Friday, December 10, 2010

Uafás i Sasana

Rinneadh drochbheart i Sasana. Ionsaí (eile) ar an gCríostaíocht, de réir dealraimh. Fiú murab amhlaidh i gceann an chreachadóra a rinne, is léir nár thug sé meas madra do thraidisiún agus creideamh na ndaoine. Scriosadh crann naofa Glastonbury.

Scrios Cromail é don chéad uair, ach shábháil na daoine píosaí beo de, agus ath-phleandáileadh é ar an bhfód céanna timpeall seasca bliain ó shin. Le cúnamh Dé, déanfar amhlaidh arís.

Ní braitheann an Chríostaíocht ar chrann, dar ndóigh. Ach is samhail é seo do mheath na Críostaíochta i Sasana, faraor. Feictear an troid spioradálta san eachtra seo. Bhí cuairt an Phápa agus naofacht Neumann agus rudaí an-dearfach ann i mbliana. Agus freagra ón diabhal anseo.

Cá bhfios nach díreoidh an droch-bheart seo aire na ndaoine ar a stair is a gcreideamh arís? Tá gach rud indéanta do Dhia. Guímis ar Shasana, go háirithe ar mhuintir Glastonbury.

Tuesday, November 23, 2010

Éire Faoin Uisce

Tá an chóisir thart, tá na billí ag teacht isteach, agus tá póit ar gach éinne. Cé hé a chuir an píosa caca sa bhabhla puinse?

Tá cúiseanna áirithe ann don ghéirchéim atá ann. Sheas an rialtas leis na bainceanna, mar ráthóir. Agus cén fáth nach ndéanfaidís amhlaidh? Tá an rialtas ag caitheamh airgid gan teorann mar gheall ar an airgead a rinne na bainceanna dóibh. Ach bhí na bainceanna as smacht, ag brath ar fhás gan deireadh i margadh an estáit réadaigh. Agus cá bhfuair siad an t-airgead, nó, chun a bheith beacht, an creidmheas, chun an droch-ineistíocht sin a dhéanamh?

Dar leis an alt seo, lena n-aontaímse, is é an euro is cionsiocair leis an bhfadhb, níos mó ná aon rud eile. Mar gheall ar an éagothroime idir geilleagair na dtíortha beaga agus na dtíortha móra, bhí buntáiste ag na tíortha beaga chun níos mó creidmheasa a fháil ná ba chóir. Agus féachaint nach raibh a gcuid geilleagar chomh láidir, bhí ní ba lú cumais acu na fiacha sin a íoc ar ais, go háirithe dá mba géirchéim ann. Bhuel, bhí an gaiste curtha.

Agus anois le cúrsaí mar atá, níl aon réiteach ann ach a bheith ag brath ar na daoine céanna atá ciontach as an bhfadhb. Chun an euro a shábháil, ní mór don AE seasamh leis na tíortha beaga bochta a bhíodh ar an ndrabhlás. Agus beidh le tuiscint níos fearr cé chomh mór is atá an chumhacht a thug Éire don Aontas Eorpach uirthi.

Bhí a fhios ag daoine áirithe nach raibh an euro oiriúnach do gach tír agus go mbeadh fadhbanna móra ann. Ach is beag Éireannach a d'éistfeadh leo...

(Tá míreanna eile ar an mblag seo ar an ábhar seo - déan cuardach ar 'euro' chun iad a fháil).

Friday, October 15, 2010

Neamhchiontach

Breithiúnas ceart a rinneadh san Ísiltír. Fuar siad nach raibh Geert Wilders ciontach as aon choir ar bith.
Ní maith liom (mar Mheiriceánach) an dlí agus go raibh sé cúisithe ar chor ar bith, ach ar a laghad, fuair sé a cheart.
Anois agus an siorcas sin thart, ní mór don tír sin (agus don uile thír) díriú ar an saincheist - cén iompar atá ceart i leith an Ioslamachais?

Tuesday, October 12, 2010

Abajo Comunismo!

Sin an rud deireanach a dúirt a lán daoine, mar lámhaíodh iad os comhair balla, mar gheall ar Ché Guevara. Minic go leor, mharaigh Ché féin iad. Thaitin sin go mór leis. Ach amháin mar dhúnmharfóir, is beag an rud mór a rinne sé. Ach tá cáill agus clú air mar réabhlóidí! Laoch do dhaltaí ollscoileanna ar fud an domhain is ea é - agus an t-léine sin! Conas a tharla go bhfuil íomhá comh cáilliúil agus clú chomh mór ag duine chomh holc seo?

Nuair a bhí sé beo, bhí daoine mar Jean Paul Sartre agus cumannaigh eile na hEorpa (les bien pensant) tóghtha leis. Ach i ndiaidh a bháis a fuair sé an clú ba mhó. Bhain Castro feidhm as tar éis a bháis mar Guerrillero Heroico le chur os comhair na n-amadán úsáideach, agus bhí a lán cabhrach aige, go háirithe sa bhFrainc. Agus sna Stáit (Norman Mailer agus a leithéid sin). Agus in Éirinn! Ghlac grianghrafadóir oifigiúil Castro an pictiúir rí-cháilliúil sin, ach rinne Éireannach an leagan is cáilliúla de. Mar a tharlaíonn, bhí sinsir Éireannacha ag Guevara, Lynch, agus thug sé cuairt ar Éirinn, de thaisme. Is iomaí cara a bhí agus atá fós ag a leithéid in Éirinn, faraor. Tá a íomhá le feiscint ar na mballaí i mBéal Feirste. Ní dóigh liom go bhfuil tuiscint ar bith ag a lucht leanúna seo ar an saghas duine a bhí ann. Tá súil agam nach bhfuil, ar aon nós.

B'fhuath le Ernesto (Ché) na Stáit Aontaithe, agus bhí sé ar son domhain shóisialaigh, agus mar sin, ba léir gur laoch ab ea é. Dóibh siúd a chreideann go n-eascraíonn gach olc as na Stáit Aontaithe, chreididís rud ar bith, agus sin an fáth go gcreideann siad fós gur laoch ab ea é. Is mór an trua, agus le fírinne, is rud olc sin. Is iomaí laoch a fuar bás mar gheall ar an dúnmharfóir seo, ach ní cheaptar orthusan. Is iomaí laoch atá faoi ghlas i gCúba fós, ach ní cheaptar orthusan. Ach coimeádtar an bréag beo gur laochra iad Castro agus Ché. Bheadh sé greannmhar ach go ndéanann sé an méid dochair agus a dhéanann sé.

Tá Ché ag dó in Ifreann ó Dheireadh Fómhair 1967 i leith. Go raibh Castro ina theannta.

Wednesday, October 06, 2010

Geert Wilders

Geert Wilders sa chúirt inniu san Ísiltír. Ceapann sé go bhfuil síol agus cúis an fhoréigin a dhéanann Muslamaigh radacacha sa Chorán féin. Taispeánann sé seo ina scannán gearr Fitna (seo cuid a haon agus cuid a dó - níl ann ach timpeall 16 nóiméad san iomlán). Sa scannán sin, luann sé vearsaí as leabhar naofa na Muslamach agus cuireann sé íomhánna leo a thaispeánann conas a gcuirtear i bhfeidhm iad. Dúshlán is ea é don Mhuslamach dul i ngleic leis na droch-choincheapanna atá sa leabhar agus na fadhbanna atá bunúsach ina gcreideamh.

Sa dara leath den scannán, díríonn sé ar an bhfás as cuimse de dhaonra Muslamach san Ísiltír agus san Eoraip. Féachaint nach bhfuil na Muslamaigh sásta na vearsaí sin (agus an foréigin sin) a dhiúltú, is léir dó nach bhfuil sé ar son leas na hEorpa tuile de Mhuslamaigh a ligint isteach. Tá sé baolach do chultúr is féinthuiscint gach tír san Eoraip, fiú mura bhfuil sé baolach mar gheall ar an sceimhlitheoireacht (agus síleann sé go bhfuil).

Conspóideach? Cinnte. Maslach? Ní dóigh liom. Pé scéal, níl sé chun daoine a ionsú, ná ag bagairt ar éinne. Déanann sé a chás agus cuireann sé os ár gcomhair é go stuama. Rud bunúsach don saoirse cainte cead a bheith ag duine sin a dhéanamh. Is náireach do rialtas na hÍsiltire go bhfuil siad á chrá mar gheall air. Tá imní orthu thall mar gheall ar an bhforéigin - mar dhúnmharú Theo Van Gogh. Tá an iomarca daoine ann atá sásta géilleadh roimh ionsaí na Moslamach radacach. Níl Geert Wilders sásta sin a dhéanamh. Treise leis! Agus go n-éirí leis i gcoinne naimhde na saoirse seo go léir.

Moladh

Seasaimis le Geert Wilders ar son na saoirse amárach. Beidh blagadóirí eile ar fud an domhain á dhéanamh. Tá rialtas na hÍsiltíre á ghéarleanúint mar gheall ar scannán a rinne sé, Fitna. Tá an scannán dian ar an gcorán agus deacair a sheasamh mar gheall ar na híomhánna uafásacha atá ann, ach molaim é mar sin féin. Is féidir é a fháil ar youtube (ach bí cúramach - tá bréagnaisc go leor ann). Beidh níos mó le rá agam faoi amárach, lcD. Is náireach an iompar atá ag a rialtas chuige, agus is saghas canáraí sa mhianach é.

