Tuesday, October 27, 2015

Meon Eile agus Iosrael

Fuair mé cuireadh ó Chiarán Dunbar tamall gearr ó shin chun mo thuairimí a nochtadh ar théama Iosrael, agus ceisteanna dá chuid a fhreagairt. Rinne mé amhlaidh, agus bhí roinnt dá ndúirt mé san alt seo. Tuairimí daoine eile atá ann freisin, ar an taobh céanna. Ach leis sin uile, tá guth an eagarthóir ann, agus freagraí ar a raibh ráite againn mar ghuth olltuisceana. Ní raibh deis ag éinne na ceisteanna agus na tráchtanna siúd a phlé, agus níor thaitin sin liom. Mar sin, seo beagán liomsa mar fhreagairt ar an alt mar a foilsíodh é. (SéamAs an litriú atá ar m'ainm, dála an scéil. D'fhoghlaim mé sin ó Teach Yourself Irish blianta fada ó shin, agus sin mar atá i gcónaí).
Mar a bhí Séamus Ó Neachtain: “Ba chóir dóibh glacadh le hIosrael mar stát. Ba chóir dóibh fáil réidh leis an bhforéigean agus leis an sceimhlitheoireacht. Ba chóir dóibh díriú ar a saol féin.”
Is dóigh go ndéarfadh Palaistínigh go bhfuil sé deacair díriú ar a saol féin faoi riail Iosrael agus le lonnaitheoirí ag gabháil a gcuid talún.
Bhuel, lonnaitheoirí a ghabh a gcuid talún atá sna Iosraeligh, dar leis. Ach ní hamhlaidh an scéal. Cheannaigh na Giúdaigh an chuid is mó den talamh san. D'imigh na Palaistínigh nuair a d'ionsaigh siad na Giúdaigh fadó, mar gheall a gcairde dóibh go mbeadh deis acu dul ar ais tar éis scriosadh na nGiúdach. Rud nár tharla, buíochas le Dia. Cuireadh daoine áirithe as a dtithe, cinnte, mar gheall ar an gcogadh sin (1948). Rinneadh an rud céanna do Ghiúdaigh ar fud an Mheánoirthir. Sin mar a bhíonn. Ach is scéal bréagach go bhfuair na Giúdaigh Iosrael as tithe na bPalaistíneach a ghoideadh. Níor scríobhadh an méid seo leanas mar fhreagra domsa, ach is léiriú dúinn ar mheon an údair...
Caithfidh mé soiléiriú a dhéanamh ag an phointe seo. Cé nach staraí mé, cuireadh iachall orm an pointe seo a fhiosrú agus go bunúsach ní fíor é – sa mhéad is go léiríonn an stair go raibh Giúdaigh ann sa Phalaistín, mar a bhíodh, sna 1800í ach ba mhionlach bídeach iad. Bhí mórchuid de mhuintir na críche ina nArabaigh – chun neamhaird a dhéanamh ar chúrsaí treibhe. Bhí an chuid is mó acu sin ina Moslamaigh.
Cé nach staraí mise ach oiread, bhíodh an móramh sa limistéir sin ina Chríostaithe ar feadh i bhfad, agus ina bpágánaí ar feadh i bhfad, sula raibh Arabach ar bith ann. Agus tá a fhios ag an saol iomlán go mbíodh ríocht na nGiúdach ann fadó - sula raibh Arabach amháin ann. Tuigeann gach duine go raibh an móramh de na Giúdaigh ina ndeoraithe, agus tharla rud sa stair a dtugtar Síónachas air ag deireadh an naoiú haoise dhéag. Athraíonn cúrsaí sa stair. Rud eile a scríobh mé nach raibh san alt ná go bhfuair na hArabaigh beagnach dhá thrian den tseanPhalaistín cheana - agus sin an Iordáin. Bhí réiteach dhá stát ann in 1948, agus níor éirigh go maith leis sin, faraor. Mar d'ionsaigh na hArabaigh na Giúdaigh gan mhoill. Bhí Ciarán ag déanamh comparáid idir na hArabaigh Phalaistíneacha agus na Coirdínigh.
“Níl aon chosúlacht leis na Coirdínigh,” dar le Séamus, “mar ní raibh pobal Palaistíneach ann riamh sular bunaíodh stát Iosrael.” “Níor cumadh a leithéid ach le seasamh in aghaidh na nGiúdach,” a mhaíonn Séamus. Arís, déarfadh na Palaistínigh go seasann siad ar son a gcuid cearta féin seachas maireachtáil díreach ar son seasamh i gcoinne na nGiúdach.
Ach, a dhuine, ní hé sin an rud a dúirt mé. Ní bheadh aon 'siad' ann gan Iosrael agus an troid ina coinne. Agus na cearta a luaitear, sin cearta chun talamh srl. a fháil ó Iosrael. Níl aon phobal stairiúil ar leith a dtugadh náisiún Palaistíneach air. An rud is cóngaraí ná muintir an Iordáin, mar is iadsan an móramh a mbíodh ina gcónaí sa Phalaistín (agus atá fós).
