Tuesday, February 27, 2007

Biogóideacht agus Ceartchreidmheachas

Bíonn daoine ann i ngach aon sochaí a dhéanann rudaí olca. Tugtar coirpigh orthu i sochaithe áirithe, agus gearrtar pionós ar a leithéid. Seo mar a tharla leis na coirpigh san arm Meiriceánach le déanaí. Sin a tharla maidir le hAbú Gráib, freisin, nuair a bhí seilbh ag na Meiriceánaigh air. I sochaithe eile, ceiliúrtar na rudaí olca, agus tugtar laochra agus, más oiriúnach, mairtírigh ar na daoine ciontacha. Sin mar a bhíonn i measc na sceimhlitheoirí san Iaráic, agus ar fud an domhain. Sin mar a bhíodh nuair a bhíodh Saddam ag dúnmharú is ag céasadh daoine in Abú Gráib roimh teacht na Meiriceánach.

Cé acusan an sochaí a roghnófá? Cé acu an dearcadh is fearr leatsa? Seo Éireannach (eile) nach smaoiníonn gurb iad na Meiriceánach an taobh is fearr sa streachailt domhanda seo. Mo léan géar. B'fhearr do mo dhuine seo gan smaointe mar sin a roinnt linn. Seo arís mo fhreagra dá leithéid.

Scéal eile. Fuair Al Gore cúpla oscar as a chuid cacamais. Laoch do Hollywood is ea é, gan aon agó. Creideamh nua na bien pensant is ea cultas an téimh dhomhanda. Ach an mbeadh an ghnaoi chéanna ar an "drochscéal" seo mura mbeadh namhaid Bush á chraobhscaoileadh?

www.junkscience.com

www.globalwarminghysteria.com

Wednesday, February 14, 2007

Duaiseanna Eile don Fhrith-Bush-ach

Sea, is léir go mbíonn an pholaitíocht taobh thiar den iomarca duaiseanna le fada. Ba léir sin nuair a fuair Jimmy Carter an duais Nobel mar gheall ar a sheasamh in aghaidh Bush agus an chogaidh san Iaráic. Dúradh sin ag an am. Anois, tá na Dixie Chicks againn.

Bhí siad maslach do Bush
thar lear, agus ní raibh a lucht leanúna sa bhaile sásta leis sin, go háirithe i dTexas. Níor cheannaigh siad ticéid dá gceolchoirme, ná a ndlúthdhioscaí, agus níor sheinn na stáisiúin raidió a gcuid amhrán. Níor stad éinne iad óna dtuairimí a nochtadh. Bíonn iarmhairtí ann nuair a maslaítear daoine, go háirithe nuair a bhraitheann tú orthu chun do shlí bheatha a dhéanamh. Ach mar sin féin, thug na gnáth-dhaoine céanna ‘cinsireacht’ air a tharla, agus rinneadh laochra de na mná seo.

Tugadh duaiseanna go leor dóibh ag na Grammies i mbliana, agus ba léir gurbh é mar gheall ar an bpolaitíocht. Mar a dúirt mé anseo cheana, tuilleann dearcadh frith-Bush duaiseanna.

Ní bhíonn aon rud nua ann faoin ngrian. Seo scéal eile nach mbaineann le duaiseanna. Is cinnte gurbh é an Chéad Chogadh Domhanda an cogadh ba amaidí riamh, ach mar sin féin, bhí daoine ní ba amaidí fós ann, ag smaoineamh gurbh fhéidir leo an cogadh sin a stadadh (ní raibh na Stáit sa chogadh sin fós, DAS). Tá an-chosúlacht idir iadsan agus “lucht na síochána” an lae inniu. George Soros na haoise sin ab ea Henry Ford, b'fhéidir.

Frith-Ghiúdach uafásach ab ea Henry Ford, mar atá. Tá an tréith sin ró-choitianta i measc na "síocháiní" sa lá atá inniu ann, freisin, faraor.

Wednesday, February 07, 2007

Cad is Fox News Ann?

Dar leis an ngnáth-Éireannach, is púca éigin nó staic mhagaidh atá i gceist, dar le gach a léim ar an idirlíon. Ach níl a fhios ag mórán daoine lasmuigh de na Stáit Aontaithe (agus fiú ar an eite clé laistigh den tír) cad atá ann in aon chor. Is iomaí tuairim a bhíonn ag daoine faoi, cé nach bhfuil aithne ar bith acu ar an mbealach seo. Bhuel, is é an t-aon tuairim amháin a bhíonn ag daoine, dar ndóigh, go rí-mhinic.

