Ceartóidh mé ar ball é, lcD.

Friday, January 09, 2009

Cé hIad Hamas?

Cé hiad Hamas? Is sceimhlitheoirí iad, dar le Bill Clinton, srl. Níl seans dá laghad go mbeadh siad sásta síocháin a ghlacadh le hIosrael go deo. Faigheann siad tacaíocht agus spreagadh ón Iaráin, mar a bhfaigheann Hiosboladh sa Liobáin. Tuigeann na tíortha eile mórthimpeall orthu go bhfuil Hamas ag obair faoi scáth na hIaráine, agus níl siad an-sásta leis sin. Tuigeann siad freisin nach mbeidh aon tsíocháin ann agus Hamas i réim sa limistéir Phalaistíneach. Sin an fáth nach bhfuil siad ag tacú leo. Níl Fatah agus muintir an Bhruaigh Thiar ach oiread. Féach Easaontas na bPalaistíneach.

Is beag duine atá ag tacú leo, ach amháin an Iaráin, agus dar ndóigh, Éireannaigh (agus Jimmy Carter). Bhuel, agus na gnáthdhaoine eile sna Náisiúin Aontaithe, san Aontas Eorpach, agus b'fhéidir leithéid Hugo Chavez...agus frithGhiúdaigh an Domhain.

Cad a dhéanann na daoine deasa seo, dlúthchairde na nÉireannach? Féach:

Hamas agus 'comhoibrithe' Fatah

Hamas agus sibhialtaigh Phalaistíneacha:
Witnesses: Hamas fired from school

Hamas agus a bpáistí féin:
Rayyan Trained His Kids to Die

Na hIosraeligh i nGása, ag bualadh leis na daoine áitiúla (agus an cur i gcéil os comhair na gceamaraí):
"Nice Try"

Ar ábhar amháin eile, tá roinnt daoine ag baist ainmneacha maslacha ar na hIosraeligh, ag maíomh gur an SS nua iad agus raiméis mar sin. Ní cuimhin lena leithéid cé acu atá sa troid seo a bhí ag obair leis an SS agus cé acu... ah, níl suim dá laghad ag a leithéid sa stair is sna fíricí.

Monday, January 05, 2009

An bhFuil Cead Agaibh Fós?

Tá an lucht frithMheiriceánach idir dhá chomhairle le déanaí. An bhfuil cead acu fós fuath a thabhairt do Mheiriceá, agus Ó Bama ina uachtarán (beagnach)? I Meiriceá, na daoine ar fuath leo Meiriceá agus an tIarthar i gcoitinne, is iadsan is mó atá trína chéile. Le bliain anuas, tá siad agus a gcairde ag insint dúinn go mbeidh gach rud i gceart nuair a thágann a slánaitheoir, Barak. Ach dúirt Barak gur cara d'Iosrael fós Meiriceá, agus tá amhras ar a chairde thar sáile (agus sa bhaile) ó shin i leith. Nach cuimhin leo gur fuath leo Meiriceá i gcoitinne, seachas George W. Bush amháin? Tá siad dóchasach go fóill go ndéanfaidh Barak toil na hEorpa nuair a bheidh sé i gcumhacht, agus nílim féin cinnte faoi sin. Ach ní dóigh liom go mbeidh fiú Barak H. Ó Bama ag tacú le Hamas agus a gcairde.

Seo sampla dá bhfuil le teacht

Agus maraon lena sheasamh le polasaithe seanbhunaithe Mheiriceá, níos measa ná sin, tá Giúdach ag Ó Bama mar chomhairleoir! Agus is iomaí frithGhiúdach atá ann i measc na bhfrithMheiriceánach. Muise, nach údar dóchais é in aon chor?

Caveat empor, a lucht na heite clé! Is Meiriceánach fós é. Agus tá cead agaibh fós, go dtí an uair go mbeidmid go léir ag canadh an Internationale...

Go sábhála Dia Stáit Aontaithe Mheiriceá. Agus go n-éirí le hIosrael na sceimhlitheoirí a chosc, is a scriosadh, más gá, ionas go mbeidh síochán ann lá éigin.

(Ach maidir le foireann Uí Bhama agus an tsíocháin, nílimid ró-dhóchasach...féach deireadh an ailt iontaigh seo.)