Aontaíonn Séamus, “Bíonn an chuid is mó de Ghaeilgeoirí ar an idirlíon agus sna meáin in éadan Iosrael, faraor. “Ach sin mar a fhaightear [bhfaightear] lucht na heite clé, agus na radacaigh eile, den chuid is mó. “Is iomaí duine ciúin atá ann a fhéachann ar chúrsaí ar nós difriúil. “Is dócha go bhfuil sé ar nós cuma liom ag an móramh. Mar ba chóir. Cén bhaint ag an scéal le saol an ghnáth-Éireannaigh?” Tarraingíonn an pointe seo an cheist: “Cén bhaint ag an scéal le saol an Ghael-Mheiriceánaigh?”
Cheap mé ar dtús nach ceist olc sin. Ach ansin, níl sé chomh maith agus a dhealraíonn. An gcuireadh aon duine an sa Mheánoirthear an cheist sin? Tá cuid den fhreagra san alt féin:
“Tá comhghaol idir a bheith frith-Mheiriceánach agus a bheith frith-Iosrael de ghnáth,” a deir Eiméid [Ó Fathaigh].
Tá lán na fírinne sa mhéid sin. Meon frith-Iarthar atá ann, mar seasann na Stáit agus mórán dá cairde le hIosrael. Níor tháinig gach Giúdach as an Eoraip ná as Meiriceá - tháinig mórán acu ón Rúis srl. - ach tá nósanna (saoirse, cearta, sibhialtach, srl.) an Iarthair ag Iosrael, agus tá baint láidir acu linn. Mar is eol don Iaráin agus gach aintiarna sa Mheánoirthear, faigheann Iosrael an-chuid tacaíochta ó na Stáit go háirithe - an Sátan Mór dá Sátan beag. Seasann muintir na tíre i Meiriceá le hIosrael níos mó ná lucht a rialtais, freisin. Tá aithne ag mórán daoine anseo ar Ghiúdaigh agus fiú ar dhaoine in Iosrael. Tá níos mó Giúdaigh ina gcónaí anseo ná in Iosrael, fiú. Tá nasc láidir idir an dá thír. Agus ní dhéanann an rialtas gach rud anseo gan tacaíocht ó mhuintir na tíre. Ach an nasc is tábhachtaí atá ann eadrainn ná go bhfuil na naimhde céanna againn. Seasaimid le chéile in éadan sceimhlitheoireacht na Muslamach Radacach. Creidimid araon gur sin an troid is tábhachtaí dá bhfuil ann san aois seo. Braitheann beatha Iosrael mar thír air (agus na Giúdaigh ansin mar dhaoine). Agus tá sé rí-thábhachtach do na Stáit go bhfuil ar a laghad tír amháin sa Mheánoirthear a sheasann linn in éadan na sceimhleitheoirí, agus atá ina dea-shampla ansin. Ar an lámh eile de, cad é an suim a bhíonn ag mórán daoine in Éirinn sa scéal seo? Mar a scríobh mé roimhe seo, tá saghas cogaidh 'proxy'(seachchogaidh) ann dóibh. Is mór an trua san. Agus, mo léan, ní bhíonn a lán daoine ar thaobh an tsibhialtachta in éadan na sceimhlitheoirí, ach a mhalairt.
Ach ní fheiceann Séamus go bhfuil aon chúis nó ceart ag na hArabaigh. “Tá siad ann ar chúis amháin, agus sin chun Iosrael a scriosadh,” a deir sé. “Níl suim dá laghad acu sa tsíocháin.” Arís déarfadh fiú anailíseoirí neamhspleácha nach bhfuil mórán spéise ag Iosrael sa ‘tsíocháin’ ach an oiread
Tá cúis acu, cinnte, ach is cúis olc í. Maidir le anailíseoirí "neamhspeácha," an bhfuil a leithéid ann? Deir Iosrael i gcónaí go mbeadh síochán ann gan ionsaithe na bPalaistíneach. Ach feictear an rud ab áil le duine a fheiceáil. Treaslaím Ciarán agus Meon Eile as suim a chur i dtuairimí lucht tacaíochta Iosrael. Nílimid maraon lena chéile, agus athraíonn an scéal beagáinín ó am go chéile. Faraor, mar a dúirt mé san alt (agus tugadh an focal scor dom leis seo), ní fheicimse aon réiteach ar an scéal go ceann i bhfad. Ní bheidh na hArabaigh seo sásta má bhíonn Iosrael ann in aon chor, agus ní bheidh síocháin ag Iosrael chomh fada agus an meon sin acu. Tá Meon Eile ag teastáil uinn, cinnte.

