Monday, February 01, 2016

Feachtas Meiriceánach um Uachtarán Nua a Roghnú

Tá sé beagnach thart.  Gheobhaimid réidh le hObama faoi dheireadh.  Tá bliain eile fágtha aige chun dochar sa bhreis a dhéanamh, cinnte, ach tá solas ag ceann eile an tolláin.  Nó an bhfuil?

Is iontach dom an méid suime a bhíonn ag muintir na hÉireann i gcúrsaí polaitíochta Mheiriceá.  Cheapfaí go mbeadh baint acu leo.  Bíonn an móramh ag bualadh bos do pé duine don eite chlé a bhíonn san iomaíocht, faraor.  Ní maith leo Meiriceá mar atá, agus bíonn siad ag súil le saol iomlán sóisialach (ach ní ionann sin agus Aontas Sóivéideach nua nó aon sóisialachas dá shórt - mar dhea).  Ba bhreá leis an eite chlé idirnáisiúnta amadán mar Bernie Sanders.  Buíochas le Dia, go fóill ar aon nós, is beag an seans atá ag a leithéid.  Tá sé ró-oscailte faoina mhianta amaideacha.  Bhíodh Obama ag rá nach raibh sé i bhfábhar na rudaí radacacha go léir a rinne sé, minic go leor, ach rinne sé iad diaidh ar ndiaidh.  Bíonn na dea-fhocail ag a leithéid, agus is leor sin den chuid is mó, mar ní maith le daoine go leor smaoineamh ró-mhór ar chúrsaí....

Ach an mbeidh coirpeach Clinton eile againn, mar sin?  Ní léir nach gcuirfear an dlí uirthi mar ba chóir.  Dá mba dhuine poblachtánach, fiú duine eile ar buth i gceist, bheadh siad faoi ghlas.  Féach a rinneadh don nGinearáil Petraeus, agus i bhad níos lú olcais déanta aigeasean...

Is ar éigin go bhfuil an páirtí Daonlaitheach ábalta iomaitheoir amháin a fháil a bheadh aon mhaith ann/inti.  Tá an iomarca ag an bpáirtí Poblachtánach, ámh.  Agus tá Trump againn, freisin.

Tá buntáiste mór ag daoine ón 'taobh amuigh', mar tá coimeádaithe is lucht an Tea Party an-mhíshásta le bunfhoireann (establishment) an pháirtí phoblachtánaigh.  Go háirithe maidir leis an inimirceacht mhídhleathach.  Sin an fáth go bhfuil tacaíocht chomh mór ag Trump.  Ach tá Ben Carson agus Carly Fiorina againn ón taobh amuigh freisin.  Agus Ted Cruz, a bhíonn ag troid leis an mbunfhoireann (mo roghasa um an dtaca seo).  Is é Trump an duine is measa againn, ach tá sé chun tosaigh.  Ar ball, beidh níos lú daoine san iomaíocht, agus tá gach seans ann nach meidh Trump chun tosaigh le fada.

Le bliain anuas táthar á bplé, agus táim beagáinín bréan de cheana féin, le fírinne.  Ach inniu, tá na réamhthoghcháin ag tosnú, agus beidh níos mó ná caint i gceist, faoi dheireadh.  Tá naoi mí ann amach romhainn go dtí an mórthoghchán fós, go sábhála Dia sinn!