Thursday, December 31, 2009

Slán leat, a 2009

Seo sracfhéachaint siar ar an mbliain a chuaigh thart.

  • Tá uachtarán againn sna stáit an-difiriúil ón duine roimhe, gan amhras. Is fíor faoisean gach a deirtí (mar bhréag) faoi GWB, faraor. Gheall sé nach raibh sé claonta mar gheall ar pháirtí, agus mar a tharlaíonn, scoilt níos mó ná riamh a rinne sé is a chomhphártaithe ar an eite chlé idir an dá pháirtí. Dúirt sé go mbeadh rialtas glan oscailte aige, ach a mhalairt atá fíor. Dúirt sé nach ndéanfadh sé aon rud a rinne GWB, ach tá an chuid is mó dá raibh ar siúl aige maidir le sláinte na tíre fós i réim, cé go mbíonn BHO ag iarraidh iad a lagú. Dúirt sé go mbeadh caidreamh ní b'fhearr aige leis an saol lasmuigh, agus chuaigh sé ó áit go háit ag gabháil a leithscéil as Meiriceá agus ag gealladh gach ab fhéidir leis dár naimhde (agus uaireanta ag maslú is ag déanamh fill ar ár gcairde). De réir dealraimh, ní maith le héinne níos mó sinn mar gheall air. Is cinnte nach bhfuil meas dá laghad ag ár naimhde orainn. Dúirt sé go gcaithimid sléibhte airgid a chaitheamh chun cúrsaí eacnamaíochta a chur in a gceart. Bíonn siad á gcaitheamh, ach is beag an feabhas atá ann, agus an méad atá ann, is ina aithneoin é. Níl mórán daoine sásta le BHO agus a chomhghleacaithe. Ach ní bheith seans againn fáil réidh leis go ceann trí bliana eile, faraor.
  • Tá an domhan níos teo! Mar dhea. Ach tá an coimhlint idir na daoine ceartchreidmheacha agus sinne nach bhfuil den chreideamh sin níos teo. Sílim mar sin féin nach bhfuil Al Gore ina dhia ag an méid céanna daoine agus a bhíodh. Tá dóchas ann, cé go mbítear ag caitheamh airgid go leor amú agus go mbíonn lámh láidir ag na teolaithe fós.
  • Tá an Iaráin faoi smacht ag na haintiarnaithe fós, ach tá muintir na hIaráine fós ag léirsiú is ag seasamh ina n-aghaidh. Go ndéana Dia trócaire orthu. Go raibh ciall is crógacht mar atá acusan ag an lucht féachana lasmuigh, BHO agus ceannairí na dtíortha Eorpacha go háirithe. Is náireach nach bhfuilimid go léir ag seasamh leis na daoine sin ar son na saoirse is na gcearta daonna. Ach is cuma le lucht agóide na gcearta daonna mura mbíonn siad ábalta gearán faoi Iosrael nó na Stáit Aontaithe....
  • Tá an géarchéim eacnamaíochta fós orainn, agus níos measa in Éirinn in 2009. Agus níl aon rialtas á réiteach i gceart (dá mb'fhéidir leo...). De réir dealraimh, tá an Eoraip ag iarraidh níos lú airgid a chaitheamh agus cúpla rud ciallmhar a dhéanamh. A mhalairt leis na Stáit.
  • Ghlac Éire le rialtas na nEorpach (An Conradh/Bunreacht). Feicfear an mbeidh níos lú le rá acu faoi chúrsaí as seo amach. Ar chúis éigin, ceapann na daoine a bhí ar son an chonartha go mbeidh níos mó cumhachta ag Éirinn. Más amhlaidh, cá bhfios nach mbeidh Éire ábalta diúltú leis an gcéad rud eile a bhrúnn na Eorpaigh mór le rá uirthi...
  • Tá cogadh agus sceimhlitheoireacht fós i mbarr a réime, faraor. Guímis go mbeidh síocháin againn san athbhliain. Ní bheidh gan mhíorúilt, faraor. Tá seans i mbfadh níos mó ann go mbeidh buama adamhach ag an Iaráin. Ní raibh éinne i ndáiríre faoin síocháin in 2009.
  • Scriosadh tréimhseacháin thábhachtaí na Gaeilge agus rinne rialtas na hÉireann praiseach de arís eile. Ach ar an lámh eile, ath-thosaíodh An Gael, agus tá dóchas ann fós. Tá Nós* agus An Druma Mór/Nuacht 24 ann, freisin. Daoine neamhspleácha i mbun gach cinn díobh. Dá mbeadh lucht a léite ní ba mhó....
  • Bhí deachrachtaí pearsanta agus fadhbanna go leor ag roinnt dínn. Chailleamar cairde is gaolta. Ach rugadh agus pósadh daoine, agus bhí buananna againn freisin. Tosaíodh blaganna agus chuaigh blaganna ina dtost. Bliain mar aon bhliain eile. Go raibh bliain bhreá againn go léir in 2010. Agus bímis buíoch as a chéile.

Táim buíoch de gach duine a léann an blag seo, a éisteann le mo phodchraoladh agus a fhéachainn ar mo fhíschraoladh, agus táim buíoch de Dhia as mo chairde Gaelacha go léir. Athbhliain faoi shéan is faoi mhaise daoibh, a chairde. Slán, go dtí an chéad bhliain eile.

Séamas 'cé nach n-aontaím leis' Ó Neachtain.

Thursday, December 17, 2009

Mealbhacáin Uisce

Glas ar an taobh amuigh, dearg ar an taobh istigh. Sin iad lucht an téamh domhanda. Is mealbhacáin uisce an chuid is mó díobh. Cairde de lethéid Hugo Chavez. Gan aon agó, tá clár oibre acu nach mbaineann leis an eolaíocht ná le fíorbhaol ar bith don domhan (ach iadsan). Sea, an dearg nua is ea 'glas'. Sin an fáth go bhfuil sé ina chreideamh acu, agus nach bhfuil suim dá laghad acu sna fíricí ná san eolaíocht. Sin an fáth go bhfuil an brú ama seo ann - ní mór dúinn rud a dhéanamh chomh tapa agus is féidir (ionas nach mbeidh a fhios ag éinne cad atá ar siúl acu). Níl ann ach leithscéal. Tá cuspóirí eile ar fad acu, bígí cinnte.

Ní mór dúinn moill a chur orthu, ionas go bhfeicfear iad mar atá siad ar ball, agus go nochtfar a gcuid rún go hoscailte. Ansin, diúltófar leo, le cúnamh Dé. Guím go dtitfidh Hopenchangen as a chéile ar fad. Agus de réir dealraimh, titfidh.

Tuigeann roinnt mhór daoine cheana, dar ndóigh...

Tá Siad Chomh Dona....

...go bhfuil na Rúisigh níos iontaofa ná na heolaithe mór le rá maidir leis an téamh domhanda! Is mór an trua nach bhfuil an sorcas seo atá againn in Copenhagen ar siúl sa Sibéir! B'fhéidir nach mbeadh sé chomh deacair baint a fháil idir Climategate agus bréageolaíocht an téamh domhanda thall ansin...

Wednesday, December 16, 2009

Tá an Eolaíocht Socraithe (Mar Dhea)

Ceann eile daoibh. Is léir ó fhoinsí go leor nach bhfuil baint ar bith ag an eolaíocht leis an bpolaitíocht, sin a rá, leis an taobh domhanda aintrapaigineach agus an imeagla bhréagach a bhaineann leis. Ní maith liom teoiricí comhcheilge de ghnáth, ach níl anseo againn ach feachtas chun rialtas (sóisialach) idirnáisiúnta a bhrú ar an domhain (ar na Stáit Aontaithe go háirithe). Is 'power grab' amháin é, a bheidh rí-chostasach dúinn má ghlactar leis.

Beidh na staraithe ag magadh fúinn cúpla bliain anall. Faoi Al Gore go háirithe. Luafar é i gcomhthéacs Ponzi agus Madoff.

Wednesday, December 09, 2009

Ciall agus Easpa Céille

Dá mbeadh sí ina huachtarán...

alt le Sarah Palin sa Washington Post inniu, faoi Copenhagen srl. Foirfe.

Tharais sin, tá an t-amadán atá againn chun fiú níos mó airgid a chaitheamh amú, airgead nach bhfuil ann! Is deacair a shamhlú meon na ndaoine seo. "Administration officials also have been debating which cause is a higher priority and how to best divert TARP funds..." Tá siad as a meabhair ar fad.

Go sábhála Dia sinn.