Friday, April 10, 2015

Nósanna na bPóilíní sna Stáit

Ó am go chéile, tarlaíonn rudaí olca.  I mbliana, agus le cúpla bliain anuas, tharla gur mharaigh póilíní nó gardaí éagsúla daoine gorma gan airm, agus mar is iondúil, rinne na meáin chumarsáide agus polaiteoirí / gríosaithe áiritihe Cúiseanna Móra as an "easpa cirt" agus an "éagóir" a rinneadh.  Chuir an t-uachtarán agus an t-ard-aighne a ndá phingin sa scéal (is daoine gorma iad).  Chuir sin leis an éagóir a rinneadh ar na póilíní.  Níor chabhraigh sé duine gorm ar bith.  Spreag a leithéid sin foréigin agus bigóideacht i measc na ndaoine gorma agus bhrúigh an saghas sin iompair na ciníocha i bhfad ní b'fhaide óna chéile ná mar a bhí siad ó am Rodney King agus na ciréibeacha a tharla sna nóchaidí.  D'aon ghnó a rinneadh amhlaidh, mar bíonn an t-easaontas idir na ciníocha an-tábhachtach don eite chlé...

Cásanna áitiúla gach ceann acu seo, agus sin mar ba chóir go gceaptar orthu.  Nuair a rinneadh Cúiseanna Móra díobh, rinneadh éagóir don lucht áitiúil.  Féach an scrios agus a dochar a rinneadh ar Ferguson Missouri.  Agus scaipeadh bréagacha agus leath-scéalta chun an dealramh ba mheasa a thabhairt ar gach cás.  Ní raibh deis ag mórán daoine an fhírinne agus na fíricí go léir a fháil go gceann i bhfad.  Faoin am sin, milleadh clú gach póilín nó duine eile a bhí faoi amhras.  Ciníochas a bhí ar intinn acu.  Ba mhaith leo daoine gorma gan airm a mharú, mar gur fuath leo iad.  Ansin, tháinig na fíricí chun solais de réir a chéile - go ciúin - agus ní raibh aon chuid dá leithéid sin fíor.  Tharla a leithéid de scéal arís is arís eile. 

