Friday, December 14, 2007

Plus ça change, plus c'est la même chose...

Tá athruithe móra tágtha ar an saol le tamall anuas, agus dul chun cinn á dhéanamh sa chomhlint in aghaidh na sceimhlitheoireachta. Ach is beag duine atá ar eolas faoi sin. Bíonn na dea-scéalta báite go domhain ar chúl nuachtán, má tá siad ann ar chor ar bith. Is cinnte go mbíonn gach droch-scéal ann, ámh.

San Iaráic, mar shampla, tá cúrsaí níos fearr ná a bhí siad le blianta. Tá sé ag éirí leis an straitéis atá i bhfeidhm. Tá níos lú daoine ag fáil bháis. Tá Al Cadhda díbeartha ón gcuid is mó den tír, agus tá na hIaráicigh ag obair ina gcoinne níos mó ná riamh. Ach an bhfaca éinne scéal mar sin le déanaí? In Lá Nua? Ní fhaca mé ansin ach scéal faoi bhuamadóir a d'éirigh leis mórán daoine a mharú. Ní bhíonn scéalta ann faoin dul chun cinn.

San Afganastáin, agus taobh léi, sa Phacastáin, tá sé ag éirí le harm an Phacastáin agus le harm NATO i gcaoinne an Talaban agus na sceimhlitheoirí. Ach is rún sin sna meáin, is dócha.

Ach bíonn cúpla focal ann faoi George Bush i gcónaí. Deir Dónal Mac Giolla Chóill san alt beag Ar an Lá Seo, atá in ainm is a bheith faoi bhás George Washington, gur cinnte nach mbeidh mórán d'oidhreacht fhónta dhearfach fágtha i ndiaidh George Bush. Is olc an scéal é is dócha go bhfuil an Iaráic saor agus an Talaban díbeartha as an Afganastáin, agus mórán eile.

Ar an láimh eile, tá dhá leathanach acu lán de bholscaireacht Al Gore... Ní dhearna siad trácht ar bith ar ráiteas an Phápa i leith an Téimh Dhomhanda (nach bhfuil naofa, dar leis).

Ba chóir dom duine cáiliúil Éireannach a mhaslú in pé alt a scríobhaimse is dócha. Ach is fearr liom "rúin" a scaoileadh.