Thursday, March 30, 2006

Léirmheas ar Alt le Mary Beth Taylor in Beo

Alt le Mary Beth Taylor in Beo

Scríobhadh an t-alt seo roimh ath-thoghadh diongbháilte George W. Bush, Samhain 2004. Fiú, bhí na frith-Bhuisaithe i mbarr a réime, agus scéalta ar fud na háite faoi bhaol na gCríostaithe, srl. Is cuid den histéire sin an t-alt seo.
Tá cúpla alt agam cheana féin faoi na frith-Bhuisaithe, mar shampla an ceann seo, a bhí in Comhar.

Agus an blag seo, faoin dearcadh céanna.
Bíodh iad sin mar chúlra don léirmheas seo.

Is alt fada é seo. Ach tá sé bunaithe ar rud simplí. Is daoine olca iad Críostaithe, mar ba mhaith leosan cur isteach ar chúrsaí craicinn na tíre. Agus níl aon rud níos tábhachtaí ann ná cúrsaí craicinn (go háirithe lasmuigh den phósadh agus idir homaighnéasaigh). Mar chuid den ‘saoirse’ seo, ceaptar go bhfuil ceart ag máithreacha a bpáistí a mharú, sin a rá, ginmhilleadh a imirt orthu. Nuair a bhí Bill Clinton ina uachtarán, agus é i dtrioblóid mar gheall ar chúrsaí craicinn, dúradh i gcónaí nach raibh ann ach gnéas, agus ba chuma sin. Am ar bith eile, ní bhíonn mórán ann ach an gnéas i gcúrsaí polaitíochta Mheiriceá. Bhuel, ní fíor sin. Bíonn siad ag brú an tsóisialachais orainn i gcónaí...ach sin scéal eile.

Cad tá cearr leis na Críostaithe, mar sin? Bhuel, ní maith leis an móramh díobh an ginmhilleadh, ná saol oscailte homaighnéasach, ná gnéas lasmuigh den phósadh. Tá a fhios agat, sin na tuairimí a bhíodh ag beagnach gach éinne tá daichead bliain ó shin. Ach an iad na Críostaithe amháin a bhíonn i gcoinne na rudaí seo? Ní hea. Bíonn an móramh de gach aon chreideamh mór ina gcoinne. Agus daoine eile nach bhruil cráifeach, freisin – daoine a fheiceann an dochar a dhéantar mar gheall ar na cleachtaí seo. Ach mar sin féin, féachaint gur Críostaí GWB, agus gur púca é, bíonn na liobrálaithe ag gearán faoi na Críostaithe.

Anois, an t-alt. Deir an chéad abairt:
"Tá an-tionchar ag an Eite Dheas Chráifeach ar an pholaitíocht sna Stáit Aontaithe anois, go háirithe i gcomparáid le deich mbliana ó shin."
An fíor sin? Bíonn tionchar ag Críostaithe ar an bpolaitíocht sna Stáit i gcónaí, agus bhunaigh siadsan an tír. Féach mar a cheap George Washington

Ach cad a bhí ar siúl in 1994, deich mbliana roimh an alt seo? Ó… Bhí Bill Clinton ina uachtarán. Rinne an príomhchúirt dochar dár saoirse maidir le agóidí i gcoinne an ghinmhillte. Fós féin, bhí an Contract with America ar siúl agus Newt Gingrich agus an réabhlóid Poblachtánach sa dáil a bhí ann. Nach ndúradh ag an am go raibh na Críostaithe ag dul thar fóir, agus gur bhaol iad don tír (féach mar a rinne an cúirt orthu)?
1994
Mar sin, dar liomsa, ní fíor an chéad abairt sin. An t-aon difear amháin, sin go bhfuil GWB sa teach bán.

An dara habairt. Tosaíonn sí ag caint faoi ghreamaitheoirí i Meiriceá. Sea, go minic is fearr le daoine mana maith ná smaoineamh, agus is breá le Meiriceánaigh saoirse cainte. Ní dhéantar na greamaitheoirí seo chun tuairimí a athrú. Déantar iad chun dlúthpháirtíocht a léiriú. Bíonn siad maslach go minic don taobh eile. Agus tá sé sin níos measa ná riamh mar go bhfuil an tír polaraithe agus an dá thaobh scartha óna chéile chomh mór sin – mar gheall ar an nginmhilleadh agus mí-iompar na gcúirteanna, go háirithe.