Uaireanta déantar rudaí olca, fiú i measc na bpóilíní.  Tá breis is dhá chéad míle póilín sna Stáit Aontaithe.  Ní féidir an méid sin daoine a bheith in aon ghrúpa, de saghas ar bith, gan cúpla droch-dhuine a bheith ina measc.  Den chuid is mó, nuair a aithnítear iad, caitear amach ón ngrúpa iad.  Cuirtear an dlí orthu, más gá.

Mar sin, is measlach ar fad gach uair a deir duine a leithéid de "Féach gur mharaigh póilín Meiriceánach fear gorm gan airm arís eile!"  Dá mbeadh sé de nós ag an ngnáthphóilín daoine gorma a mharú as nímh agus spraoi.  Amaideach ar fad sin.  Éagóir do gach póilín maith atá ann - agus sin an móramh, gan aon amhras.  Daoine iad a bhíonn sa bhearna bhaoil gach lá.  Daoine iad a fhaigheann bás ar ár son go ró-mhinic.  Agus lasmuigh de sin, is Meiriceánaigh iad mar an chuid eile againn, agus mar an gcéanna sa mhórghrúpa againn, is annamh go mbíonn aon chinníochas le brath, go háirithe más chomh holc é agus go maródh duine mar gheall air.  Measlach agus amaideach aon rud dá shórt a chur inár leith.  Fiú agus go mbíonn amadáin dár gcuid féin ag cur i gcéill gurb amhlaidh an tír.  Ná bactar leo, lucht sin an fhuatha agus an chacamais.  Is iadsan a chothaíonn na fadhbanna.  Ní fiú leathphingin aon rud a deir siadsan.

Tharla cás le déanaí atá ina eisceacht, de réir dealraimh.  Mharaigh póilín duine - agus nach cuma le Dia más duine gorm, glas nó buí atá i gceist? - nach raibh baolach dó, agus nach raibh ach ag éalú uaidh.  Cuireadh an póilín seo faoi ghlas agus beidh cás cúirte aige.  Más fíor gur mharaigh sé an duine sin gan chúis, caithfidh sé a shaol faoi ghlas.  Tarlaíonn coireanna.  Sin an saol mar atá.  Más botún a rinne sé, nó más duine olc amach is amach é, feicfear.  Ach níl baint ar bith ag an gcás seo le Meiriceánaigh i gcoitinne, le póilíní i gcoitinne, le daoine geala nó daone gorma i gcoitinne.  Cás áitiúil amháin is ea é.  Go bhfágfar mar sin é!

Tuesday, March 17, 2015

Meon Eile agus Sainmhíniú Tearmaí (Mar Dhea)


Bhí alt an-suimiúil le Ciarán Dunbar, a foisíodh le déanaí ar meoneile.ie, a raibh mé páirteach ann.  San alt sin agus sna tráchtanna air, ardaíodh an cheist, cad is eite chlé agus cad is eite dheas?  Níl sin éasca a mhíniú.  Lipéidí gan mhaith iad, ar shlí, mar ní bhíonn daoine chomh simplí sin, minic go leor.  Ach tá tuiscintí áirithe orthu, mar sin féin.  Tá sainmhínaithe éagsúla ag an dá thaobh féin, más dhá thaobh amháin atá ann in aon chor.  Mar sin, seo m'iarracht chun beagán solais a chaitheamh ar an ábhar seo.

