Thursday, January 28, 2010

An Té agus Bail an Aontais

Thug Ó Bama óráid bhail an Aontais den chéad uair aréir. D'fhéach mé ar chúpla nóiméad de (ní féidir liom éisteacht leis ar feadh i bhfad). An méid a chonaic mé, ba leor sin.

Léacht a thug sé, agus maslaí do mo leithéid. Is cúis iontais dom i gcónaí cé chomh dall agus a bhíonn sé. Thugann sé maslaí ar na daoine nach n-aontaíonn leis (agus bíonn níos mó agus níos mó dínn ann gach lá), agus ansin deir sé gur mhaith leis obair leo, agus go bhfuil sé sásta éisteacht leo. Ní féidir é le dearcadh mar atá aigesean, dar ndóigh. Is eisean an t-uachtaráin is deighiltí is is páirtíní dá raibh ann riamh, b'fhéidir, cé go maíonn sé minic go leor gur mhaith leis a bheith 'post-partisan'. Seafóid.

Dúirt sé go bhfuil daoine in aghaidh a phlean don chúram sláinte náisiúnta mar níor mhínigh sé dúinn i gceart é - ní thuigimid, sin a rá. Níl meas ar bith aige ar aon duine nach n-aontaíonn leis. Bhí gach rud ina chaor tuathail nuair a thosaigh sé - ní raibh fios a ghnó ag aon duine roimhe, tuigtear. Tá sé in am a bheith ciallmhar (mar ní raibh éinne ciallmhar roimhe, tuigtear). Muise, is sotalach go croí é.

Seafóid agus baois gan bhrí den chuid is mó dá ndúirt sé, mar is iondúil. Agus an bheirt amadáin sin Biden agus Pelosi ina suí taobh thiar de, bhí sé rí-dheacair dom féachaint orthu ar chor ar bith. Ní thuigeann siad cé chomh feargach agus atá muintir na tíre. Chaill a gcomhpháirtí an toghchán in Massachussetts, agus is tuar sin ar a bhfuil le teacht. Ní leor nod do mo dhuine, is amhlaidh. Brúfaidh sé na polasaithe céanna ar aghaidh, níos tréine, gan aird ar bith a thabhairt ar thuairim nó dhuine ar bith eile nach n-aontaíonn leis. Go gcoisctear é. Mar atá, tá gach rud mí-shocraithe aige, agus tá an geilleagar thíos leis. Níl a fhios ag éinne cad a dhéanfaidh sé, agus cén damáiste a dhéanfaidh sé, don lucht gnó go háirithe. Ach ní thuigeann sé sin ach oiread - cuireann sé i gcéill go bhfuil sé ag spreagadh post agus mar sin de. Focail fholmha a dhéanann dochar i gcónaí uaidh.

Maidir lena stíl agus é ag caint, cheap mé go riabh cócaon caite aige ar dtús. Gan aon mhaith ar bith déanta aige, gan plean feidhmiúil ar bith aige, ach fós bhí sé caithréimeach! Níl fadhb ar bith aige, bíonn sé ceart agus is breá le gach éinne é, dar leis. Is breá leis é féin, is léir. Is eisean An Té.

Dá mbeadh uachtarán dáiríre againn. Ar ball. Sul i bhfad. 2012. Agus idir an dá linn, is iomaí toghchán a chaillfidh na Daonlaithigh.

Tuesday, January 12, 2010

An Pápa Glas

Trí bliana ó shin, bhí an Pápa an-stuama maidir leis an téamh domhanda. Bhí comhairle aige dúinn gan a bheith ró-thapa chun rudaí áiféiseacha a dhéanamh agus gan aire a thabhairt dóibh siúd a bhíonn ag bagairt deireadh an domhain orainn mura ndéanfaimid athruithe práinneacha gan mhoill. Ach nílim cinnte nár ól sé an Kool-Aid ó shin.

Ní amháin go bhfuil sé ag rá anois go bhfuil conraithe nua práinneach agus go bhfuil baol rí-mhór ann don domhan gan iad, ach de réir dealraimh, ní miste leis go mbrúitear na rialacha nua ar dhaoine anuas óna rialtais (ó rialtas an domhain, déarfainn).

