Wednesday, December 31, 2008

An Chomhréireacht

Baintear feidhm as an téarma comhréireacht seo i gcónaí agus daoine ag maíomh go bhfuil coireanna cogaidh ar siúl ag Iosrael nó na Stáit nó pé argóint eile. Agus is léir ón móramh dá leithéid nach dtuigtear an téarma, an coincheap ná an dlí.
Is é brí an téarma seo ná nach bhfuil sé ceart ná cóir níos mó dochair a dhéanamh ná an maith a bheadh mar thoradh air, sin a rá, an dochar a choscann sé. Sin an tuiscint thraidisiúnta agus an tuiscint dhlithiúil. Ní bhaineann sé le tit-for-tat ná leis an méad daoine a mharaítear mar chothromaíocht ar na daoine a mharaigh an taobh eile. Tá daoine ann a cheapann go mba chóir an saghas sin cothromaíochta a chur i bhfeidhm - duine ar bith a mharú i measc na sibhialtach Palaistíneach mar chúiteamh ar bhás Iosraelach a tharla mar gheall ar a gcuid diúracán. Ní deir siad go díreach sin, dar ndóigh, ach sin deireadh a gcuid 'loighice.' Ní bheadh aon mhaith ann i gcóras mar sin, dar ndóigh.

Ba dheacair dom a bhfuil ráite ag Andy McCarthy (as Béarla) ar an ábhar seo a shárú.

Agus seo níos mó le Tigerhawk ar an ábhar seo.

Maidir leis an dlí, ní thuigeann mórán daoine go dtagann roinnt mhór den chaint seo faoin gcomhréireacht as dlí nár ghlac Iosrael ná na Stáit Aontaithe leis. Sin an 1977 Protocol I to the Geneva Conventions. Is iomaí uair a chuireann Eorpach i leith Meiriceá nó Iosrael go bhfuilimid ag briseadh dlí éigin a thuigeann siad a bheith ann sa chonradh sin. Ach níl na Stáit ná Iorael páirteach sa chonradh sin, agus níl feidhm ar bith aige orainne. Ní bhíonn dlí i bhfeidhm mura nglacann rialtas leis. Ní féidir leis na hEorpaigh ná le héinne dlí a bhrú ar aon tír eile. Sin an fáth go mbíonn conarthaí ann! Cén fáth nár ghlacamar leis an gceann seo? Is iomaí cúis atá ann, ach is é an ceann is mó ná go mbronann sé stádas dlithiúil ar sceimhlitheoirí. Seo an rud a dúirt Ronald Reagan, nuair a dhiúltaigh na Stáit é:

It would give special status to 'wars of national
liberation' ... and grant combatant status
to irregular forces even if they do not satisfy
the traditional requirements to distinguish
themselves from the civilian population.


Seo alt iontach eile (as Béarla):
Melanie Phillips

Tuesday, December 30, 2008

Ionsaí Iosrael ar Ghása

Cá dTosóinn? B'fhéidir ba chóir dom tosú le moltaí faoi conas nuachtán a léamh.

Má bhíonn nuachtán (nó foinse nuachta ar bith eile) ag tagairt do Phalaistínigh a maraíodh, luaitear uimhir na sibhialtach sa chuntas sin i gcónaí. Is cuma gur maraíodh iad de thaisme, más sibhialtaigh i bhfírinne iad, agus gur maraíodh iad mar go raibh sceimhlitheoirí ag déanamh ionsaithe ón áit a gcónaidís... Ach ar aon nós, nuair a luaitear (má luaitear) Ioraelaigh a maraíodh, ní bhíonn iontusan ach Iosraelaigh. De ghnáth, dar ndóigh, ní maraítear ACH sibhialtaigh in Iosrael, mar ionsaíonn na sceimhlitheoirí na sibhialtaigh d'aon ghnó, agus bíonn targaidí fánacha ag a gcuid diúracán. Ní bhaineann Iosrael feidhm as a cuid sibhialtach mar sciatha, ach oiread, mar a dhéanann na sceimhlitheoirí. Na hIosraelaigh sin, is gnáthdhaoine neamhurchóideacha iad.

