Tuesday, November 20, 2012

Frith-Iosraelachas na nÉireannach

Is í Éire an tír is measa san Eoraip maidir le frith-Iosraelachas.  Agus tá a fhios sin ag an saol.  Is léir gur ionann iad ar fuath leo Iosrael agus lucht na heite clé.  Scríobh mé sa mhír roimhe seo faoin bpósadh aisteach sin, ach sin iad mar atá.  Cheapfaí go bhfuil gach Éireannach ar aon intinn faoin bhfuath seo, más ar an idirlíon agus sna meáin chumarsáideacha amháin a fhaightear an t-eolas.  Sin an baol do dhuine de mo leithéidse, atá thar sáile.  Ach tá aithne agam ar dhaoine ciallmhara in Éirinn agus orthu a bhfuil aithne acu ar dhaoine eile in Éirinn, agus geallann siad dom nach amhlaidh an scéal.

Is é mo thaithí féin go bhfuil ar a laghad cúpla duine ann a sheasann ar son Iosrael.  Tá Kevin Myers ann.  Níl sé ceart faoin uile rud, ach níl a mhalairt fíor ach oiread.  Neimisis na heite clé é in Éirinn (sórt Ann Coulter na hÉireann, is dócha).  Agus uair amháin nuair a bhí mé ar an raidíó ag argóint ar son Iosrael, bhí duine eile ann ar mo thaobh, agus ba Éireannach é.  Ní cuimhin liom a ainm, faraor.  Agus tá cúpla duine eile mar sin ann.

Tá aithne agam ar a lán daoine de bhunadh na hÉireann i Meiriceá atá sásta tacú le hIosrael.  Ní minic aon duine a tháinig i dtír le déanaí...  D'éirigh Éire ní ba radacaí feadh na mblianta, agus a fhad siar agus a tháinig duine, is amhlaidh is lú radacach é, go hiondúil.

Deirtear agus ceaptar i measc lucht na heite clé in Éirinn nach bhfuil ach dearcadh amháin ann atá 'Éireannach'.  Níl ach tuiscint amháin ar an scéal - agus is drochthuiscint sin a thacaíonn leis an sceimhlitheoireacht agus a chuireann i leith na nIosraelach gur coilínigh iad.  Agus bíonn an eite chlé an-nimhneach.  Ní bhíonn an taobh eile sásta an nimh sin a spreagadh ina leith, agus ní bhíonn siad ag rá go poiblí go seasann siad le hIosrael, minic go leor.  Ach tá siad ann.

Seo sampla eile den nimh, a thugann radharc dúinn ar roinnt daoine cróga eile, ina ainneoin féin.  Minic go leor, is ionann lucht tacaíochta an IRA agus lucht tacaíochta Hamas, agus a mhalairt.  Aithníonn sceimhlitheoir sceimhlitheoir eile, cinnte.  Ach tá easaontóirí ann in Éirinn atá sásta caint os ard, agus buíochas mór le Dia, níl éinne chun gunnaí a scaoileadh leo um an dtaca seo.  Mar sin féin, níl sé éasca, agus ní maith le héinne gur fuath le daoine glórmhara iad.  Is iomaí duine a fhanann ina thost, táim cinnte.

Sin drochthionchar na dTrioblóidí ar an scéal seo.  Ach blianta ó shin, agus an nimh á stealladh chugam ar chlár plé Beo (iris lán-frith-Iosraelach, mar atá), tar éis tamaill tháinig duine a thuig le fírinne cad atá de dhíth chun síocháin a chothú - rud a d'fhoghlaim sé ó fhadhbanna na hÉireann (bhíodh gach duine gan fíor-ainm ar an suímh sin, mar sin, níl a fhios agam cé a bhí ann).  Bhí daoine ann in Éirinn ar mhaith leo síocháin, agus a bhí i ndáiríre faoi.  Agus tharla.  Táim cinnte go bhfuil daoine mar sin ann fós, nach mbíonn sásta bréagacha agus nimh a scaipeadh, seachas fíor-iarrachtaí a dhéanamh chun síocháin a chothú.  Is mór an trua go bhfuil siad, de réir dealraimh, ina mionlach sna laethanta seo.

