Tuesday, July 31, 2007

Putinjugend

Bíonn cacamas le léamh i gcónaí a deir go bhfuil George Bush ag déanamh ionsaithe ar an ndaonlathas i Meiriceá. Níl aon bhunús leis, dar ndóigh, ach an gnáth-fhuath do Bush. Ní minic a bhíonn éinne ag caint faoin bhfíor-ionsaí ar an ndaonlathas atá ar siúl sa Rúis.

Cheapfaí go bhfuil an scéal seo faoin ngnéas agus daoine óga sa Rúis. Bhuel, tá. Ach tá níos mó ann, freisin.

Seo cúpla sampla eile dá bhfuil ar siúl le fada faoi Putin.
Ón Washington Times (2004)
Zach Stern (2004)
George Bush (2007)

Friday, July 27, 2007

An Saighdiúir Meiriceánach san Iaráic

Tá breis is 155,000 saighdiúir againn san Iaráic. An féidir nach bhfuil siad go léir go deas? B'fhearr liom gan sin a chreidiúint, ach tharla Abú Ghráib. Is féidir in aon tslua chomh mór sin, go bhfuil cúpla úll lofa ann. Ach le déanaí, tá irisí áirithe ag iarriadh cur in iúl dúinn go bhfuil siad go léir lofa. Sea, na daoine céanna i gcónaí, iad siúd a smaoiníonn gur sinne na droch-dhaoine, seachas na sceimhlitheoirí. Ach cad faoi na scéalta atá acu?

Tá agallaimh le caoga saighdiúir frith-chogadh ag irisleabhar na heite clé The Nation. Tuairiscíodh faoi thar sáile, freisin ("Interviews with US veterans show for the first time the pattern of brutality in Iraq" - alt a thosaíonn le bréag sa chéad abairt...). Bolscaireacht mhaith atá ann, dar ndóigh, do na frith-Mheiriceánaigh. Sea, fuair siad 50 as cúpla céad míle atá sásta drochrudaí a rá faoin misean, nó faoina gcomhghualaithe, nó faoina ndrochiompar féin. Nó an bhfuair? An bhfuil na scéalta go léir chomh dona sin? Níl, dar le William Kristol. Ach fiú más fíor iad na scéalta, agus má tá siad go dona, níl ann ach na corr-úll lofa, gan dabht. Tá cuspóir polaitiúla ag gach duine díobh, chun seasamh in aghaidh an uachtaráin, pé scéal, agus cuireann sin in amhrás a gcuid scéalta, freisin. Ach admhaím gur féidir go bhfuair siad cúpla droch-úll, chun feidhm a bhaint astu.

Luaitear Haditha in 2005 san alt sin san Independent. Ní léir gur tharla sé sin mar a cheaptar ach oiread, mar atá. Agus tá an dlí á chur ar éinne a rinne aon rud mícheart ann. Níl aon pholasaí ann chun sibhialtaí a mharú in arm na Stát Aontaithe. Sin polasaí na sceimhlitheoirí.
(Dála an scéil, fuair ní ba lú sibhialtaí bás san Iaráic ná mar a ceapadh in 2004).

Tá blagadóir foilsithe ag irisleabhar eile den eite chlé, The New Republic. Deir seisean gur saighdiúir san Iaráic é, agus bíonn sé ag insint scéalta faoi dhrochiompar na saighdiúirí ann. Níl éinne cinnte fós gur fíor-shaighdiúir é ar chor ar bith. Ach más ea, is eisean a bhíonn ag déanamh na ndrochbheart, agus ba chóir píonós a ghearradh air. Seo freagra dóibhsean le Hugh Hewitt.

Rinne John Kerry agus a chairde an cleas céanna nuair a bhí an cogadh ar siúl i Vítneam. Is mór an náire orthu as na bréaga sin (dá mbeadh a leithéid in ann náire a thuiscint i gceart).

Cé hiad na saighdiúirí atá againn? Cén saghas duine iad de ghnáth? An saghas is fearr, gan dabht. Go mbeannaí Dia iad.

