Tuesday, January 30, 2007

Tharla Sé Anseo Cheana

Is minic a léim rudaí faoi Éire agus na rudaí a bhíonn ag cur isteach ar dhaoine ansin, agus smaoiním go bhfuilim ag féachaint siar in aimsir. Tá samplaí go leor ann.


  • An ciníochas - don chéad uair riamh, tá Éire ag dul i ngleic le fadhb nua a bhfuilimidne ag plé léi le cúpla céad bliain. Tá ciní éagsúla ina gcónaí in Éirinn sa lá atá inniu ann. Ní mór dom a rá go raibh Éireannaigh i measc na ndaoine ba mheasa maidir leis an gciníochas anseo. Féach an ciréib a tharla in Nua-Eabhrac in 1863, mar shampla. Níl de dhíth ach b'fhéidir céad bliain, agus beidh gach rud ceart go leor agaibh.
  • An inimirceacht - mar an gcéanna, tá daoine ag teacht go hÉirinn don chéad uair, seachas ag imeacht. Bhuel, bhíomarne ar an taobh eile den chuid is mó. Uaireanta rinneadh an rud ceart, agus uaireanta ní dhearnadh. Ní mór féiniúlacht náisiúnta a chaomhnú agus a chleachtadh, sin an rud is tábhachtaí. Agus srian a choimeád ar mhéad na n-inimirceach - rud nach ndéantar anseo mar ba chóir, ach ó am go ham.
  • An Tíogar Ceilteach - nach ionann sin agus fás as cuimse na nóchaidí anseo, an 'dot com boom?' Is minic a léim duine ag caint faoin am a theipfidh an geilleagar, agus go mbeidh Éire ar ais mar ba chóir. Cacamas. Ní fhásann geilleagar gan sos, gan chúlú, uaireanta. Ach de ghnáth, gan an iomarca den sóisialachas, fásann sé. Tá cúrsaí níos fearr anois anseo ná mar a bhí siad sna nóchaidí. Is maith an rud é nach bhfuil sibh ag cónaí i dtithe tuí níos mó. Ach mar a bhíonn le páiste nó déagóir, bíonn sé deacair teacht i dtaithí ar an bhfás, agus ar rudaí nua, agus déantar botúin. Sin mar a bhíonn. Fáilte go dtí an 21ú aois.
  • Drugaí - Feicim go bhfuil an cóicín an-choitianta in Éirinn anois. Mar a bhí anseo sna seachtóidí agus na hochtóidí (mar chomhtharlú, d'fhéach mé ar an scannán 'Blow' aréir). Tá airgead ag daoine díomhaoine, agus tagann na drugaí nuair a bhíonn margadh ann. Is fadhb go deo sin, ach foghlaimíonn daoine agus iad ag dul in aois, agus má mhúintear do na páistí faoi bhaol na ndrugaí, le cúnamh Dé, beidh fadhb níos lú ann. Cuid den mhargadh iad, nuair a bhíonn rath ar na daoine.

Tá Éire ag déanamh roinnt de na botúin chéanna agus a rinneadh anseo, maidir leis an nginmhilleadh, cúrsaí gnéis, meith an chreidimh (an rud is measa, as a dtagann na rudaí eile) agus rudaí eile nach iad. Bheadh sé torthúil dá mbeadh na hÉireannaigh sásta foghlaim uainne - as dea-shamplaí agus droch-shamplaí. Ní bhíonn aon rud nua ann faoin ngrian. Seo an saol nua-aimseartha, agus níl aon dul as anois - mura roghnófar dlí searaghaidh nó Kim Jong Il-achas, sin a rá. Ní mór dúinn go léir an saol seo a fheabhsú, más féidir. Seachas a mhalairt.

Is ró-mhinic a fheictear ar fhadhbanna an tsaoil seo, seachas ar bhuntáistí de. Tá rath ar dhaoine sa lá atá inniu ann nach bhfacthas riamh roimhe seo. Thíos seal agus thuas seal, ceart go leor, ach b'fhearr liom an aois seo ná aon aois roimhe. Seo iad na dúshláin a thug Dia don ghlúin seo, agus sin mar atá.

DAS, ní fadhbanna Meiriceánacha iad, ach fadhbanna na linne seo. Táim cinnte go bhfuil an cathú ar dhaoine áirithe an milleán a chur orainne...

Monday, January 22, 2007

Ionsaí Nua

Tá ionsaitheoir nua ag iarraidh cogadh nua a thosnú as bréagchúiseanna - anseo. Fuair mé níos mó "tráchtanna" ar an mblag seo ar an deireadh seachtaine ná fuair mé riamh roimhe seo. Is mór an trua nach mbíonn an chuid is mó díobh ag tagairt d'aon rud a scríobh mé ar an mblag.

