Monday, February 09, 2009

Maidhc Ó Cathail - Beo! agus na Fíorsceimhlitheoirí

Tá alt le Maidhc Ó Cathail in Beo na míosa seo, a chuireann an cheist "Cé hiad na fíorsceimhlitheoirí?" Is deacair dom a chreidiúint go bhfuil daoine ann nach dtuigeann a leithéid, ach seo duine díobh. Cé hé? Feicim gur scríobh sé cúpla alt frith-Iosraelach do Indymedia roimhe seo. Sin iris idirlín na radacach (eile) ón eite chlé. (An ionann sin agus 'iris Éireannach?' Nílim cinnte.) Is "síochánaí" é, de réir dealraimh, a bhíonn ag caitheamh anuas ar Iosrael, srl. Bhí sé thall i limistéir na bPalaistíneach, agus tá sé an-dáiríre ag tacú leo. Ní hé seo an chéad alt a scríobh sé ar Beo ach oiread. Tá ceann ar Rahm Emanuel aige, ina dtagraíonn sé do eagarthóir an Electronic Intifada, gan náire, mar shampla.

Cad é le rá aige san alt seo in Beo? Is é an saghas duine é a chuireann líomhain i ndiaidh líomhna in abairt nó dhó, ionas go mbíonn sé an-deacair gach bréag is botún a fhreagairt. Bíonn sé éasca líomhaintí a dhéanamh. Bíonn sé níos deacra iad a fhreagairt. Ón fhocal 'mídhleathach' sa réamhfhocal ar aghiadh, tá sé ag caitheamh anuas ar Iosrael (1948 ar aghaidh...).

Is beag duine in Éirinn (agus ar fud na cruinne?) nach bhfuil ar buile faoi Iosrael, deir sé, agus sílim go bhfuil an ceart aige faoi sin. Imithe le craobhacha, fiú.

Nílim chun gach cacamas nimhneach a fhreagairt, ach déanfaidh mé mo dhícheall roinnt mhór de a fhreagairt. Ní mór taighde a dhéanamh ar na seanscéalta srl.

Deir sé nach bhfuil ach "roicéid gan mhaith de dhéantús baile" ag Hamas. Tá a fhios ag daoine eolasacha nach fíor sin, agus seo alt ar an ábhar. Deirtear a leithéid chun taispeáint nach bhfuil airm chearta ag Hamas, mar atá ag Iosrael, chun trua a tharraingt orthu. Och, na Palaistínigh bhochta, nach féidir Iosraeligh a mharú mar ba chóir... Ach tá na hairm atá acu marfach go leor .

Níl mo dhuine sásta go raibh plean ag Iosrael maidir le Gása roimh an am a raibh gá leis. Is léir nach dtuigeann sé cúrsaí míleata ar chor ar bith ach oiread. Má tá naimhde ina gcónaí taobh leat, bíonn plean ann chun déaláil leo má thagann an chúis. Mura mbíonn plean ann roimh ré, ní éiríonn leat. Is rud bunúsach seo.

Níor chuir na hIosraeligh na hArabaigh seo i gcampaí - rinne na Náisiúin Aontaithe sin. Le beannacht gach tír Arabach. Sin an fáth gur cás ar leith iad na "teifigh" Phalaistíneacha.

Maidir le 4 Samhain 2008 agus an tollán...is cuma le mo dhuine cén fáth go raibh siad ag tógáil tolláin, agus cad a tharla.

Luann sé duine darb ainm Arnon Soffer a thug 'ainmhithe' ar na sceimhlitheoirí a bhíonn ag iarraidh gach Iosraelach a mhárú. Is dócha ionas nach dtuigeann sé cé hiad na fíorsceimhlitheoirí, sin an fáth nach dtuigeann sé an fáth go bhfuil fearg mar sin ar Iosraelach. Daoine gan srian gan choinsias a bhí i gceist aige, agus níl sé mí-oiriúnach maidir le sceimhlitheoirí, cé go bhfuil sé drochbhéasach, b'fhéidir (dá mbeadh sé ceart a bheith dea-bhéasach le daoine a bhíonn ag iarriadh tú a mhárú - ach sin ceist eile). Ach seachas an droch-ainmn sin, is iomaí rud fíor a deir an duine seo.

