Monday, August 06, 2012

An tOcras

Conas ab fhéidir fadhb an ocrais ar domhain a réiteach?  An mbeidh an teicneolaíocht ábalta gach duine a bheathú ar ball?  Nó arb fhéidir leis na tíortha saibhre na tíortha bochta a shábháil?  Ní mór bheith dóchasach go mbeidh cúrsaí níos fearr lá éigin, cinnte.  Ach ní mór an fhírinne a ghlacadh, fresisin.  Braitheann roinnt den fhadhb le bochtanas ithreach agus mar sin de, agus is féidir a leithéid a dheisiú, minic go leor.  Ach an chuid is mó den fhadhb, sin an pholaitíocht.

Tá mapa anseo a thaispeánann na háiteanna is mó a bhfuil an t-ocras iontu.  Tá an liosta ar fáil anseo.

Sna háiteanna is mó a mbíonn cogaí, éillitheacht, deachtóireacht (cumannachas, minic go leor, nó dian-sóisialachas an-chosúil leis), barra drugaí seachas bia, nó gach ceann acu seo, is iad na háiteanna is mó a bhfuil ocras iontu.

Tá dul chun cinn in áiteanna mar an Ind mar gheall ar athruithe polaitiúla.  Níos lú sóisialachais.  Nuair a éiríonn le daoine gnó a dhéanamh gan cur isteach ón rialtas nó ón gcaimiléireacht, éiríonn leo caighdeán maireachtála níos fearr a dhéanamh dóibh féin.  Agus an fórsa is éifeachtaí chun saibhreas na ndaoine a mhéadú, sin an caipitleachas.

Téann cúrsaí ó go holc go níos measa i dtíortha mar an Chóiré Thuaidh, An Bholaiv, nó Poblacht Dhaonlathach (mar dhea) an Chongó.  Ní mór cultúr a chothú i dtíortha an domhain atá oiriúnach don dul chun cinn, a thabharfadh deis do na daoine sin.  Seachas sin, is beag an mhaith a dhéanfaí.  Sin an fhírinne ghlan shearbh.  Is cuma cé mhéad bia nó airgid a thabharfaí muna mbeadh sochaí agus rialtas ann a cheadódh rathúnas na ndaoine.

Beidh na bochtáin againn i gcónaí, faraor, chomh fada agus a bheidh peacaí an domhain ann.

9 comments:

eamonj said...

Is annamh a bhíonns seans agam an pholaitíocht a phlé i nGaeilge!

Cé gur minic a bhíonns an t-ocras agus an cogadh le feiceáil ar láimh le chéile, ba dhoiligh a chreidiúint gurbh é an caipitleachas an réiteach ar an gcogadh. Nó réiteach ar an triomach ach oiread.

Ó thaobh na caimiléireachta dhe, tá daoine ann a déarfadh go gcothaíonn an caipitleachas an chaimiléireacht, i gcás na mbaincéirí ar aon chaoi.

Maidir leis an liosta sin de na tíortha is mó a bhfuil an t-ocras iontu, rith sé liom go mbíonn a lán acu an-tógtha do chúrsaí creidimh - ach is doiligh déanamh amach cé acu is ceart: gurb é an creideamh is cúis leis an ocras, nó an t-ocras is cúis leis an gcreideamh.

Fearn said...

"Beidh na bochtáin againn i gcónaí, faraor, chomh fada agus a bheidh peacaí an domhain ann."

Dhiabhail! An bhochtanacht de dhroim dul ar fán ó chosán Dé. Nach méanar dhuit go bhfuil Dia ar aon fhocal leat ó thaobh an poilitíochta de?

I ndomhnach is deacair sárú do chuid bhaoise ach ná codail ar an chluais sin. Lig rud beag éargna leat

Séamas Poncán said...

Chomh stuama agus riamh... maidir leis na bochtáin againn i gcónaí, faigh Bíobla...

Séamas Poncán said...

A Éamoinn, fáilte! Más ocras atá amn agus an caipitleachas i réim (agus meas ar an dlí, srl.), bheadh gorta ann gan é. Ní ionann gach creideamh. Bíonn carthamnacht ann mar chuspóir de ghnáth, ámh, agus ní dóigh liom go bhfuif fíorchreideamh cionsiocair as an ocras. San Iaráin, sin scéal eile. Fiú, is iomaí áit a mbíonn muslamaigh radacacha ag brú a gcuid creidimh is cogaí ar a gcomharsana, agus ag déanamh a lán dochair.

Fearn said...

A chorp na stuama,


"Chomh stuama agus riamh... maidir leis na bochtáin againn i gcónaí, faigh Bíobla.."

Tá leabhar Dé os mo chomhair amach. Cá bhfuil an ceangal idir peaca agus bochtán?

Séamas Poncán said...

Tá rud chomh bunúsach sin in easnamh agat?

Anonymous said...

Níor lig tú fíorais teacht idir tusa is do chuid thuairimí riamh, bail ó Dhai ort :-)

Séamas Poncán said...

Ní fheadar an domhain cád tá i gceist agat. Bíonn deacrachtaí agat le léamh mo bhlaig, ceapaim.

Fearn said...

Ní fheadarais, muis!