Seo daoibh Caitriona [ ], duine a d'fhear an fháilte seo romham nuair a thug sí faoi deara go raibh mé ar chlár plé Daltaí na Gaeilge (táim cláraithe ansin le breis is bliain níos faide ná mar atá mo dhuine, ach ní minic a scríobhaim aon rud sa rannóg Béarla, agus níor scríobh sise aon rud sa rannóg Gaeilge roimhe sin, go bhfios dom):

"Is breá liom go bhfuil tú ag scríobh i nGaeilge. Aontaím go bhfuil sé
tábhachtach an teanga a úsáid, fiú nuair nach bhfuil na scileanna go léir sa
teanga fós againn, nuair atá rud tábhachtach le rá againn. Ach nuair a úsáideann
duine an teanga chun drumaí a bhuaileadh don cogadh a bhris dlíthe
idirnáisiúnta; a mharaigh timpeall 400,000; atá ag robáil m'airgead chun buamaí
a cheannach; a spreag céasadh; a d'úsáid WMDS (sean uráinium) agus airm
céimiceacha (fosfarúil bán), tá an duine sin ciontach san dúnmharú freisin.

Is masla é do na daoine a thug an teanga seo dúinn, na daoine a bhí ann
romhainn, na daoine a d'fhulaing i gcogadh a bhagair ár saolta agus ár dteanga
inár dtír fadó. Is masla é do chreideamh formhór na hEireannaigh a chreideann i
síocháin, agus is masla uafásach é do dhaoine san Iraq an méid atá a scríobh
agat i do bhlog sin a léamh, agus iad ag iarraidh a thuiscint cén fáth a bhfuil
siad ag dul i socraid a gcairde, lá i ndiaidh a céile.

Tá meas agam ar an gcaoi a d'fhoghlaim tú an teanga ach níl meas dá laghad agam ar an méid atá a rá agat i do bhlog. Tá sé contúirteach don tír,don domhan, do na daoine a léann é agus dod' chroí, má tá croí agat. Mar, má deireann tú go bhfuil cogadh go
maith, gan trácht ar an t-uafás dochar a dhéanann sé, ní féidir liom a thuiscint
cá bhfuil an croí, ná réasún ar bith, ansin.

Ó, agus nuair a thosnaíonn duine le 'Ní maith liom bheith i mo bheachtóir', de gnáth ciallaíonn sé a mhalairt. Ba mhaith liom a rá go gcreidim thú ach léigh mé do bhlog. "

Tá bréagacha go leor sa tríú abairt thuas chun alt eile a scríobh - ach tá siad go léir scríofa agam cheana féin (ba chóir dom an nasc seo a úsáid níos minice - thug mé di ar an gclár plé sular thosaigh sí ag scríobh anseo). (Sé seo an 60ú ceann anseo, d.a.s., agus bhí 16 alt agam ar Gan Fiacal Ann as an áireamh sin).

Scríobh an duine céanna ar an mblag seo:


"Céard a tharla leis na 'Free Speech Zones' a tharraing Bush isteach? Bhí an tír go léir ina 'Free Speech Zone' roimhe sin. Agus nuair atá cead ag Clear Channel bheith i gceannas ar go leor, leor stáisiún radio agus Billboards níl móran seans ag daoine scéal eile a chloisteáil seachas an propaganda a scaipeann siad. Tá Limbaugh acu, fear nach bhfuil cáilithe a phost a dhéanamh agus a mhillean an fhírinne: http://www.fair.org/index.php?page=1895.
Ach ná bí ag cur focail imbéal pobal na hEireann. Níl clue dá laghad ag an cuid is mó acu cé hé Limbaugh agus tá siad níos fearr as.

(Tabhair faoi deara gur thosaigh an méid seo le bréag, freisin. Níor thosaigh Bush an rud ar a dtugtar 'Free Speech Zones.' Féach wikipedia, mar shampla. Níl an t-am agam gach a ndeir sí a bhréagnú.)