Deir sise “…taispeántas ollmhór idé-eolaíoch a bhíonn ar an ghnáthfheithicil i Meiriceá.” Ní bhíonn a leithéid r an ngnáthfheithicil. Bíonn a leithéid ar charranna éagsúla, go háirithe sna cathracha. Ansin, deir sí rud fíor – tá tábhacht ag tuairim gach duine aonar i gcúrsaí polaitiúla i Meiriceá. Sin an saghas rialtais atá againn. Ansin, tógann sí fear tuí:
“B'fhéidir gurb é an sampla is suntasaí de vótóirí a bheith ag iarraidh a gcuid tuairimí maidir le cúrsaí rialtais a chur i bhfeidhm ar dhaoine eile ná an streachailt leanúnach, an-fheiceálach idir na liobrálaigh ar mian leo go bhfanfadh an deighilt idir an eaglais agus an stát, agus an dream coimeádach, bunúsach a bhfuil sé mar sprioc acu an rialtas a dhéanamh Críostaí.”
Níl aon duine sa tír seo ag iarraidh rialtas Críostaí a bhunadh in áit an rialtais mar atá. Stad mé anseo an chéad uair a d’fhéach mé ar an alt seo, mar níl aon bhunús leis an mbréag / míthuiscint sin.

“Gan amhras, ba cheart go mbeadh deis ag gach vótóir dul i bhfeidhm ar an rialtas agus athruithe a thionscan i gcúrsaí polasaí. Ach nuair a úsáideann vótóirí - ar dream iad atá ar aon intinn, atá an-eagraithe, agus a bhfuil maoiniú fial á dhéanamh orthu - a gcumhacht chun polasaithe rialtais a dhearadh….” Ó, níl sé ceart go bhfuil páirtithe polaitiúla ann – ó, fan nóiméid – “atá bunaithe go hiomlán ar na nithe a gcreideann siadsan iontu ó thaobh creidimh de…” – ah, feicim anois. Níl sé ceart go bhfuil páirtí polaitiúil ag daoine cráifeacha! Mar sin, tá sé go maith má tá tuairim ar bith eile agat. Níl sé ceart má chreideann tú i nDia. An Meiriceá sin? Ní hea, ná baol air. Cacamas ar fad sin.
Is é an rud atá ag cur isteach ar mo dhuine ná go bhfuil daoine ann nach n-aontaíonn léi, agus go bhfuil daoine sa rialtas ag éisteacht leo. I bhfocail eile, tá sé ag cur isteach uirthi gur chaill a cairde an olltoghchán in 2000!

Agus mé ag caint faoi chacamas: “Tríd an bhaint atá acu leis an rialtas, tá sé mar aidhm ag na grúpaí seo de chuid na heite deise ord nua a chur i bhfeidhm i gcúrsaí polaitíochta na tíre a bheidh faoi údarás rialtais "Chríostaí".” Sea, Taliban Meiriceánach is ea iad, cinnte. Muise. Cé a dúirt a leithéid riamh? Cumtha as an aer é seo, mar chuid den teoiric comhcheilge coitianta i gcoinne Bush. Níl aon bhunús leis.

Luann sí Americans United for Separation of Church and State ina dhiaidh seo, agus deir sí gur ‘eagraíocht a chuireann béim ar shaoirse reiligiúnda’ iadsan. Mar a thuigim iad, is brúghrúpa polaitiúil iad a bhíonn i gcoinne Críostaithe agus aon rud a dtacaíonn Críostaithe leis. Tá an AU cosúil leis an ACLU. Deir siad nach bhfuil siad doicheallach roimh an reiligiún, ach tá. Ní féidir leis an rialtas reiligiún a bhunadh ná a dhéanamh ina chreideamh stáit. Sin an rud a deir an bunreacht. Níl aon duine ag iarraidh gan cothrom na Féinne a thabhairt do gach aon chreideamh, nach bhfuil ag iarraidh dochar a dhéanamh do dhaoine eile. Ach gach polasaí a bhíonn ann, bíonn siad bunaithe ar an tuiscint morálta atá ag gach duine, agus tá sé sin bunaithe ar chreideamh an duine. Ní féidir creideamh an duine a scarúint óna chuid tuairimí polaitiúla.