Ach tá suíomh idirlíon acu, agus is féidir le gach éinne sin a scrúdú. Tá eolas ann faoi na bealaigh atá ar fáil ar fud an domhain chun a gcuid clár a fháil. Agus má tá leathan-bhanda agat, tá siad ar fáil ar an idirlíon, freisin. D’inis Mick Rua dom go bhfuil sé“…le fáil anseo san Eoraip ar BSKYB,” pé rud sin.

Bunaíodh Fox News sna nóchaidí, agus is bealach cábla atá ann. Nuair a thosaigh teilifís cábla a bheith coitianta, is iomaí bealach nua a tosaíodh. Leis na cianta, ní bhíodh deis ag aon choimeádach a thuairimí a nochtadh ar na príomh-bhealaigh. Ní raibh ann ach Firing Line, a bhíodh ar an mbealach poiblí (clár iontach aighnis a bhíodh ag William F. Buckley Jr.). Le blianta fada, bhíodh riail ann faoin ‘gcothromaíocht’ a rinne sé riachtanach malairt tuairime a bheith ann don mhéid ama céanna aon uair a nochtadh tuairim ar bith ar raidió nó teilifís. Cuireadh an riail sin ar ceal faoin uachtarán Reagan. Sin an fáth gurbh fhéidir do leithéid do Rush Limbaugh (púca eile don lucht aineolach céanna) cláir thuairimíochta a thosnú, beag beann ar mhalairt tuairimí. Tá éileamh mór ar a leithéid ó shin i leith. Mar a deir Rush, níl a leithéid ann chun tuairimí na heite clé a dhíbirt, ach chun cothromaíocht a dhéanamh (beagáinín) ar an síor-bholscaireacht a dhéanann beagnach gach bealach agus clár eile. Tá claonadh láidir i bhfabhar na heite clé sna meáin, mar a dúirt mé, leis na cianta. Ach scríobh mé ar an ábhar seo cheana, cúpla uair, is dócha.

Cuireann sé isteach ar mórán Eorpaigh go bhfuil guth ag an eite dheas ar chor ar bith. Níl siad sásta nach mbíonn gach duine ar aon fhocal lena chéile ag caint faoi chúrsaí reatha. Is dócha nach bhfuil aon taithí acu ar a leithéid, mar níor tharla athruithe sna meáin san Eoraip mar a tharla anseo – fós – go bhfios dom.

Tá bealaigh eile ag Fox, agus ní mar an gcéanna iad ar chor ar bith. Is mó clár siamsaíochta atá ar an bpríomh-bhealach atá acu, American Idol agus The Simpsons san áireamh.

Ach ar ais go Fox News. Cad a bhíonn ann? Tá cláir nuachta ann, cinnte. Tá mana acu, ‘Fair and Balanced,’ agus ní bhíonn claonadh acusan nuair a thuairiscítear scéal nuachta. Insítear faoin scéal féin. Tá cláir eile acu, agus is cláir phlé iad. Bíonn daoine ann ón dá thaobh, de ghnáth. Tá cláir thuairimíochta eile ann, mar The O'Reilly Factor, agus aíonna ann ón dá thaobh. Nochtann O’Reilly a thuairim féin ar dtús agus amanna áirithe i rith a chláir. Agus ní bhíonn sé ar aon intinn leis an móramh coimeádach i gcónaí.

Mar sin, cé go mbíonn seans ag coimeádaithe a gcuid tuairimí a nochtadh ar an mbealach seo, níl sin an t-aon rud atá ann ná baol air. Ach bíonn eagla ar an eite chlé go bhfuil bealach ann d’aon duine chun na rudaí a deir siadsan a bhréagnú. Sin an fáth gur fuath leo Fox News agus raidió cainte. Foghlaimíonn daoine an fhírinne ó na foinsí sin. Cloistear rudaí seachas ráitis oifigiúla na liobrálaithe (an Liberal Party Line) ann, agus níl aon fhreagra acu, ach chun a bheith ag magadh is ag díspeagadh is ag scaipeadh scéalta bréagacha faoi Fox News agus a leithéid. Sin an nós a bhíonn ag daoine nach féidir leo argóint a bhuachan, agus nach mian leo fiú a gcuid tuairimí a chosaint. Is daoine frith-intleachtúil iad na liobrálaithe, go mion minic, mar ní maith leo plé ná aighneas. Ní maith lena leithéid má tá éinne dá gceistiú, má tá éinne ann nach nglacann lena gcreidimh. Sea, gach rud a thugann siad orainne mar mhaslaí. Ach tá lucht an easaontais neamhbhalbh, buíochas le Dia. Seo daoibh saoirse cainte.