Dá mbeinnse i mo chuairteoir ó phlainéad eile, agus dá mbeinnse ag lorg sampla den speicias 'liobrálach frith-Bush-ach,' ní bheinn in ann sampla ní b'fhearr a fháil. Níl masla sin di, mar tá sí bródúil go bhfuil sí cosúil le Cindy Sheehan (ach ní raibh an cead sin a rá agamsa...). Tá na tréithe is tábhachtaí go léir aici. Níl cead ag éinne aon rud a rá nach n-aontaíonn sí leis - is masla sin don chine daonna (bhuel, do chine na nGael, ar aon nós). Má tá duine amháin (e.g. Rush Limbaugh, fear mór le rá ar an raidíó anseo) ann á dhéanamh, is cosc sin ar shaoirse cainte an domhain (i.e. na ndaoine a aontaíonn léi). Agus mura n-aontaíonn duine lena cuid bréagscéalta, tá sé de cheart aici maslaí pearsanta a scríobh faoi (mar a dhéanann a leithéid i gcónaí faoi gach duine sa rialtas a bhaineann leis an uachtarán). Tosaíonn gach rud a scríobhann a leithéid le bun bréagach - e.g. gur maith liom (nó leis an uachtarán Bush) an cogadh mar rud, nó go raibh an cogadh san Iaráic mí-dhleathach (táim ag fanacht fós le duine atá in ann an dlí sin a thaispeáint dom), agus tógann siad caisleán air sin. Mar fhinnéithe, úsáideann siad a chéile - gach duine ag cur focal i mbéal daoine eile, gan tagairt amháin do fhocail an duine fhéin. Tá gach rud sa saol mar atá as siocair go ndeireann siad go bhfuil. Ach nílimse i mo chonaí sa saol céanna, agus ní dóigh liom go bhfuil tusa ach oiread, a léitheoir. Ach le blianta tá daoine mar seo ag insint na scéalta céanna dá chéile, agus mar a dúirt Stalin, má insítear bréag minic go leor, tuigtear mar fíor é. Creideann na daoine seo gur fíor na bréagscéalta go léir, agus thóg siad a ndomhan féin. Faraor, cuireann siad an fíor-domhan i mbaol lena gcuid vótaí.

Chuala mé le déanaí go gcreideann 40% de na daoine i Meiriceá go ndearna Meiriceá féin an t-ionsaí ar 9/11. Cuireann sin eagla orm. Is olc go leor nuair a bhíonn daoine amaideach. Ach tá Bush Derangement Syndrome ag éirí ina eipidéim bhaolach. Sin an fáth go scríobhaim an blag seo, go mbeadh seans ann rud fíor a léamh ar an ábhar seo as Gaeilge.

Molaim do Chaitrionna a blag féin a thosnú. Beidh léitheoirí go leor aici, faraor. Bheadh sí in ann bheith ina colúnaí do Beo! nó iris eile, más maith léi.

Ní miste liom tráchtanna anseo ó dhaoine nach n-aontaíonn liom, más tráchtanna iad ar a bhfuil scríofa agam. Táim sásta rudaí a phlé, más plé dáiríre atá ann. Ach nílim sásta an spás seo a thabhairt d'aon duine chun bolscaireacht frith-Bush a fhoilsiú. Tá Blogger saor in aisce. Déan do cheann féin má tá sé sin uait, le do thoil.

Wednesday, January 10, 2007

Plean Nua

Tá an tUachtarán Bush chun straitéis nua le haghaidh na hIaráice a nochtadh ar an teilifís anocht. Le cúpla lá anuas, tá ionadaithe ón bpáirtí Daonlathach á lochtú. Cad é sin? Sea, tá siad á lochtú sula nochtar é. Seo dearcadh an pháirtí Dhaonlathaigh ina leith (agus i leith aon rud a dhéanann GBW) :

Whatever it is, I'm against it!

Tuesday, January 02, 2007

Teachtaireacht do na hArabaigh san Iaráic

Mharaigh sibh Saddam, agus níl na liobrálaithe i Nua-Eabhrac sásta leis sin. Ná na daoine bien pensant san Eoraip ach oiread. Ná fiú an Vatacáin, de réir dealraimh. Ba mhaith leo bhur mbéasa - agus cleachtaithe bhur gcreidimh - a mhúneadh daoibh. Ná bígí ag cur olldhunmharfóirí chun báis! Níl sé go deas.

Ar an lámh eile, is cuma leis na daoine céanna (ach amháin b'fhéidir an Vatacáin) an sceimhlitheoireacht, agus buamadóirí féin-mharaithe, airm ollscriosta, agus dochar ar bith do Iosrael. Mar sin, ná bígí buartha. Níl uathu ach bhur leas. Ná bígí buartha go mbíonn siad ag súil le cogadh cathartha agus briseadh na Meiriceánach i bhur dtír. Is cairde daoibh an lucht seo.

Cad é sin? Tá tacaíocht uaibh? Cabhair do bhur rialtas? Seasamh i gcoinne bhur naimhde? Och, ach, thabharfadh sin cabhair don diabhal féin Bush! C'est ridicule!