In ionad a bheith ag síorcháineadh na Meiriceánach, ba chóir scéalta faoin maith a dhéanann siad ansin a insint, agus scéalta uafáis na sceimhlitheoirí a insint. Mar a dhéanann Michael Yon.

Wednesday, July 25, 2007

Dochar an Fhuatha do Bush san Afraic

Tá fadhbanna go leor san Afraic, agus ba chóir do na tíortha ansin go léir obair le chéile chun iad a réiteach, in éindí leis an domhain ar fad. Go háirithe na tíortha is saibhre, mar an Afraic Theas. Ach de réir dealraimh, b'fhearr leosan geáitsí frith-Mheiriceánacha a dhéanamh (ag an NA, dar ndóigh), ná aon mhaith a dhéanamh ar an mórthír bhocht sin.

Is iomaí tír a bhíonn ag olagóin nach bhfuil aon Chogadh Fuar ann níos mó. Tá an Rúis agus an tSín ag obair le gach tír díobhálach ar domhain (an Iaráin, an tSúdáin, an tSiombáib, srl.) chun bheith ina bhfreasúra (díobhálach) do na Stáit Aontaithe, agus do pholasaithe George Bush go háirithe. Go díreach mar a dhéanaidís i rith an Chogaidh Fhuair, tá tíortha an tríú domhain (an cuimhin le héinne cad as ar tháinig an téarma sin?) ag taobhú is ag tacú le domhan saor nó domhan daor, chun a gcumhacht a ardú (mar dhea).

Ach an Afraic Theas, nach bhfuil a fhios acu cad is saor agus cad is daor ann? Nach mbeadh suim acu i gcearta daonna agus saoirse daoine, go háirithe san Afraic? Cheapfaí. Ach níl sé amhlaidh, faraor. Tá fuath do Bush níos tábhachtaí ná daoine gorma na Súdáine nó saoirse sa Mheánoirthear.

Cad iad na maithe eile nach ndéantar ar domhain as siocair na príomháite a thugtar don fhuath, agus don éad, agus don mhóráil? 'Sé an cluiche céanna atá ar siúl, fiú gan aon Aontas Sóivéadach. Agus an rogha chéanna.

Thursday, July 19, 2007

Dearcadh na nÉireannach Maidir le Bush (agus Meiriceá)

Chuir mo chuid cainte olc ar mo chara Fearn (ar chlár plé Beo) nuair a dúirt mé le déanaí (anseo) nach raibh aon ionadh orm go ndúirt Éireannach gur mhaith léi bás G.W. Bush. Síleann sé gur claonchiníochas frith-Éireannach an ráiteas sin. Ní aontaím leis, dar ndóigh. Ach is fiú an cheist seo a phlé. Cad é an scéal i bhfírinne in Éirinn? Níl eolas agamsa ach mo thaithí féin. Le breis is sé bliana, táim ag plé cúrsaí polaitiúla a bhaineann le Bush agus SAM le daoine in Éirinn, as Gaeilge. Tá cúpla inimirceach de bhunadh na hÉireann a bhfuil aithne agam orthu, agus níl siadsan fríth-Bhuis. Tá cúpla duine ar an idirlíon atá réasúnta stuama agus nach bhfuil ina bhfanaicigh fhríth-Bhuiseacha. Ach is mionlach iadsan, gan aon agó. Fiú na daoine seo, is minic a deir siad 'cé nach n-aontaím leat' sula deir siad aon rud eile liom.

Scríobhaim ailt ó am go chéile a chuirtear i gcló, mar a dhéanaim anseo, chun cás Mheiriceá a mhíniú as Gaeilge. Ní dhéanann aon duine eile sin, as Gaeilge ar aon nós. (Bíonn ailt ann i gcónaí ag insint bréag agus ag tabhairt maslaí orainn, cinnte. Is breá le scríbhneoirí Éireannacha droch-rudaí a rá faoi na Stáit Aontaithe.) An chéad uair gur scríobh mé do Lá, mhol an foilsitheoir dom alt a sheoladh chucu. Ní raibh a leithéid ann, agus bhí suim acu i scéal ó dhearcadh eile (cé nach gcuiridís a leithéid ann, nó fiú cothromaíocht, as a stuama féin). Den chuid is mó, chuir mo thuairimí fearg ar dhaoine.

