Monday, November 26, 2012

Miotas na bPalaistíneach in Éirinn


An samhail is fearr do dhearcadh mhóramh na nÉireannach (ar an idirlíon agus sna meáin, ar a laghad) faoi na 'Palaistínigh bhochta atá go díreach cosúil leis na hÉireannaigh'...sin Bizarro World na ngreannán.  Gach rud a chreideann siad, is malairt glan na fírinne é.  Ach is miotas náisiúnta é, atá ann go hoifigiúil fiú, agus níl aon tírghrá agat mura bhfuath leat Iosrael, de réir dealraimh. 

Níos minice ná a mhalairt, dar le Fearn agus daoine eile, bíonn sé ar nós cuma liom ag an chuid is mó de mhuintir na hÉireann.  Ní bhaineann sé lena saol.  Ach fiú más amhlaidh, na daoine a dhéanann aon adhnua de, bíonn siad lán cinnte gur ionann 'trodaithe na saoirse' ar mhaith leo Iosrael a scriosadh, agus a gcuid 'trodaí na saoirse' féin.  Agus is a leithéidne a imríonn tionchar ar an rialtas agus ar chúrsaí idirnáisiúnta.

Níl rialtas na hÉireann ach beagáinín níos fearr ná radacaigh na tíre (ach bíonn tuaisceart na hÉireann níos measa ná áit ar bith eile sa deisceart, dar ndóigh). Cinnte, déantar gnó le hIosrael (ach dóbair nár ghlac siad le baghcat).  Ach pé caint atá ann faoina gcuid neodrachta, tá siad chomh frith-Iosrealach agus is féidir gan imeacht ón Aontas Eorpach nó cogadh a fhearadh orthu. Níl aon fíor-chairdeas ann idir na tíortha beaga daonlathacha seo. Seasann rialtas na hÉireann leis na daoine a phléascann busanna agus a sheolann diúracáin chuig Iarúsailéim. Laochra ag seasamh leis na daoine atá faoi chois iad, cheapann siad. Ar mithreoir ag tacú le radacaigh ar mhaith leo gach duine in Iosrael a mharú, le fírinne.

Ní raibh sé chomh dona i gcónaí (cé go raibh roinnt frithghiúdachais ann riamh, maraon le háit ar bith eile).  Sula raibh Iosrael féin ann mar thír, bhíodh tuairim choitianta in Éirinn a bhíodh ar son na Síónach.   Bhí a lán fadhbanna ann ó bhunaíodh stát Iosrael, ámh.  Chomh luath agus a ghlac na Giúdaigh le críochdheighilt mar réiteach (réiteach a bhí ag na Náisiúin Aontaithe, ach sin scéal eile...), thosaigh na hÉireannaigh chun droch-chomparáid a dhéanamh lena gcás féin. Ní raibh aon chabhair é dearcadh an Vatacáin, a ghlac Éire freisin, go mba chóir cathair idirnáisiúnta a dhéanamh de Iarúsailéim, agus nár thug siad aitheantas do Iosrael le fada mar gheall air sin.  Is fada casta an stair, ach ar ball d'éirigh dearcadh na tíre ní ba mheasa, agus tharla athrú mór sna 1970í go háirithe, nuair a rinneadh cairdeas idir an IRA agus an PLO.  Mar gheall ar an mbolscaireacht a rinne an IRA agus a lucht tacaíochta (an eite chlé), cailleadh an fíorscéal go huile is go hiomlán.  Níl ann anois ach 'na daoine bochta Palaistíneacha a bhíonn faoi bhrú ag na Iosraeligh mhóra olca'.  Ní fheictear ach coilíneacht Shasanach a rinneadh i dtír na bPalaistíneach - cé nach raibh duine ann mar Phalaistíneach riamh, cé gur throid na Giúdaigh in aghaidh Sasana chun a saoirse a bhaint amach...is cuma.  Tá an miotas ró-láidir.

Ghlac rialtas agus muintir na hÉireann le síocháin atá bunaithe ar an gcomhghéilleadh ina dtír féin.  Nuair nach bhfuil éinne lán-tsásta, sin sainmhíniú ar an gcomhghéilleadh.  Ní raibh sé éasca, ach bhí sé ceart agus riachtanach.  Tá síochán in Éirinn, buíochas le Dia.  Beidh Iosrael sa chás céanna, má bhíonn na hArabaigh sásta riamh glacadh leo.  Ach bíonn Éire ar aon intinn leis na hArabaigh dhiúltacha.  Tá sé i bhfad níos éasca gan comhghéilleadh a ghlacadh i dtír atá i bhfad i gcéin.  Ní hiad a muintir féin a bhíonn ag fáil bháis.  Is amhlaidh go bhfuil Éire sásta 'an troid' a choimeád beo thar sáile.  B'fhéidir le hÉire bheith ina dea-shampla.  Ach in ionad sin, bíonn siad ag tacú leis an taobh atá glan in aghaidh aon chomhghéilleadh.  Is rí-mhór an trua sin.

"The Irish tendency to view the outside world in terms of local obsessions is still with us."

Mar is eol d'aon duine le súile oscailte, is tír bheag Israel, a bhfuil tíortha móra naimhdeacha Arabacha mórthimpeall uirthi, a bhíonn ag bagairt a báis uirthi ó lá a bunaithe.  Níl suim dá laghad ag na Iosraeligh i gconcas nó i gcogaíocht.  Ní bhíonn acu ach tír shlán shábháilte.  Bhí siad sásta talamh a thabhairt ar ais i ndiaidh a mbua i ngach cogadh (a thosaigh is a chaill na hArabaigh).  Déanann siad gach rud a b'áil le lucht idirnáisiúnta na síochána (mar dhea), nach ndéanfadh deireadh dá dtír.  Agus ní fhaigheann siad ach ionsaithe mar chúiteamh air.  Riamh.  Ach in aghaidh na fírinne, síltear in Éirinn gur iadsan na daoine olca.

Go gcuirtear an droch-iompar go léir ó Éirinn (agus ó thuaisceart na hÉireann).  Tús maith, leath na hoibre.



1 comment:

Fearn said...

Chun fiche focal a chuir in aon fhocal amháin, má smaoineann an tÉireannach ar an staid ar chor ar bith, feiceann sé cóilíniú agus a chur i bhfeidhm. Dar leis, bhí a shinsir faoi choilíniú, agus tá comhbhá leis na fulaingithe.