Tuesday, March 14, 2017

Drochscéalta faoin Eaglais Chaitliceach in Éirinn (mar is iondúil...)

Gné lárnach de chultúr is féiniúlacht na hÉireann is ea an Eaglais Chaitliceach. Ach maraon le haon rud eile traidisiúnta, bíonn an féinfhuath ag baint leis, agus go háirithe i measc an luchta idirnáisiúnta cheannródaíochta (mar dhea), bíonn mórán daoine níos mó ná sásta chun caitheamh anuas ar an Eaglais agus gach rud a rinne sí is a dhéanann sí. Ní hamháin in Éirinn, dar ndóigh, a tharlaíonn a leithéid seo. Ach ionas go mbíodh Éire an-chráifeach le fada, ionsaítear an Eaglais inti níos mó, b’fhéidir, ná in áiteanna eile. Ón taobh amuigh, agus níos minice i gcónaí, ó thaobh istigh na tíre.
Is fuath le mórán daoine an Eaglais mar bíonn peacaigh ina mbaill inti. Cén fáth a cheapann an Eaglais gur féidir léi aon mhoráltacht a bhrú ar dhaoine eile (mar dhea) nuair a bhíonn peacaigh inti féin? Ach ní thuigeann a leithéid de dhuine a chuireadh an cheist sin aon rud faoin gcreideamh Caitliceach, ná stair na hEaglaise. I measc deisceabal Íosa féin bhí gadaí agus fealltóir (Iúdás). Agus luaitear bithiúnaigh eile san Eaglais nua sa leabhar Gníomhartha na nAspal, a bhí ag iarraidh a gcuid bia a ithe gan aon obair a dhéanamh. Ní rud nua ar chor ar bith go mbíonn peacaigh san Eaglais. Ní féidir a mhalairt le heagraíocht mhór. Agus níor mhaíomh an Eaglais riamh nach mbeadh sí amhlaidh. Tá fianaise de sin ar fud an Bhíobla: “Má deirimid nach bhfuil aon pheaca orainn meallaimid sinn féin agus níl an fhírinne ionainn” (Eoin 1:8) mar shampla. Tá leigheas air, mar a léitear sa chéad véarsa eile: “Má admhaímid ár bpeacaí, tá seisean [Íosa] dílis cóir agus maithfidh sé dúinn ár bpeacaí agus glanfaidh sinn ón uile olc.” Ach ní bheidh an Eaglais maith go leor go deo dóibh siúd nár mhaith leo aon chomhairle a fháil uaithi. Sin an taobh eile den scéal. Ní an Eaglais morálta go leor dóibh, agus ag an am céanna, is fuath leo an Eaglais mar ní ghlacann sí leis na peacaí is ansa leo. An seanscéal i gcónaí mar a bhí riamh, sin le rá.
Sin uile ráite, le tamall anuas, bíonn mórán daoine ró-shásta gach aon drochscéal faoin Eaglais a ghlacadh mar an fhírinne ghlan, gan aon iniúchadh a dhéanamh i gceart ar an scéal. Sna meáin go háirithe, scaiptear líomhaintí mar fhíricí i gcónaí, agus toisc go ndeirtear chomh minic na rudaí seo agus go mbíonn uafás an domhain ar gach éinne fúthu (mar dhea), ceaptar go bhfuil aon duine nach nglacann leo as a mheabhair. Tá an Eaglais go dona, agus mar sin, caithimid uainn í mar sheanbhróg – nó sin an rud ab fháil le naimhde na hEaglaise. Ní chabhraíonn sé le cúrsaí go dtarlaíonn drochrudaí san Eaglais le fírinne, mar dhrochíde na bpáiste a tharla, agus an dóigh amaideach a láimhseáil an Eaglais na fadhbanna sin – a tharla i measc mionlach beag bídeach de shagairt – agus a tharla in eagraíochtaí móra go leor eile, freisin. Ach dírítear air sin i gcónaí, seachas ar an uile rud iontach a dhéanann an Eaglais (agus sin an chuid is mó, dar ndóigh).
Minic go leor, ba shochaí dhifriúil le nósanna difriúla a bhí ann nuair a tharla rudaí nach mbeimis sásta leo sa lá atá inniu ann, agus níl sé ceart breithiúnas a thabhairt nuair nach rabhamar beo ag an am. Bhíodh pionós corpartha inghlactha i ngach scoil in Éirinn, agus bhíodh sé inghlactha fiú go haimsir m'óige féin. Nílimid sásta lena leithéid sa lá atá inniu ann. Níl aon iontaoibh againn as daoine eile go mbeidís ábalta pionós corpartha a ghearradh go ciallmhar ar ár bpáistí – ná go bhfuil an ceart sin acu. Nílimid go léir den tuairim go ndéanann a leithéid de phionós aon mhaith ar chor ar bith. Ach ní chreidtí na rudaí seo go tamall gearr ó shin. De ghnáth, rinneadh an rud a cheapadh a bheith ceart, agus is deacair treoir nua-aimseartha a thabhairt do dhaoine nach maireann. An ndearnadh botúin? Gan amhras. Ba dhaoine daonna iad, cosúil linne. Ach ní raibh gach rud nach seasann le tuairimí an lae inniu ina uafás olc. Tharla droch-ghníomhartha, gan dabht, ach i gcoitinne, bhítear ag iarraidh an rud ceart a dhéanamh. Ní cúis náire sin.