Aon uair gur mian leis na hArabaigh agus a lucht tacaíochta an tsíocháin, beidh sí acu.  Roimhe sin, ní bheidh ann ach cogadh, beag nó mór.  Níl aon rogha eile ann.  Seachas taobh amháin a mharú ina iomlán.  Beidh na hArabaigh ag déanamh ionsaithe ar Iosrael, agus beidh ar Iorael iad féin a chosaint, agus mar sin, cogadh a fhearadh ar na hionsaitheoirí.  Más mian le héinne an tsíocháin a chothú, ba chóir dóibh brú ar na hArabaigh éirí as a gcuid ionsaithe, as a gcuid fuatha, agus Iorael a ghlacadh mar chomharsan.  Aon duine nach ndéanann amhlaidh, bíonn siad ag spreagadh na cogaíochta, agus tá siad ciontach as an uile dhuine a fhaigheann bás thall ansin.

An fáth go bhfuil an blag seo ann in aon chor ná go mbíonn deis ag lucht léite na Gaeilge an taobh eile (an taobh ceart, dar liom) a léamh.  Ag snámh in aghaidh easa a bhím, dar ndóigh, chun tuairimí na radacach a athrú.  Ach bíonn seans ann go bhfoghlaimeodh duine uaim, agus go ndéanfadh duine ath-scrúdú ar fhíricí an scéil.  Ach ní miste liom go gcuirim na daoine eile ar buile, ach oiread.  Taispeánann siad a bhfíordhathanna, mar a deirfí.

Cuireann sé droch-mhisneach orm gach uair a deir duine a bhíonn réasúnta ar ábhair eile rud amaideach nimhneach faoi Iosrael.  Rinne fiú Mary Robinson amhlaidh, agus ghlac sí páirt i gcomhdháil nimhneach frith-Iosraelach Durban.  Tá an timpeallacht chomh nimhneach in Éirinn, seans nach dtuigeann siad féin cé chomh holc agus a bhíonn na rudaí a deir siad.  Aineolas, seachas olcas, a bhíonn ann, tá súil agam.  Rud atá níos éasca a dheisiú.

Tá scaifte daoine ann atá sásta páirt a ghlacadh san Ireland-Israel Friendship League.  Is daoine cróga iad, cinnte.  Go raibh níos mó dá leithéid sásta a nguthanna a ardú in aghaidh na radacach nimhneach (agus a gcomhghuailithe aineolacha).  Am éigin amach anseo, seans go mbeidh suim ag an móramh in Éirinn agus san Eoraip i síocháin sa Mheánoirthear.  Agus má bhíonn ag na Rúisigh agus fiú na hArabaigh is na hIaráinigh, bhuel, beadh an-seans ann.  An dtarlódh sin sula dtagann an Tiarna ar ais, nó an é sin an comhartha a fheicfear?  An féidir é sin in aon chor?  Ní fheadar, ach ba chóir dúinn ár ndícheall a dhéanamh chun feabhas a chothú, seachas a mhalairt.

Anois, cé atá i ndáiríre?

12 comments:

Fearn said...

Nach Frith-Éireannachachas na nIosraelach atá ag Anne? agus ag Séamas?

Séamas Poncán said...

Níl. Bíonn an fhírinne searbh.

Fearn said...

@Níl. Bíonn an fhírinne searbh.

Ach ní tharla an Drochshaol 1845-1847 ach an oiread, is dócha!


Grrr An Frith-Éireannachachas Grrr

Séamas Poncán said...

Duine eile ag cur leis an miotas...
Tá áthas air gur tuairiscíodh go bhfuil Éire an tír is measa. Náireach ar fad. Truamhéalach.

