Wednesday, February 15, 2006

Cé hIad na Daoine Deasa?

Rinne mé trácht ar rud ar an Imeall, rud ar mhaith liom míniú níos fearr. Dúirt mé gur tharla athrú ar an idirlíon tar éis 9/11, agus fuair mé nach raibh gach duine chomh deas agus a cheap mé. An é nár aontaigh siad liom, agus sin an fáth? Ní hea. Níl siad go deas mar tacaíonn siad leis na daoine ar mhaith leo mise a mharú, daoine a mharaigh mo chomharsana, agus a bhíonn ag marú daoine eile ar fud an domhain. Tacaíonn siad leis an sceimhlitheoireacht. Ceapann siad go bhfuil an milleán ar Mheiriceá as 9/11, agus as gach aon rud eile atá mícheart sa saol seo, agus níos measa fós, go bhfuil sé de cheart ag na sceimhlitheoirí sinne a mharú.

An é nach bhfuil ann ach tuairimí, sa mhéad sin? Tuairimí a thugann misneach do naimhde mo thírse, agus dó dhaoine a mharaíonn strainséirí mar gheall ar na tuairimí céanna. Níl sé sin go deas, dar liom. Más é an tuairim atá ag duine ná go bhfuil an ceart ag a gcairde mise a mharú, ní cara domsa an duine sin. Agus is mór an trua é, ach tá a leithéid sin ann.

Tuesday, February 14, 2006

Na Meáin Chumarsáide i Meiriceá

Mar chuid den mhiotas coitianta go gcreidtear gur saghas deachtóra é Uachtarán Bush, creidtear go bhfuil smacht éigin aige ar na meáin chumarsáide i Meiriceá. Is deacair do Mheiriceánach sin a chreidiúint, mar bíonn an fhianaise os a chomhair i gcónaí nach fíor sin. Ach creidtear an scéal go saonta san Eoraip (mar a chreidtear gach aon droch-rud faoi Bush agus Mheiriceá) go ró-mhinic. Tá claonadh an-láidir sna meáin i Meiriceá, atá ann ó na caogaidí nó níos mó ná sin, i bhfabhar na heite clé. Tá sé mar áit ar bith eile ar domhan.

Caoga bliain ó shin, tharla an chéad athrú sa scéal sin le tosnú an irisleabhair National Review (atá ann agus ag dul ó neart go neart ó shin i leith). Ba é an chéad foilseachán a léiríodh dearcadh na heite deis, agus rinneadh go seoigh sin. Bhunaigh William F. Buckley Jr. an irisleabhar sin, agus níos déanaí, bhí clár teilifíse aige, Firing Line (nach bhfuil ann níos mó). Gach aon rud eile ar an teilifís, bhíodh an dearcadh céanna ann (frith-chogadh sa Vítneam, mar shampla).

Ní raibh sé éasca an dara thuairim a bhaint amach le fada sna meáin, ach sna rudaí seo. Bhíodh riail ann, agus bhíodh ar chlár raidió nó teilifíse 'am cothrom' a thabhairt gach aon uair a bhí tuairim le cloisteáil ann. Ní ionann tuairim agus claonadh, dar ndóigh. Mar sin, ní raibh mórán ann faoi thuairimí. Ach sna hochtóidí, athraíodh an riail sin, agus thug an t-athrú sin seans do dhaoine a dtuairimí a nochtadh gan bhac. Sin an uair a tháinig Rush Limbaugh ar an stáitse. Fós, is é a chlár raidió an clár cainte is mó i Meiriceá. Mar bíonn an claonadh eile ann i gcónaí, agus ní raibh ach a chlár-san ann chun dearcadh eile a fháil. Agus tá tuiscint ar an ngreann aige. Tá a chlár taitneamhach, pé dearcadh atá ag an éisteoir.

Lean daoine eile é, agus tá mórán ann anois. Ina dhiaidh sin, tosaíodh bealach nua teilifíse, Fox News, agus tá cláir thuairimí ann a thugann dearcadh na heite deis freisin. Ach mar a bhíodh riamh, bíonn claonadh ann i leith na heite clé ar na bealaigh eile go léir, an chuid is mó den am. Uaireanta, tugann siad cothrom na Féinne don dá thaobh, agus uaireanta bíonn seans ann anois chun an dara thuairim a nochtadh ar na bealaigh sin. Tuigeann siad an ghnaoi atá ag daoine ar leithéid de Rush.

Mar sin, tá feabhas ann, ach is tábhachtach a thuiscint go mbíonn an móramh mar a bhíodh siad riamh, fós. Go háirithe na nuachtáin agus na bealaigh theilifíse is mó, The New York Times, CBS, agus Reuters, mar shampla. Tapaíonn siad gach deis chun Bush a bhualadh. Ach sa lá atá inniu ann, níl sé éasca dóibh a dtuairimí a bhrú ar dhaoine, agus na fíricí a chur as a riocht.

Mar a mhínigh mé ar an Imeall le déanaí, tá na Pajamahadeen ann sa bhlogchruinne, agus is féidir leis an ngnáthdhuine na fíricí a iniúchadh agus a scrúdú ó bhunfhoinsí agus ó dhaoine neamhspleácha. Is léir go bhfuil an méad is mó dá bhfuil ar an idirlíon ón eite chlé (agus ar buile!) – ach bíonn an dá dhearcadh ann i gcónaí, má tá suim (agus cead a léite) ag éinne.

Naisc a bhaineann leis seo:
Media Research
Honest Reporting
National Review
Rush Limbaugh
Fox News