Friday, August 24, 2012

Cá bhFuil an Ceart is an Chothroime?

Is iomaí rud atá as alt sa saol seo, ach sílim go bhfuil níos mó ná mar is iondúil le déanaí.  Tarlaíonn rudaí amaideacha i gcónai, dar ndóigh.  Ach an bhfuil patrún ann, agus cúrsaí ag dul in olcais?

Gearradh chomh beag le deich mbliana ar Anders Breivik, a mharaigh 77 duine san Iorua.  Cén mhaith sin?  Cén chóir?  Tá siad as a meabhair ar fad, dar liom.  Mura gcuirtear chun báis é (an rogha ab fhearr), ba chóir é a choimeád faoi ghlas go deo, ar a laghad.  Ní thuigim seo ar chor ar bith.  Beidh sé deas séimh síochánta go leor i gceann deich mbliana, is dócha.

Bítear ró-bheag ar chúrsaí an-dáiríre mar seo.  Agus ina theannta sin, bítear ró-dhian ar chúrsaí neafaiseacha - go háirithe nuair a bhaineann siad leis an gCeartchreidmheachas Polaitiúla.  Tá Póilíní na Smaointe níos tábhachtaí ná na fíorphóilíní i sochaí an lae inniu, cheapfaí.  Breathann sé ar do dhearcadh, dar ndóigh, cé acu má cháintear nó nach gcáintear thú.  Ní bhíonn na póilíní smaointe seo ag cosaint éinne.  Bíonn siad ag géarleanúint aon duine coimeádach a deir aon rud míchúramach.  Déanann siad an mór as an mbeag i gcónaí.

Seo leanas cúpla sampla.

Bhí duine darb ainm Sandra Fluke ag caint ar son Obama agus an dlí Sláinte (Obamacare), agus go háirithe, in aghaidh na hEaglaise Caitlicigh (agus in aghaidh saoirse creidimh, le fírinne), ag brú ar ollscoil Chaitliceach (mar dhea, ach sin scéal eile) íoc as ábhar frithghiniúnach.  Gníomhaí is ea í ar son an ghinmhillte, freisin.  Tá duine mór ar an raidió anseo darb ainm Rush Limbaugh, agus is coimeádach é.  Bíonn spraoi aige ar a chlár mór náisiúnta, clár plé agus tuairimí polaitiúla, agus bhí sé ag magadh faoi Fluke.  Bhuel, bhain sé feidhm as droch-fhocal - slut - i rith an mhagaidh sin.  Tuigeann tú, ba mhaith léi go n-íocann an rialtas as a cuid coiscíní nó mar sin de, ionas go mbeadh sí sásta bualadh craicinn.  Ach pé scéal, botún ab ea é an saghas sin focail a úsáid.  Ghabh sé a leithscéal faoi cheann tamaill bhig.  Ach ba chuma sin.  Scaoileadh na madraí air.  Chaill sé fógróirí, agus bhí sé ina dhuine gan mheas ar fud na meán cumarsáide le fada.  Dar ndóigh, is fuath leo é ar aon chuma, ach bhí sé seo ina scéal mór le fada acu.  Ní raibh a lán plé faoi na hábhair dháiríre, an ginmhilleadh, saoirse cainte, nó saoirse creidimh, nó an droch-dhlí seo féin.  Ba focail mhí-oiriúnacha Limbaugh ina scéal mór.