Don chéad uair a bhí mé ar Raidió na Gaeltachta, fuair mé cuireadh ó Rónán Mac Aodha Bhuí mar gheall ar ailt a scríobh mé ar Iosrael. Duine le Gaeilge agus é ag tacú le hIosrael – an rud is annamh is iontach! Níl aon duine eile ag déanamh amhlaidh. Léigh mé alt suimiúil in Comhar le déanaí a mhínigh go bhfuil baint láidir idir dearcadh dhuine ar Iosrael agus dearcadh dhuine ar an bpoblachtachas i tuaisceart na hÉireann. Crochann na poblachtaigh bratacha Palaistíneacha ar a dtithe, agus crochann na hAontachtaithe bratacha Iosraelacha ar a gcinn féin. Ní bhíonn aon phlé ann. I bhfírinne, níl ann ach comhairle a bhaineann le polaitíocht an tuaiscirt, seachas dearcadh tuisceanach ar chúrsaí an Mheánoirthir. Agus dar ndóigh, seasann na Stáit Aontaithe le hIosrael, seachas leis na sceimhlitheoirí Palaistíneacha. Tá fríth-Mheiriceánachas an-láidir sa tuaisceart, mar sin.

Ar chláir phlé an idirlín, bíonn daoine as a meabhair i gcoinne na Stát agus i gcoinne Iosrael, agus dar ndóigh, i gcoinne GWB go háirithe. Ach cad faoi ghnáth-dhaoine eile in Éirinn, nach mbíonn ar an idirlíon, agus nach mbíonn ag plé leis an nGaeilge? Cloisim tuairiscí ó dhaoine a théann go hÉirinn ar saoire. B’fhearr duit cur i gcéill gur Ceanadach thú, deir mórán díobh.

Bhí mé ar chlár Rónáin cúpla uair, agus mar gheall air sin agus na hailt a scríobh mé do Lá agus do Comhar, tá aitheantas éigin orm in Éirinn. Bhí mé ag caint le Cóilín Ó Floinn uair. Is Meiriceánach líofa sa Ghaeilge é atá ina chónaí in Éirinn. D’inis sé scéal dom. Bhí sé i dteach tábhairne éigin, agus nuair a chuala duine gurb as Meiriceá é, agus é líofa, cheap an duine sin gur mise ab ea Cóilín bocht (nach n-aontaíonn liom maidir leis an bpolaitíocht), agus rinne sé bagairt air agus thug eascaine air, go bhfuair sé nár mise é. Níl gach éinne mar sin, cinnte, ach tá siad ann.

Chonaic mé an fríth-Mheiriceánachas Éireannach den chéad uair in 2001, ar liostaí r-phoist Gaeilge-B srl. Bhí sé chomh láidir ar Gaeilge-A freisin, gur imigh mé ó na liostaí sin ar ball. Dar liom, scrios an dearcadh sin mórán plé a bhíodh ar an idirlíon. Níl aon ábhar slán ach an gramadach, tomhais, agus an aimsir, beagnach. Sílim nach bhfuil sé chomh dona agus a bhíodh, ach nílim cinnte. Cá bhfios nach ndéanaim maith éigin ag soláthair an taobh eile as Gaeilge? Mar sin féin, fuair mé litir an phinn nimhe tamall beag ó shin ó strainséir eile a fuair Gan Fiacail Ann de thaisme…Níl ag teastáil uaimse ach a bheith cairdiúil, agus eolas a roinnt le daoine, eolas nach bhfuil ar fáil áit ar bith eile as Gaeilge. Agus freagra a thabhairt dóibh a bhíonn dár n-ionsaí. Tá géar-ghá leis sin, dar liom.

