Saturday, May 23, 2009

Fógra

Níl baint ar bith ag an bhfógra seo ná ag an iris seo le cúrsaí polaitiúla ('Buíochas le Dia' a chloisim?)! Ach tá sé an-tábhachtach domsa (mise an t-eagarthóir):

Tá An Gael ag Teacht!

Blag eile is ea Philo's Little Helper atá ann chun cabhrú leis an bhfoghlaimeoir a léann An Gael (irisleabhar atá as Gaeilge amháin). Pléifear a bhfuil san iris ansin, freisin, lcD.

Monday, May 18, 2009

Idir Dhá Chomhar

Fuair mé litir an-deas sa phost an tseachtain seo caite, ó bhord stiúrtha Comhar. Bhíodh síntiús agam, ach níor athnuaigh mé é, tar éis na gconspóidí is uile. Seoladh an dá chóip ba dhéanaí chugam i dteannta leis an litir. Bhí ceann díobh agam cheana, mar bhí scéal agam ann. An ceann eile, ceiliúrann sé Ó Bama. Tá a phictiúr ar an gclúdach, agus ar a laghad ceithre alt á mholadh. B'ionadh liom nach raibh 'centerfold' nocht de ann. Táim á léamh fós (cé nár léigh mé gach a bhfuil ann), agus idir dhá chomhairle maidir le síntiús a ghlacadh arís.

Níl an t-eagarthóir nua ann ach le seal, ach sna cinn a rinne sé go fóill, ní raibh mórán den tseanchaighdeán ann, agus cheap mé go raibh siad lag agus leamh.

Bhíodh ailt amaideacha ann i gcónaí maidir leis an bpolaitíocht, agus maslaí do Mheiriceá srl. ann, ach bhíodh siad sásta mo fhreagraí a fhoilsiú, freisin. Níor mhiste liom ábhar a sholáthair dóibh, agus b'iadsan amháin a d'íoc as ar shlí go bhfuair mé an t-airgead gan fadhb ar bith. Ar an lámh eile, níor iarr siad orm riamh aon rud a scríobh roimh ré. Ba chara do Comhar mé, ach ní bhíodh sé éasca i gcónaí. Bhí deis ann é a fheabhsú, ach ní dóigh liom go dtapaíodh an deis sin.

Tá ár n-iris féin againn anois, agus ní gá dom scríobh d'éinne eile, is dócha, cé go ndéanaim fós. Níl aon droch-ghuí agam do Comhar. Guím gach rath air. Ach níl a fhios agam an bhfuil mé sásta íoc as. Bíonn an iomarca de adhradh BHO le feiscint anseo cheana, agus a leithéid. Beidh ábhar i bhfad níos fearr in An Gael - ficsean agus filíocht, den chuid is mó - agus níl mórán de sin fós in Comhar. Níl na húdair ab fhearr liom ann níos mó, ach oiread.

Ní dhearna mé socrú go fóill, ach táim ag smaoineamh nach bhfaighfidh mé é. Tá an iomarca le léamh agam, agus níl sé tarraingteach go leor, dar liom.

Tuesday, May 12, 2009

Aon Uair a Cheaptar Nach Féidir le Daoine a Bheith Níos Measa...

Tarlaíonn a leithéid seo chun cur in iúl gur féidir. Cheapfaí go ndéanfadh gach éinne trócaire ar mharthanóirí an uileloiscthe. Ach tá daoine ann fós gurb fhearr leo iad a mhárú.

Ní bhaineann an saghas seo barbarthachta leis na Giúdaigh amháin, dar ndóigh.

San Ostair, níl ann sa lá atá inniu ann ach buíon bheag dá leithéid sin. Níl sé amhlaidh i dtíortha eile.

Nuair a ciontaíodh Adolf Eichman in 1962, bhí ceannteidil i nuachtán san Araib Shádach a dúirt "Ciontaíodh Eichman, a raibh sé d'onóir aige sé mhilliún Giúdach a mhárú"*. Ní fhoilsítear aon rud sa tír sin gan cead ón rialtas.

Tá a leithéid ann i Meiriceá, freisin. Mar a deitear sa scannán The Blues Brothers, "I hate Illinois Nazis." Faraor, ní scéal grinn amháin a leithéid de amadáin. Tá a leithéid fós ann (cé go bhfuil feabhas ar Skokie).




*nó sin an scéal - ní raibh mé ábalta sin a chinntiú.