Wednesday, September 29, 2010

Banríon na mBlag

Comhghairdeas le hÁine Durkin as duais a fháil ón Oireachtas:


COMÓRTAS A29: BLÁGÁILMaoinithe ag Oifig na Gaeilge, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha CliathDuais €500Mise Áine le Áine Durkin, Ceann Scríbe, Bóthar na Gráinsí, Bun Cranncha, Co. Dhún na nGall.

Táthar ag súil nach n-éireodh sí as an mblagadóireacht mar a tharlaíonn go minic tar éis an duais seo a fháil...

Tá blagadóir ann i gCeann Scríbe,
A fuair aitheantas as a blag ríoga;
Níor shéid sí a buabhall
Mar tá sí sách umhal
Ach gan amhras ní hise an díogha!

Friday, September 17, 2010

Ní Cheadaítear Amhras

Fiú má bhíonn poll mór sa scéal. Mar an poll a luaitear le déanaí mar gheall ar thoradh Phrotocol Montreal. Ceiliúradh caithréimach go ndearnadh an rud ceart (agus gur dea-shampla sin don uile rud eile cosúil leis a dhíríonn ar an téamh domhanda...) atá ann, feictear. Tá an cath sin thart, dar ndóigh, agus is casta an scéal é. Tá a lán foghlamtha ó shin, agus beidh i bhfad níos mó, le cúnamh Dé. Ach an rabhamar ceart? Sea, táim á cheistiú. Ní mór dom bheith ar an taobh eile de beagnach gach aon scéal, nach ea?

Nílim ag rá nach bhfuil 'poll ózóin' ann. Bíonn, bhíodh, agus beidh, chomh fada agus is eol dúinn. Baineann sé le dhá chúis, den chuid is mó, go bhfios dúinn. Scriosann clóirín san aitmaisféar ard an ózón, le cabhair ó ghathanna cosmacha. De réir dealraimh, tá timthriall nadúrtha ann a mhéadaíonn an poll seo go rialta, timpeall gach 11 bliain.

Is iomaí cúis go bhfuil clóirín saor san aitmaisféar (agus ózón), ach cuireadh an milleán ar fad as an bpoll seo ar na CFCanna (clorafluaracarbóin), agus trí bhliain is fiche ó shin, coscaíodh iad. Sin freon agus a leithéid. Má shábhálamar an domhan, b'fhiú sin. Ach bhí costas an-ard ann:


At the time, the CFC industry was worth about $8 billion in the U.S.,
employed over 600,000 people directly, and 1.4 million people indirectly...

Nílim an t-aon duine amháin atá amhrasach, ámh, gur shábhálamar an domhan. Seo duine de mo leithéid (S. Fred Singer). Tá a lán rudaí suimiúla le rá aige. Ach is 'eolaíocht shocraithe' atá i gceist anois (mar a bhí an domhan cothrom...) agus ní cheadaítear a cheistiú, de ghnáth. Is mór an trua sin, mar tá an scéal an-suimiúil agus tá mórán le foghlaim as nach bhfuil foghlamtha go fóill. Go háirithe maidir leis an bpolaitíocht a bhain leis an bpoll ózón seo...

Anois, b'fhéidir cúpla focal faoi DDT agus an mhaláire? Ar ball. Beidh mé ag sábháil an domhain idir an dá linn...

(Rud suimiúil nach mbaineann le hábhar: an bhfuil a fhios agat cad is PVC ann?)

Thursday, September 09, 2010

Dubh Dóite

a lán cainte ann faoi dhó chóip an Chóráin. Aontaím le hAonghus den chuid is mó faoi. Ach deir sé go mbeidh daoine ag fáil bháis mar gheall air. Cuir an abairt sin samhail i mo chloigeann. Éigníodh an bhean úd mar bhí sí go hálainn. Maraíodh an fear úd mar ba Ghiúdach é. Goideadh ón nduine siúd mar bhí sé ró-shaibhir. Bualadh an páiste sin mar thug sé masla orm.

Ní bhíonn sé ceart riamh an milleán a chur ar an íospartach.

Níl aon leithscéal ann do choir ina leithéid cainte. Má mharaítear éinne mar gheall ar an mbeart amaideach seo, déanfaidh dúnmharfóir é, agus beidh an locht iomlán airsean. Is fabht ollmhór ar chreideamh má cheaptar ann gur ceart daoine a mharú is a dhícheannú is a phlódú srl. mura n-aontaíonn siad leis. Ní thabharfainn creideamh na síochána ar a leithéid...

Is iomaí Moslamach dea-thola atá ann, gan amhras. Ach tá an iomarca ann atá lán-sásta leis an bhforéigean agus an dúnmhárú. Agus tá an iomarca ann a thugann bualadh bos dóibh. Tá siadsan ciontach freisin. Fiú mura sheasann tú ina n-éadann, tá tú ciontach, ar shlí. Istigh nó amuigh, gan rogha eile, dar liom.

Ní réitíonn creideamh na ndaoine sin le cultúr an Iarthair, mar níl siad sásta cead aighnis a thabhairt d'éinne. Tuigtear coir ar scaipeadh na Críostaíochta sna tíortha Moslamacha. Díbrítear Giúdaigh agus Críostaithe uatha. Tugtar drochíde don lucht Bahá’í. Tá a lán díobh sna tíortha seo an-sásta mionlaigh áirithe de fo-chreidimh Mhoslamacha a mharú is géarleanúint a dhéanamh orthu. Cé acu againn atá le hathrú, agus béasa nua a fhoghlaim?

Sean-choimhlint atá ann, agus tá sé ag éirí níos teo. Seasaimis leis an amadán in Florida, nach maródh duine ar bith, seachas leosan atá á bhagairt le bás.

Dála an scéil, chun a bheith dea-bhéasach do na daoine éadúlangacha siúd, coigistíonn Arm na Stat bíoblaí ó na saighdiúirí san Afghanastáin, mar níl cead acu iad a choimeád ansin. Agus cad a dhéanann siad leo? Dóitear iad.

Cad ina thaobh go mbímid ag géilleadh do na daoine sin? Eagla? Nó drochmhisneach? Nó meath creidimh/cultúra san Iarthar? Níl sé ceart, agus ní dhéanfaidh sé aon mhaith, ach a mhalairt. Táimid chomh dea-bhéasach do na dúnmharfóirí sin go mbeidh buama adamhach acu sul i bhfad (dóbair go bhfuil cheana, sa Phacastáin). Cad a dhéanfaimid ansin?

Ar a laghad, cé go mbíonn eagla orainn roimh an Moslamachas míleata, ní bhaintear feidhm as sin mar chúis fhoréigin (ach amháin nuair a fhearann siad cogadh ar thíortha eile, nó a bhíonn siad ar tí sin a dhéanamh). A mhalairt scéil maidir leo siúd ar a bhfuil eagla orthu roimh an gCríostaíocht.

Seo alt fiúntach eile ar an gconspóid seo (as Béarla) a mholaim. Agus seo ceann eile.

Ná géillimis go deo!

Monday, August 30, 2010

Admhaíonn Fiú an BBC é!

Ní minic a bhíonn aon rud dearfach faoi Iosrael le léamh nó le cloisteál ón mBíb. Ach fair play dóibh an uair seo, maidir leis an Mavi Marmara agus "Cabhlachán na Síochána" (mar dhea). Mar a dúirt mé ag an am, is iontach a bhfeictear le súile oscailte.

a lán cainte le déanaí faoi Phróiseas na Síochána, agus tá BHO ag cur i gcéil gur féidir na ceisteanna móra a shocrú, cé nach bhfuil aon údarás iontaofa ag na hArabaigh Phailistíneacha, agus go bhfuil a fhios acu nach mbeidh aon athrú ann. Is mór an trua nach mbeidh aon dul chun cinn ann, ach sin mar atá. Dá mbeadh ní ba mhó daoine ag féachaint ar chúrsaí mar atá, seachas mar a bheadh nó mar a chuala siad go bhfuil ó lucht an fhuatha, b'bhéidir dóibh cúrsaí a fheabhsú. Ach chomh fada agus a bheidh lucht tacaíochta ag na sceimhlitheoirí, ní bheidh aon náire orthu, ná athrú intinne.

Thursday, August 05, 2010

Ar Saoire

Ó am go chéile, scíobhaim blagmhír nach mbaineann leis an bpolataíocht anseo. Sos cogaidh, mar a déarfá. Tá a lán suime agam i mórán ábhar, muise, agus tharla de thaisme go mbím ag plé cúrsaí polaitiúla. Má tá suim ag éinne, bím ar Facebook, agus tamall ó shin chuir mé mórán grianghraf de mo laethanta saoire ann. Ní bhíonn gach éinne sásta ballraíocht Facebook a ghlacadh, ach molaim é mar is ansin a bhíonn níos mó Gaeilge ná áit ar bith eile le tamall anuas.

Bhíos in Montana, Wyoming agus Idaho (agus ar an traein idir Montana agus Nua-Eabhrac, le stad in Siceágo). Seo cúpla sampla dá bhfaca mé thall san Iarthar.

Ar an mbóthar in Montana

Grand Tetons
Tearmann Náisiúnta na mBíosún
Páirc Náisiúnta Oighearshruth (sin mise)
Páirc Náisiúnta Oighearshruth

Friday, July 02, 2010

Gilad Shalit

In Gaza, there are 1.5 million people. Only one of them is truly in need of
humanitarian assistance. - Ehud Barak

Is cuma le lucht na gcearta daonna na daoine a bhfuil fíor-ghá le cabhair acu. Tacaíonn siad fós leis na coirpigh a bhíonn ag briseadh gach dlí. Cén fáth go bhfuil siad chomh dall sin? Fuath agus easpa céille, is dócha. Ach ar an gcaolseans gur as aineolas atá sé, roinnim fíricí anseo ó am go chéile.

