Breithiúnas ceart a rinneadh san Ísiltír. Fuar siad nach raibh Geert Wilders ciontach as aon choir ar bith.
Ní maith liom (mar Mheiriceánach) an dlí agus go raibh sé cúisithe ar chor ar bith, ach ar a laghad, fuair sé a cheart.
Anois agus an siorcas sin thart, ní mór don tír sin (agus don uile thír) díriú ar an saincheist - cén iompar atá ceart i leith an Ioslamachais?
Showing posts with label Geert Wilders. Show all posts
Showing posts with label Geert Wilders. Show all posts
Friday, October 15, 2010
Wednesday, October 06, 2010
Geert Wilders
Tá Geert Wilders sa chúirt inniu san Ísiltír. Ceapann sé go bhfuil síol agus cúis an fhoréigin a dhéanann Muslamaigh radacacha sa Chorán féin. Taispeánann sé seo ina scannán gearr Fitna (seo cuid a haon agus cuid a dó - níl ann ach timpeall 16 nóiméad san iomlán). Sa scannán sin, luann sé vearsaí as leabhar naofa na Muslamach agus cuireann sé íomhánna leo a thaispeánann conas a gcuirtear i bhfeidhm iad. Dúshlán is ea é don Mhuslamach dul i ngleic leis na droch-choincheapanna atá sa leabhar agus na fadhbanna atá bunúsach ina gcreideamh.
Sa dara leath den scannán, díríonn sé ar an bhfás as cuimse de dhaonra Muslamach san Ísiltír agus san Eoraip. Féachaint nach bhfuil na Muslamaigh sásta na vearsaí sin (agus an foréigin sin) a dhiúltú, is léir dó nach bhfuil sé ar son leas na hEorpa tuile de Mhuslamaigh a ligint isteach. Tá sé baolach do chultúr is féinthuiscint gach tír san Eoraip, fiú mura bhfuil sé baolach mar gheall ar an sceimhlitheoireacht (agus síleann sé go bhfuil).
Conspóideach? Cinnte. Maslach? Ní dóigh liom. Pé scéal, níl sé chun daoine a ionsú, ná ag bagairt ar éinne. Déanann sé a chás agus cuireann sé os ár gcomhair é go stuama. Rud bunúsach don saoirse cainte cead a bheith ag duine sin a dhéanamh. Is náireach do rialtas na hÍsiltire go bhfuil siad á chrá mar gheall air. Tá imní orthu thall mar gheall ar an bhforéigin - mar dhúnmharú Theo Van Gogh. Tá an iomarca daoine ann atá sásta géilleadh roimh ionsaí na Moslamach radacach. Níl Geert Wilders sásta sin a dhéanamh. Treise leis! Agus go n-éirí leis i gcoinne naimhde na saoirse seo go léir.

Moladh
Seasaimis le Geert Wilders ar son na saoirse amárach. Beidh blagadóirí eile ar fud an domhain á dhéanamh. Tá rialtas na hÍsiltíre á ghéarleanúint mar gheall ar scannán a rinne sé, Fitna. Tá an scannán dian ar an gcorán agus deacair a sheasamh mar gheall ar na híomhánna uafásacha atá ann, ach molaim é mar sin féin. Is féidir é a fháil ar youtube (ach bí cúramach - tá bréagnaisc go leor ann). Beidh níos mó le rá agam faoi amárach, lcD. Is náireach an iompar atá ag a rialtas chuige, agus is saghas canáraí sa mhianach é.
Subscribe to:
Posts (Atom)