Dar liom, tá (ar a laghad) dhá shaghas duine ar thaobh na heite clé.  Duine díobh, creideann sé/sí gur duine fíor-mhorálta a leithéid, mar bíonn siad báúil leis na bochtáin is na daoine a bhíonn thíos nó faoi chois.  Ceapann an sampla seo go mbíonn gach polasaí na heite clé ann chun cabhrú leis an gcine daonna.  Glacann siad go mbíonn dea-thoil taobh thiar de gach dlí is go mbíonn an rialtas ann mar chara don duine beag.  Glacann siad gur fíor ainmneacha na ndlíthe a chuirtear i bhfeidhm, agus go ndéanann siad an mhaith a fhógraíonn siad go ndéanfaidh ina gcuid ainmneacha - an 'affordable care act,' mar shampla.  Daoine saonta iad, dar liom, ach le dea-thoil.  Ach glacann a leithéid de dhuine le bolscaireacht ar bith, chomh fada agus a mhaítear gur 'ar son na ndaoine beaga' é.

Ag an am céanna, ní shíleann siad go mbíonn siad ag brú aon mhoráltacht ar dhaoine.  Ní bhíonn siad ach ag nochtadh don saol cad atá ceart, dar leo. Dar leosan, is é lucht na heite dheas a bhíonn ag iarraidh a gcuid moráltachta (traidisiúnta) a bhrú ar an saol.  Cé gur leosan an núálaíocht, agus leis an taobh eile móráltacht atá ann leis na mílte bliain, atá bunaithe ar eagna Dé agus eagna is taithí saoil na ndaoine, seachas ar theoiricí nua-chumtha.  Ní mór go n-athraítear gach rud i gcónaí, chun an saol a fheabhsú is a fhoirfiú, dar leo.  Go ginearálta, is fearr leis an eite chlé an rud nua, seachas an rud seanbhunaithe.  Sin an fáth go dtugtar "coimeádach" nó "caomhach" ar an eite dheas.  Bíonn meas ag coimeádaigh ar an stair agus an traidisiún.  Bíonn an eite chlé ag gearán faoi is á maslú.  Bíonn siad níos cliste ná na glúinte a tháinig rompu.  Sin an fáth go dtugann siad "forásach" orthu féin.

Síleann mórán daoine ar an eite chlé go bhfuil siad sár-chliste, agus ní ghlacann siad le traidisiúin agus go háirithe le creidimh thraidisiúnta, mar ní ghlacann ach amadáin lena leithéid.  Níl gach éinne mar seo, ach tá sé an-choitianta.  Is fuath leo Críostaithe go háirithe, mar ní ghlacann Críostaithe traidisiúnta leis an réabhlóid ghnéasach, atá ina bhunchloch do "liobrálachas" an lae inniu.  Tugann sin saoirse do dhaoine, dar leis an eite chlé, cothromaíocht idir fir is mná, agus dul chun cinn don sochaí.  Déanann sin dochar don duine is don sochaí, dar leis an eite dheas.  Scriosann sin an teaghlach, atá ina bhunchloch don sochaí, dar leis an eite dheas.

An dara saghas duine ar an eite chlé, sin an té a thuigeann nach bhfuil ann ach cur i gcéill, agus nach mbíonn siad ach chun cumhacht a bhailiú don rialtas, agus mar sin, dóibh féin.  Baineann siad úsáid as na daoine saonta a thacaíonn leo.  Creideann siad, b'fhéidir, nach féidir aon rud a dhéanamh ar son na ndaoine beaga gan an rialtas a chur i mbun an uile ruda i saol an duine sin.  Is breá leo a bheith ábalta ordaithe a thábhairt amach agus rialacha a dhéanamh (ná caitear tobac, ná hitear feoil, srl. - agus an ceartchreidmheachas polaitiúil nó political correctness).  Idir an dá linn, éiríonn siad an-saibhir agus an-chumhachtach.  Seo mar a d'éirigh le Stalin, Castro, Mao, srl.  Féach freisin ar an méid airgid a fuair daoine mar na Clintons agus Al Gore, agus an chumhacht atá ag na ranna sóisialta i rialtas na Stát, nó an Aontas Eorpach.  Bailíonn siad cumhacht agus airgead i gcónaí.  Ar do shonsa, dar ndóigh... 