Saighdiúir Iosraelach is ea Gilad Shalit. D'fhuadaigh sceimhlitheoirí ó Ghása (Hamas) é breis is ceithre bliana ó shin. Ní thugann siad cead d'éinne cuairt a thabhairt air, an Cros Dearg san áireamh.

Cá bhfuil na hagóidí is na baghcait?

Ní dóigh liom go gcloistear a scéal fíu, mo léan.


Wednesday, June 30, 2010

Faoi Thioncar na nGiúdach

Thug Gaelscéal cuireadh dom taobh eile den scéal a insint ar 'an ardán' maidir le hIosrael agus na báid sin (Mavi Marmara go háirithe). Gan colún tuairimíochta nach le ball dá bhfoireann, ní bheadh a leithéid ann in aon chor, ach is maith an rud é go raibh suim ar bith acu. Ach le fírinne, táim réasúnta cinnte nach raibh suim sna fíricí sin chomh mór acu agus a bhí suim sa chonspóid a chothófaí.

Thosaigh mé an t-alt ag rá nach mbeadh a lán daoine sásta é a mheas gan chlaonadh, agus dúirt cara liom nach sin an dóigh is fearr chun daoine a mhealladh chugat. Beagán de sheanbhlas a bhí agam, chun náire a thabhairt orthu nach mbíonn sásta an scéal a mheas, ach ní thuigtear a leithéid go minic (ní maith le hÉireannaigh stíl 'Fox News' a dúradh liom nuair a d'iarr siad an t-alt orm...). Ba é m'fhreagra do mo chara ná go bhfuilim cleachtaithe leis an gconspóid seo agus dearcadh na ndaoine, agus níl a lán dóchais agam. Cé go mbím sásta iarrachtaí a dhéanamh chun an fhírinne a insint, pé scéal. Ag troid le muilte gaoithe a bhím, is dócha.

Ní raibh mé chun freagra a thabhairt dóibh siúd a sceith amach an fhuath iondúil. Tá áthas orm gur chuir mé fearg ar a leithéid. Cúis sásaimh sin dom i gcónaí. Ach ní fheadar ar scriosamar 'an t-ardán' sa nuachtán, mar níl sé ann an tseachtain seo, agus is trua sin. Ach sa ghiota faoi na blaganna déantar trácht ar Chinn Lae Uí Reachtair, an mhír ina magann sé faoi mo cholún le hargóintí...an-...bhuel, le focail go leor. Mar shampla, maíonn sé gur thóg na hIosraeligh na focail 'go back to Auschwitz' as comhthéacs, nó rud mar sin. (Féach an scannán thíos).

D'fhoilsigh siad litir ó fhuathdóir Iosrael eile (Brian Mac Aongusa) mar 'fhreagra' dom. Ní foláir go bhfuilim faoi thiocair na nGiúdach a bhíonn taobh thiar de gach aon rud olc, mar gur Meiriceánach mé, sin bunús a choda. Bheadh sé greannmhar, ach go bhfuil an fhuath a thaispeánann sé fíor, agus na bréagacha a insíonn a leithéid chomh marfach agus atá buamaí Hamas.

*Osna*

Fuair mé teachtaireacht amháin ó Ghael eile a thacaíonn liom. Nílim i m'aonar, ar a laghad. Fainic!

An bhfaca éinne an scannán seo? Níl aon ghá le focail eile. (Ach rinne an IDF é - agus níl aon rud fíor mura ndeireann na sceimhlitheoirí agus a lucht leanúna é!)

Anois, feicfear an mbeidh aon rud in Gaelscéal faoin mblagmhír seo a thagraíonn do thrácht i nGaelscéal ar bhlagmhír a thagraíonn don alt a bhí agam in Gaelscéal...

Wednesday, June 09, 2010

Nuachaint

Scríobh mé alt aréir agus rinne mé tagairt don úrscéal 1984 agus focal ó Newspeak. Bhí mé ag déanamh mo mhachnaimh air inniu, agus léigh mé píosa ó Wikipedia (thuas) faoi. Chuir sé leasú na Gaeilge i gcuimhne dom.

Bíonn daoine ann a deir go bhfuil an Ghaeilge ró-chasta, agus go bhfuil gá ann lena leasú. Údarás iad a cheapann gurb fhéidir leo teanga a athrú le fiat. Níl aon ghá le séimhiú. Níl aon ghá leis an tuiseal ginideach. Agus a leithéid sin. Bheul, is ionann sin agus Newspeak George Orwell.

Tá gá le caighdeán, agus glacaim leis sin. Glaicim le hathchóiriú na litrithe agus leis an gcló Rómhánach, mar sin mar a bhfuair mé an teanga. Ach tuigim iad nach nglacann leo. Agus ní ghlacfaidh mé le hathruithe bunúsacha a thagann ó údarás gan aon údarás ar a leithéid de theanga bheo.

Saoirse don Ghaeilge! Saoirse do lucht a labhartha! Nílimid chomh lag sin go ngéillfimid do Dheartháir Mór na Gaeilge.

Tuesday, June 01, 2010

Leithscéal eile Dóibh ar Fuath Leo Iosrael

Is cuma cad iad na fíricí, dar ndóigh. Cé go bhfuil siad ar fáil. Níl cluas le héisteacht ag lucht an fhuatha. Bhí sé ar intinn ag na 'gníomhaithe ar son na síochána' seo troid a thosnú a chuirfeadh droch-chlú ar Iosrael, agus a thabharfhadh cabhair do na sceimhlitheoirí Hamas in Gása. Agus nuair a bhí sé riachtanach do na saighdiúirí Iosraelacha roinnt díobh a mharú chun iad féin a chosaint (ón saghas sin 'síochána'), fuair lucht na mbád seo an bua, i súile na bhfrithIosrealach.

D'aon ghnó a tharraing siad an troid is an foréigin seo orthu féin, agus dhíultaigh siad gach tairiscint a rinne Iosrael chun fíor-chabhair a thabhairt do na hArabaigh bhochta in Gása. Bhí sé ina chuspóir amháin acu an t-imshuí a bhriseadh agus náire a tharraingt ar Iosrael. Ionsaí ar Iosrael ab ae é. Ní raibh aon ghá leis ach chun sin a dhéanamh. Ní raibh aon bhaint ag an eachtra seo leis an tsíocháin a chothú, ná baol air. Ionsaí ab ea é.

Ach is cuma leis an eite chlé (na meáin choitianta, an chuid is mó de na hEorpaigh, na NA, srl.) cad iad na fíricí. Ceapann siad go bhfuair siad an bua. Ach cé nach cara do Iosrael é BHO, ar a laghad (agus nílim ag rá gur mar gheall ar an gceart atá sé á dhéanamh), níl sé ag tabhairt faoi Iosrael go hoscailte. Dá mbeadh na clocha aige chun seasamh a dhéanamh ar son Iosrael agus cearta na ndaoine sin...

Maidir le lucht na mbád sin, ní bhíonn aon bhac ar bhia ag teacht isteach go Gása, agus níl aon ghéarchéim bia ann. Ní raibh siad ann chun daoine bochta a chabhrú. Bhí siad ansin as cúis amháin - chun Iosrael a shaighdeadh agus cabhair a thabhairt do naimhde Iosrael. Is léir sin d'aon duine d'fhéachadh air le súile oscailte. Dá mbeadh ní ba mhó dá leithéid sin ann...

Wednesday, May 26, 2010

Ach an bhFaighfidh Sé Duais Nobel?

Tá a fhios ag gach éinne go bhfuil Al Gore saibhir mar gheall ar dhoscéal an téimh dhomhanda. Ach anois tá boc eile ag brú isteach ar an aicsean, de réir dealraimh.
Tá post nua ag Tony Blair. Gheobhaidh sé na milliúin punt as comhairle a thabhairt don chomhlacht áirithe seo conas airgid a shaorú as imeagla is míthuiscint - gabh mo leithscéal - as réitigh ar an ngéarchéim seo ina bhfuilimid.

Níl aon locht ar lorg na teicneolíochta nuaí, ná ar bhrabús a dhéanamh as. Ach den chuid is mó, is airgead poiblí a chaithfear ar an stuif seo, airgead a thógfar uainne. Ní dhéanfaí an chuid is mó den teicneolaíocht seo difear dá laghad maidir leis an aeráid, agus is beag an t-amhras nach mbeidh sé níos daoire dúinn go léir. Mar sin, cosúil le hAl Gore, beidh Tony níos saibhre mar gheall ar dhochar a dhéanfaidh sé 'ar son na cúise.'

Obair mhaith, más féidir leat a leithéid a fháil...

Is féidir go bhfaighfidh sé duaiseanna. Ní heisean George Bush ach oiread. An t-aon rud ina aghaidh ná nach raibh seans aige post GWB a choimeád uaidh, agus mar sin, ní dóigh liom go mbeidh an méad céanna duaiseanna aige agus a bhí ag Al Gore. Ní féidir dó bheith ina ain-Bush. Níl fágtha aige ach bheidh ina fháidh, go dtitfidh an spéir. Agus a éirigh níos saibhre agus níos saibhre, agus sinne a fhágáil níos boichte agus níos buartha...

Thursday, May 06, 2010

Tír na bhFiacha is Mó

Tá geilleagar an domhain ina phraiseach inniu mar gheall ar an nGréig agus an Eoraip i gcoitinne. Ach ní hí an Ghréig an tír is measa. Sasana? Beagnach. Faraor, an tír is measa, dar leis an suíomh seo, sin Éire.

Dar leis an suíomh seo, tá Monaco níos measa fós... Ach ar an mbunfhoinse a luann siad, tá Éire ag barr an liosta.

Agus más fiacha ón taobh amuigh atá i gceist, tá a lán tíortha níos measa...na Stáit Aontaithe an ceann is measa.

Táimid go léir sa bhfaopach. Ní mór dúinn níos mó airgid a chaitheamh!

Wednesday, May 05, 2010

Cinco de Mayo agus an Ghréig

Ar an lá seo in 1862, fuair na Meicsicigh bua ar arm na Fraince ag Puebla, arm a raibh níos mó faoi dhó. Ach cén fáth go raibh arm na Fraince i Meicsiceo?

Níor íoc siad a bhfiacha!
Nílim ag rá go mbeidh ionsaí ar an nGréig, ach tá an fhadhb chéanna acusan, agus ag tíortha eile mar an Spáinn agus an Phortaingéil. An mbeidh an Parthenon ar díol sul i bhfad? Nuair a thógtar airgead ar iasacht, ní mór é a aisíoc, nó beidh iarmhairtí ann. Sea, tarlaíonn cogaidh mar gheall ar a leithéid, fiú.
Tá geilleagar na hEorpa bunaithe ar an Aontas agus ar aontas an airgeadais, agus mar sin, má tá fadbh ag tír amháin, is leis na tíortha eile go léir í. Aontas eacnamaíochta gan aontas polaitiúla is cionsiocar leis an bhfadhb seo, le fírinne. Is cosúil le cuntas bainc de do chuid, a roineann tú le gach ball de chumann, agus daoine gan chiall ag caitheamh an airgid gan srian. Nó níos measa fós, mar tógann siad airgead ar iasacht agus tuigtear go bhfuil úinéirí an chuntais sin go léir freagrach as na hiasachtaí sin. Fiú mura ndúradh sin, tá sé intuigthe.
Mar sin, íocfaidh gach tír san Aontas Eorpach as droch-iompar na dtíortha atá ag dul faoi. Agus mar sin, déanfar dochar don gheilleagar go léir.
An an amhlaidh go bhfuil na tíortha eile ag cur breis airgid isteach an chuntas bainc céanna sin, gan aon athrú ar iompar na ndaoine gan srian? Ba chóir dó na Gréigigh a bheith freagrach agus stuama as seo amach - ach ní léir go mbeidh! Tá an rialtas lag, agus mórán de na saoránaigh diúltach. Cén réiteach eile a bheadh ann? Cumhacht a ghlacadh ar an tír? Iad a dhíbirt ón Aontas? Ní fheadar, ach is ábhar machnaimh an cheist seo. Ar a laghad, dúnfar an cuntas bainc seo, déarfainn. Mura bhfuil sé dúnta cheana féin.
Agus cad atá ar siúl sa Ghréig? Níl siad ag éisteacht le réasún, de réir dealraimh. Tá siad as smacht ar fad. Ah, an Sóisialachas abú... Ar mhiste leat cúpla euro a thabhairt dom ionas go mbeidh mé ábalta mo bhreatach dearg a cheannach? Cad é sin? Is miste? Is gaimbín thú!
Ach ní féidir go dtarlóidh a leithéid anseo (ná in Éirinn)... Níl aon rud le feiscint anseo...

Tuesday, May 04, 2010

Meicsiceo agus an Eaglais Chaitliceach

Ba chóir d'aon duine ar mhaith leo aon scéal faoin Eaglais i Meicsiceo a thuiscint an t-alt seo a léamh. Tá drochscéal á thuairisc ag Dennis le déanaí, agus níl aon leithscéal ann dá leithéid. Ach chun iompar na heaglaise a thuiscint, ní mór níos mó a fhoghlaim faoi Mheicsiceo, i mo thuairim.

Bhí réabhlóid an tsóisialachais i Meicsiceo 1910-17. Mar a tharla, bhí iompar an rialtais sin i leith na hEaglaise ní ba mheasa ná iompar na Naitsithe nó na Sóivéideach féin. Bhí na mílte máirtírigh ann sna fichidí go háirithe. Seo cúpla sliocht as an alt thuas:

At the age of 38 on March 31, 1927, he [Anacleto Gonzalez Flores] was martyred: he was hung by his thumbs while being tortured to death. He refused to disclose the location of the Archbishop of Guadalajara and the leaders of the Cristero movement, defenders who fought for the faith. He was beatified along with 13 other martyrs on Nov. 20, 2005.


The newest Mexican saint is Bishop Rafael Guizar Valencia, known as the "Bishop of the Poor." He was canonized by Pope Benedict XVI this past October, on Oct. 15, 2006, and became the first bishop to be canonized in Latin America. Although he was not martyred, he carried out his apostolate as priest and bishop "amid almost constant persecution and situations of danger." He lived for many years in exile. He uttered repeatedly "I will give my life for the salvation of souls."


Ná déan dearmad den duine Valencia sin.

Seo alt an-úsáideach eile. Sleachta as:

As Mexico entered the mid-twentieth century the more violent oppression of
earlier in the century had waned, but it remained severely suppressed. By
1940 it “legally had no corporate existence, no real estate, no schools, no
monasteries or convents, no foreign priests, no right to defend itself
publicly or in the courts, and no hope that its legal and actual situations
would improve. Its clergy were forbidden to wear clerical garb, to vote, to
celebrate public religious ceremonies, and to engage in politics,” but the
restrictions were not always enforced.
Open hostility toward the Church largely ceased with the election of Manuel
Ávila Camacho (1940-46), who agreed, in exchange for the Church's efforts to maintain peace, to nonenforcement of most of the anticlerical provisions, an exception being Article 130, Section 9, which deprived the Church of the right of political speech, the right to vote, and the right of free political
association.

...In 1991 President Salinas proposed the removal of most of the anticlerical
provisions from the constitution, a move which passed the legislature in
1992.


Tabhair faoi deara na dátaí thuas.



Tá an diabhal cliste agus roghnaíonn sé an t-am is measa chun drochscéalta a nochtadh, dar liom. Mar an ceann seo a luaigh Dennis.

The Vatican started an investigation into Maciel's actions in 2004 and concluded in May 2006 that he was guilty of sexual abuse, the order said....

In 2005 Maciel stepped down as head of the order and, a few days before John Paul II died, Cardinal Ratzinger announced his intention of removing "filth" from the Church; many believed he was referring specifically to Maciel.


Timpeall an ama chéanna a raibh an Eaglais ag aithint na naomh Meicsiceach, tháinig an drochscéal seo chun solais. Ní nach ionadh go raibh leisce ar an Eaglais an scéal seo a chreidiúint, agus, faraor, fiú a nochtadh.
On January 3, 1941, with the support of Francisco González Arias, Bishop of
Cuernavaca, he founded the Legion of Christ and its lay arm Regnum Christi in 1959. Maciel was ordained to the Roman Catholic priesthood in Mexico City on November 26, 1944.

Maciel is the grand-nephew of a Mexican saint canonized in 2007, Rafael Guízar Valencia, who also was an integral part of the founding of the Legion of Christ.


Bhunaigh sé an t-ord ag an bponc a thug rialtas Mheicsiceo beagán saoirse don Eaglais, am nach raibh sé saor ná sábhálta a leithéid a dhéanamh fós. Tús athbheochaint na hEaglaise go hoscailte sa tír, tír ina bhfhualaing an Eaglais géarleanúint uafásach. Agus rinne an t-ord sin a lán maithis, fiú le droch-dhuine á stiúradh. Ní bheadh sé éasca do mhuintir na tíre an t-ord sin a chosc, as a lán cúiseanna. Agus seans go leanfar leis in aithneoin seo uile.

Is iomaí droch dhuine san Eaglais a rinne agus a dúirt rudaí maithe, cé nach raibh aon mhaith iontu féin. Ní rud nua é seo, faraor. Is dócha go ndearna Iúdás rudaí maithe ar feadh tamaill, freisin. Is iomaí cleas atá ag an diabhal, agus bíonn Eaglais Chríost faoi ionsaí i gcónaí - ón taobh amuigh agus ón taobh istigh.

¡Viva Cristo Rey!

Thursday, April 22, 2010

Lá an Bhrátha

Fógraítear go bhfuil sé ag teacht, agus go bhfuilimid ag scriosadh an domhain agus go bhfuil
baol ann!
baol ann!!
baol ann!!!
go mbeidh gach rud níos measa mura dtabharfaimid cumhacht dóibh siúd a thuigeann cúrsaí an domhain...
Gach Lá an Domhain go háirithe.
Ach mar a tharlaíonn, tá cúrsaí ag dul i bhfeabhas le blianta (1). Nach é sin rud le ceiliúradh?

blagmhíreanna eile ann inniu a chuireann cúpla amhrán Gearmánach i mo chloigeann. Seo ceann acu (Volkslied):

Am dreißigsten Mai ist der Weltuntergang
wir leben nicht mehr lang
wir leben nicht mehr lang
am dreißigsten Mai ist der Weltuntergang
wir leben nicht
wir leben nicht mehr lang.
Doch keiner weiß in welchem Jahr
und das ist wunderbar.
Wir sind vielleicht noch lange hier
und darauf trinken wir!
Ar an 30ú Bealtaine beidh lá an bhrátha
Ní bheimid beo le fada
Ní bheimid beo le fada...
Ach níl a fhios ag éinne
Cén bhliain atá i gceist
Agus tá sé sin go breá,
Ní a fhios ag éinne an mbeimid anseo le fada
Agus sin an fáth go n-ólaimid!