Séamas Poncán said...

Maireann tú i saol suimiúil, a Fhirn. Mór an trua nach é an ceann seo agamsa.

Fearn said...

@Maireann tú i saol suimiúil, a Fhirn. Mór an trua nach é an ceann seo agamsa.

Nach n-aithníonn tú scáthán do thuairimí fhéin, a mhic?

Grrr An Frith-Éireannachachas Grrr Ha ha !

Anonymous said...

Ní dhéantar scarúint idir frithiosraelachas agus frithghiúdachas san alt sina luann tú thuas. Is dóigh liom gur mór idir an dá rud.

Dar liom tacaíonn bunús na n-éireannach leis na palaistínigh de bharr gur iad an pobal faoi chois(ar an mórgóir) agus go mbreatnaítear ar an Iosrael mar stát forbartha go leor atá sásta sluaite a mharú (mar atá Hamas chomh maith, ach dearmadtar sin de bharr gur iad atá faoi chois)

Tá an locht ar an dá thaobh má ea, ach conas is féidir 'buaiteoir' an chroí a bheith againn? Ceann de na rudaí is mó anseo ná an difríochtidir líon na marbh, tá breis maraithe ag iosrael ná ag an bPalaistín, mar sin breathnaítear ar Iosrael mar an drochstát/dhream.

Ar an iomlán déanann an t-éireannach dearmad ar chúrsaí creidimh, dáiríre da mba ag smaoinmeah orthu sin a bhí sé ba luaithe a thacódh sé le giúdach ná moslamach. Tá an moslamachas i bhfad níos eachtrannaí don Éireannach ná Giúdachas. Tacaítear leis an bPailistíneach de bharr gur é atá faoi chois.

Mar sin féin, ní dóigh liom go bhfuil fuath do iosraelaigh nó do ghiúdaigh in éirinn, nó níl i gcomparáid le tíortha eile a bhfuil agus a mbíodh páirtithe le seasamh frithghiúdach ar bonn an ghiúdachais acu. Den chuid is mó, ceapann an t-éireannach gur stát elathbhradach atá san iosreal agus cé go gceadaítear ciníochas leisciúil frithghiúdach áirithe anseo, ní dóigh liom go bhfuil sé inchurtha le tíortha a bhfuil páirithe fíoreitedheiseacha acu.


Sin mo thuairim pé scéal.

Fearn said...

@ Tá Kevin Myers ann.


Sílim gur Sasanach a tá ann. Nach ea?

Séamas Poncán said...

Ní hea. Ach rugadh ansin é.

Séamas Poncán said...

Anonymous, a chara,

Tá móramh na nÉireannach taobh tuathal amach maidir leis na Pailistínigh. Miotas atá ann. Bizarro World.
Maidir le fuath do Iosrael ach gan fuath do na Giúdaigh, tá Giúdaigh ann agus níl siad sásta le hIorael mar thír. Ach is cuma, mar tá an tír ann, agus an t-aon slí nach mbeidh sí ann, marófar gach Giúdach atá inti. Sin fuath do Ghiúdaigh.

Fearn said...

@Ní hea. Ach rugadh ansin é.

Sea! Rugadh ann é, fágann sé ina Shasanach é ged a bhfuil sé ina Éireannach fosta, nó i dteideal saoránacht Éireannach

Fearn said...

@ Cheapfaí go bhfuil gach Éireannach ar aon intinn faoin bhfuath seo, más ar an idirlíon agus sna meáin chumarsáideacha amháin a fhaightear an t-eolas



Ná bí buartha, a Shéamais. Tá an tÉireannach ar an duine is caomhaigh amuigh, cuma a deireann sé,nó a deireann na meáin. I ndáirire, is cuma leis faoi na hIosraelaigh/Pailistínigh, cuma a deireann sé.
Ní cás dó ach a shó beag fhéin, agus is beag aige a tá chuige.