Friday, October 26, 2007

An Daonlathas i Meiriceá, agus Ráflaí faoina Bhás

Tá alt suntasach in Lá Nua inniú le Helen Nig Fhinn, bean Éireannach (go bhfios dom) atá ina cónaí i Nua-Eabhrac. Tá sí ag moladh féile scannán idirnáisiúnta ar ábhar an daonlathais. Ach san alt, luann sí cúpla rud eile.

Is minic a chloisim faoin bhfrith-Mheiriceánachas thar sáile, agus tá níos mó ná Meiriceánach amháin ann a chuireann i gcéil gur as Ceanada é/í, mar tá siad dubh dóite de na hionsaithe. Agus, de réir dealraimh, tá náire orthu faoina dtír féin. Is trua liom iad. Is féidir go mbeidís ní ba chompóirdí i gCeanada. Ach na daoine a gheall go mbeadh siad ag cur futhu i gCeanada má bhíonn bua ag George Bush, níor imigh. Caint amháin, seachas beart. Ach níl aon amhras ach go mbíonn sé deacair bheith i do Mheiriceánach thar sáile na laethanta seo go háirithe, agus is dócha go bhfuil sé rí-dheacair don té nach bhfuil bródúil as an tír seo. Mar a dúirt, is trua liom iad.

Luann Helen rud eile atá coitianta go leor na laethanta seo, agus sin an mhíthuiscint a bhíonn ag daoine maidir leis an daonlathas sa tír seo, agus an dóigh a fheidhmíonn sé. Is minic, go háirithe ar an eite chlé, nach mbíonn daoine sásta go bhfuil an daonlathas ann nuair a chaillíonn siad toghcháin. B'fhearr lena leithéid deachtóireacht shóisialach a chuirfeadh na dlithe i bhfeidhm gur mian leo. Mar dhea. Ach faoin daonlathas, bíonn buaiteoirí ann, agus bíonn cailiúnaithe ann. Sin an dóigh a oibríonn vótaí.

Ach an bhfuil daonlathas ar bith ann agus George Bush sa Teach Bán? Níl, ar shlí. Tá poblacht ann, mar a bhí riamh. Saghas daonlathais sin, ceart go leor, ámh.

Sna Stáit Aontaithe, tá dhá theach dála ann, agus uachtarán, agus cúirteanna. Sin na trí roinn. Tá ionadaithe sna tithe dála ó gach stát. Sa Seanad, tá beirt ann ó gach stát. Sa Teach, braitheann sé ar dhaonra an stáit. Agus caitheann gach duine aonar vóta dóibh go léir. Caitheann daoine aonara vótaí don uachtarán, ach bailítear le chéile iad agus i ndeireadh na dála, ní mór vóta lastigh an stát a bhualadh chun an vóta sin a thabhairt don uachtarán (cúpla vóta, de ghnáth). Sin an córas atá againn, agus feidhmníonn sé go han-mhaith, go raibh maith agat.

Má thugann na tithe dála dlí nua don uachtarán, tá ceart aige cosc a chur air. Ach má tá vótaí go leor sna tithe úd, is féidir leo an dlí a chur i bhfeidhm ina aineoinn. Braitheann gach rud ar vótaí na n-ionadaithe, agus braitheann ar vótaí an duine aonar cé hiad. Faraor, i mo stát féin, tá daoine sa Seanad nach n-aontaím leo riamh. Ach sin an córas atá againn. Ní cuirim i gcéil nach bhfuil an daonlathas ann mar gheall ar Hillary agus Schumer. Is raiméis sin.

Bhí deis ag lucht na heite clé vótaí a chaitheamh in aghaidh Bush dhá uair, agus theip orthu an bua a fháil. Dhá uair. Chaith mise mo vóta féin in aghaidh Bill Clinton dhá uair, agus theip orm. Sin mar a bhíonn. Sin an daonlathas atá againn. Níl sé foirfe, ach ní chreidimse go bhfuil córas níos fearr ann.

Aon duine a thugann faoi George Bush mar gheall ar 'easpa daonlathais,' is duine aineolach sin, faraor. Tá an daonlathas ceart go leor sna Stáit, go raibh maith agat.

Dála an scéil, d'fhéach mar ar shuíomh idirlín na féile, agus cé nach bhfuil dealramh olc ar an chuid is mó dá bhfuil ann, tá scannán amháin ann, an gcreidfeá, nach mbaineann leis an daonlathas ar chor ar bith, agus atá in éadan an "cogadh ar an sceimhlitheoireacht" agus ag cáineadh George Bush agus Meiriceá. Botún, is dócha, go bhfuil an ceann sin ann... Mar dhea.

Wednesday, October 24, 2007

Ionsaí Náireach ar Mheiriceá in Comhar

Tá síntiús agam den irisleabhar Comhar. Ceanaím é chun taitneamh a bhaint as an nGaeilge, as an siamsa agus dea-scríbhneoireacht a bhíonn ann. Ach caveat empor. Cad tá le léamh sa chéad alt san eagrán is déanaí ach alt a chuir racht feirge orm. Ní raibh mé in ann é a léamh ach ar ball, mar tá sé chomh maslach sin. Siamsa? Taitneamh? Dea-scríbhneoireacht? Beag an baol, mo léan.