Monday, February 05, 2007

Lá Nua?

Nuair a léim scéal nuachta, bím ag tnúth le nuacht. Bím ag súil le heolas faoin scéal, seachas tuairim duine. Fadó, gach Lá, bhíodh bolscaireacht frith-Mheiriceánach (frith-Bush) ann. Ach le tamall, agus mé ag féachaint ar Lá, níl an méid céanna ann. Tá feabhas ar Lá le fada. Ach inniu (5 Feabhra 2007), tá iarsma den sean-Lá ann.

Tá scéal ‘nuachta’ ann a thugann tuairimí ollaimh (Hossein Askari) as an Iaráin atá ina chónaí sna Stáit anois, agus bíonn sé ag scríobh go bhfuil gach ceart ag an Iaráin chun airm núicléacha a dhéanamh, agus a dtoil a dhéanamh sa Mheánoirthear. Nach bhfuil Meiriceá ag bagairt orthu? Nach bhfuil gach fadhb sa limistéir sin mar gheall ar Mheiriceá? Nach raibh Meiriceá ciontach as an gcogadh leis an Iaráic, a lean deich mbliana? Bhuel, ní léir ón alt go mbíonn an duine seo, atá i gcoinne smachtbhannaí ar an Iaráin, agus i gcoinne cosc nó srian ar bith orthu, de réir dealraimh, ní léir an méid a bhíonn sé ag scríobh ar an ábhar seo ón alt. I bhfírinne, ní thugtar mórán eolais dúinn faoin duine seo. Ach is léir go dtaitníonn a thuairim le Eoghan Ó Néill, an té a scríobh. Mar níl aon tuairim eile ann. Teidil an ailt? Míthuiscint Mheiriceá faoi cheist na hIaráine.

An bhfuil fáthanna ann a mhíníonn dearcadh Mheiriceá? Ní bheadh a fhios ag éinne a léifeadh an t-alt seo. Bíonn Meiriceá (Bush go háirithe) mícheart, tá a fhios ag gach éinne sin. Sin an dearcadh taobh thiar den alt agus den sean-mheoin seo. Aineolas an rud a chothaítear le ‘nuacht’ mar seo.
Tugtar le fios san alt seo go bhfuil nuachtáin Mheiriceá ag cabhrú le Bush chun leithscéal a chumadh maidir le hionsaí a dhéanamh ar an Iaráin. Cacamas amach is amach sin. Scríobh mé anseo cheana faoi na meáin i Meiriceá, agus an dóigh nach dtuigeann na hÉireannaigh cúrsaí nuachta anseo. Agus is nuacht ó phríomhnuachtán na hÉireann as Gaeilge é seo? Is mór an trua sin.

Mar atá, tá fianaise go leor ann go mbíonn an Iaráin ag tacú leis na sceimhlitheoirí san Iaráic, go mbíonn siad ag úsáid buamaí a dhéantar san Iaráin, srl. Is léir go bhfuil droch-thionchar ag an Iaráin ar na tíortha máguaird, mar an Liobáin agus an Phalaistín, agus go mbíonn siad ag tacú leis an sceimhlitheoireacht. Is léir go mbíonn siad ag rá go scriosfaidh siad Iosrael (agus nár tharla an t-uileloscadh). Ach is Cuma le Ó Néill sin. Is dócha nach raibh spás go leor sa nuachtán chun na scéalta sin a insint.

Maidir leis an nGaeilge de, seo an chéad abairt: “Cén tír a rinne an Iaráin a ionradh?” Cad is brí de?
Níos déanaí: “Cad faoi cumhacht núicléach?” [SIC]
Is dócha go raibh an iomarca de ríméad ar Ó Néill go bhfuair sé duine a thacaíonn leis an Iaráin sna Stáit nár bhac sé an iomarca lena cheird.

Caighdeán níos airde, le bhur dtoil, a Lá Nua.