Tuesday, March 31, 2009

Amaitéarach agus Sotalach

Gach rud a dúirt a naimhde faoi George Walker Bush, an chuid is mó de nach raibh fíor, is féidir an méad sin a rá le fírinne faoi Barack Hussein Obama. Seo liosta:

• “Tá sé sotalach.” Muise, ní fhaca mé riamh aon duine chomh lán le féinghrá ná BHO. Síleann sé go bhfuil sé in ann airgead as cuimse a chaitheamh AGUS gach fadhb eile, mar fhiacha na tire, a réiteach ag an am céanna, gan cabhair ar bith ó éinne nach n-aontaíonn leis.

• “Níl fios a ghnó aige.” Bhí Bush ina fhear gnó agus ina ghobharnóir sula raibh sé ina uachtarán. Níl aon chúlra mar sin ag an bhfear seo ach bheith ina pholaiteoir. Tá sé caillte.

• “Tá sé ina bhuachall bó ag déanamh a rogha ruda.” Rinne Bush iarrachtaí chun obair leis an bpáirtí eile ó am go chéile. Níl suim dá laghad ag BHO ina leithéid, pé rud a deir sé. “I won” deir sé, agus sin a bhfuil.

• “Ní meas ag éinne thar sáile air.” Is náireach é iompar lucht BHO maidir le cúrsaí idirnáisiúnta. Botún i ndiaidh botúin á ndéanamh acu, ag cur oilc ar Shasana, ag tabhairt bronntais náirigh don Rúis, srl.

• “Tá sé chun cogadh a fhearradh gan chúis gan chiall.” Maslaí don Phacastáin, bagairtí orthu, agus cogadh níos mó san Afganastáin. Cén plean atá aige chun éirí as sin? Agus caitheann a bheidh na trúpaí ag teacht abhaile ón Iaráic? Ón Eoraip?

• “Céasadh agus seachadadh urghnách agus Guantanamo…” In ainneoin gach a ndeir sé, tá na polasaithe céanna aige agus a bhí ag Bush. Ach amháin, ní thabharfar ‘war on terror’ ar an gcogadh seo. Athrú! Dóchas!

• “Caitheann an rialtas an iomarca faoina stiúir!” Bhuel, dúirt a pháirtí féin sin. Ní raibh Bush ach mar pháiste neamhurchóideach i gcomparáid leis an bpraiseach atá BHO le déanamh, fiacha ar bhfiacha leis na cianta!

• “Is dlúthchara na bhfir ghnó saibhre é.” Nuair nach mbíonn BHO ag glacadh seilbhe ar chomhlachtaí príomháideacha, bíonn sé ag fáil airgid óna n-úinéirí.

• “Is amadán é.” Ar chuala éinne BHO ag caint gan teleprompter?

• “Ní féidir leis caint.” Bhuel, tá teanga óir ag BHO, cinnte, ach ní bhíonn aon chiall sna focail ghalánta. Agus minic go leor, tá a chuid fadhbanna féin aige ag caint.

• “Bíonn sé ag iarraidh eagla a chur ar gach éinne chun a chlár oibre a chur chun cinn.” Beidh tubaiste ollmhór ann mura ndéantar gach rud ab áil le BHO!

• “Tá sé chun dialathas a dhéanamh de na SAM.” Deirtear gur Críostaí é BHO. Ach níos minice, ceaptar gur dia é féin!

• "Bíonn sé ag brú a chuid moráltachta orainn!" Nach maith leat an ginmhilleadh?

• “Ba mhaith leis easaontóirí a chur ina dtost agus faoi smacht.” B’fhearr le BHO Rush Limbaugh a throid ná a phost a dhéanamh i gceart.

• “Is faisistí é.” Ón eite chlé riamh a thagann an faisisticeas.

(srl.)

Thursday, March 12, 2009

Folús na Gaeilge



Ré, sin focal eile ar 'gealach,' nach ea? Cad is ré nua ann, mar sin? An uair nach bhfuil an ré le feiceáil.

Is iomaí rud atá os comhair an tsaoil anois maidir le Comhar agus iompar an Fhorais ina leith. Agus níor cheap siad gurb fhiú don teanga go mbeadh nuachtán laethúil ann (rud atá tabhachtach do beagnach gach teanga eile). Cé hiad, is cad a dhéanann siad in aon chor? Dar leo féin, is iad "an comhlacht atá freagrach as an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud oileán na hÉireann" iad. Muise, is trua liom iad an fhreagracht sin! Is minic a magtar fúthu, agus is minic nach mbíonn daoine sásta leo.

Is iomaí rud fiúntach a dhéanann siad nó, is dócha, a n-íocann siad as (le hairgead mhuintir na hÉireann), mar focal.ie, an tOireachtas, foisiúcháin agus eagraíochtaí a bhraitheann ar an airgead seo, srl.

An féidir mórán a dhéanamh ar son na Gaeilge gan an t-airgead seo? Cinnte. An bhfuil sé níos éasca leis an airgead? Ar shlí, cinnte, is féidir i bhfad níos mó a dhéanamh. Ach ar shlí eile, is féidir go bhfuil sé níos deacra. Aon uair a ghlactar airgead, glactar le húdarás agus cur isteach uathu siúd a bhronn an t-airgead sin ort. Téada a bhíonn ann. Agus má thagann malairt intinne ar an bhForas, titeann gach a bhfuil idir lámha agat as a chéile (féach Lá Nua). Má ghlacann duine airgead ón bhForas, tá an duine sin sa 'cheardchumann,' mar atá. An mbíonn na deiseanna is na cearta céanna ann don té nach bhfuil sa chearchumann sin? Thug Concubhar an Ciorcal Órga ar an gclub seo. Cloistear 'Tionscal na Gaeilge' go minic, freisin. Tá tú istigh nó amuigh, sin a bhfuil. An bhfuil sé sin sláintiúil don teanga?

An é an dóigh is fearr é gach cumhacht maidir le maoiniú thionscadail na Gaeilge a chur faoi chúram boird amháin? An bhfuil aon ghuth ag lucht labhartha na Gaeilge ina gcuid socruithe? Tá siad freagrach as an nGaeilge, ach an bhfuil siad freagrach d'éinne ag a bhfuil an teanga? D'éinne ar chor ar bith?

Cé hiad baill bhoird an Fhorais? Níl an t-eolas sin ar a suíomh idirlín. Cad a dhéanann siad, nó fiú cad a rinne siad anuraidh? Níl eolas ann ach ó 2004 agus níos faide siar. Nach gcaitheann siad mórán airgid phoiblí? Nach bhfuil suim ag éinne sa dóigh a gcaitear sin? Nár chóir go bpléití go poiblí a leithéid, agus go mbeadh fáilte roimh iochur ón bpobal? (Nó an smaointí aisteacha Meiriceánacha iad seo?)

Cloistear go minic faoi na Béarlóirí a bhíonn ag caitheamh anuas ar an teanga sna nuachtáin (IT), agus cén chúis leis sin, de ghnáth? Airgead caite amú. Cá bhfuil an fhianaise nach bhfuil an ceart acu? Airgead poiblí caite ag daoine anaithnid ar rudaí nach bhfeictear, le torthaí amhrasacha. An córas iontaofa sin?