Deir sí go bhfuil an iomarca den Pháirtí Poblachtánach i réim faoi láthair. Bíonn an móramh sa pháirtí seo ina gCríostaithe, mar bíonn an móramh ina gcoimeádaithe, mar is léir go bhfuil baint ag an dá rud lena chéile. Bíonn liobrálaithe sa Pháirtí Daonlaitheach, agus de ghnáth, ní bhíonn Creidimh thraidisiúnta ag an móramh díobh siúd. Mar sin, mar a dúirt, tá sí buartha gur chaill a cairde toghchán 2000.

Ansin, an fíor-scéal. Gnéas. RU-486. Tá gnéas níos tábhachtaí ná beatha dhuine don eite chlé. Ní chreideann coimeádaithe sin, agus cuireann sé sin isteach uirthi. Ní maith le coimeádaithe an piolla seo. Thairis sin, tá amhras fós ann faoi.
Agus pósadh na homaighnéasaigh. Dá mbeadh a leithéid ann. Scriosann sin an pósadh mar rud. Is rud nua radacach an rud seo, agus níl sé glactha ag an móramh. Is cuma faoin gcreideamh – ach is éasca lipéid a úsáid seachas argóint. Is fearr ainmneacha a thabhairt ar dhaoine, agus imní a sceapadh fútha, ná aighneas cruinn a dhéanamh - sin an rud atá ar siúl san alt seo. Ní féidir, dar léi, go bhfuil an ceart ag aon duine a chreideann i nDia. Go sábhála Dia sinn!

Anois, an histéire ceart! “An bhféadfadh sé tarlú gur dialathas bunúsach Críostaí a bheadh sna Stáit Aontaithe…?” Muise. Tá bunreacht againn, agus rialtas seasmhach. An féidir le deachtóireacht cumannach a bhí ina rialtas i Meiriceá. Is dócha gur féidir. Ach níl aon bhaol ann ag an am seo. Ní bhíonn rialtas nua ann i Meiriceá gach uair a bhíonn páirtí polaitiúil eile, nó fiú daoine áirithe, i réim. Is amaideach ar fad an smaoineamh sin.

“…Ach tá an baol ann go n-éireoidh le "mionlach an-eagraithe" an smacht a fháil…”
Dar ndóigh, ní ionann sin agus an mionlach atá a brú pósadh homaighnéasach ar thír neamhthoilteanach…nó ar ghrúpaí atá ag baint droch-fheidhm as na cúirteanna chun dlíthe a dhéanamh gan vótaí na ndaoine. Ní hea, níl aon bhaol ann ach na Críostaithe.

“An cheist lárnach agus an chúis imní ná an tslí a dteastaíonn uathu a gcreideamh cúng a chur i bhfeidhm ar shaol daoine eile…” Tuigeann tú, níl ann sa Chríostaíocht ach creideamh cúng neamhthuisceanach…níl sí chomh breá mar chreideamh an lucht cheartchreidmhigh pholaitiúil (PC), gan dabht. Bíonn siad ‘leathan-aigeanta’ – mura bhfuil tú i do Chríostaí.

Mar fhocal scór: Chaill siad an t-olltoghchán, agus tá daoine nach n-aontaíonn leo i réim sa rialtas. Thíos seal agus thuas seal. I mo thuairimse, táim an-sásta go bhfuil a leithéid thíos. Dia idir sinn agus an t-olc.

Tá áthas orm go bhfuilim i mo shaoránach i dtír a thugann cead dom mo thuairim a nochtadh – cé gur Críostaí mé.

Tuesday, March 28, 2006

An Inimirce

Le fada an lá, thugtaí ‘inimircigh mhídhleathacha’ ar inimircigh mhídhleathacha, sna Stáit. Le déanaí cloistear ‘inimircigh gan doiciméid’ nó fiú ‘oibrithe gan doiciméid’ orthu. Iarracht eile ag an lucht ceartchreidmheach polaitiúil (PC) é seo chun dea-fhocail a chur ar dhrochrud. Is sofhriotail iad, na nathanna cainte seo.