Thursday, May 07, 2009

An Fhimíneacht

Is suntasach an difear idir dearcadh na heite clé agus dearcadh na heite deis maidir le cad is fimíneacht ann. Le fírinne, ní scoilt idir an dá thaobh polaitiúla é, ach scoilt idir iad a thuigeann cad is Críostaíocht ann, agus iad nach dtuigeann.

Ar an taobh Críostaí, tuigtear gur peacaí gach duine. Bhí mórán le rá ag Naomh Eoin ar an ábhar seo. Ní féidir a rá gur Críostaí tú agus a mhalairt saoil agat. Má mhaíonn duine go bhfuil sé ag leanúint Críost, ach nach ngránn sé daoine eile, is fimíneach é. Ach níl éinne foirfe. Má mhaíonn duine nach peacach é, tá sé ag insint bréige (1 Eoin, 1:6 - 2:12 srl.). Bíonn gá againn le maithúnas agus le cábhair Dé. Pé locht atá orainn, déanaimid ár ndícheall chun an rud ceart a dhéanamh, má táimid i ndáiríre. Ach dar ndóigh, is iomaí fimíneach a bhíonn ann san Eaglais, mar a sagairt a mholann do gach éinne bheith gan cúrsaí gnéis mhíchearta, a bhualann craiceann le buachaillí. Ní ionann sin agus nach fíor an moladh a rinne an sagairt sin, mar sin féin.

"L'hypocrisie est un hommage que le vice rend à la vertu." - La Rochefoucauld

An Críostaí a dhéanann rud mícheart, tuigeann sé gur mícheart é, de ghnáth. Nó tá sé ag cur i gcéill gur Críostaí é.

An té nach dtuigeann an Chríostaíocht, ceapann sé nach bhfeiceann Críostaí peaca ach i ndaoine eile. Tá daoine mar sin ann, ach ní hé sin teachtaireacht Chríost (féach Maitiú 7:3-5). Is féidir le Críostaí botúin a dhéanamh agus fós bheith ina Chríostaí.

Is fíochmhar na hionsaithe a dhéantar ar aon duine a sheasann le teagasc Críostaíochta, minic go leor. Cúpla sampla le déanaí ná na hionsaithe a dhéantar ar Carrie Prejean agus Bristol Palin (mar ionadaí dá máthair). Creidtear nach féidir le Críostaí a mhaíomh nach ceart gnéas lasmuigh den phósadh, nuair a rinne a hiníon botúin agus níor lean sí an teagasc sin. Agus creidtear nach féidir a bheith ar son an phósta mar a thuigtear é leis na cianta, agus bheith i do dhuine maith (go háirithe má dhearna tú botúin nuair a bhí tú óg). Ach mar a thuigimidne é, is fearr a bheith ag seasamh leis an bhfírinne agus gan a bheith foirfe, ná bheith i gcoinne an fhírinne agus ag maíomh gur foirfe tú. Nó fiú bheith i gcoinne teagasc Dé mar a thuigimid é mar gheall ar locht ar bith ionainn féin.

Is iomaí duine frith-Chríostaí a mhaíonn nach bhfuil ann ach an fhírinne mar a thuigeann siadsan í. Sin an t-aon rud a cheapann Críostaithe. Cuireann Críostaithe a gcás i láthair, agus mura n-aontaíonn tú leis, ní Críostaí tú. Aon duine nach n-aontaíonn leis na frithChríostaithe, is anathema é dóibh, cé nach raibh an duine sin ina bhall sa chreideamh gan Dia sin. Is sampla den éadúlaingt an duine nach n-aontíonn leo, agus níl cead ag éinne tuairim mar sin a nochtadh. Is fuath leo aon duine mar sin, agus déanann siad gach iarracht chun an duine sin a scriosadh os comhair an tsaoil. Mar is iadsan lucht na caoinfhualaingthe, dar ndóigh, na Daoine Maithe. Ní cheadaítear aon easaontas.

Tráth dá raibh, nuair a bhí gach duine i dtír áirithe in ainm is a bheith ina Chríostaí, nó (mar an t-aon rogha eile) a bheith i gcoinne an rialtais, bhí an éadualaingt chéanna ann. Ach ní raibh sé ann ar son na caoinfhualaingthe! Mar a tharlaíonn, tá saoirse coinsiais ann sa lá atá inniu ann. Tá saoirse creidimh ann (sna tíortha sibhialta, mar na Stáit Aontaithe agus Éire). Foghlaimíodh narbh aon toradh maith ar an éadualaingt sin. Ach tá siad ann anois ar mhaith leo a gcreideamh gan Dia a bhrú orainn go léir, ar son na caoinfhualaingthe, mar dhea. Nach í sin an fhimíneacht?

