Thursday, December 15, 2011

Is mithid, is dócha...

Cogar - ar thug éinne faoi deara é? Tá an cogadh san Iaráic thart. Is dócha nach bhfuil suim ag mórán daoine, féachaint go bhfuil Ó Bama ina phríomhcheannaire air le timpeall trí bliana anuas. Bua atá ann, ab fhiú an uile thriail, dar leis anois. Scéal difriúil ó chúpla bliain ó shin, dar ndóigh.

Níl a leithéid de Cindy Sheehan ag déanamh agóide ná aon rud dá leithéid le fada an lá. Níl éine ag damhsa amuigh ar na sráideann fiú in Éirinn... Níl mórán ag tarlú san Iaráic le fada, buíochas le Dia, agus ní bhíonn sé sa nuacht. Ach tá daoine áirithe á cheiliúradh, cinnte - na daoine a bhí ag fanacht ón uair gur inis Ó Bama dóibh go mbeimid ag imeacht...

Ní miste liomsa go bhfuilimid ag imeacht faoi dheireadh, le fírinne. Is mithid. Ach táthar ag súil nach raibh gach aon rud in aisce. Níl éinne cinnte go bhfuil muintir na hIaráice ábalta - nó sásta - iad féin a chosaint. Thugamar deis iontach dóibh, agus ní féidir linn i bhfad níos mó a dhéanamh. Níl aon mhaith ann dúinn fanacht. Ní mór dóibh a dtír féin a chosaint is a chothú, más féidir leo. Go n-éirí an t-ádh leo. Slán agus beannacht.

Bheimis sásta cabhrú leo fós, ach ní dhearna Ó Bama aon iarracht dháiríre chun margadh a dhéanamh leo. Táim cinnte go bhfaighidh siad a lán airgid uainn, pé scéal. Mar beagnach gach aon tír eile. Go raibh toradh air (cé nach mbíonn, de ghnáth). Tá súil agam nach mbeidh an Iaráin dá n-ionsaí, nach dtitfidh an tír as a chéile, agus go mbeidh siad ag tógáil ar an méid a rinneamar leo go dtí an bponc seo. Tá súil agam go mbeidh suim ag an saol mór iontu. Ach ní fheadar an domhain cad a tharlóidh. Is iomaí dúshlán atá rompu. Agus is iomaí sceimhlitheoir gur mhaith leis an daonlathas atá acu a scriosadh, is córas na radacach a chur i bhfeidhm.

Ní fheadar an scríobhfar stair gan chlaonadh riamh, ach feicfear an mbeidh cúrsaí ag dul i bhfeabhas nó ag dul in olcas as seo amach, ní hamháin san Iaráic féin ach ar fud an limistéir. Cén tionchar a bheidh ag na Stáit Aontaithe ar chúrsaí? An mbeidh uachtarán againn in 2012 ag a mbeidh tuiscint agus cumas chun tionchar maith a dhéanamh ar chúrsaí? Aon uair nach dtugann Ó Bama neamhaird ar chúrsaí thall, bíonn sé ag díspeagadh ár gcarad agus ag tabhairt misneach dár naimhde, faraor. Is féidir leis na Stáit mórán a dhéanamh chun cúrsaí a fheabhsú. Ach an mbeimid sásta an iarracht sin a dhéanamh? Bíonn ár naimhde ullamh chun a mhalairt a dhéanamh, gan dabht.

Dála an scéil, dóibh siúd atá fós dall maidir le mo thírse, níl talamh ná ola inár seilbh nach raibh againn roimh an gcogadh.

Anois, cathain a bhfaighfimid réidh leis an Afghanastáin/Pacastáin?

Tuesday, December 06, 2011

An 'Sagart' is Fearr leis an hAindiachaithe

Chonaic mé rud ar Facebook a thuairiscigh go bhfuil Sagart éigin ag fógairt nach bhfuil Ifreann ann, agus nach raibh i gceist leis ach rud a cumadh chun scanradh a chur ar dhaoine. Tá liobrálaithe ar fud an idirlín ag bualadh bos don 'Sagart' seo. Níl cosc ar rud ar bith ann! Is cuma le Dia pé rud a dhéanaimid!

Cé he an t-eiriceach áirithe seo? John Shelby Spong, sagart agus easpag (ar scor) de chuid eaglais na Sasanach i Meiriceá. Agus ní hé seo an t-aon rud neamh-Chríostaí a mhúineann sé. Ní chreideann sé gur Dia é "Dia." Ní chreideann sé gur Mac Dé é Íosa. Agus i bhfad níos mó. I gcúpla focal, ní Críostaí ar chor ar bith é.

Ach "diagaire" is ea é, mar sin féin. Thug sé léachtaí ag Scoil Dhiagach Harvard, fiú. Tá a fhios ag Dia nach mbíonn mórán atá diagach ag baint leis an scoil áirithe sin le fada an lá. Agus tá a fhios Aige nach mbíonn srian ar gach éinne san eagais Shasanach ar fud an domhain (is iomaí scolt atá ag tarlú inti, mar is iondúil...ach sin scéal eile). Ach nach bhfuil sé thar fóir dóibh Dia féin a shéanadh? Chun a bheith cothrom, tá, dar le duine mór le rá san eaglais sin, Rowan Williams, cinnte, agus leis an móramh, tá súil agam. Thug Williams freagra an-stuama do mo dhuine ("Culturally speaking, the Christian religion is one of those subjects about which it is cool to be ignorant."). Ach fós, is ball den eaglais é Spong, dar leo, go bhfios dom. Is dócha go mbíonn a leithéid in eaglais nó eagraíocht nó fiú tír ar bith - daoine ar fuath leo a n-eaglais nó a n-eagraíocht nó a dtír féin, agus cuireann i gcéill gur baill fós iad díobh.

Sagart/Easpag do na haindiachaithe is ea é, agus sin an fáth go bhfuil mórán daoine an-sásta leis. Cuir "priest says hell is an invention" i d'inneall cuardaigh agus feicfidh tú. Sea, ba é Dia an chonstaic ba mhó dá gcuid creidimh, tuigeann tú. Agus na rudaí a mhúineann na Críostaithe, ba iad na rudaí féin a choimeádann ó Íosa iad...

Má aontaíonn duine leis na tuairimí sóisialta atá acu seo, bíonn siad sásta rud ar bith a deirtear a ghlacadh. Is cuma leo nach bhfuil bunús ar bith leis sa chreideamh atá ann le timpeall dhá mhíle bliain. Is cuma nach n-aontaíonn aon duine eile a thugann Críostaí air féin leis an raiméis atá idir lámhaibh ag an duine seo. Faoi dheireadh, dar leo, tá duine ag insint na fírinne!

Mura gcreideann tú i nDia agus in Íosa a aonmhac, abair é. Ná bí ag cur i gcéill go bhfuair duine eochair don fhírinne a bhíodh faoi cheilt againn gur tháinig an duine is cliste dá raibh ann riamh i measc na milliúin Críostaithe a mhair ó aimsir Chríost go dtí an lá atá inniu ann...

An té nach gcreideann i nDia, chreidfeadh sé rud ar bith, go sách minic, muise.

Níl sé éasca Ifreann a thuiscint. Ach i gcúpla focal, tá grá foirfe ag Dia, AGUS an chóir fhoirfe. Sin an fáth go bhfuil Ifreann (agus an phurgadóir) ann.

Go sábhála Dia sinn ar lasracha Ifrinn. Agus ó dhiagairí andiachacha.*


*Is fuath liom an 'ch' sin - nach raibh 'g' maith go leor don uile focal as an bhfréamh céanna?