Tuesday, September 11, 2012

Aon Bhliain Déag

Go raibh síocháin shíoraí ar anama na ndaoine go léir a maraíodh cothrom an lae seo tá aon bhliain déag ó shin.  Aon duine a bhí beo ag an am, is cuimhin leis cá raibh sé agus na heachtraí uafásacha sin ar siúl.  Athraíodh an saol ar an lá sin.

Bhí crógacht agus laochra ann an lá sin, freisin, dar ndóigh.  Rinneamar amhrán faoi, blianta ó shin.  Tá sé as Béarla agus as Gaeilge ar dhlúthdhiosca Bhriain DeVale.  Ní mór dúinn na rudaí maithe a chuimhniú is a cheiliúradh.

Is iomaí rud a scríobh mé ó shin, go háirithe filíocht, a bhaineann leis an lá seo.  Tá an chéad dán ar an ndlúthdhiosca thuas.  Tá an ceann sin agus dánta eile faoi i mo leabhar, An File ar Buile, i measc a lán rudaí eile.  Agus tá na túir ar an gclúdach.



Nochtadh an fhírinne dúinn an lá úd, go bhfuil daoine olca ann agus gur mhaith leo sinne a mharú.  Agus ina dhiaidh, nochtadh dúinn go bhfuil dhá shaghas duine ann.  Iadsan a sheasann linn in aghaidh na ndúnmharfóirí, agus iadsan a cháineann na Stáit Aontaithe as na hionsaithe seo agus an uile rud eile.  Is scanrúil go bhfuil a lán den dara saghas i measc na nGael.  Ach dar ndóigh, cosúil le gach cineál duine, bíonn meascán idir maith is olc ann.

Mar Mheiriceánach bródúil, táim buíoch de mo chairde thar lear a sheasann linn in éadan an oilc.  Rinneadh ionsaí orainn go léir ar 9/11 2001.  Ná déantar dearmad de go deo.

Maidir leosan nach seasann linn, guím go dtiocfaidh ciall orthu lá éigin.  Tá an blag seo ann mar gheall ar an dóchas sin, agus chun eolas a chur ar fáil as Gaeilge nach mbíonn ar fáil aon áit eile - chun misneach a thabhairt do na daoine a thuigeann.  Agus mura dtiocfaidh ciall ar ár naimhde, bím anseo dá gcéasadh, agus fáilte.

Tá a fhios agam gur féidir le daoine tuairimí difriúla a ghlacadh maidir leis an dóigh is fearr dúinn sinn féin a chosaint agus an olc a chosc.  Is maith an rud sin a phlé.  Chomh fada agus atá an cuspóir céanna againn.  Ní éistfidh mé go deo le leithscéalta dóibh siúd a rinne an t-uafás, ná aon olcas dá leithéid.  Tá olc agus maith ann.  Glactar taobh.

No comments: