Monday, January 31, 2005

An Toghchán

Bhuel, beannacht Dé ar na hIaráicigh chróga siúd a chaith a vótaí inné. D'éirigh sé leo, den chuid is mó, agus tá díomá le brath ar an eite clé. Tús maith, leath na hoibre. Agus tá obair le déanamh fós, cinnte. Is binn na béala ina dtost, a bhíodh ag rá i gcónaí nach n-éireodh sé leo san Iaráic riamh. Féach an mhéar ghorm!

Thursday, January 27, 2005

60 bliain

auschwitz
Seasca bliain, agus thug na Náisiúin Aontaithe faoi deara é, faoi dheireadh.
un.auschwitz.reut
An ndéanfar bagairt ar an Súdáin anois (féach Dé Máirt seo chugainn)? An mbeidh aon chumhacht taobh thiar de bhagairt ó na NA? An bhfuil inchreidteacht ar bith acu fós?
Idir an dá linn, tá buamaí ag pléasca in Darfur.
sudan.bombing.reut

Monday, January 24, 2005

Fear Oráiste Mise?

Tá dul chun cinn ar domhan: Tá Yuschenko ina uachtarán san Úcráin! Buíochas le Dia, agus go n-éirí sé leis! Go raibh deireadh le réim na gcumannach i bhfírinne. Is laochra iad go léir a sheas a bhfód ar a shon. Cosúil le Cearnóg Tienmen, ach bhí an bua acu. Réabhlóid, gan foréigin agus ar son a leasa. An rud is annamh is iontach. Aire duitse, a Phúitin!

Thursday, January 20, 2005

Déardaoin na gCailliúnaithe Cráite

Nó Lá Oirniú an Uachtaráin, sin inniu. Is iontach an nimh ar thaobh na gcailliúnaithe an uair seo. Ní fheiceann siad cé chomh náireach a bhíonn a n-eachtraithe. Dúirt siad rudaí uafásacha do Condoliza Rice inné, agus stad siad an vóta ionnas nach mbeadh sí in ann bheith ina Rúnaí Stáit inniu. Bhí siad maslach di. Agus mar a bhfuil taithí againn air le fada, bíonn mórán daoine ag insint bréag faoi GWB sa nuacht agus gach uile áit. Chonaic mé clúdach an nuachtáín oll-liobrálach The Village Voice inniu, agus tá Bush ann mar Chaesar. Mura mbeadh an líon mór seo acu ann, bheadh sé an-ghreannmhar. Ach mar tá an MSM (Mainstream Media) ag tacú leo, agus an preas eachtránach go háirithe ag cumadh na fionnscéalta lán le fuath do GWB, beidh an dearcadh aineolach nimhneach seo ann go Lá an Bhrátha, is dócha.
Ach mar sin féin, is lá sona é inniu. Bíodh ceiliúradh sásúil agat, a léitheoir!

Friday, January 14, 2005

Na hAirm Ollscriosta

Fadó, scríobh mé ailt fúthu seo. Stadadh a lorg le déanaí, agus de réir gach dealraimh, níl raibh siad ann san Iaráic. Tá seans ann fós go raibh, agus gur imigh a raibh ann go dtí an tSíria agus b'fhéidir an Iaráin.
Cuireann sé isteach go mór ar na frithBhuisí, dar ndóigh. Níl éinne an-sásta leis. Ach cheap mé ar íomhá chun an rud a thuiscint i gceart:
Tá coirpeach ann os do chomhar, agus is poilín tú. Tá an-aithne agat ar an gcoirpeach seo, agus is dúnmharfóir é. Tá coirpigh eile ina thimpeall ag féachaint air mar threoraí. Agus tá a fhios agat go raibh gunnaí aige.
Tá a lámh i bhfolach in a chóta. Deir tú, taispeán dom do lámh, go mbeinn in ann feiscint nach bhfuil gunna agat. Diúltaíonn sé. Tugann tú am go leor dó. Deir tú arís is arís eile go mbeidh iarmhairtí dáiríre dó mura ndéanfaidh sé mar a deir tú. Ach cuireann sé dealramh air go bhfuil gunna aige, agus diúltaíonn sé. Ba bhreá le póilíní eile imeacht agus cead a cheann a thabhairt dó, cé go bhfuil a lán fhios agat go mbeidh sé chun daoine a mharú dá ndéanfar amhlaidh.
Ní mór duit rud éigin a dhéanamh. Tá gá le foréigean ann. Agus bheadh an ceart agat mar phóilín má dhéanann tú rud; ní bheadh mura ndéanann.
Sin an scéal mar a bhí. Is cuma, i ndáiríre, pé acu go raibh gunna aige nó nach raibh.

Wednesday, January 12, 2005

Tús

Bhuel, tá blog agam anois. Tá ábhar léitheoireachta agam cheana féin ag http://www.scoilgaeilge.org/lasmuigh/caomhach/
Ach cé a bheidh á léamh?