Friday, August 21, 2009

Eachtraí Náireacha in Albain

Scaoileadh sceimhlitheoir saor in Albain, a mharaigh cúpla céad duine. Nach daoine deasa iad in Albain? Fearadh fáilte is fiche roimhe ar a theacht abhaile sa Libia. Is daoine deasa iadsan, freisin. Tá gach duine go deas. Is cairde sinn uile. Ní mór dúinn a bheith níos deise dá chéile. Tugtar bláthanna don uile dhuine. Bhuel, ar a n-uaigheanna, ar a laghad.

http://www.guardian.co.uk/uk/gallery/2008/dec/21/lockerbie-terrorism

Wednesday, August 19, 2009

An Múchfar an Athbheochan?

Tugaigí faoi deara an mhír seo le Pádraig Mach Fhearghusa.

Cad is Éire ann? Sin an cheist. An bhfuil aon tuiscint ann fós ar dhearcadh bhunaitheoirí náisiún na hÉireann? An bhfuil aon dóchas ann go mbeidh tír Ghaelach ann riamh? An bhfuil aon suim ina leithéid? Nach gcuirtear aon bhéim ar dhúchas agus fhréamhacha na tíre sna scoileanna? Tá sé in am díriú ar na ceisteanna seo arís eile, déarfainn. Dá mbeadh muintir na hÉireann dáiríre faoin teanga agus faoi chultúr na hÉireann, ní bheadh aon bhaol ann mar gheall ar airgead. Dóbair gur cailleadh a n-oireacht fadó mar gheall ar chúrsaí airgid agus slándála. Ná díoltar arís í.

Sunday, August 02, 2009

Bonn na Saoirse ón Uachtarán

An mbeidh an luach céanna ar an mbonn seo agus atá ar an mbonn Nobel le fada? Tá Ó Bama á dhíluacháil, mar tá sé chun é a bhronnadh ar Mary Robinson. Sea, iar-uachtarán na hÉireann, agus scoth de fhrith-Iosraelach. Bean na ndea-fhocal, duine an-chosúil le Ó Bama, is dócha.

Sé mhí ó shin, bhí imní ar roinnt Éireannach go raibh Ó Bama chun seasamh le hIosreal mar gach aon uachtarán Meiriceánach eile (bhí sé ar thaobh na liobrálach maidir le gach aon rud eile). Ná bíodh imní oraibh, a liobrálaigh (a sheasann le gach deachtóir...). Tá sé ag déanamh a sheacht ndícheall naimhde a dhéanamh de na tíortha a bhíodh ina gcairde ba mhó dúinn. Thosaigh sé le dímheas ar Shasana. Bíonn sé ag tabhairt neamhairde do thíortha lár is oirthear na hEorpa. Agus is léir go bhfuil sé claonta i dtreo na nArabach i gcoinne Iosrael, mo léan.

Dar lena iompar, is fearr leis deachtóirí an domhain ná seanchairde a thíre. Agus beidh roinnt Éireannach sásta leis sin, mar is iad na dea-fhocail is tábhachtaí.

Ach fós féin, bíonn Éireannaigh eile ann a thugann misneach dom. Is mór an trua go mbíonn Kevin Myers chomh dona maidir le cúrsaí teangan. Tá sé ceart to leor faoi na daoine san alt seo.

Saturday, August 01, 2009

Ché Guevara, Dúnmharfóir

Chonaic mé duine ag tagairt do scannán nua agus Ché ina laoch ann. Sea, bhí gluaisrothar aige! Agus mharaigh sé mórán daoine, mar a dhéanann gach fíor-chumannach. Is uafásach mar a dhéantar laoch de, nuair nach raibh ann ach duine olc. Mar is iondúil, bíonn daoine ag cur a gcuid fantaisíochta agus 'hope and change' ar dhuine nach dtuileann iad agus nach mbaineann leo. Is minic gurb iad na daoine céanna iad a chuireann 'aontaitheoir agus 'fear a tarraingíonn daoine le chéile' agus a lethéid ar Ó Bama.
Gan teagmháil ar bith leis an saol mar atá sé, mo léan.