Thursday, March 01, 2012

Ginmhilleadh, Gnéas agus Grásta

(Sea, an trí ábhar nach bhfuil ceadaithe i gcómhrá dea-bhéasach, de ghnáth!)

Déanann cásanna deacra droch-dhlíthe, deirtear, agus is fíor sin, go háirithe nuair atá ceist an ghinmhillte id lámhaibh. Féach an t-alt iontach seo a scríobh duine d'Eaglais Shasana chun na sonraí a fhoghlaim. Níl an cheist seo gan deacracht ar bith, agus ní mór do gach duine a mhacnamh féin a dhéanamh ar cheisteanna na móráltachta. Ba chóir glacadh le grásta Dé mar threoir. Ach is léir nach bhfuil an chuid is mó de na daoine atá i bhfábhar an ghinmhillte ag iarraidh fírinne mhoráltach a bhaint amach a chuireadh in aghaidh saoirse ghlan maidir le cúrsaí gnéis. Den chuid is mó, níl ann sa ghinmhilleadh ach breithrialú i ndiaidh an bhirt, dar leo, agus is cuma leo go maraítear duine (má chreideann siad gur duine ar bith atá ann...).

Is é cúrsaí gnéis an cloch is mó ar pháidrín na ndaoine atá frith-chreidmheach. Ní deirim aindiach d'aon ghnó, mar ní bhíonn a leithéid sásta go gcreideann éinne i nDia. Ní ghlacann a lán díobh go bhfuil sé ceart ná cóir aon tuairim eile a bheith ann ar chor ar bith a chuireadh in aghaidh a roghanna féin. Tá dlíthe ann in áiteanna mar Cheanada, fiú, a deir nach féidir le duine aon rud olc a rá faoin homaighnéasachas, mar shampla. Cuireadh an dlí ar dhuine a chur fógra i nuachtán, nach raibh ann ach uimhreacha véarsaí ón mBíobla! Ach creideann siad ag an am céanna nach siad féin na fanaicigh...

Tá cúiseanna eile ann, cinnte - nó leithscéalta eile - a chuireann daoine ón Eaglais. Is iomaí cladhaire a bhíonn ina bhall san Ealgais (in eagraíocht ar bith, mar a tharlaíonn) (Glacaimse leis an Eaglais Chaitliceach amháin, ach baineann gach rud a deirim anseo leis an traidisiún Críostaí mar a thuigeann an móramh é). Mar i gcás Abú Ghráib, mar shampla, ní ionann drochbheart daoine olca in eagraíocht mhór agus cuspóirí na heagraíochta féin. Ní mór don eagraíocht an cosc is mó agus is féidir a chur ar dhrochghníomaithe ina measc, nó ní bheidh inti ach cladhairí. Déanann an Eaglais ámhlaidh, cé nach mbíonn a hiarrachtaí gan locht. Ní leor a leithéid de mhíshástacht chun an creideamh ar fad a chaith sa bhruscar, ná baol air.
"Fágtar le hais a chéile ag fás iad araon go dtí an fómhar, agus nuair a bheidh an fómhar á dhéanamh déarfaidh mé leis na buanaithe: Bailígí an cogal chun a chéile ar dtús, agus déanaigí punanna de chun a dhóite. Ach cruinnígí an t-arbhar isteach i mo scioból." - Matha 13:30
Sea, an dia nua-aimseartha is mó (sean-dia atá ann leis na cianta, le fírinne), sin an gnéas. Don duine nua-aimseartha, ní cóir go gcuireadh bac ar aon rud idir bheirt (nó níos mó) atá toilteanach. "Cén fáth go mbíonn an Eaglais chomh buartha i gcónaí faoin ngnéas?" fiafraíonn siad. Ní bhíonn go háirithe, ach amháinn go seasann an Eaglais in aghaidh déithe bréagacha. Is é an gnéas an uirlis is feidhmiúla atá ag an diabhal chun daoine a scarúint ó Dhia. Níl teagasc na hEaglaise chomh dona maidir le cúrsaí gnéis. Ach ceaptar go bhfuil an duine nua-aimseartha níos cliste ná a shinsir go léir - ná an Eaglais atá ann le timpeall 2000 bliain - ná Dia féin - agus mar sin, níl Dia ann.

Ach féach ar thoradh an dearcaidh seo, nuair a thugann an duine cead a chinn dó féin. Na daoine gan Dia, na Náitsithe is na Cumannaithe, mharaigh siad níos mó daoine ná aon lucht rompu riamh (is tá siad á dhéanamh fós). Tá an teaglach at titim as a chéile san Iarthar. Bíonn sé níos coitianta i gcónaí nach bhfuil beirt tuismitheoirí ag páistí an lae inniu. Má ghintear iad in aon chor. Is má thagann na páistí a ghintear chun solais riamh. Maraítear níos mó díobh ná a rugtar i dtíortha go leor. Milliún i ndiaidh milliúin. Agus ní bheidh a leithéidí ann arís.
"Ní fíor, mar a deirtear go minic, nach féidir leis an duine an saol a eagrú gan Dia. An rud atá fíor ná, gan Dia, níl sé in ann an saol a eagrú ach in aghaidh an duine." - Henri de Lubac
Níl sé éasca glacadh le gach teagasc maidir le cúrsaí gnéis, ach níl sé dodhéanta, agus tá sé dár leas ar a laghad an iarracht a dhéanamh. Ba chóir dúinn ár macnaimh a dhéanamh orthu (agus guí), mar a dhéanann an Eaglais go léir i gcónaí. Is fearr leis an móramh sa lá atá inniu ann, de réir dealraimh, an dia eile sin a adhradh. Ach bíonn grásta Dé ar fáil i gcónaí. Guímis.
"Ach mura mian libh fónamh don Tiarna, déanaigí bhur rogha inniu idir na déithe dá ndearna bhur n-aithreacha fónamh taobh thall den Abhainn, agus déithe na
nAmórach a gcónaíonn sibh ina ndúiche anois, le fónamh dóibh. Maidir liom féin agus le mo theaghlach, ámh, déanfaimid fónamh don Tiarna." - Iósua 24:15