Má dhéanann Iosrael ionsaithe ar dhaoine a bhíonn ag seoladh diúracán agus ag marú a gcuid sibhialtach, chun a dtír a chosaint, deirtear sna nuachtáin go bhfuil drochbeart eile ar bun acu, mar is iondúil. Cé gur choimeád siad srian orthu féin ar feadh na míosa nó mblianta roimhe. Ní thosaíonn na Palaistínigh aon troid sna nuachtáin, ach uaireanta luaitear an fhíorchúis ag deireadh ailt nó ar leathanach eile. Má lorgaítear iad, uaireanta bíonn fíricí le fáil. Dá mbeadh suim ag éinne...

D'imigh Iosrael Gása in 2005. Moladh sin sna nuachtáin. Ach botún a bhí ann, mar déantar ionsaithe ar Iosrael gan stad gan staonadh ón limistéar sin. Mar is iondúil, bhí Iosrael flathúil agus foigneach, agus fuair siad diúracáin is sceimhlitheoireacht mar bhuíochas. Sna nuachtáin, bíonn an locht ar Iosrael, ach de ghnáth, bíonn an scéal faoi sceimhlitheoireacht na nArabach agus a hiarmhairtí, má léitear go cúramach é, agus má fhiosraítear an stair de. Is dóchúil go mbíonn botún Iosrael i gceist aon uair a bhíonn na nuachtáin á moladh.

Ní aon scéal nua claonadh seo na nuachtán. Rinneadh amhlaidh maidir le Hezboladh freisin. Léitear idir na línte má léitear gach a ndeirtear sna nuachtáin. Roghnaíonn duine scéalta, agus bíonn dearcadh ag duine. Go minic, bíonn an dearcadh sin chomh dian go gcumann an duine scéalta chun é a chur chun cinn. Sin 'iriseoireacht', mar a thuigtear é sa lá atá inniu ann, mo léan. Ní mór níos mó ná foinse amháin a scrúdú, agus, bhuel, an blag seo a léamh!

Maidir leis na scéalta faoi dhaoine a mhaíonn go bhfuil siad ar son chearta daonna srl, agus iad ag tacú leis na sceimhlitheoirí, bhuel, bíonn siad ag taispeáint rudaí eile fúthu féin dúinn, dar ndóigh. Is áis mhaith é a n-ainmneacha a chuimniú, mar gach uair a deir nó a dhéanann a leithéid rud, ní bhíonn i gceist acu ach bréagacha a scaipeadh faoi Iosrael, agus a gcairde, na sceimhlitheorí, a chabhrú. Ní bhíonn aon nuacht i scéal mar sin. Is fearr neamhaird a thabhairt dá leithéid, cé go mbíonn siad ann agus go mbíonn scéalta ann fútha, gach uair a bhíonn seans ag na nuachtáin (gach uair a bhíonn Iosrael sa nuacht).

Friday, December 26, 2008

Dul Chun Cinn (agus a Mhalairt)

An bhfuil suim ag éinne fós san Iaráic? Mar a tharlaíonn, tá dul chun cinn nach beag ann. Tuairiscítear deachtóir na hIaráine a bheith ar an teilifís le haghaidh na Nollag... Bualadh bás do dhuine de na naimhde is mó dá bhfuil ag an gCríostaíocht (gan trácht ar na Giúdaigh)...
Sea, seo FíorMheon na Nollag, dar lena leithéid sin. Cúlú an Chine Dhaonna, muise. Ach déanann Iosrael trócaire ar na sceimhlitheoirí, agus cáintear iad mar sin féin.
Seo cuntas ar Rehavam Ze'evi. Níor mhol sé "glanadh eitneach" mar a thuigimse é, a Dhruma Mhóir. Ní raibh sé chun na hArabaigh a scriosadh mar gheall ar a gcine. Bhí sé conspóideach, cinnte. Ach ní raibh sé de cheart ag éinne é a dhúnmhárú.

