Wednesday, November 25, 2009

Téamh Domhanda Antrapaigineach = Bréag

Is iomaí rud atá scríofa agam ar an ábhar seo cheana. Ach tharla conspóid (mar dhea) le déanaí a thacaíonn lena bhfuil ráite agam le fada. Nochtadh r-phoist de chuid an Climate Research Unit ag Ollscoil Anglia Thoir, foinse thábhachtach den 'eolaíocht' a bhaineann le histéire an TD (An bhfuil TD ort? Labhair le do dhochtúir. Nó an bhfuil tú i do TD?). Dúradh sna r-phoist seo go raibh siad ag ceilt eolais chun a gcuid polataíochta a chur chun cinn (tá ola go holc, tá gach rud 'glas' go maith...) agus is léir ón eolas go bhfuil sé an-amhrasach go bhfuil aon TD ann, agus go raibh a fhios sin acu!

Is maith an rud é nach bhfuil na frith-eolaithe i gcumhacht go fóill, agus go bhfuil uachtarán a chuireann gach iontaobh san eolaíocht i réim sna Stáit... Is maith an rud é go bhfuil Al Gore ("who left the vice presidency in 2001 worth under $5 million and is now said to be a magnate with a net fortune of over $100 million") ina dhia fós...nach bhfuil duais eile fágtha le tabhairt dó?

Mura n-ólann tú an Kool-Aid fós, b'fhéidir gur mhaith leat an t-léine nó ábhar mar sin a cheannach? Nárbh fhearr sin ná gealleagar an domhain a scriosadh mar gheall ar eolaíocht bhréige? Creideann cúpla duine de mo leithéid (táimid ann) gurb fhearr. Ach nílimid ceartchreidmheach...

Hmmm. Féinmhárú eacnamaíochta bunaithe ar bhréagacha, nó leas na ndaoine a chothú? Ná hinis dom - táim ag déanamh mo mhachnaimh air fós.... Muise, nach deacair an cheist í? Is deacair a bheith ag smaoineamh as do stuaim féin!

Nach méanar dúinn go bhfuil daoine stuama chun na socruithe go léir a dhéanamh dúinn thall in Copenhagan go luath.... Táim cinnte go bhfuil gach eolas acusan.

Wednesday, November 18, 2009

Am Ceart don Réabhlóid Fós?

Scríobh mé faoin ngéarchéim eacnamaíochta tamall ó shin anseo. Níl sé thart fós, cinnte, agus tá sé i bhfad níos measa in Éirinn anois ná mar a bhí ansin. Tá siad ann fós atá ag lorg athrú córais mar réiteach air, a bhfuil cluas le héisteacht orthu le moltaí ó cheannaire deireanach an Aontais Shóivéadaigh. Sea, sin duine a thuig cúrsaí eacnamaíochta (mar dhea). Bhuel, mar sin, an bhfuil sé in am don réabhlóid fós? Cinnte, ní minic a bhíonn cúrsaí níos fearr i ndiaidh a leithéide sin.

Bhí cara agam san ollscoil a dúirt "life is a Who song," agus bhí roinnt den cheart aige. "In with the new boss...same as the old boss..." Féach nach bhfuil cúrsaí i bhfad níos fearr sa Rúis anois, mar ba mhaith leo dul ar ais don deachtóireacht a bhíodh ann i gcónaí. Ar tharla réabhlóid riamh, gan saoirse thíre a bhaint amach, a rinne cúrsaí níos fearr? Ní dóigh liom.

Ach gan an áibhéil seo, an bhfuil athruithe ar an gcóras caipitleach de dhíth? Deirimse nach bhfuil. Scríobh mé fadó fadó faoin gcaipitleachas. Is é an córas is fearr dá raibh ann riamh. An bhfuil sé foirfe? Níl aon rud daonna foirfe. An gcuirtear bac air go minic? Cinnte, agus sin cionsiocair na bhfadhbanna atá ann anois, níos mó ná aon rud eile.

Is deacair a rá nach féidir dúinn gach pian a sheachaint agus gach deacracht a réiteach, agus nach mbeidh cúrsaí éasca, nó fiú cothrom, do gach éinne. Ach sin an saol seo, agus níl aon dul as.

An féidir le rialtais rudaí a dhéanamh chun cúrsaí a fheabhsú? Gan amhras. An bhfuil siad á ndéanamh? Níl. Cur i gcéil agus níos measa ná sin atá ar siúl. Níl siad ag obair mar a bheadh aon duine ciallmhar - bíonn siad ag caitheamh níos mó airgead i gcónaí, airgead nach bhfuil acu agus nach mbeidh go deo. Bíonn siad ag déanamh gach aon rud níos daoire do dhaoine, seachas a mhalairt. Bíonn siad ag brú dlithe ar dhaoine nach ndéanann aon mhaith, ach a mhalairt, agus ag cur bacanna roimh aon dul chun cinn. Níl an milleán ar an gcóras, tá an milleán ar na polaiteoirí. Le cúnamh Dé, "we won't get fooled again."