Tá a ráiteas ar shíochán don domhain an-ghinearálta, agus ní léir a bhfuil ar intinn aige. Níl sé dea-scríofa, dar liom.

Cheapfá go mbeadh an Eaglais cúramach mall mar a bhíonn sí i gcúrsaí spioradálta. Nílim cinnte go bhfuil sé de cheart ag an Eaglais aon rud a rá faoin eolaíocht ná faoi chonartha idirnáisiúnta nach mbaineann le fíorchúrsaí is fíorfhadhbanna, ach amháin mar a rinne sé in 2007, chun fainic a rá maidir le fáithe Lá an Bhrátha.

Ní hiad acmhainn an domhain ar cionsiocair le fadhbanna an chine daonna, de ghná, seachas éad, easpa cineáltais, foréigean, creidimh bhréagacha agus easpa saoirse. Ba chóir dár bPápa díriú orthusan.

Tá treoraithe eile san Eaglais, dar ndóigh, agus nochtann siad a dtuairimí freisin. Is maith liom ráitis an Chairdinéil George Pell, a dúirt in 2006:

"Radical environmentalists are more than up to the task of moralising their own agenda and imposing it on people through fear. They don't need church leaders to help them with this, although it is a very effective way of further muting Christian witness. Church leaders in particular should be allergic to nonsense."

"I am certainly sceptical about extravagant claims of impending man-made climatic catastrophes. Uncertainties on climate change abound ... my task as a Christian leader is to engage with reality, to contribute to debate on important issues, to open people's minds, and to point out when the emperor is wearing few or no clothes."

Tá beirt ar a laghad ar an Pontifical Council for Justice and Peace a chreideann a leithéid. Tá an bheirt Chairdinéal seo an-stuama sa mhéad a tuairiscítear san alt seo. Mar a bhíodh an Pápa féin.

Tá fadhbanna ann a eagraíonn as drochúsáid acmhainne, gan amhras. Ach tá gá le saoirse, rialtais iontaofa, agus oideachas, chun an chuid is mó díobh seo a réiteach. Níl aon ghá le cosc ar an gcarbón, ná le caitheamh amú airgid sna tíortha móra, a bheadh ábalta roinnt den airgead sin a úsáid chun cabhrú leis na tíortha bochta.

Dá mbeimis i ndáiríre faoin dúlra is faoi na daoine atá thíos sa domhain seo. Tá díomá orm faoin ráiteas lag seo ó B16. Agus ní minic a deirim a leithéid sin.

Focail eile ó Pell:
"Jesus calls us to address the challenges in our own hearts, families, and communities before we moralize about distant worlds, where we are usually powerless."

Wednesday, January 06, 2010

An Euro agus an Ghéarchéim Eacnamaíochta

an t-alt seo le Martin Wolf deacair a thuiscint dom, mar ní eacnamaí mé. Ach míníonn sé an fáth go bhfuil cúrsaí in Éirinn níos measa ná in áiteanna eile san Eoraip. Má thuigim i gceart é, coscann an Euro ar na tíortha a bhfuil gá le hairgead acu cothromaíocht nadúrtha a choimeád eatarthu agus na tíortha a bhíonn ag tabhairt airgid ar iasacht, mar is ionann an t-airgeadas. Níl an luach céanna ag Euro na hÉireann agus Euro na Gearmáine, le fírinne, ach níl an réiteach air sin. Tá an Euro láidir, ach tá an chuid is mó díobh ag na tíortha móra cumhachta. Tá fiacha ag Éirinn nach féidir léi íoc. Beidh an geilleagar in Éireann, sa Spáinne agus sa Ghréig níos laige ná an gealleagar sa Ghearmáin nó san Ísealtír, mar bíonn siad ag caitheamh níos mó ná a fhaigheann siad, agus bíonn gá le níos mó airgid iontu chun gnó a chothú is brabús ar bith a dhéanamh. Agus beidh sé amhlaidh ar feadh i bhfad, de réir dealraimh, is oth liom a rá.