Sampla eile a tharla an tseachtain seo.  Ach tá an t-ionsaí ag teacht ón taobh eile an uair seo freisin, mar gheall ar a gcuid eagla roimh na meáin agus an eite chlé (is beagnach ionann iad sin).  Tá duine darb ainm Todd Akin ina iarthóir ar phost mar sheanadóir náisiúnta. Tá sé i bhfábhar beatha na bpáistí sa bhroinn a chosaint.  Aontaíonn an móramh i Meiriceá leis i gcásanna áirithe, pé rud a deir na Daonlaithigh.  Ach ní aontaíonn gach éinne nuair atá éigniú nó ciorrú coil i gceist.  Dúirt sé rud aimscí maidir leis an éigniú, an choimpeart agus an ginmhilleadh le déanaí.  Níl sé sásta go mbeadh aon eisceacht ann chun ginmhilleadh a cheadú (níl aon locht ar an leanbh).  Ach ní raibh a ndúirt sé soiléir, cruinn ná intuigthe ag an móramh.  Tá an pháirtí Poblachtach an-íogair le déanaí mar tá toghchán an uachtaráin ag teacht, agus bíonn an eite chlé ag fógairt go bhfuil na Poblachtaigh 'frith-mhná,' cé gur raiméis sin.  Anois, tá beagnach gach duine ina pháirtí féin ag iarraidh ar Akin éirí as an gcomórtas, mar creideann siad nach bhfuil aon seans aige tar éis an ráitis amháin sin.  Is cuma pé rud a chreideann sé, is cuma go bhfuil bun-sheasaimh mhaithe aige, is cuma gur duine maith é - dúirt sé drochrud.  Níl sé sásta géilleadh dóibh go fóill.  Níl a fhios agam an bhfuil seans aige - deirtear nach bhfuil.  Más amhlaidh an scéal, ba chóir dó géilleadh.  Ach dá dtabharfaí deis dó, cá bhfios nach mbeadh sé maith go leor.  An mór as an mbeag arís.

Idir an dá linn, is féidir le daoine ón eite chlé pé rud ab áil leo a rá gan aird ó na meáin.  Dúirt an leasuachtarán Joe Biden le déanaí, i mblas gorm do lucht éisteachta gorm, gur mhaith leis na Poblachtaí iad a chur ar ais i slabhraí.  Bréag a mhaslaigh na Poblachtaigh agus an lucht éisteachta araon.  Ach tugtar 'pass' do Biden i gcónaí.  Agus tá a lán samplaí eile dá leithéid ann, dar ndóigh.

Éireoidh cúrsaí níos measa as seo go dtí an toghchán, táim cinnte.  Ba chóir go ndíreofar ar na hábhair is tábhachtaí, ach tá an-amhras orm go ndéanfaí a leithéid, faraor.  Mar sin féin, tuigeann daoine cad atá i gceist sa toghchán seo.  Bíodh ciall acu.

Monday, August 06, 2012

An tOcras

Conas ab fhéidir fadhb an ocrais ar domhain a réiteach?  An mbeidh an teicneolaíocht ábalta gach duine a bheathú ar ball?  Nó arb fhéidir leis na tíortha saibhre na tíortha bochta a shábháil?  Ní mór bheith dóchasach go mbeidh cúrsaí níos fearr lá éigin, cinnte.  Ach ní mór an fhírinne a ghlacadh, fresisin.  Braitheann roinnt den fhadhb le bochtanas ithreach agus mar sin de, agus is féidir a leithéid a dheisiú, minic go leor.  Ach an chuid is mó den fhadhb, sin an pholaitíocht.

Tá mapa anseo a thaispeánann na háiteanna is mó a bhfuil an t-ocras iontu.  Tá an liosta ar fáil anseo.

Sna háiteanna is mó a mbíonn cogaí, éillitheacht, deachtóireacht (cumannachas, minic go leor, nó dian-sóisialachas an-chosúil leis), barra drugaí seachas bia, nó gach ceann acu seo, is iad na háiteanna is mó a bhfuil ocras iontu.

Tá dul chun cinn in áiteanna mar an Ind mar gheall ar athruithe polaitiúla.  Níos lú sóisialachais.  Nuair a éiríonn le daoine gnó a dhéanamh gan cur isteach ón rialtas nó ón gcaimiléireacht, éiríonn leo caighdeán maireachtála níos fearr a dhéanamh dóibh féin.  Agus an fórsa is éifeachtaí chun saibhreas na ndaoine a mhéadú, sin an caipitleachas.

Téann cúrsaí ó go holc go níos measa i dtíortha mar an Chóiré Thuaidh, An Bholaiv, nó Poblacht Dhaonlathach (mar dhea) an Chongó.  Ní mór cultúr a chothú i dtíortha an domhain atá oiriúnach don dul chun cinn, a thabharfadh deis do na daoine sin.  Seachas sin, is beag an mhaith a dhéanfaí.  Sin an fhírinne ghlan shearbh.  Is cuma cé mhéad bia nó airgid a thabharfaí muna mbeadh sochaí agus rialtas ann a cheadódh rathúnas na ndaoine.

Beidh na bochtáin againn i gcónaí, faraor, chomh fada agus a bheidh peacaí an domhain ann.