“Where there is no religion, hypocrisy becomes good taste” - George Bernard Shaw

Nó an é go bhfuil daoine ann ar an dá thaobh a thuigeann cad is fimíneacht ann, agus níl ann ach easaontas maidir le cad is fírinne ann? Ceist mhaith a bhí ag Píoláid (Eoin 18:38). Is tábhachtach an freagra.

Wednesday, May 06, 2009

Bó Bheag i gCló Mór

Bó Bheag
(i gcló mór)

Bíonn saol seo an idirlín trína chéile, gan amhras. Maidir le hinscne, tuiseal agus cúrsaí polaitiúla, go háirithe.

Cúpla sampla:


Ní nach ionadh go mbíonn dallamullóg ar dhaoine. Ní gá gur ionann sin agus go bhfuil siad dallaigeanta, cinnte, ach go háirithe. Cé go dtarlaíonn...

Ó bhó go deo! (Ba!)

Friday, May 01, 2009

An Fhírinne Maidir le Sarah Palin

Tá sé chomh deacair rud maith faoi Sarah Palin a fháil ar an idirlín agus atá sé chun rud maith a fháil faoi Iosrael nó George W. Bush - níos deacra, fiú. Níl mórán daoine ann agus an eite chlé ar buile fúthu níos mó ná í. Is uafásach an nimh a bhíonn ann, agus an mí-thuiscint agus an t-aineolas forleathan dá bharr. Cén fáth?

Bean ar éirigh léi ina saol, bean dea-chuma, chumhachtach, ábalta, dhea-mhúinte is dheaslabhartha. Ba bhreá leis an eite chlé í, cheapfá - ach is Poblachtach í, agus, och, an t-uamhan - Críostaí! Agus tá sí ar son beatha gach duine, fiú i mbroinn a máithreacha. Dar ndóigh, is fuath leis an eite chlé aon duine mar sin. Mar sin, rinne siad gach iarracht chun í a scriosadh. Bíonn siad á maslú agus ag tabhairt gach droch-ainm gur féidir leo uirthi. Tá an t-idirlíon lán le nimh is bréaga. Cé go bhfuil an feachtas uachtaránach thart, níl siad ag stadadh - mar tá imní orthu go roghnófar í mar iarrthóir ar oifig an uachtaráin an chéad uair eile. Ní mór dóibh í a scriosadh. Tá eagla orthu roimpi (fiú an bheirt nó triúir a chreideann aon rud fíor fúithi).

Gobharnóir Alaska í. Bhí sí ina méara roimhe sin. Roghnaigh John McCain í mar leas-uachtarán, ach níor éirigh leo san fheachtas. Ní raibh a páirtí féin cúramach chun í a ullmhú do gach ocáid, mar a céad agallamh ar an teilifís le duine den eite chlé, Katie Couric. Agus b'éasca do Tina Fey aithris a dhéanamh uirthi ar Saturday Night Live, agus mar ní bhíonn mórán daoine (óga?) sásta chun an fhírinne a lorg, cheaptar gur ionann an magadh sin agus an duine féin - cé go raibh sí sásta páirt a ghlacadh sa spraoi, agus an-mhisneach aici chun sin a dhéanamh. Ní fiú mórán an clár sin gan í, mar a tharlaíonn...cé go raibh sé greannmhar tráth dá raibh.

Tá daoine ann a sheasann léi, dar ndóigh. Is breá leis an móramh í in Alaska, agus is iomaí duine sa phartaí Poblachtach a bheadh sásta í a chur suas chun bheith ina huachtarán. Má tá naimhde agat mar atá aicise, is léir go bhfuil tú ar an taobh ceart. Is maith liom í, agus is maith liom í níos mó gach uair a dhéantar ionsaí amaideach nimhneach eile uirthi.

Seo alt eile a chuireann síos ar an bhfáth gur fuath leo í. Sílim féin go bhfuil gach rud is fearr faoi Mheiriceá le feiscint inti. Dar ndóigh, is fuath leo siúd gur fuath leo Meiriceá í go háirithe...

Seo a beathaisnéis oifigiúil, má tá suim ag éinne sa bhfíordhuine...

Agus cad é sin a dúirt sí faoin Rúis? Níl aon fhios agat, táim a ghealladh (mura léigh tú an nasc sin).