Is féidir gur fadhb na gcathracha móra é seo (agus sna meáin). Is amhlaidh sna cathracha móra anseo, Nua-Eabhrac san áireamh. Tá cúrsaí chomh dona in Londúin, freisin, gan dabht. Ní bhíonn mórán daoine sa Ghaeltacht nó faoin tuath ar an idirlíon, go bhfios dom. Táim réasúnta cinnte nach mbíonn daoine ag tabhairt maslaí i gcónaí ar thuarasóirí Meiriceánacha sna háiteanna is mó a mbíonn siad ar cuairt (mar gheall ar an airgead). Ach ní ionann sin agus nach mbíonn siad ag smaoineamh amhlaidh. Agus dar ndóigh, tá fáilte roimh Mheiriceánaigh frith-Bhuiseacha…
An tuairisc is mó a fhaighim ná fur fuath leo sinn thall, faraor.

Rinne mé iarracht ‘Ireland pro-Bush’ a lorg ar Google. Den chuid is mó, fuair mé daoine ag déanamh líomhaintí go raibh daoine eile ‘pro-Bush’ (mar rud uafásach). Ach fuair mé cúpla rud suimiúil:

9-14-04

THE general view among many Irish Americans is that anti-Bush sentiment is a matter of faith in Ireland, but like all suppositions there is another side to the argument. There have been some heated debates in recent times between Irish Americans and Irish natives on this issue. Several leading Irish American businessmen have become very exercised on this question and regard Ireland in a far more jaundiced fashion as a result. Yet, like every strongly argued issue, there is now a clear sense that not all the Irish people are opposed to President Bush, and ...

2004 arís:
For Stan and many of his compatriots living here, to be an American in Ireland is to be a pariah. Some US citizens say America-bashing has become so prevalent in Irish society, they no longer feel welcome. Others no longer feel safe.


Tá duine amháin (Aontachtaí, sílim) in Éirinn agus blag coimeádach aige.

Bhí duine amháin a d’aontaigh leis maidir leis an Afraic (fuair mé ar Slugger O’Toole é seo).

Is cuimhin liom cúpla duine as Éirinn a bhíodh ina gcónaí anseo le tamall. Gaeilge iontach atá acu. Uair amháin, luaigh mé go mbeinn ag caitheamh vóta ar son GWB. B’iontach an alltacht a tháinig ar aghaidh na mná sin, nuair a dúirt sí “Oh no….” Nílim cinnte gur labhair sí liom ina dhiaidh sin. Chuaigh siad ar ais go hÉirinn faoi cheann tamaill.

Gach a léim agus gach a chloisim, taispeánann sin dom gur fríth-Bhuiseach (radacach confach) an móramh in Éirinn. An bhfuil fianaise ag éinne nach fíor sin? Ba bhreá liom bheith mícheart maidir leis an bhfríth-Mheiriceánachas thall. Go bhfios dom, déantar talamh slán de in Éirinn gur duine olc é Bush agus go mbíonn Meiriceá mícheart, go bhfuilimidne ciontach as fadhbanna go léir an Mheánoirthir, srl. Agus ní bhíonn plé ann faoi. Bíonn fuath ann.

Taispeánaigí dom go bhfuil dul amú orm, le bhur dtoil.

Agus go raibh maith agaibh uile atá sásta an blag seo a léamh.

Wednesday, July 18, 2007

Óinmhidí Dháil na Stát Aontaithe

Cloistear go bhfuil droch-thuairim ag gach éinne faoi Bush. Ní shíleann ach timpeall 34% den tír go bhfuil sé ag déanamh jab mhaith. Ach cad faoin Teach Dála? Mar atá, tá tuairim níos measa ag gach éinne ina leith. Dar le pobalbhreith nua, ní shíleann ach timpeall 14% den tír go bhfuil siadsan ag déanamh jab mhaith.