Tuesday, December 23, 2008

Déanfar Reifrinn go bhFaighfidh siad an Freagra atá Uatha!

Ceapann an t-ambasadóir John Bruton go bhfuil na hÉireannaigh a dhiúltaigh an conradh seo aineolach agus dall (níl sé éasca a léamh ná a thuiscint...). (Agus sa chaint sin, tugann sé gach sonra dá bhfuil tábhachtach ann, dar leis - agus ní luann sé an ginmhilleadh!) Dar leisean agus mórán daoine eile, beagnach gach tír eile san Aontas Eorpach, ní mór reifreann eile a reachtáil. Agus déanfar sin go bhfaighfear an torradh atá uatha. Sea, sin an plean atá ag na Francaigh, srl.
Agus is léir ón scéal uafásach seo ó Phoblacht na Seice cad é an saghas measa atá ag lucht an Aontais, go háirithe sa Fhrainc, orthu siúd nach n-aontaíonn leo faoi gach aon rud. (Tá tuiscint nach beag acu i bPoblacht na Seice ar a leithéid, agus ba chóir éisteacht leo.) Níl ann sa Daonlathas ach bealach chun a dtoil a chur i bhfeidhm. Is uirlis é, sin uile. Agus is amhlaidh a bhíonn gach áit a bhfaigheann rialtas sóisialach smacht ar thír, mura mbíonn réabhlóid ann. De ghnáth, bíonn uachtarán fad a shaoil ann i ndeireadh na dála (féach a bhfuil ar bun ag Chavez, mar shampla).

Is fadhb mhór an diúltú seo, dar le lucht na hEorpa, agus beidh Éire thíos leis. Ach an fíor sin? Cad tá cearr le múnla na hEilvéise? Nach tír shaibhir sin? Nach bhfuil siad in ann oibriú le tíortha eile na hEorpa?

An púdal na hEorpa í Éire? Nó an é, mar a deir na Gearmánaigh, go bhfaca Éire "was des Pudels Kern ist" (croí an phúdail)?

(Spreag an t-alt seo in Beo! an bhlagmhír seo.)

Friday, December 19, 2008

Cearta Daonna agus an Ceart

Chuala mé bean darb ainm Yvonne Nic Dhiarmada ag caint le Máirín Mhic Dhonnchadha ar Rogha na Seachtaine, Raidió na Gaeltachta, an tseachtain seo (agus Gaeilge líofa lofa ag Yvonne). Craoladh ar Céim ar Chéim é den chéad uair. Bhí siad ag plé Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, agus leis sin, na Palaistínigh bhochta, arís eile. An bhfuil suim ag aon duine sa stair nó i bhfíricí an tsaoil seo níos mó?

Eisíodh an dearbhú sin sna Náisiúin Aontaithe sa bhliain 1948. Agus is léir gur mhaith leis na mná thuasluaite údarás a thabhairt dó, agus do na Náisiúin Aontaithe leis. Níos mó údaráis ná a bheadh ag tíortha nó muintireacha éagsúla, b'fhéidir, tuigtear uathu.

Mar a tharlaíonn, rinne a t-údarás uasal (mar dhea) seo socrú eile níos luaithe fós sa stair, in 1947. Ba é sin chun an Phalaistín a roinnt ina dá leath, ionas go mbeadh stát Giúdach agus stát Arabach ann. 1947.

Dar ndóigh, dhiúltaigh na hArabaigh an réiteach sin, agus is iomaí cogadh, uafás, agus, i ndeireadh na dála, iarracht eile ar a chur i bhfeidhm atá againn ó shin i leith.

Ach braitheann údarás ar an ábhar, is dócha.

Cad mar gheall ar chearta daonna? Is léir go bhfuil meas an domhain ag na Palaistínigh orthu sin, cinnte, agus iad ag briseadh gach uile dlí idirnáisiúnta dá bhfuil ann, chun sibhialtaigh a mhárú is a chéasadh. Ach ní iontusan ach Giúdaigh...

Och, na Palaistínigh bhochta. Mo léan.