Agus tá fonn an-éadrom sultmhar aige!

Ceann eile, rac-cheol an uair seo:
Es ist nicht leicht ein Gott zu sein! (Níl sé éasca bheith i do Dhia)

Táimid cosúil le déithe mar tuigimid cad is maith agus cad is olc ann, agus tá toil shaor againn. Níl cumhacht Dé againn, ná baol air (ach amháin trí mheán ár bpaidreacha). Is caomhnóirí an domhain sin, mar thug Dia dúinn é (rinneadh dúinn é). Bíonn roghanna againn, agus bímid ag déanamh roghanna níos fearr le fada, buíochas le Dia. Ní mór leas an chine daonna(2) a choimeád mar an phríomhsprioc i gcónaí. Bímis stuama(3). Ná bímis ag brath ar mhiotais in ionad eolaíocht...

Lá an Domhain sona daoibh!

1 - Ní aontaím le gach rud san alt seo, ach tá an chuid is mó de go han-mhaith.
2 - "These examples provide clear and unambiguous illustrations of environmental advocacy trumping the public health policies of international organizations involved in malaria control."
3 - "
A non-hippy-assed view of protecting the earth" :-)

Tuesday, April 20, 2010

An Éagsúlacht Abú! Sinne san Áireamh!

Is minic a tharlaíonn sé sa lá atá inniu ann go bhfuil dearcadh diúlatach ag a lán daoine i leith éagsúlacht a dtíre nó a gcultúir. Baineann sin le meas dá dteanga, i measc gnéithe eile. Féin-fhuath atá i gceist.

Is iomaí cúis as a d'fhás an dearcadh seo. Ach dar liom, tá an locht is mó ar chórais oideachais na dtíortha seo. Táimid go léir multi-culti sa lá atá inniu ann, agus dar ndóigh, bíonn na cnoic glas i bhfad uainn - agus múintear nach bhfuil féar maith againn sa bhaile ar chor ar bith. Níl aon chultúr níos fearr ná cultúr eile (agus mar sin, níl aon mhaith i gcultúr ar bith).

Mura gcreideann tú go bhfuil an cultúr is fearr agat i do thír féin, mura gcreideann tú go bhfuil do thír go maith, agus mura gcreideann tú go bhfuil baint láidir agat le muintir do thírse agus lena cuid traidisiún, ní oireann an tír sin duit, agus ba chóir duit imeacht. Ach má chreideann tú gurb amhlaidh le gach tír, agus gur ionann iad go léir, is cuma, mar sin. Is cac iad go léir (ach amháin, b'fhéidir, ar na cnoic thall...)

Tá a lán daoine ann a shaoraíonn a gcuid pá as caitheamh anuas ar a dtíortha féin - Chomsky agus a leithéid sin, mar shampla. Is dócha, ar shlí, gurb amhlaidh leo siúd in Éirinn a bhíonn ag caitheamh anuas ar an nGaeilge. Mar is iondúil, is é an dearcadh atá ag a leithéid sin ná go bhfuil gach cultúr ar chomhchéim ach amháin a gceann féin, atá níos measa. Tá an Iodáilis agus an Ghearmáinis agus Béarla srl. ceart go leor. Ach níl aon ghá le teanga dár gcuid féin. Is ualach trom dár bpáistí sin. Tá cultúr nua againn, atá inghlactha ag na Béarlóirí. Tá cultúr domhanda againn anois (ná bí ag féachaint taobh thiar den chuirtín sin!)

Tá fadhb ann leis an gcultúr domhanda, is dócha. Tá gá i bhfad níos mó don fhéinmhuinín agus féiniúlacht chultúra in aghaidh brú an Bhéarla agus ábhar coitianta dhomhan an lae inniu. Ach mar gheall ar an gcúis thuas, agus lagaíochtaí eile, síltear gur gá géilleadh don choitiantacht. Ní cheaptar gur tábhachtach aon ní nach bhfuil boic mhóra an domhain sásta leis. Agus má tá, ní chreidtear, fiú, i gcás na Gaeilge. Tá Éire sásta mórán a ghéilleadh don Aontas Eorpach, ach nuair a ghlacann an AE leis an nGaeilge mar theanga fhiúntach, ní shíltear go bhfuil an ceart acu. Labhraimis Fraincis! Is fíor-Eorpaigh sinn! Mar tá gach cultúr go maith, ach amháin ár gcultúr féin.

Tá cosúlacht ann leis an spioradáltacht ABC (anything but Christianity) atá rí-choitianta an lá atá inniu ann. Ceaptar go bhfuil fiúntas i ngach creideamh ar domhain ach amháin creideamh ár sinsear féin. Mea culpa, mea culpa, mea maxima culpa...

Conas a tharla go bhfuil an bhail seo orainn? Chaill an Iarthar a lán féinmhuiníne mar gheall ar na cogaidh mhóra, a bhris ár spiorad (cé go raibh baint acu le cosaint an chultúir...). Bheimis ábalta sin a shárú, mar a tharla le gach tubaiste roimhe. Agus ba léir ar ball nach an Iarthar ba mheasa, cé go rabhamar lochtach (mar is daoine sinn). Rinneadh a lán damáiste mar gheall ar an gCogadh Fuar. D'éirigh leis na cumannaithe cur ina luí ar lucht na ndea-smaointe (mar dhea), sin a rá, lucht na n-ollscoileanna srl., go rabhamar ciontach as gach peaca ar domhain, agus go raibh an réiteach acusan, agus go raibh siadsan ar son na mbochtán. Le fírinne, bhí siad ag iarraidh a gcumhacht a mhéadú sa tríú domhan. Spreag siad a lán mioscais, go háirithe sa mheánoirthear.

Cuid eile den fhadhb, agus baint aige le bolscaireacht na gcumannach, ná an dearcadh réabhlóideach a bhí ann sna seascaidí, agus adhradh an óige. Cheaptaí nach raibh aon rud i gceart ag na glúinte a bhí ann romhainn, agus go mbeadh lucht Woodstock srl. chun gach a fheabhsú, agus dar ndóigh, a athrú. Cloistear macalla de sin fós: Dóchas! Athrú! (níl aon rud go maith mar a bhfuaireamar é, sin a rá). Mar a deirtear sa seanrá, ba amadáin iad mo thuismitheoirí agus mé i m'óige, ach de réir a chéile, d'éirigh siad ní ba éirimiúla... Moladh an óige an iomarca sna seascaidí go háirithe, agus cailleadh meas ar an aois is ar an oidhreacht chultúra.

Creidtear mórán den chacamas thuas fós, dar ndóigh. Aon rud olc, rinne an Iarthar (ár sinsir) sin (agus is cuid den Iarthar Iosrael). Aon rud maith, déanfaidh daoine eile sin (ar ball, ar ball, ná bac le Stalin, Mao...). Níl aon mhaith ionainn, agus ní raibh aon mhaith inár sinsir gan dabht. Dóchas! Athrú! Aontas!

Tá daoine go leor ann a dhéanann staidear ar chúrsaí agus a thuigeann nach fíor an stuif sin. Ach múintear an dearcadh sin go rí-mhinic. Níl aon mhaith san Iarthar - agus fiú má tá, níl aon mhaith i mionchultúr nach ionann leis na boic mhóra. Is míbhuntáiste cultúr mar sin, go háirithe teanga mar sin. Níl meas againn ar Mheiriceá, ná ar Shasana - ach mura bhfuil meas acusan ar chultúr na hÉireann, ní mór ná go bhfuilimid níos measa ná iad! (Ná bactar leo siúd sna tíortha sin a labhraíonn Gaeilge...)

Ait le rá, ba amhlaidh dearcadh ár sinsear i leith na Gaeilge, den chuid is mó. Glactar leis an bhféinfhuath mar oireacht. Níl aon ghá leis an stuif sin eile a bhíodh acu. Nuair a dhéantaí éagóir ar ár sinsir, bhí sé tuilte againn. Nílimid chomh maith agus a bhí na tíortha cumasacha. Níl aon mhaith i stair an phobail seo againn. Níl aon mhaith iontú siúd a choimeád an cultúr beo in ainneoin an uile anró. Níl aon laochra ag muintir bhocht mar sin. Ní bhaineann an stuif sin le saol an lae inniu, saol an AE agus an stuif a gcuireann an saol mór suim ann. (Is daoine an-aite iadsan i Meiriceá agus san Astráil srl. a cheapann go bhfuil maitheas ann agus a labharaíonn an tseanteanga).

Ní mór dúinn ár misneach a bhailiú agus an cás a dhéanamh go bhfuil cúis bhróid againn as an gcultúr a bhfuaireamar ónár sinsir, agus go bhfuil an saol ar fad níos fearr mar gheall air, agus go bhfuil fiúntas ionainn mar gheall ar an éagsúlacht, seachas an cosúlacht. Gur pobal sinn. Sin, nó géilleadh don nithileachas.

Níl sé éasca cultúr a choimeád beo nuair nach mbíonn daoine ag fanacht sna háiteanna a bhfuil a ngaolta is a sinsir, nuair go mbíonn brú mór agus taisteal fada ann don chuid is mó againn. Táimid dífhréamhaithe, minic go leor. Ach tá sé indéanta, agus níos tábhachtaí ná riamh. Faigheann plandaí - agus daoine - gan fréamhacha bás.