Creideann lucht na heite clé go mbíonn siad níos mórálta ná aon duine eile, nó níos cliste, nó an dá rud.  Bíonn an freagra acu, agus brúnn siad ar gach éinne é, toisc go mbíonn siad chomh cinnte go mbíonn an ceart acu, agus gur daoine maithe iad.  Creideann na daoine seo gur duine olc é aon duine nach n-aontaíonn leo, aon duine nach nglacann gur le dea-thoil agus ar son na ndaoine beaga a dhéanann siad gach a ndéanann.  Creideann siad gur fuath leis an eite dheas na bochtáin, mionlaigh, oibrithe, srl.  Creideann siad nach mbíonn an eite dheas ach ag lorg airgid is cumhachta...  Tugtar 'projection' ar a leithéid sa Bhéarla.  Cinnte, is maith leis an eite dheas an lucht gnó, agus an caipitleachas, agus ní bhíonn gach duine gnó flaithiúil ná go deas.  Ach ní chreideann siad gurb amhlaidh an scéal.  Creideann an eite dheas gur fearr gnó agus an caipilteachas a chothú chun gach duine a chabhrú, agus dar leis an taithí atá acu ar an saol, déanann sin an gnó níos fearr ná aon rud eile.  Ní fheiceann an eite chlé ach saint ann, ámh.

Ceapann an eite dheas gur daoine saonta maraon le daoine ar mhaith leo an rialtas is cumhachtaí - faoina smacht féin, dar ndóigh - iad lucht na heite clé.  Bíonn siad ag caint faoi rudaí deasa mar chearta daonna srl., ach is cuma leo má chabhraíonn a gcuid polasaithe leis na daoine beaga nó nach gcabhraíonn, i ndáiríre.  Chomh fada agus a shíltear go gcabhraíonn, go dtugtar ainmneacha deasa orthu, agus gur daoine maithe iad (ina dtuairim féin), bíonn siad sásta.  Is cuma leo fíricí is fianaise, den chuid is mó.  Dea-ainmneacha ar na dlithe is na teoiricí, agus dea-thoil na ndaoine maithe mar iadsan (mar dhea), sin na rudaí atá tábhachtach.  Níorbh fhéidir le daoine nach n-aontaíonn leo, agus atá go holc mar sin, aon rud maith a dhéanamh ar son na ndaoine beaga, dar leo. 

Cuirtear i gcás lucht na síochána (mar a thugann siad orthu féin).  Tá gach cogadh go holc, dar leo.  Is cuma leo nach ionann síochán agus easpa cogaidh.  Tá an cogadh go holc mar rud.  Deir siad gur maith leis an eite dheas cogaí (mar is daoine olca iad).  Ach ní fíor sin.  Tuigeann lucht na heite dheas go bhfuil rudaí ann atá níos measa ná cogaí.  Agus go spreagann lagaíocht fadhbanna i bhfad níos measa ná cogadh ceart ag an am ceart.  Fiú nach raibh cogaí maithe iad na cogaí i Vítneam nó san Iaráic, bhí siad riachtanach dar le mórán daoine.  Agus pé scéal, tharla siad, agus rinneadh an-dochar nuair a d'éirigh na Stáit Aontaith astu gan bheann ar na daoine a fágadh ina ndiaidh.  Ní raibh síochán ann (agus níl fós san Iaráic) mar gheall ar pholasaithe lucht na síochána.  Ach is daoine maithe iad mar bíonn siad i gcoinne aon chogadh.

Ach le fírinne, ní cheapann an eite chlé go mbíonn gach cogadh go holc.  Fíor-chogaí, cinnte.  Ach is breá leo an t-ainm 'cogadh' a chur ar rudaí eile.  Cogadh in éadan an bhochtanais, mar shampla.  Nó, más bolscaireacht i gcoinne na ndaoine olca (daoine nach nglacann le gach rud ar mhaith leo), tugann siad 'cogadh in éadan na mban' ar aon iarracht chun an ginmhilleadh a chosc, nó pé rud eile nach n-aontaíonn siad leis.  Is breá leo focail gan a mbrí nadúrtha, agus sofhriotail, mar 'rogha na mná' in ionad 'bású linbh'.