Iosrael, Cearta Daonna agus na Náisiúin Aontaithe

(Tá Iosrael ann le seasca bliain, freisin. An raibh ceiliúradh air sin ag Ollscoil na Gaillimhe?)

Monday, December 15, 2008

Ag Caint le Bróg

laoch nua ag an eite chlé, mo léan. Nach ait an rud é go mbíonn an eite chlé ag tabhairt tacaíochta do na rialtais is na heagraíochtaí is measa dá bhfuil ann? Ach ní léir an fáth gur thug an duine an masla seo. Níl aon amhras go bhfuil clú agus cáil air anois. Is laoch é do gach sceimhlitheoir sa MheánOirthear, agus araile. An Reuters san áireamh...
Ach cé go bhfuil daoine ann a sheasann le Saddam agus a leithéid fós, agus daoine go leor gur mhaith leo Bush a mhaslú am ar bith, níl sé amhlaidh gur fuath le gach Iarácach Bush ná Meiriceá - ach a mhalairt. (Dála an scéil, oibríonn an duine seo as Cadhró na hÉigipte). Tá saoirse ann nach raibh ann riamh roimhe seo, b'fhéidir, agus tuigeann mórán sin. Agus is daoine maithe cróga iad na hiriseoirí Iarácacha go minic. Maraíodh na sceimhlitheoirí roinnt mhór díobh, faraor. Ach tá rud ann mar shaoirse cainte is iriseoireachta anois sa tír sin, agus ní rud beag sin. Go n-éirí leo inár n-éagmais. Ach is deacair a bheith dóchasach faoin MeánOirthear, muise. Tá sé ceart agus cóir go bhfuil sé faoi ghlas as an ionsaí seo, ach ní bheidh sé ann le fada, mura bhfuil rud eile amú, agus tá sé sin ceart freisin. Maraon leis an diabhal, tá bua ag na sceimhlitheoirí chun an leas is fearr (measa) a bhaint as an mbolscaireacht. Seo linn eachtra atá náireach do rialtas na hIaráice agus a thugann tacaíocht do na daoine olca. Is mór an trua nach bhfuil níos mó daoine ann ag gabháil a leithscéil as an masla seo - agus níos mó ag tabhairt faoi deara na hiriseoirí Iarácacha, agus uachtarán na hIaráice, a ghabh.
Ar thug éinne faoi deara cad a dúirt Bush ag an ócáid seo?

Thursday, December 11, 2008

Dhá Shaghas Marthanóra

Tá clár iontach maith ar fáil anseo go dtí 4 Eanáir, dar teidil 'Inheritance.' Molaim go hard é. Léirgeas is ea é ar mharthanóir an Uileloiscthe, agus iníon an fhir a bhí i mbun champa an bháis ina raibh sí ina sclábhaí aige. An campa as a sabháil Schindler roinnt mhór daoine, ise san áireamh. Ní raibh an iníon seo ach bliain d'aois nuair a crochadh a hathair, agus ní raibh aon fhios aici gurb arracht é a hathair go dtí an uair go raibh sí aon bhliain déag d'aois. Níor chuala sí aon trácht ar na Giúdaigh sa Ghearmáin, fiú. Bhí oideachas aici ó shin. Bualann siad lena chéile, agus thugann siad cuairt ar an áit.
Cheapfaí gur gnátháiteanna agus gnáthdhaoine iad. Agus gach duine sna tíortha siúd, go háirithe sa Ghearmáin, bíonn a leithéid ina dtimpeall i gcónaí. Agus san oirthear, maraon le déantóirí coireanna na Naitsithe, bíonn déantóirí choireanna na gcummánach ina dtimpeall freisin, mar a fheictear sa scannán iontach maith Das Leben Der Anderen.
Mise, anseo i Nua-Eabhrac, is iomaí marthóir an Uileloiscthe agus iarshaighdeoir an dara cogadh domhanda lena mbuail mé, ach bíonn níos lú díobh beo gach lá. Ní mór a scéal a choimeád beo.