Cé hé Arnon Soffer in aon chor? Is ollamh é, agus ba dhuine díobh a shochrú ar chúlú Iosrael ó Ghása, agus a scarú ó na hArabaigh Phalaistíneacha. Thug sé comhairle do Sharon. Déamagrafaí is ea é. Tuigeann sé na fadhbanna atá ann dá thír. Mhol sé polasaí an díscoirthe. Sin an t-aon rogha a bhí ag Iosrael féachaint nach bhfuil suim dá laghad acu siúd a chur Hamas i réim mar rialtas sa síocháin. Nach bhfuil an díscor níos fearr ná an síorchogaíocht? Ach sin ábhar eile, is dócha, a gcuireadh fíorshíochánaí suim ann.

Deir an Maidhc seo againn gur thug Iosrael airgead do Hamas fadó, mar phlean mar
“a direct attempt to divide and dilute support for a strong, secular PLO by using a competing religious alternative.”
Agus gur thug an FBI airgead dóibh faoi Chlinton, freisin, mar phlean chun lorg an airgid a bhaint amach. Is féidir gur tharla, agus is féidir gur drochphleananna a bhí ann. Ach ní féidir go raibh ceachtar acu ag tacú le cuspóirí Hamas! Ach sin an fáth go luann sé na rudaí seo - ba mhaith leo iad, ach anois, tá siad á dtroid! Ach is léir nach amhlaidh a bhí. Is iomaí rud a dhéantar mar 'realpolitik' agus boladh bréan air. Agus is cinnte nach mbeinnse de ghnáth chun polasaithe Clinton agus Reno a chosaint. Ach níor mhaith le Meiriceá Stalin riamh, mar shampla, cé gur thugamar cabhair dó sa chogadh mór, agus níor mhaith le Meiriceá Hamas riamh ach oiread. Thugamar cabhair do Saddam freisin...

Ní thugann Maidhc foinse ar bith ina alt, agus mar sin, is deacair a bheith cinnte gur fíor aon rud a deir sé, go háirithe nuair nach fíor roinnt de.

D'fhág Iosrael Gása, agus cad é an cúiteamh a bhfuair siad air? Ionsaithe. Cad a rinne na hArabaigh Phalaistíneacha leis? Scrios siad é. Ach nár scrios na hIosraeligh na tithe? Bhí cúiseanna ann chuige sin - agus cead acu:
Israeli forces are due to start large scale demolitions of the settler homes in Gaza today. Palestinians have agreed that they wanted the houses destroyed.

Dhóigh na Palaistínigh na sionagóga nár scriosadh.

Cén fáth go bhfuil a leithéid d'alt in Beo in aon chor? Bhíodh duine darb ainm Caoimhe Ní Laighin ina heagarthóir le tamall, agus ní cuimhin liom a leithéid faoin a stiúir. Faoi Éamonn Ó Dónaill, is iomaí alt frithMhericeánach a bhí ann, agus ní cuimhin liom ach sílim go raibh ailt mar seo ann freisin - ach ní cuimhin liom aon cheann chomh claonta agus chomh nimhneach. Anois, feicim go bhfuil Seosamh Mac Muirí ina eagarthóir. An Seosamh Mac Muirí céanna? Tá díomá orm. Agus comhairleoir: Éamonn Ó Dónaill.

Tá ceist agamsa ort, a Mhaidhc. Cé hiad na fíorshíochánaithe? Iadsan a bhíonn ag tacú le leithéid Hamas, nó a mhalairt? Ba chóir duit a insint do lucht Indymedia nach ceart do chuid a chuir faoin lorgfhocal 'frithchogadh.'

Hamas ag Déanamh Ionsaithe eile ar Iosrael

Sin ceannteidil nach bhfeictear ar An Druma Mór - ach tá an scéal ann, fair play dóibh! Dóbair go bhfuil sé ar fáil sna meáin go léir. Ach tharla, inné. Seoladh dhá dhiúracán ón nGása isteach Iosrael.

Ní fheictear de ghnáth ach gearáin faoi Iosrael mar is iondúil...agus uaireanta, feictear scéal eile faoin bhfrithghiúdachas domhanda, atá bunúsach do leithéid Hamas.

Tá líomháintí ann ó ghrúpa Palaistíneach cearta daonna, nach maith leo Iosrael ar chor ar bith, go bhfuil Hamas ag céasadh daoine. Muise, tá siad chomh dona go bhfuil fiú na Náisiúin Aontaithe ag éirí bréan díobh!

Go n-éirí le Netanyahu sa toghchán Iosraelach. Is fear stuama é. Agus tá rudaí deasa le rá aige faoi GWB, fiú.