Ceist mhór í seo i Meiriceá le déanaí, mar tá polaiteoirí áirithe (agus fiú Easpaig agus sagairt áirithe) ag baint adhmaid aisti, agus tá conspóid ann maidir le dlí nua atá idir lámha ag an rialtas. Is ceist mhór í in Éirinn, chomh maith, mar gheall ar an méid daoine a bhíonn ag cur fúthu sa tír le déanaí.

Is ceart bunúsach do thír ar bith é go bhfuil teorainneacha aici, agus go bhfuil daoine áirithe, seachas daoine eile, ina saoránaigh inti. Ní féidir le tír nó eagras ar bith cur isteach ar na cearta seo, gan chogadh. Deir sóisialaithe áirithe gur cóir do thír shaibhir a saibhreas a roinnt le daoine ó thíortha bochta. Ach déantar sin i gcónaí. Deir na daoine céanna go bhfuil cearta ag gach eachtrannach seilbh a ghlacadh ar shaibhreas ár dtíre. Bhuel, íocaimid as gach seirbhís agus tuillimid gach a bhfuil againn mar thír. Ní íocann inimircigh mhídhleathacha cáin ar bith. Úsáideann siad mórán seirbhísí poiblí. Is gadaithe iad, i bhfírinne. Níl ceart ag éinne bheith ina ghadaí. Sílim go bhfuil an rud sin sa Bhíobla, a Easpaig Mahoney.

Tá fadhb ar leith ag Meiriceá, mar go bhfuil tír bhocht ar an teorann againn, agus bíonn rialtas na tíre sin ag gréasú a saoránaigh dul ar imirce trasna an teorainn. Dá ndéanfadh an rialtas sin iarracht chun cúrsaí a fheabhsú i Meicsiceo féin, bheadh saol níos fearr ag gach saoránach inti. Ach is fearr leo fanacht chomh truaillithe agus a bhíodh siad riamh, agus diúl ar chíoch Mheiriceá.

Níl an fhadhb chéanna ag Éire, ach tá mórán daoine in ann teacht i dtír mar gheall ar a ballraíocht san Aontas Eorpach. Doras oscailte nua is ea é seo. Mar atá, tá a ndorais oscailte ag tíortha eile san Aontas, agus tagann daoine ó gach cearn den domhan isteach. Is fiú machnamh a dhéanamh ar na rialacha, dar liom. Ní mór do gach tír a féiniúlacht a chaomhnú. Ní ionann gach saoránach, dar ndóigh, ach bíonn cultúr agus teanga(cha) coitianta ann, agus fealsúnacht rialtais i gcoitinne ag an chuid is mó díobh. Uaireanta bíonn creideamh amháin mar chreideamh oifigiúil tíre. Uaireanta bíonn saoirse chreidimh ann. Nach difear mór sin? Sin fadhb mhór atá ag brú ar na hEorpaigh faoi láthair, mar gheall ar na Moslamaigh. Ach bíodh a réiteach féin ar na ceisteanna seo ag gach tír. Má tá Béarla riachtanach chun bheith i do shaoránach i Meiriceá, bíodh. Tá a dlíthe féin ag gach aon tír. Tá cinn áirithe níos fearr ná cinn eile. Ach is rogha na ndaoine iad sna tíortha is fearr. Sna tíortha (agus tá mórán díobh ann) faoi dheachtóirí, tá srian ar a gcumhacht mar gheall ar theorainneacha. Tá teorainneacha agus dlíthe inimirce tábhachtach chun saoránaigh na tíre a chosaint ó thíortha eile. Agus is é príomhdhualgas d’aon rialtas ná a saoránaigh a chosaint.

Anois, an bhfuil tú i do shuí? Tá an tUachtarán Bush mícheart amach is amach maidir leis an inimirce. Ba bhreá leis pardún ginearálta eile a dhéanamh, seachas dlíthe na tíre a chur i bhfeidhm. Gach uair a dhéantar pardún ginearálta, tugann sé misneach don chéad ghlúin eile teacht isteach go mídhleathach, agus fanacht ar phardún. Is masla agus éagóir do gach aon inimirceach dleathach a leithéid a dhéanamh. Tá cearta ag na daoine sin, i bhfírinne, mar atá. Déanann sé dochar do mheas ar an ndlí aon uair a sháraítear an dlí gan pionós. Níl aon mhaith le teacht as pardún ginearálta, pé sofhriotal a thugtar air.

Go minic, is rud maith an inimirce, agus bíonn feabhas ar chúrsaí mar gheall ar thallanna agus díograis an inimirceach. Ach ní mór go mbíonn smacht ar an inimirce. Ní féidir Meiriceánaigh a dhéanamh as daoine mura bhfuil an móramh ina dtimpeall ina Meiriceánaigh, mar shampla. Fiú nuair a bhí Meiriceá ag mealladh na mílte daoine chuici, tugadh sos de ó am go chéile. Tá am de dhíth chun comhphobal a chruthú, agus leanúnachas agus féiniúlacht a chosaint is a chaomhnú.

Ní ionann daoine eile a ghlacadh mar shaoránaigh, agus an tír a ghéilleadh do dhaoine eile. Is cuma le cuid díobh faoin tír agus a traidisiúin agus a hoidhreacht, agus is fuath le cuid eile díobh í. Is bás lena lámh féin d’aon tír an inimirce gan chosc. Agus is maith an rud é an tírghrá. Fós.

Tuilleadh eolais:

Thomas Sowell
The Corner
National Review
Americans for Legal Immigration
Kathryn Lopez

Thursday, March 23, 2006

343

Nuair a bhíomar ag ullmhú don mhórshiúl Lá 'le Pádraig, agus sinne ar shráid ar thaobh Aibhinne a Cúig i gCathair Nua-Eabhraic, chonaic mé slua mór ag iompar bratach Meiriceánach ag dul thar dheireadh an bhóthair sa mhórshiúl. Cheap mé go raibh sé go breá, ach níor thuig mé ag an am cad a bhí ar siúl. Bhí bratach ann do gach fear dóiteáin a fuair bás ar an aonú lá déag de Mheán Fómhair 2001 sna túir. Ba mhór an slua sin. B'omós álainn é seo.

Tá na bratacha le feiscint i radharc amháin sa scannáinín seo.

Seo mórán grianghraf (síos an leathanach beagán) díobh, agus na de na fir dhóiteáin á n-iompar.

Beannacht Dé orthu go léir.

Tuesday, March 21, 2006

An Dímheas Coitianta

‘Sé an nós coitianta, go háirithe i measc lucht na hagóide, meon olc a chur i leith gach aon duine nach bhfuil ar aon intinn leo. Mar sin, más féidir go ndearna George Bush rud mar chogadh a fhearadh ar dhroch-chúis nó chúis mhaith, ní bhíonn amhras ag éinne díobh siúd gur cúis olc a bhíonn ann. Cumann siad na cúiseanna seo as an aer, seachas aon cheann a thabhairt do chúis mhaith, cé go mbíonn Bush ag maíomh gurb iad cúiseanna maithe a bhíonn ann. Mar sin, agus iad neamh-thoilteanach éisteacht le focail na ndaoine nach n-aontaíonn leo, mar is cinnte leo gur bréagacha iad, agus iad ag cumadh na mbréag chun an droch-chúis a chur ina leith, déanann lucht an bhréagnaithe bréagadóirí díobh féin. Ach ní dhéanann siadsan é ar dhroch-chúis, an dtuigeann tú.

Dia idir sinn agus an t-olc.

Tuesday, March 07, 2006

An India agus an Buama

Thosaigh mé ag léamh leabhair a fuair mé ó Nollag Ó Gadhra tamall ó shin, leabhar a scríobh seisean in 1969, dar teidil Gandhi. Scríobh sé maidir le hÉire agus hIndia:
Tíortha neodracha (tá súil agam!) sinn araon agus níl aon dá thír eile a rinne níos mó ar son na dí-armála adamhaí.