Na hIndiaigh Dhearga is na Gaeil

Go mion minic, cuirtear inár leith go ndearnadh an drochbheart céanna ar na Meiriceánaigh bhundúchasacha agus a rinneadh ar na Gaeil. Ach bím an-amhrasach faoi chomparáid mar sin idir dhá chultúr is dhá stair éagsúla. Tá sé ró-éasca rud mar sin a mhaoimh gan bhunús ná tuiscint chruinn.

Cad iad na cosúlachtaí a spreagann an ráiteas seo? Tharla concas na hÉireann timpeall an ama chéanna agus a tharla concas Meiriceá. Agus i Meiriceá Thuaidh, rinne Béarlóirí roinnt mhór de. Brúdh creideamh, cultúr agus teanga nua ar mhuintir na tíre mar chuid den choncas sa dá chás.

Cé gur tharla plandáil thuaisceart na hÉireann agus plandáil Mheiriceá Thuaidh sa seachtú aois déag, is iomaí rud a tharla roimhe sin sa dá thír. Bhí caidreamh idir Éire is Sasana le blianta fada roimh an aois sin, agus is de réir a chéile a mhéadaigh tionchar na Sasanach in Éirinn. Mar an gcéanna le Meiriceá, bhíodh easaontas ann i gcónaí i measc na dtreibheanna áitiúla, agus uaireanta dhéanaidís margadh leis na heachtránaigh. Throideadís in aghaidh a gcomharsana leo, agus thugaidís cuireadh dóibh teacht i dtír uaireanta. Mar an gcéanna leis na hIndiaigh, níor thuig siad i gceart ag a am cé mhéad daoine a thiocfadh. Tá cosúlachtaí ann, cinnte. Ach leis an méad sin, tá difríochtaí móra ann, freisin.

Ní raibh caidreamh ann idir na Sasanaigh agus na bundúchasaithe i Meiriceá. Tharla an teagmháil idir an dá chultúr den chéad uair timpeall an ama sin, go tobann. Agus sular chuir Sasanach amháin cos ar an bhfód, fuair roinnt mhór de mhuintir na háite bás mar gheall ar ghalair na nEorpach. Bhí Plymouth (nua) folamh nuair a tháinig na hOillithrigh. Agus nach mór an difear a bhí idir an dá chultúr áirithe seo? Daoine ó aois na gcloch a bhí ag bualadh le daoine nua-aimseartha den chéad uair. Ní raibh cothromaíocht ann idir an dá chultúr maidir le teicneolaíocht, eagrú, ná eolas faoin saol. Ní raibh difear mór ann in Éirinn aon uair a tháinig na Sasanaigh. Bhí siad ar an gcéim chéanna maidir le heolaíocht agus cultúr. I gcodarsnacht, tugadh Saol Nua ar Mheiriceá, agus sin a bhí ann. Saol nua le cultúr ó aois a bhí thart san Eoraip leis na mílte bliain.

Dar ndóigh, bhí tionchar nach beag ag tíortha eile na hEorpa ar stair Mheiriceá, seachas Sasana. Go háirithe, rinne na Spáinnigh na concais ba mhó, ar chultúir mhóra - bharbartha. Sea, ní raibh gach Spáinneach ina Naomh, gan amhras. Ach níor ghearr duine díobh croí dhuine as a chliabh, ach oiread. Bhí cúis lena dtuairim go raibh siad i gceart agus iad ag cur na hAztec agus a leithéid faoina smacht. Saint a bhí ann, leis, gan amhras. Ach luach a saothair dóibh ab ea an t-ór sin, dar leo. Obair an diabhail a bhíodh ar siúl i Meiriceá ag an am, agus chuir siad stop leis. Ní raibh sé amhlaidh in Éirinn - tar éis aimsir na bpagánach. Tharla fás is feabhsú ar chultúr na hEorpa nár tharla fós i Meiriceá faoin am sin. Difear an-mhór sin, cinnte.

