Monday, October 15, 2012

An Paorach Uaidh

Tá feachtas ar siúl inniu blagadóirí a spreagadh chun chun mír ar an ábhar 'The Power of We' a scríobh.  Níl mé cláraithe, ach ní féidir liom deis mar seo a chailliúint chun mo chuid a dhéanamh...mar mhagadh, ar a laghad.

Cad is brí de in aon chor?  Rinne Aonghus aistriúchán de a thugann ciall dó, ach an raibh sé ann sa Bhéarla?  Chuaigh An Cnagaire timpeall air, chun ciall a bhaint as, freisin.  Cumhacht an fhocail, nó de choincheap an fhocail 'sinn (muid)' atá i gceist, sílim.  In ionad cumhacht 'mise' nó cumhacht 'siadsan' nó mar sin de.

Mar a dúirt Queen, "Is sinne na seaimpíní, mo chara..."

Dá mbeimis go léir ar aon intinn, bheadh cumhacht thar cuimse againn, gan dabht.  Ach cén saghas cumhachta a bheadh ann?  Agus cad a dhéanfaimis léi?

Ár bpabhar, atá ar Neamh, ná lig sinn i Sinne...

Sea, ní neart go cur le chéile, agus araile, ach ní bheidh 'sinne' gan 'iadsan' go deo na ndeor.

Beidh lá eile ag an bPaorach.

2 comments:

aonghus said...

Ceisteanna fiúntacha, ambaist. Ach ní aontaím gur ga an muid a shainmhíniú mar mhalairt ar an iadsan. Ná ní gá Gleichschaltung ach oiread; tá neart san éagsúlacht ag comhoibriú. E Pluribus Unum mara deir bhur mana thall!

Mise Áine said...

@ Ach cén saghas cumhachta a bheadh ann?

Cumhacht na héagsúlachta, a chara..:-)