Friday, April 16, 2010

Níl Aon Rud le Feiscint Anseo

Seo alt suimiúil faoin easpa dáiríreachta maidir le Climategate. Tá gach rud ceart go leor (ach go bhfuilimid ag scrios an phlainéid, mar is eol do chách...). Tá gach eolaí iontaofa, gan amhras. Ach amháin na heolaithe nach nglacann leis na dea-thuairimí, dar ndóigh. Téigí abhaile. Níl aon rud le feiscint anseo....

Thursday, April 15, 2010

Pápa nó Polanski?

Nach suntasach an difear idir meon ha heite clé maidir le Roman Polanski agus na hionsaithe leanúnacha atá ar bun acu anois ar an bPápa. Cé nach ndearna an Pápa aon rud mícheart. An rud is measa ab fhéidir go ndearna sé (gus ní léir fós gurb amhlaidh), sin nach ndearna sé go leor chun coirpigh san Eaglais a chosc is a chaitheamh amach. Ach tapaíonn daoine áirithe (na frith-Chríostaithe go háirithe) an deis seo chun caitheamh anuas ar an bPápa. Cén fáth? Mar gur is eisean an duine is tábhachtaí mar threoraí agus mar shiombal na Críostaíochta. Is comharba ar Néamh Peadair é, ceannaire na hEaglaise, an eaglais chríostaí is mó ar domhain. Mar sin, is fuath leis na haindiachaithe eiseann thar aon duine eile, agus ceapann siad go bhfuil bata lena bhualadh acu anois. Sop atá acu, dar liom.

Tá cosúlacht idir seo agus cás Iosrael. Is Iosrael an tír is tábhachtaí ar domhain, dar liom, mar gheall ar a lárnacht i ngach scéal tábhachtach idirnáisiúnta. Agus is tír atá bunaithe ar chreideamh i nDia, le daoine a roghnaigh Dia, agus as a bhfuaireamar Críost féin. Cén fáth go mbíonn fuath mhillteanach ann i leith na nGiúdach i gcónaí? Mar is pobal Dé iad. Más fuath le duine Dia agus creideamh, níl amhras ach gur fuath leis na Giúdaigh.

Tháinig an drochscéal amach in Éirinn i ndiaidh a theacht amach sna Stáit. Bhí an ghéarchéim chéanna againne. Táimid beo fós, agus beidh sibhse chomh maith.

Rinneadh ainbhirt san Eaglais. Ach ní leithscéal sin don Chaitliceach chun ionsaí a fhearadh ar an Eaglais. Níl amhras ach gur leithscéal do naimhde na hEaglaise é. An ndearna an Eaglais (sinne, sin a rá) gach rud i gceart? Ní dhearna, cinnte. Agus sin mar a deireann an Pápa.

Nochtadh an drochscéal seo i Meiriceá tamall gearr i ndiaidh 9/11. Bhí a lán daoine ag teacht ar ais chuig an gcreideamh agus chuig an Aifreann mar gheall air na hionsaithe sin a rinneadh orainn. Bhí an diabhal ag fanacht le huair oiriúnach, agus d'éirigh leis na daoine sin agus i bhfad níos mó a chur ó dhoras na hEaglaise. Ná bíodh an bua aige. Bhí aithne pearsanta ar roinnt sagart a bhí ciontach as drochiompar. Níl sé seo éasca domsa. Ach ní bheidh an bua ag an diabhal orm, le grásta Dé.

Níorbh é seo an chéad uair go raibh caimiléireacht agus drochdhaoine san Eaglais, ná baol air. Agus gan amhras, ní hiad seo na hionsaithe is measa a rinneadh uirthi. Sheas an Eaglais gach triall roimhe seo, agus seasfaidh sí an uair seo freisin. Sin mar a gheall Dia dúinn, agus sin an fhírinne.

Mura gcreideann tú i nDia agus ina Eaglais Chaitliceach, ní mór go dtuigeann tú nach eagras a rinneadh chun ainbhirt a dhéanamh é an Eaglais seo, agus níl aon duine a leanann teagasc na hEaglaise sásta leis na drochchúrsaí seo. Feiceann duine an rud ab áil leis, dar ndóigh, agus ní bheidh naimhde na hEaglaise sásta linn go deo. Ní miste liom sin. Is rud tábhachtach go mbíonn na naimhde cearta agat, dar liom. Sin mar a bhíonn tú cinnte go bhfuil an ceart agat.

Aonghus ag déanamh sár-oibre chun fírinne an scéil seo a iniúchadh is a thuairisciú.

Seo cúpla rud suimiúil ó Mheiriceá:

Tuesday, April 13, 2010

Is Sceipteach Mé

an Reachtaireach lán-chinnte go bhfuil téamh domhanda aintrapaigineach ann. Níl sé sásta le hargóintí Watts ná aon sceipteach eile. Ach má tá aon athrú i mo thuairim féin, sin go bhfuilim níos amhrasaí fós maidir leis an ardú teochta. Tá cúrsaí an domhain ró-chasta agus tá an data ró-lag chun aon tuicint chruinn a bhaint amach go fóill.

Is iomaí graf atá ar bhlag mo dhuine. Is maith liomsa na cinn seo.



Maoítear i gcónaí go bhfuil móramh na n-eolaithe ar aon intinn ar an ábhar seo. Nílim cinnte faoi sin, fiú. Pé scéal, ní shocraítear ceisteanna eolaíochta ar an dóigh sin. Cruthúnas atá de dhíth. Agus níl aon chruthúnas ann.

Deirtear go bhfuil géarchéim ann. Ní dóigh liom, cé go ndeireann duine amháin in UCLA go bhfuil níos mó CO2 san aer inniú ná a bhí ann le 15 miliúin bliain. (Molaim na tráchtanna a léamh ar an nasc sin, freisin). Fiú más fíor sin (agus níl sin cinnte fós), "ní hionann comhghaolú agus cúisíocht." Agus mar is léir ó na graif nasctha thuas, is beag an baol go bhfuil géarchéim ann. Ar an taobh eile de, bheadh géarchéim eacnamaíochta ann dá ndéanfaí na rudaí a b'áil le lucht dhoiscéal an téimh dhomhanda. Déanfar i bhfad níos mó dochar don chine daonna dá ndéanfaí ní ba lú CO2, agus tá sé fíor-amhrasach go mbeadh aon athrú ar bith ar aeráid an phlainéid. Mar a deir an duine anseo, "ready...fire...aim!" (Tá trí nasc fíormhaithe ar bhun an leathanaigh sin a mholaim go hard - an "global warming test" san áireamh!)

Tá naisc ar an suíomh seo go suímh shuimiúla a bhaineann leis an téamh domhanda. Molaim daoibh iad mar fhoinsí eolais agus tuairimí nach bhfeictear sna meáin de ghnáth (fiú ar Fox News!).

I nDilchuimne ar Lech Kaczyński

Fuair uachtarán na Polainne, a bhean is a lán daoine eile bás i dtimpiste eitleáin cúpla lá ó shin, ar dheis Dé go raibh siad uile. Bhí siad sa Rúis chun dúnmharú oifigeach na Polainne a tharla i bhfoiréis Katyn a chomóradh. Ba é sin ceann de na coireanna ba mhó a tharla sa Dara Cogadh Domhanda, agus rinne Stalin agus a chomhghlacaithe é. Maraíodh 22,000 oifigeach ansin. Bhí an Pholainn dícheannaithe. Agus anois, faoi scáth an ainghnímh sin, tá sí dícheannaithe arís. Is iomaí uafás a tharla don tír seo feadh na mblianta, agus tiocfaidh siad as an ceann seo freisin, le cúnamh Dé. Ach is mór an trua gur tharla rud chomh holc seo dóibh (arís). Fear an-mhaith a bhí san uasal Kaczyński.

Throid a athair i gcoinne na Naitsithe in Éirí Amach Vársá. Chomh fada siar leis na seachtóidí, bhí Lech féin agus dheartháir ag obair in aghaidh na gcumannaithe a raibh a gcos ar bholg na tíre acu. Bhí sé tábhachtach i ngluaiseacht na gceirdchumann, agus bhí sé ina chomhairleoir do Lech Wałęsa. Tar éis baint amach na saoirse don Pholainn, bhí sé ina mhéara ar Vársá. In ndiaidh a dhearthár (is cúpla iad), d'éirigh sé ina uachtarán.

Cara do na Stáit Aontaithe a bhí ann (in aineoinn droch-iopar Ó Buime chuig an Pholainn), agus cara don daonlathas ar fud na hEorpa. Mar ba cheart, bhí sé an-amhrasach faoin Rúis, agus thug sé cabhair don Úcráin nuair a bhí an Rúis ag troid ina haghaidh. A mhalairt leis an Rúis, tugadh píonós do na corpaigh chumannacha a rinne an-dochar dá thír-sean. Thuig sé an stair, agus chabhraigh sé le hiarrachtaí chun gnéithe tábhachtacha di a choimeád os comhair súile na ndaoine, iarsmalann i gcuimhne Éirí Amach Vársá, mar shampla. Chuaigh sé go sionagóg agus múineadh faoin uileloscadh faoina stiúir sa Pholainn.

Rinne sé sár-iarracht chun rudaí a chur ina gceart sa Pholainn. Laoch ab ea é, le fírinne. Go raibh síocháin shíoraí ar a anam.

Tuesday, March 23, 2010

Nach bhFuil Grá ar Bith agat do do Mháthair?

Seo an nós:

Cuir i gcás go bhfuil dlí le scríobh agat. Ba mhaith leat páistí os cionn aois a cúig agus faoin aois a hocht déag a chur ag obair sna monarchana, gan phá. Tá a fhios agat nach mbeidh an móramh sásta leis sin, agus mar sin, deir tú go bhfuil sé ar son a máithreacha, chun leas na bpáistí, agus leas na tíre an dlí seo. Sea, cumann tú teideal breá dó:

Bille Ghrá na Máithreacha

As sin amach, aon duine nach n-aontaíonn leat agus a oibríonn in aghaidh an bhille seo, is léir nach bhfuil grá ag an té sin dá mháthair, agus beidh scéalta dá leithéid sin in gach aon nuachtán (mar is cairde duit iadsan).

Agus an duine sin ag iarraidh é féin a chosaint, cuirfear an cheist seo air:
"Cathain a d'éirigh tú as do mháthair a bhualadh?"

Sin an pholatíocht i Meiriceá.

Monday, March 22, 2010

Ó Buime

Fuair an eite chlé bua mór aréir. Le gach saghas breibe is bréige, bailíodh vótaí go leor chun "comprehensive health care reform" (cúram sláinte faoi chumhacht an rialtais) a dhéanamh in a dhlí. Ghlac an rilatas seilbh ar 1/6 den gheilleagar, in ainneoin toil na ndaoine, agus an móramh díobh ina aghaidh. Ní bhfuair siad vóta amháin ó Phoblachtach amháin, fiú na liobrálaithe. Sheas 34 Daonlaitheach ina éadann, fiú. Vóta 219 go 212 ab ea é. Níor tharla a leithéid riamh roimhe seo, go gcuireadh dlí chomh tábhachtach i bhfeidhm gan tacaíocht ar bith ón taobh eile. Sin 'teacht le chéile' Uí Buime duit.

Níl gach rud socraithe go fóill, agus táthar ag troid fós. Ach de réir dealraimh, beidh orainn an dlí seo a chur i bhfeidhm ar feadh tamaillín, ar aon nós, sula mbeimid ábalta an damáiste a dheisiú - más féidir. Deirtear go mbeidh droch-thoradh ar seo don pháirtí Doanlaitheach Mí Shamhna. Táthar ag súil. Tá sé seo níos measa ná an bhail a bhí orthu in 1994, agus fuair siad leadradh ansin.

D'éirigh leo sa chath seo, ach le cúnamh Dé, beidh an bua againne sa chogadh.

An bhfuil aon duine a chreideann fós go bfhuil Ó Buime chun an dá thaobh a aontú agus gur neamh-pháirtíneach é fós? Lasmuigh teach na ngealt, sin a rá?

Tá súil agam nach taistealfaimid níos faide anonn ar bhóthar seo an tsóisialachais. Beidh tír eile ar fad againn, má dhéanfar, agus an-dochar don domhan ar fad gan saoirse sna Stáit. Cé gur stád nadúrtha an chine dhaonna sin - go sabhála Dia sinn. Gealladh 'Athrú' dúinn. Seo linn. Agus an 'Dóchas'? An dóchas go mbeadh níos mó agus níos mó cumhachta ag lucht seo na heite clé a bhí i gceist, faraor.

Déanann vóta difear. Agus is mór an difear idir pártaithe polaitiúla. Sin ceacht thábhachtach do a lán daoine a chaith vótaí ar son Uí Buime ionas nach raibh siad sásta le GWB. Cé chomh dona agus a bhíonn McCain agus na Poblachtánaigh go minic, níl aon chosúlacht idir sin agus seo.

Ní hé an réiteach é an rialtas - is é an fhadhb é!

Tuesday, March 16, 2010

Ó Bama vs. Iosrael

Ní cuimhin liom cén duine (Concubhair? Fearn?) a dúirt, ach nuair a thosaigh réim Uí Bhama, dúirt duine gurb é an t-aon rud nár mhaith leo ná nach raibh sé dian go leor ar Iosrael. Bhuel, mo léan, is dócha go bhfuil an duine sin sásta anois ar an ábhar sin (ach is iomaí rud eile a rinne BHO ó shin nár mhaith leis, is dócha, mar choimeád sé mórán de pholasaithe GWB, srl.).

Is iomaí rud a rinne agus a dúirt BHO le bliain anuas a bhí maslach do Iosrael, ach anois tá géirchéim ann. Mar is iondúil, is iadsan a bhíonn ag rá gur ar son na saoirse iad, na daoine céanna a bhíonn ag cothú na bhfadhbanna. Dá mbeadh siad i ndáiríre. Ach tá iompar na ndaoine seo cosúil le daoine eile rompu a chuaigh ar strae, agus a rinne dochar sula ndearna siad maith. Faraor, nílim dóchasach go ndéanfaidh an criú seo aon mhaith as seo amach ach oiread, ach a mhalairt.

Is nós le rialtas BHO maslaí a thabhairt dár gcairde agus focail mhilse a thabhair dár naimhde. Níl aon tír eile ann a fhaigheann droch-íde níos measa ná Iosrael, agus anois tá an criú seo ag iarraidh an tír seo a iompú go dtí an taobh dorcha (rud nach dtarlóidh riamh, más pobal na tíre atá i gceist). Tá siad ag déanamh neamhairde do dhlithe ár dtíre, do mheon na ndaoine anseo, agus do stair Iosrael. Is í Iarúsailéim an cnámh spáirne sa chonspóid is déanaí seo. Ach níl aon chúis leis sin, le fírinne. Ní mór stair Iarúsailéime a thuiscint, sin uile. Faraor - agus BHO is a chairde san áireamh - is iomaí duine gur cuma leo na fíricí. Pé rud a dhéanfadh Iosrael maidir le Iarúsaléim Thoir, is le hIosrael an rogha sin, mar is leosan an chathair.

Ní miste liom go ndearna Iosrael rud a thaispeán do lucht BHO go bhfuil siad neamhspleách ó na Stáit Aontaithe, agus go dtuigeann siad nach bhfuil an rialtas seo iontaofa nó measúil. Ach níor chabhair sin leis an iarracht is déanaí chun síocháin a chothú (mar dhea) idir Iosrael is na hArabaigh, agus mar sin, ghabh Netanyahu a leithscéal. Ba chóir dá mbeadh deireadh leis an rud ina dhiaidh sin. Ach lean BHO, Biden agus Clinton ar aghaidh chun fadhb níos mó a dhéanamh de. Is maith liom an rud a dúirt an Seanadóir Sen. Brownback:
It's hard to see how spending a weekend condemning Israel for a zoning decision in its capital city amounts to a positive step towards peace."
Féachaint nach raibh Biden ann fós, ní dúradh faic faoin rud a rinne Fatah cúpla lá ar aghaidh. Níor bhain sin le haon rud dleathach, ná le tír ná le rialtas aitheanta. Bhain sin leis an olc. Mar sin féin, tá Biden feargach maidir le hIosrael as tithe a thógáil dá muintir ina ceannchathair féin, seachas maidir le sceimhlitheoirí ag ceiliúradh murdar.

Is olc an mhaise do na Stáit Aontaithe faoi láthair. Amaitéaraigh dhainséaracha atá i mbun na tíre, go sábhála Dia sinn (agus Iosrael).


Wednesday, March 10, 2010

Siopa Leabhar Naitsíoch Bhaile Átha Cliatha

Chonaic mé grianghraf de shiopa leabhar cumannach (dúirt an comhartha) i mBaile Átha Cliatha in Saol (Connolly's?), tamall ó shin, agus tá sé ag dó na geirbe orm ó shin. Tá a fhios agam gur iomaí duine saonta atá in Éirinn a chreideann an seanbhréag go ndearna na cumannaigh botúin, ach go raibh dea-thoil acu, agus dá ndéanfadh i gceart é...!

Is dhá shaghas sóisialachais iad an cumannachas ags an faisisteachas. Féach ainm an pháirtí as a dtagann an focal sin naitsí - Nationalsozialismus (sóisialachas náisiúnta). Féach a gcuid polasaithe. Agus féach go mbraitheann an dá shaghas araon ar an bhforéigin is an murdar. I gcónaí, gan eisceacht. Dea-chaint agus comharthaí a bhíonn acu go minic, ach gníomhartha gránna i gcónaí. Sea, bhraith an naitsíochas ar an gciníochas, cinnte, ach níor bhraith an faisisticheas air i gcónaí. Bíonn cumannaithe sásta daoine a mharú mar gheall ar chéim (agus an iliomad cúis eile...), seachas cine. Cé acu is fearr, dar leat?

Mar sin, má táthar sásta go bhfuil siopa cumannach ann, cén fáth nach mbeadh siopa naitsíoch ann? Ba bheag an difear. Agus má dhíoltar t-léinte de Ché Guevara, cén fáth nach ndíoltar t-léinte de Mussolini nó Goebels? Nó fiú Beria? Ahhh, dúnmharfóir deas ab ea Ché, an dtuigeann tú.

Tamall ó shin, bhí mé ag cóisir ag caint le triúir. As tíortha éagsúla sinn go léir. Beirt as tíortha iar-chumannacha. Thosaigh an duine eile cur síos a dhéanamh ar bhuntáistí an tsóisialachais. Ní dúirt na daoine eile mórán. Bhí a fhios acu gur amaideach mo dhuine. Ní dóigh liom go mbíonn mórán Polannach ag ceannach na leabhar cumannach i mBaile Átha Cliatha ach oiread.

Thursday, February 04, 2010

Priosúnach Polaitíochta agus Póilín-scriostóir

Tá fear fíormhaith ar iarraidh sa tSín, duine darb ainm Gao Zhisheng. Críostaí is ea é a bhíonn ag obair ar son cearta daonna. Dar ndóigh, ní maith le rialtas na Síne sin. Tá siad dá ghéarleanúint le blianta, agus chaith sé sealanna i ngéibhinn. Ach le breis is bliain anuas, níl táisc ná tuairisc air.

Dar ndóigh, bíonn gach duine a deireann gur ar son cearta daonna iad ag labhairt go neamhbhalbh faoi agus ag léirisiú ar a shon.

Mar dhea. Mar is iondúil, is beag duine ar an eite chlé a bhfuil suim aige i bhfíorlaoch na gcearta daonna. Ní miste leo brúidiúlacht na gcumannach, mar ceapann siad go bhfuil sé ar son leasa an chine daonna. Go sábhála Dia sinn. Agus Gao.

Más maith leat cabhrú, sínigh an achainí thuas agus scaip an scéal.

Ach nach mbíonn an eite chlé ag gearrán faoi phríosúnaigh pholaitíochta? Cé a bhíonn i gceist acu? Bhuel, an duine is mó ar a neamhpháidrín ná an póilín-scriostóir (cop killer) Mumia Abu Jamal. Seasann siad in aghaidh bheantrach a íospartaigh, fiú. Tá an saol bunoscionn acu, mar is iondúil, faraor.

beagán dul chun cinn ann le déanaí. Fos, maraíodh Daniel Faulkner nuair a bhí sé 25 bliain d'aois. Tá a dhúnmharfóir faoi ghlas le breis is 28 bliain ó gearradh breith bháis air, agus tá sé ina laoch don eite chlé. Cá bhfuil an ceart?

"Maraigh Mumia; Scaoil Gao Saor (Fry Mumia; Free Gao)!" Sin mo mhana féin.

Thursday, January 28, 2010

An Té agus Bail an Aontais

Thug Ó Bama óráid bhail an Aontais den chéad uair aréir. D'fhéach mé ar chúpla nóiméad de (ní féidir liom éisteacht leis ar feadh i bhfad). An méid a chonaic mé, ba leor sin.

Léacht a thug sé, agus maslaí do mo leithéid. Is cúis iontais dom i gcónaí cé chomh dall agus a bhíonn sé. Thugann sé maslaí ar na daoine nach n-aontaíonn leis (agus bíonn níos mó agus níos mó dínn ann gach lá), agus ansin deir sé gur mhaith leis obair leo, agus go bhfuil sé sásta éisteacht leo. Ní féidir é le dearcadh mar atá aigesean, dar ndóigh. Is eisean an t-uachtaráin is deighiltí is is páirtíní dá raibh ann riamh, b'fhéidir, cé go maíonn sé minic go leor gur mhaith leis a bheith 'post-partisan'. Seafóid.

Dúirt sé go bhfuil daoine in aghaidh a phlean don chúram sláinte náisiúnta mar níor mhínigh sé dúinn i gceart é - ní thuigimid, sin a rá. Níl meas ar bith aige ar aon duine nach n-aontaíonn leis. Bhí gach rud ina chaor tuathail nuair a thosaigh sé - ní raibh fios a ghnó ag aon duine roimhe, tuigtear. Tá sé in am a bheith ciallmhar (mar ní raibh éinne ciallmhar roimhe, tuigtear). Muise, is sotalach go croí é.

Seafóid agus baois gan bhrí den chuid is mó dá ndúirt sé, mar is iondúil. Agus an bheirt amadáin sin Biden agus Pelosi ina suí taobh thiar de, bhí sé rí-dheacair dom féachaint orthu ar chor ar bith. Ní thuigeann siad cé chomh feargach agus atá muintir na tíre. Chaill a gcomhpháirtí an toghchán in Massachussetts, agus is tuar sin ar a bhfuil le teacht. Ní leor nod do mo dhuine, is amhlaidh. Brúfaidh sé na polasaithe céanna ar aghaidh, níos tréine, gan aird ar bith a thabhairt ar thuairim nó dhuine ar bith eile nach n-aontaíonn leis. Go gcoisctear é. Mar atá, tá gach rud mí-shocraithe aige, agus tá an geilleagar thíos leis. Níl a fhios ag éinne cad a dhéanfaidh sé, agus cén damáiste a dhéanfaidh sé, don lucht gnó go háirithe. Ach ní thuigeann sé sin ach oiread - cuireann sé i gcéill go bhfuil sé ag spreagadh post agus mar sin de. Focail fholmha a dhéanann dochar i gcónaí uaidh.

Maidir lena stíl agus é ag caint, cheap mé go riabh cócaon caite aige ar dtús. Gan aon mhaith ar bith déanta aige, gan plean feidhmiúil ar bith aige, ach fós bhí sé caithréimeach! Níl fadhb ar bith aige, bíonn sé ceart agus is breá le gach éinne é, dar leis. Is breá leis é féin, is léir. Is eisean An Té.

Dá mbeadh uachtarán dáiríre againn. Ar ball. Sul i bhfad. 2012. Agus idir an dá linn, is iomaí toghchán a chaillfidh na Daonlaithigh.

Tuesday, January 12, 2010

An Pápa Glas

Trí bliana ó shin, bhí an Pápa an-stuama maidir leis an téamh domhanda. Bhí comhairle aige dúinn gan a bheith ró-thapa chun rudaí áiféiseacha a dhéanamh agus gan aire a thabhairt dóibh siúd a bhíonn ag bagairt deireadh an domhain orainn mura ndéanfaimid athruithe práinneacha gan mhoill. Ach nílim cinnte nár ól sé an Kool-Aid ó shin.

Ní amháin go bhfuil sé ag rá anois go bhfuil conraithe nua práinneach agus go bhfuil baol rí-mhór ann don domhan gan iad, ach de réir dealraimh, ní miste leis go mbrúitear na rialacha nua ar dhaoine anuas óna rialtais (ó rialtas an domhain, déarfainn).

Tá a ráiteas ar shíochán don domhain an-ghinearálta, agus ní léir a bhfuil ar intinn aige. Níl sé dea-scríofa, dar liom.

Cheapfá go mbeadh an Eaglais cúramach mall mar a bhíonn sí i gcúrsaí spioradálta. Nílim cinnte go bhfuil sé de cheart ag an Eaglais aon rud a rá faoin eolaíocht ná faoi chonartha idirnáisiúnta nach mbaineann le fíorchúrsaí is fíorfhadhbanna, ach amháin mar a rinne sé in 2007, chun fainic a rá maidir le fáithe Lá an Bhrátha.

Ní hiad acmhainn an domhain ar cionsiocair le fadhbanna an chine daonna, de ghná, seachas éad, easpa cineáltais, foréigean, creidimh bhréagacha agus easpa saoirse. Ba chóir dár bPápa díriú orthusan.

Tá treoraithe eile san Eaglais, dar ndóigh, agus nochtann siad a dtuairimí freisin. Is maith liom ráitis an Chairdinéil George Pell, a dúirt in 2006:

"Radical environmentalists are more than up to the task of moralising their own agenda and imposing it on people through fear. They don't need church leaders to help them with this, although it is a very effective way of further muting Christian witness. Church leaders in particular should be allergic to nonsense."

"I am certainly sceptical about extravagant claims of impending man-made climatic catastrophes. Uncertainties on climate change abound ... my task as a Christian leader is to engage with reality, to contribute to debate on important issues, to open people's minds, and to point out when the emperor is wearing few or no clothes."

Tá beirt ar a laghad ar an Pontifical Council for Justice and Peace a chreideann a leithéid. Tá an bheirt Chairdinéal seo an-stuama sa mhéad a tuairiscítear san alt seo. Mar a bhíodh an Pápa féin.

Tá fadhbanna ann a eagraíonn as drochúsáid acmhainne, gan amhras. Ach tá gá le saoirse, rialtais iontaofa, agus oideachas, chun an chuid is mó díobh seo a réiteach. Níl aon ghá le cosc ar an gcarbón, ná le caitheamh amú airgid sna tíortha móra, a bheadh ábalta roinnt den airgead sin a úsáid chun cabhrú leis na tíortha bochta.

Dá mbeimis i ndáiríre faoin dúlra is faoi na daoine atá thíos sa domhain seo. Tá díomá orm faoin ráiteas lag seo ó B16. Agus ní minic a deirim a leithéid sin.

Focail eile ó Pell:
"Jesus calls us to address the challenges in our own hearts, families, and communities before we moralize about distant worlds, where we are usually powerless."

Wednesday, January 06, 2010

An Euro agus an Ghéarchéim Eacnamaíochta

an t-alt seo le Martin Wolf deacair a thuiscint dom, mar ní eacnamaí mé. Ach míníonn sé an fáth go bhfuil cúrsaí in Éirinn níos measa ná in áiteanna eile san Eoraip. Má thuigim i gceart é, coscann an Euro ar na tíortha a bhfuil gá le hairgead acu cothromaíocht nadúrtha a choimeád eatarthu agus na tíortha a bhíonn ag tabhairt airgid ar iasacht, mar is ionann an t-airgeadas. Níl an luach céanna ag Euro na hÉireann agus Euro na Gearmáine, le fírinne, ach níl an réiteach air sin. Tá an Euro láidir, ach tá an chuid is mó díobh ag na tíortha móra cumhachta. Tá fiacha ag Éirinn nach féidir léi íoc. Beidh an geilleagar in Éireann, sa Spáinne agus sa Ghréig níos laige ná an gealleagar sa Ghearmáin nó san Ísealtír, mar bíonn siad ag caitheamh níos mó ná a fhaigheann siad, agus bíonn gá le níos mó airgid iontu chun gnó a chothú is brabús ar bith a dhéanamh. Agus beidh sé amhlaidh ar feadh i bhfad, de réir dealraimh, is oth liom a rá.