Cuirtear diabhlaíocht agus drochaigne i leith na Meiriceánaigh mar a chuirtear i leith na Sasanaigh go rí-mhinic in Éirinn an lae inniu, agus mar sin, ceaptar gur ionann iad gach Béarlóir. Ach scar Meiriceá ó Shasana ag deireadh na 18ú aoise, dar ndóigh, agus tá a scéal féin ag na Stáit. Roimhe sin, bhí cogadh i Meiriceá idir an Fhrainc agus Sasana, mar a bhí san Eoraip ag an am. Throid Indiaigh áirithe ar an dá thaobh. Ní raibh na hEorpaigh ag troid in aghaidh na nIndiach i gcoitinne. Níor tharla sin riamh. Bhí deachtrachtaí áirithe ag amanna áirithe le treibheanna áirithe. Gan amhras, ní raibh seans ag an gcultúr dúchasach mar gheall ar an méad daoine a tháinig, agus lámh in uachtar an chultúir nua. Níorbh fhéidir le héinne stad a chuir leis sin. Ní riabh plean ag rialtas na Stáit nó ag éinne chun na hIndiaigh a scriosadh go huile is go hiomlán. Rinneadh iarrachtaí chun réiteach éigin a fháil, agus is iomaí drochbheart a rinneadh d'ainneoin sin. Ach scéal casta is ea é, agus is iomaí cúis agus iomaí coimhlint ar leith a bhaineann leis.

An mbíodh meas ag na hEorpaigh ar chultúr na nIndiach? Uaireanta, bhíodh. Ach den chuid is mó, ní bhíodh meas madra acu orthu - mar ba chine ar leith iad. Sin difríocht an-mhór eile. Dá mba dhaoine geala iad, ní dóigh liom go mbeadh cúrsaí chomh holc agus a bhíodh. Agus ná bítear ag smaoineamh go bhfuil Meiriceánaigh níos measa mar chinníochaithe ná aon mhuintir eile. Bailiúchán de gach muintir na hEorpa iad na Meiriceánaigh ag an am sin. Bhí an locht céanna sin ar an móramh. Agus san aois sin, bhí sé an-nadúrtha, mar ní raibh taithí ag beagnach aon duine ar chiníocha eile.

Maidir le creidimh, tugadh an Chríostaíocht do na hIndiaigh. Sin an rud a rinne daoine mar Phádraig in Éirinn. Thug na Spáinnigh agus na Francaigh an creideamh Caitliceach dóibh, agus thug na Sasanaigh is na hÍsealtírigh an creideamh nua Protastúnach dóibh. Sea, ní raibh an creideamh Protastúnach ann ach le timpeall céad bliain, agus cnámh spárna ollmhór ab ea é fós (go deo) san Eoraip. Ach athrú, agus dar leo ceartú, ar an gCríostaíocht a bhí i gceist ag na Protastúnaigh. Níorbh ionann sin agus an Soiscéal a sceapadh den chéad uair. Bhí gach Eorpach i bhfábhar sin ag an am. Agus is iomaí Éireannach atá agus a bhíodh ina mhisnéir. Is iomaí Meiriceánach bundúchasach atá buíoch as an mbronntanas sin.

An troid idir na Caitlicigh agus na Protastúnaigh a thosaigh ar mhórthír na hEorpa, sin an troid a lean ar aghaidh in Éirinn. Cuid de fheachtas i bhfad ní ba mhó ab ea é, agus sheas na Francaigh is na Spáinnigh le hÉirinn. Theip orthu sna chathanna sin, agus bhí an bua ag na tíortha Protastúnacha. Tharla sin i Meiriceá, freisin, mar chuid den chogadh céanna. Ach bhí an troid sin idir na hEorpaigh féin. Tharla an troid chéanna i Sasana féin roimhe sin, agus theip ar na Caitlicigh. Ní raibh baint dá laghad ag an troid seo leis an gcoimhlint idir na hIndiaigh agus na hEorpaigh, ach nuair a ghlac na hIndiaigh páirt ann mar chomhghuailithe.