Ní maith le héinne an cogadh, dar ndóigh. Agus tá mórán daoine ann a chuireann an milleán ar Bush mar gheall air, seachas ar na sceimhlitheoirí. Sin cuid díobh nach bhfuil sásta leis an uachtarán. Ach tá daoine eile ann nach bhfuil sásta leis na rudaí eile a dhéanann sé, go háirithe maidir leis an inimirceacht. Sílim féin go bhfuil sé ag déanamh jab cuibheasach maith (fair), mé féin. Ach is fuath liom tréas (beagnach) an pháirtí Dhaonlathaigh sa Teach Dála.

Rinne siad geáitse aréir a thaispeánann an dearcadh amaideach atá ann. D'ainneoin nach raibh seans dá laghad go ndéanfadh sé aon difear, chaith siad an oíche go léir ag gearán faoin gcogadh, agus ag bagairt ar an arm agus ar an uachtarán (agus ar mhuintir na hIaráice). Ba mhaith leo, de réir dealraimh, bua a thabhairt dár naimhde go léir, agus praiseach a dhéanamh den Iaráic. Is cuma leo go mbeadh cinedhíothú ann, agus go mbeadh baile nua slán ann do na sceimhlitheoirí go léir. Is fuath leo Bush, agus sin an rud. An teachtaireacht don saol atá acu: tá Meiriceá lag, agus ba mhaith le mórán sa rialtas géilleadh do na sceimhlitheoirí. Ach is cuma sin. Is fuath leo Bush.

Idir an dá linn, fuarthas ceannaire Al Cadhda san Iaráic inniu. Tá na trúpaí deireanacha ón 'réablach' tagtha i dtír an tseachtain seo, agus an straitéis nua faoi lán seoil. Dá mbeadh gach éinne ag taobhú leis na laochra san arm atá ann dár gcosaint, thiocfadh an deireadh ní ba thapúla, gan dabht. Ach tugtar dóchas dár naimhde i gcónaí. An-jab, Reid, Pelosi, Clinton, Kennedy, Murtha... agus bhur gcairde go léir.

Thursday, July 12, 2007

Ag Sodar i nDiaidh Arafat...

Buaiteoir eile dhuais na síochána Nobel...an bhfuil aon mhaith sa duais sin? (Tugadh do Jimmy Carter é, in ainm Dé... "With the position Carter has taken...(the award) can and must also be seen as criticism of the line the current U.S. administration has taken on Iraq," Committee head Gunnar Berge, a former labor minister, told reporters.)

Agus anois, Nobel laureate calls for removal of Bush. Sea, duine eile le BDS (Bush Derangement Syndrome).

It's twisted. It's all wrong," she said. "There are so many lies being told.

Ach níl sí ag déanamh a faoistine, faraor, ná ag caint fuithi féin agus a leithéid.
"Right now, I could kill George Bush," she said

Bean Éireannach atá i gceist. Níl aon ionadh sin, mo léan.

Ach saineolaí faoin Meánoirthear is ea í, gan dabht? Ní hea, ná baol air. Fuair Betty Williams a duais mar gheall ar na trioblóidí in Éirinn.


(DAS, tá a fhios agam nach cruinn mo theidil. Fuair Arafat an duais in 1994, agus an bhean seo in 1976. Ach bhí sise níos fearr roimhe, go bhfios dom).

Monday, July 09, 2007

Rush II

Chonaic mé iad, agus bhí an ceolchoirm go breá. Chas siad an t-amhrán seo, ach ní dhearna siad aon léirsiú polaitiúil de, ná baol air. Bhí siad an-dearfach agus spraíúil an t-am ar fad. Níor chuir an ceann seo isteach orm chomh mór ar an stáitse agus a chuir ina aonar ar leith. Tá siad ag iarraidh a bheith dearfach, seachas nimhneach, a mhalairt mar a bhíonn an iomarca na laethanta seo.

Déanann siad ceolchoirm iontach, agus molaim iad a fheiscint, má bhíonn deis agat.