Gach uair a cheapaim go bhfuil an frith-Mheiriceánachas ag dul i léig in Éirinn, bíonn dul amú orm. Déanaim iontas uaireanta cén fáth go mbacaim leis an teanga seo. Ach is liomsa í, agus is le daoine eile nach biogóidí iad, seachas leis na biogóidí amháin, buíochas le Dia. Ach bím do mo cheistiú féin gach uair a fheicim rud mar seo.

Scríobh an t-ainbhiosán biogóideach Seán Ó hÉalaí an feillbheart is maslaí dár léigh mé riamh faoi Mheiriceá (agus sin rud), agus chuir an t-eagarthóir Mícheáil Ó hUanacháin i gcló é in eagrán Deireadh Fomhar den irisleabhar. Náire ar an mbeirt acu.

Cuireann sé síos ar olcas Bush agus olcas an chogaidh san Iaráic, dar ndóigh. Níl aon ionadh sin - bheadh ionadh orm muna raibh na bréaga coitianta ann in alt fúinne as Gaeilge. Ach ní leor sin dó. Deir sé go bhfuil Meiriceá ag marú coismhuintir an Afghanastáin mar gheall ar an damáiste a rinneadh dár mórtas ar 9-11. Agus go mbímid sásta Araib ar bith a mhárú mar gheall ar ró-thioncar na nGiúdach inár rialtas (agus dár ndóigh, bhí an locht ar Iosrael maidir le Hiosboladh sa Liobáin...).

Is oth liom a rá gur iomaí duine a aontódh leis sin fós, cé nach bhfuil aon bhunús leis. Is beagáinín níos measa ná na gnáth-rudaí an cacamas seo, b'fhéidir, ach tá an frith-Iosraelachas níos measa ná an frith-Mheiriceánachas in Éirinn.

Cé gur maslach ar fad an méad seo go fóill, éiríonn an t-alt fiú níos measa fós. Mar ní bhíonn aon fhíor-naimhde ag Meiriceá riamh, an dtuigeann tú. Cumtar naimhde as an aer, cumtar scéalta faoi phúcaí an domhain (ó Salem ar aghaidh, deir sé) chun muintir aineolach Mheiriceá a spreagadh chun cogaidh. Agus cumhacht agus maoin a thabhairt do dhaoine áirithe, is dócha.

Is deacair ciall ar bith a bhaint as cacamas dá leithéid seo. Ach dar leis an saoi seo, ní raibh baol ar bith sa chumannachas. Ní raibh ann ach scéalta chun scanradh a chur ar pháistí.

Admhaíonn sé gur rud maith é gur ghlac Meiriceá páirt sa dara cogadh domhanda. Ach ní deir sé cén fáth. Is maith go rabhamar ann, agus is maith nach raibh Éire ann freisin, is dócha. Agus is trua nár maraíodh na Giúdaigh go léir, mar ní bheadh Iosrael ann, mar sin, is dócha. Ní mhíníonn sé an fáth go bhfuil an Eoraip níos fearr mar gheall orainn sa chás amháin seo.

Dar leis an saineolaí seo, is páistí aineolacha sinne go léir, agus is breá linn cogaidh a fhearradh, gan chúis. Muintir bhaolach sinn, a chothaíonn an t-olc i gcónaí, tá's agat.

Casacht agus plá ort, a Sheáin Uí hÉalaí. Ná bí ag súil le cabhair uainn riamh.

Ag tagairt don chabhair mar rud, is ionadh dom gur cuireadh an cacamas maslach seo i gcló san eagrán céanna inar nochtadh nach mbeidh maoiniú ó Fhoras na Gaeilge ar fáil san athbhliain do Chomhar. An ciallmhar é naimhde a dhéanamh de do chairde in am an ghátair? Ní thuigim sin. Ach is Meiriceánach mé...

Mura mbíonn leithscéal i gcló sa chéad eagrán eile, nílim cinnte go beidh mé chun mo shíntiús a athnuachan, má bhíonn Comhar ann. Agus is mór an trua sin. Bíonn scríbhneoirí fiúntacha ann beagnach gach eagrán, Seán Ó Méalóid agus Brian Mac a'Bhard go háirithe. Agus tá clúdach an-deas ar an eagrán náireach seo, muise.

Molaim do gach Meiriceánach agus gach cara dár gcuid litir a scríobh chuig an eagarthóir chun gearán a dhéanamh faoin ionsaí seo orainn. Dá ndéanfaí a leithéid d'alt faoi thír nó mhuintir eile ar bith (seachas Iosrael), bheadh gach éinne ar buile faoi. Ach ní miste le mórán más Meiriceá atá maslaithe, faraor.

Friday, October 12, 2007

Tá Duais Nobel na Síochána ina Staic Mhagaidh Arís

Sea, thapaigh siad deis eile chun Al Gore a mholadh. An frith-Bhush, an dtuigeann sibh. Slánaitheoir an domhain, a shínfeadh conradh Kyoto...agus a rinne scannán faoi fhéin! Is cuma fíor nó bréag aon rud a deir an duine, bíonn gach éinne sásta duaiseanna a bhronnadh ar Mheisias seo chultas an téimh dhomhanda.

Cheap mé nach raibh mórán céile fós acu siúd in Oslo nuair a thug siad ceann do Jimmy Carter. Ach níl aon teorainn leis an amaideacht, is léir.

Maidir le Gore agus an Téamh Domhanda, tagaim le huachtarán na Seice, agus le Rush Limbaugh. Níl aon mheas agam ar an gcoiste Nobel, ná ar an duais, a chaill a tábhacht agus a ciall fadó, faraor.