Sin roinnt dá bhfuil i gceist. Dar liomsa, tá sé an-leisciúil agus saonta a rá gur ionann an dá chás. Cén fáth go ndeirtear é seo in aon chor? Mar a thuigim é, deirtear é chun chur in iúl nach bhfuil na Meiriceánaigh pioc níos fearr ná na Sasanaigh, agus go mbíonn fonn ar an dá thír cos ar bolg a imirt ar thíortha eile. Agus tá na híobartaigh i bhfad níos fearr go morálta, tuigtear as sin. Mar dhea. Tugann an scéal sin sólás do dhaoine áirithe. Cé gur finscéal é. Is fearr le mórán scéal rómánsach ná fíricí.

Maidir le teangacha, tá cosúlachtaí agus difríochtaí idir an dá scéal, freisin. Ní raibh teanga amháin i Meiriceá, fiú nuair a tháinig na hEorpaigh. De réir a chéile, fuair an Béarla an lámh in uachtar. Lingua Franca, agus teanga an mhóraimh is ea é. Teanga an rialtais, freisin, cinnte. I Sasana, nuair a tháinig na Normanaigh, mhair teanga na Sasanach, agus mheasc na teangacha lena chéile chun teanga nua a dhéanamh. In Éirinn, tharla rud eile ar fad. Mhair an Ghaeilge, ar éigin, agus labhraítear Béarla i gcoitinne, gan aon mheascán, ach blas Éireannach. I Meiriceá, bhí teanga dhifriúil ag gach treibh agus d'fhoghlaimídís go léir teanga eile ón Eoraip, chun a bheith in ann gnó a dhéanamh leis na hEorpaigh. Uireanta, brúití orthu é. Tá a dteangacha féin fós ag roinnt mhór de na treibheanna a mhair, ach is mionteangacha i mbaol iad, cosúil leis an nGaeilge. Sin an cosúlacht is mó idir na hÉireannaigh is na hIndiaigh Mheiriceánacha. Agus is féidir leo foghlaim óna chéile, agus sin rud fiúntach.

Sa lá atá inniu ann, tuigtear go maith fiúntas na gcultúr bundúchasacha i Meiriceá. Deirtear gurb amhlaidh in Éirinn, freisin. Is Éireannaigh iad an móramh in Éirinn fós, i gcodarsnacht le bundúchasaithe Mheiriceá. Is féidir leo athsheilbh a fháil ar a dteanga féin, agus a gcultúr féin a chothú ina dtír féin, fiú mura bhfuil a rialtas féin ann i gcónaí, más mian leo. Tá an deis sin acu. Ach tá an móramh sásta gan é sin a dhéanamh. Dá mbeadh teanga amháin dá gcuid féin agus dá mbeadh an deis sin ag na hIndiaigh, an dtapóidísne é?

Wednesday, December 03, 2008

Diabhal agus dia

Mar a bhíonn George Bush ina dhiabhal dar le mórán, is léir go bhfuil Barack Ó Bama ina dhia beag acu sin. Féach. An mbeidh íomhá de in gach teach in Éirinn mar a bhíodh na cinn den Chinnéideach? Cheapfá gur Mao éigin atá ann agus an iomad pictiúirí de á gcrochadh is á gcaitheamh in Brooklyn.

Ní dóigh liom go mbeidh daoine chomh sásta leis go deo arís. Agus a mhalairt faoi GWB - ní bheidh daoine chomh mí-shásta leis go deo arís. Muise, nach mbeidh faoiseamh an domhain air nuair a théann sé abaile go Crawford. Post fíor-dheacair is ea é, bheith i d'uachtarán, gan buíochas ó éinne, de ghnáth. Ní bhfaightear mar chúiteamh ar do dhianshaothar ach gearáin.

An mbeidh mí na meala Uí Bhama thart nuair a thosóidh sé? An bhfuil éadaí ar bith á gcaitheamh ag an rí? Síleann an eite chlé gur saghas slánaitheora é. An díomá atá orainne nár chaith vóta ar a shon, beidh an díomá chéanna ar lucht a thacaíochta ar ball, deirimse. Sin a rá, ní dóigh liom go mbeidh sé chomh dona agus a cheapamar, ná chomh hiontach agus a cheapann siad siúd. Ach is maith an scéalaí an aimsear.