Tuesday, April 09, 2013

Coir is ea coir is ea coir.

Fuair Margaret Thatcher bás.  Ar dheis Dé go raibh sí, i dteannta le Ronald Reagan agus Eoin Pól a dó.  Ba iadsan, thar aon daoine eile, a chur an cummanachas Sóivéideach chun báis.  Agus sheas siad in éadan an tsóisialachais sa bhaile, freisin.  Tá an saol seo i bhfad níos fearr mar gheall orthusan.

Dar ndóigh, is fuath leis an eite chlé iad, mar a ba riamh leo.  Sin comhartha go raibh na daoine seo ar an taobh ceart, cinnte.  Ní bhaineann an nimh is an fhuath seo le ciall ar bith, dar liomsa.  Agus níl aon teorann leis, mar a fheictear sa damhsa chaithréime a rinne siad uile ar uaigh Thatcher.  Ach tá nimh agus fuath ar leith i dtaobh Bean Uasal Thatcher i measc na nÉireannach, go háirithe ó thuaidh.  Lucht na heite clé den chuid is mó, ach maraon leis sin, lucht tacaíochta an IRA atá i gceist.

B'fhéidir an rud ba mheasa a tharla in am Thatcher ná feachtas an IRA (na trioblóidí), agus an stailc ocrais.  Is deacair go leor d'aon duine paisin fíochmar mar sin a chur ar leataobh, fiú má tá an fonn sin ann.  Agus is mairg liom a rá, ní minic a bhíonn an fonn sin ann, fiú.  Mar sin, maireann an fhuath, agus mairfidh go deo, de réir dealraimh.

Bhí grá acu siúd a fuair bás ar an stailc ocrais sin dá dtír, grá a bhí ní ba mhó ná a ngrá dá n-anamacha féin, agus tá meas ag a lán daoine air sin.  Ceaptar orthu mar laochra i gcónaí.  Dar liomsa, ní bhíonn leithscéal ag an sceimhlitheoir, pé cúis a bheadh aige, agus mar sin ní raibh meas agam ar an IRA riamh.  Mar a dúirt Thatcher, coir is ea coir is ea coir - is cuma an chúis.  Bhí dea-intinn acu, b'fhéidir, ach drochmhodhanna. 

D'iarr siad orthu, a bhí ina naimhde do Shasana, aitheantas a fháil uathu nárbh fhéidir a thabhairt.  Ní raibh an locht ar Thatcher go bhfuair siad bás.  Mharaigh siad iad féin mar gheall ar an spreagadh a fuair siad ó lucht a dtacaíochta, agus mar gheall ar an tírghrá a chuaigh thar fóir.  Cúis uasal, saoirse na tíre.  Daoine ídéalaíocha ab ea iad.  Eachtra tragóideach sin i stair na hÉireann.  Go ndéana Dia trócaire ar a n-anamacha.  Agus ar anam Mhargaret Thatcher.  Ba ghrá léi a tírse, freisin.

Wednesday, April 03, 2013

Dubh, dubh, dubh...breacdhubh?

Is fada an lá ó scríobh mé rud ar bith ar an mblag seo, ach bíonn mórán ag tarlú gurb fhéidir liom trácht a dhéanamh air.  Faraor, is beag rud dearfach atá ina measc, agus sin an fáth go raibh leisce orm scríobh anseo.

Éiríonn Obama níos measa lá i ndiaidh lae.  Ach ar a laghad, níl sé ag éirí leis mórán dochar a dhéanamh, mar tá roinnt daoine ciallmhara ann fós a bhíonn á dhiúltú.  Agus bíonn sé chomh hamaideach uaireanta nach féidir fiú le lucht na heite clé neamhaird a thabhairt dó.  Gan iarracht tréan, ar aon nós.  Mar shampla, an cacamas faoin sequester agus buiséad na tíre.  Níl turais an Tí Bháine ar fáil don ghnáthdhuine, deir sé, mar gheall ar an easpa airgid (a tharla mar gheall airsean, ach sin scéal eile).  Ach bíonn sé féin agus a theaghlach ag dul ar saoire agus ag múin an airgid gan stad gan staonadh, agus caitear mórán airgid ar raiméis den uile shórt i gcónaí. 

Ina measc sin, tugtar na céadta milliúin dollars do - sceimhlitheoirí agus a lucht tacaíochta.  Seo mar a ndéanann Obama an dochar is mó - ar stáitse an domhain.  Agus an rud is measa le déanaí, chuir sé brú ar Netanyahu a leithscéal, agus airgead, a thabhairt do Erdogan agus na Tuirc a rinne ionsaí ar a thír.  Cén mhaith sin?  Ní léir go bhfuair Iosrael aon tairbhe as.  Ach fuair Hamas.  Sea, chuaigh Obama go hIosrael chun cur i gcéil gur cara dóibh é, agus faoi scáth na bhfocal deas siúd, rinne sé feall orthu.

Cá háit ar domhan a bhfuil cúrsaí níos fearr mar gheall ar Obama?  Is iomaí áit a bhfuil siad níos measa, cinnte.  Agus tá blianta eile le teacht sula bhfaighimid réidh leis, faraor.  Tuigeann deachtóirí an domhain go bhfuil duine lag ina uachtarán againn - an duine is laige riamh, b'fhéidir.  Agus tá an saol seo i bhfad níos baolaí mar gheall air.

Ní bheidh na Stáit Aontaithe lag, pé dochar a dhéanann Obama.  Níos laige, cinnte, ach ní bheimid lag.  Ach tá seans mór ann go gceapfar sin, agus íocfar as.  Cé a bheidh ag tús na scuaine?  An Iaráin?  An Chóiré Thuaidh?  Go tsábhála Dia sinn.  Go n-éiste Sé leis an bPápa nua.  Báine sa dorchadas eisean, is dócha.  Bíonn dóchas ann chomh fada agus a bhíonn creideamh ann.  Dea-chreideamh, sin le rá...