Le bheith cothrom, bhí cogaí bréaga ag an eite dheas, freisin, mar an cogadh in éadan drugaí.  Níor éirigh leis an gcogadh sin aon phioc ní ba mhó ná an bréagchogadh in éadan an bhochtanais.  Ach is breá le gach saghas polaitiúra focail dheasa.  Agus tá difear ann idir iarracht ar coireanna a stadadh agus iarracht ar an saol a fhoirfiú.

Glacann an eite chlé le teoiricí faoin duine.  Glacann an eite dheas leis an saol mar atá.  Sa sóisialachas, ceaptar go mbeidh gach duine sásta a bheith chomh bocht le haon duine eile.  Tuigtear ar an eite dheas nach amhlaidh an cine daonna.  Ceaptar ar an eite chlé gurb fhéidir an saol seo a dhéanamh foirfe.  Tuigtear ar an taobh eile nach féidir a leithéid ar chor ar bith.  Déanaimid ár ndícheall agus glacamaid nach mbíonn gach duine go deas agus sásta daoine eile a chur roimh a chuid buntáistí féin.  Síleann roinnt den eite ché gur fiú gach saghas uafás más ar son an tsaoil fhoirfe a dhéantar é.  Níor éirigh riamh leis an gcumannachas, ach creidtear nach ndearna i gceart go fóill é, agus sin an fáth.  Tuigtear ar an taobh eile gur amaideach sin.  Feictear go mbíonn an capaitleachas ábalta saibhreas gach duine a mhéadú thar aon chóras eile.  Ach is fearr leis an eite chlé na teoiricí deasa, seachas an saol casta crua mar atá.

Tugtar 'eite dheas' ar a ríthe agus deachtóirí, freisin.  Ní cheadaíonn a leithéid aon rud ach rialacha dochta dá gcuid féin.  Ní féidir aon rud a athrú (gan cead uathu).  Deirtear, agus is fíor seo, dar liom, go mbíonn an dá thaobh níos cosúla lena chéile a fhaide is a théann siad ina dtreo féin.  Sin mar a raibh a leithéid de Sóisialacha Náisiúnta ann sa Ghearmáin.

Tá dearach an-difriúil ag an dá thaobh ar an saol, go ginearálta.  Is bán agus dubh don duine seo, an rud atá dubh agus bán don duine eile.  Agus nuair nach mbíonn siad sásta meas ar bith a thabhairt dóibh siúd nach n-aontaíonn leo (mar is nós le Obama, mar shampla), ní bhíonn aon chomhghéilleadh ann.  Ní féidir comhghéilleadh a dhéanamh mura mbíonn an dá thaobh araon ábalta aon rud a ghéilleadh, dar ndóigh.  Ní mór go nglacann siad go léir leis na rialacha céanna, i gcúrsaí rialtais ar a laghad, chun a bheith ábalta aon obair a dhéanamh lena chéile.  Ní hamhlaidh a bhíonn le déanaí, faraor.

Ní bhíonn gach athrú go dona, ná go maith.  Is féidir fíricí is fianaise an tsaoil a phlé.  Is féidir trialacha a dhéanamh de rudaí, agus rudaí a dheisiú de réir a chéile.  Sin an plean a bhí ag bunaitheoirí na Stát Aontaithe, agus ba phlean maith é.  Ach ní bhíonn daoine an lae inniu ábalta fiú na fíricí céanna a ghlacadh maidir le rud ar bith, minic go leor.

Táthar ag súil go mbeidh feabhas ar an scéal ar ball.  Ach idir an dá linn, níl againn ach an vóta.  Buíochas le Dia go bhfuil sé againn fós!