Nach mó an t-athrú ar an saol ó shin, agus an buama ag an India agus an bPacastáin, agus sin glactha ag an saol, agus ag na Stáit Aontaithe fiú. Thug uachtarán Bush cuairt ar an India agus an bPacastáin an tseachtain seo. Bhíodh smachtbhannaí ar na tíortha seo mar bhris siad an conradh in aghaidh iomadú núicléach. Ach d'imigh an capall sin ón scioból tá na blianta ó shin, agus ceaptar sa lá atá inniú ann go bhfuil sé níos tábhachtaí bheith cairdiúil leis na tíortha seo. Tá mórán tráchtála idir na Stáit agus an India, agus is cara tábhachtach í an Phacastáin sa troid i gcoinne na sceimhlitheoirí (mar atá cairde na laethanta seo). Is tír tábhachtach i gcúrsaí gnó í an India, agus is dócha go bhfuiltear á chothú mar chothromaíocht ar an Sín.
Tuigtear go bhfuil na buamaí ag na tíortha seo chun iad féin a chosaint óna chéile, agus níl aon chuspóir eile acu leo. Sin an diféar an-mhór idir iadsan agus an Iaráic agus an Iaráin. Cúis imní is ea é go bhfuil an buama ag tír mhoslamach mhíshocair in a bhfuil mórán sceimhlitheoirí (b'fhéidir Osama féin), mar sin féin. Ach tá an India ann mar chothromaíocht - neodrach? Ní dóigh liom go n-aithníonn sceimhlitheoirí neodracht. Agus cad is neodracht ann sa chás seo, in aon chor? Tá an dúnmharú mícheart agus ceart araon?
Nach mó an t-athrú ar an saol.

Thursday, March 02, 2006

Síochánaithe

Tá cúpla abairt greannmhar - nó b'fhéidir truamhéalach - in alt le Seán Ó Riain in Comhar, Feabhra 2006. Ní maith liom Ó Riain mar cholúnaí, mar bíonn dearcadh frithMheiriceánach, sóisialach aige i gcónaí. San alt seo, tá sé ag caint faoi gach aon iomrá olc faoi Mheiriceá sa Cholóime. Ní raibh sé de mhisneach agam an t-alt go léir a chríochnú, mar atá, mar gheall ar an droch-chlaonadh ann. Ach seo an dá habairt:
"Chaith Brendan Forde tamall maith ag tacú leis an San Jose de Apartado Peace Community, dream dúchasach atá i gcoinne gach aon saghas cogaidh. Roimh Nollaig bhí orthu achainí a dhéanamh ar an bpobal idirnáisiúnta iad a chosaint ó ionsaithe marfacha na bparaimhíleatach."
Dá ndóigh, ní fhaca Ó Riain aon rud ait sa ráiteas sin. Ach nach sin mar a bhíonn le síocháinaithe? Bíodh a fhios agaibh go bhfuil meas agam ar an bhfíor-síocháiní. Ní minic a bhíonn a leithéid ann, áfach. Níos minice, bíonn daoine in ainm is a bheith i gcoinne gach aon saghas cogaidh - go dtí an uair a bheidh fíor-bhaol ann dóibhsean. Ansin, glaonn siad ar an bpobal idirnáisiúnta (na Stáit, sin a rá, mar ní dóigh liom go mbeidh suim ag an Chóiré Thuaidh) teacht chun cabhair a thábhairt dóibh. Mura bhfuil tú sásta bás a fháil ar son na cúise, ná tabhair síochánaí ort féin. Mura bhfuil tú in ann na drochdhaoine a fheabhsú agus an tsíocháin a chothú in a measc-san, ní fiú do bhás an chúis. Ach sin scéal eile.
Ní bheadh síochánaí beo mura mbeadh daoine eile sásta iad a chosaint. Tá na Amish i Meiriceá - slán sábháilte. Níl siad sa Rúis, ná fiú san Eoraip fós.
Bhí mé ag éisteacht (comh fada agus is féidir liom) le nuacht ó Deutsche Welle. Thug mé faoi deara dearcadh na nEorpach, maidir leis an Iaráin (agus chuile rud eile). Tá siad sásta caint, caint, caint leis na hIaráinigh, mar a bheadh daoine iontaofa iontu. Níl aon rud práinneach dóibh sa chás, mar ní dóigh liom go dtuigeann siad go bhfuil aon bhaol ann dóibhsean. Le fada an lá, tá siad faoi scáth cosanta Mheiriceá. Má bhíonn fíor-bhaol ann, beidh Meiriceá sásta iad a cosaint arís eile.

An mbeidh?