Cuir i gcás an scéal iomráiteach faoi na neachtlanna Maigdiléana. Creidtear na rudaí is measa fúthu, agus scaiptear bréagacha (mar sa scannán faoi seo). Ní bhíodh aon áit oiriúnach do mhná neamhphósta le páistí. Bíonn sé deacair go leor fós. Ach fadó, ní bhíodh rogha acu ach áit mar seo, nó saol ar an tsráid, den chuid ba mhó. Saol deas? Ní hea. Ach post, baile agus cabhair nuair a bhí sé de dhíth orthu. Rinne siad an obair chun áit chónaithe agus bia a fháil. Ní raibh aon dól ann ag an am – agus b’fhearr obair a dhéanamh chun bia a fháil ná a mhalairt (féach an tagairt don Bhíobla thuas). An raibh gach bean go deas a bhíodh sna háiteanna seo? Gan amhras ní bhíodh. An raibh gach duine acu go dona? Gan amhras, ní bhíodh. Meascán daoine a bhíodh ann. Bhíodh mórán sásta leis an gcabhair a fuair siad, agus daoine eile feargach go raibh orthu am a caitheamh ansin. Agus is léir go mbíonn daoine olca i measc na Siúr uaireanta, freisin. Ní bhíonn éinne gan locht. Ach bhíodh na háiteanna seo ann chun cabhrú le daoine ag am nach mbíodh aon chabhair eile ann dóibh.
Nuair a rinneadh líomhaintí uafásacha fúthu, bhí na meáin agus rialtas na hÉireann an-sásta a ghlacadh le pé rud a deirtear, agus ghabh an rialtas a leithscéal, agus d’íoc siad airgead dóibh siúd a lorgaíodh é. Agus rinneadh fiosrúchán. Agus ní bhfuarthas go dtugadh íde thar íde béil d’aon duine ansin. Ní raibh aon sclábhaíocht ann. Níor céasadh aon duine. Ach cúis náire don tír iad, dar leis an taoiseach. Creidtear na líomhaintí, pé stair a bhí ann le fírinne.
Scéal eile dá leithéid seo, agus scannán eile faoi, sin scéal Philomena Lee. Dúradh gur goideadh a mhac uaithi, gur dhíol na mná rialta páistí, agus cacamas den sórt sin. Arís eile, bhíodh na mná rialta ag cabhrú le mná neamhphósta nach raibh ábalta a bpáistí a thógáil ina n-aonar. Saol crua, rogha crua, ach rud a dhéantar go minic fós. I ndiaidh gach scannal agus tuairimí na meán is na bpolaiteoirí uile, rinneadh fiosrúchán. Fuarthas nár tharla an scéal mar a insíodh. Dar le tuairisc McAleese, bréagacha amach is amach bhí sa leabhar agus sa scannán frith-Chaitliceach seo. Scéal brónach, cinnte, ach ní raibh sé chomh scannalach agus a cheaptar.
Agus faoi láthair, tá “uafás” eile curtha i leith na hEaglaise. Deirtear gur tharla rudaí uafásacha ag Baile na Máithreacha agus Páistí i dTuam. Uaigh ollmhór na leanaí atá in ainm is a bheith ann (nach raibh an scéal céanna ann faoin na neachtlanna?). Na mná rialta olca arís! Mharaigh siad páistí! Chuir siad sa leithreas iad! Na daoine olca siúd a chait a saol ag cabhrú daoine eile gan phá ar son an ghrá. Muise, agus mar is iondúil, tá na meáin agus na polaiteoirí ag sodar i ndiaidh na bhfrith-Chaitliceach a chum a scéal. Tosaíodh ar fhiosrúchán, agus níl sé ar fáil d’éinne fós. Táim réasúnta cinnte nach mbeidh aon bhunús dáiríre leis an scéal seo ach oiread. Ach tír olc agus daoine olca a bhí ann nuair a bhíodh gach éinne faoi chois na hEaglaise oilce siúd! Tá na polaiteoirí ag gabháil a leithscéal cheana féin.
Ach nach gcreideann gach éinne na scéalta seo?! Nach bhfuil ach dearcadh amháin inghlactha i measc na nGael?! Creideann daoine mórán rudaí go rialta nach bhfuil fíor. Go háirithe nuair a dhéantar tréan-iarracht chun bréag nó áiféis éigin a scaipeadh. Is iomaí cás atá ann. Nach bhfuil na scéalta seo an-chosúil le teistíochtaí 1641, a baineadh úsáid astu mar leithscéal chun ainghníomhartha Chromaill a spreagadh? Déanann bréagacha dochar. Sin an fáth go bhfuil sé chomh tábhachtach gan drochscéalta a scaipeadh is iad a chreidiúint go tapa, gan fhianaise. Ach sin an rud a tharlaíonn i gcónaí i meáin an lae inniu, go háirithe ar an idirlíon. Ritheann bréag, agus siúlann an fhírinne go mall bacach ina dhiaidh.
Más fuath le daoine eaglais nó polaiteoir nó eagraíocht nó tír srl., bíonn siad an-sásta gach drochscéal a ghlacadh is a scaipeadh. Ná dtugtar cabhair dóibh. Bímis sásta le cúrsaí a fheabhsú nuair a bhímid ábalta – gan a bheith i gcónaí ag caitheamh anuas orthu siúd a rinne a ndícheall fadó.