Tuesday, May 29, 2012

Reifreann in Éirinn

Arís.  Ní mór daoibh bhur gcuid vótaí a chaitheamh ar a shon.  Ar ball.  Mura nglacann sibh leis, beidh deis eile agaibh, gan dabht, glacadh leis in athuair.  Caithigí bhur vótaí go dtí go bhfaighfear an toradh a b'áil le lucht an AE/Euro.

Má thuigim i gceart é, beidh bhur mbunreacht leasaithe ionas nach mbeidh aon ghá le dlíthe Éireannacha, mar déanfar pé dlí a bheidh de dhíth sa chonradh áirithe seo.  Má thugann sibh cead a gcinn don AE, beidh sé i bhfad ní b'éasca, mar déanfaidh daoine eile gach dlí daoibh.  Ar ball.

Fiú go bhfuil na daoine is measa i gcoinne an reifrinn seo, ní ionann sin agus é a bheith go maith.  As cúiseanna amaideacha a seasamh-san, den chuid is mó (cé go ndeir siad go bhfuil suim acu i gcúrsaí gnó na tíre).  Ach cén difear idir a bheith san AE agus a bheith sa Ríocht Aontaithe?  Cé acu a b'fhearr? Feicim go n-íocfar sibh má ghlacann sibh leis an gconradh seo, agus ní bheidh airgead na Eorpa (mar dhea) ar fáil daoibh gan é.  Go n-éirí an t-ádh libh.  Molaim gan cúrsaí a ghlacadh as imní is imeagla.  Is beag socrú ciallmhar a dhéantar faoi bhrú is faoi bhagairt.

Tá gá leis an mbeartas déine, cinnte.  Ach ní leor sin, dar liomsa.  Tá gá leis an neamhspleáchas, idir neamhspleáchas dlí agus neamhspleáchas airgeadais.  Ach seo an bóthair ar a bhfuil Éire le fada.  Is iomaí geall a tugadh daoibh.  An bhfuair sibh aon toradh astu fós?

Níl aon rogha maith ann.  Cé acu an ceann is lú a mhéad olcais?

Ar a laghad, tugtar reifreann daoibh.  Ní hamhlaidh san chuid is mó den AE.  Tá bhur mbunreacht do bhur gcosaint (beagán).  Bígí lán-chinnte sula n-aithróidh sibh é...

No comments: