Monday, October 23, 2006

An Fáth Go bhFuil Sé Tábhachtach

Cén fáth nach cuma meon na meán? Tá tábhacht ag focail, mar atá. Braitheann cúrsaí tábhachtacha an tsaoil ar an tacaíocht a thugtar do thaobh amháin nó thaobh eile.

Bítear ag comparáid an Iaráic agus Vítneam go minic. Níl mórán cosúlachta ann, ach amháin gur bhuaigh na cumannaigh an cogadh sin sna meáin, go háirithe sna meáin Mheiriceáncha teilifíse. Seo alt ar an ábhar sin.

Tá bolscaireacht an-tábhachtach. Féach an dochar a dhéantar le pé drochrud a tharlaíonn, mar Abu Graib agus na páistí le diúracáin in Iosrael. Rudaí as an ord, gan tacaíocht óna rialtais, ach an-úsáideach dár naimhde, agus faraor, níl aon teorainn le suim na meán iontu. Tharla a leithéid in Vítneam, dar ndóigh.
Seo scéal suimiúil faoin ngrianghraf is cáiliúla ón gcogadh sin, agus an dochar a rinne sé.

Is mór an trua go mbíonn na meáin ag tábhairt tacaíochta dár naimhde, mar a rinne siad sna seascaidí is na seachtóidí. Chonaic mé clár faoi na Marines a d'ardaigh breatach Mheiriceá ar Iwo Jima aréir, agus bhí cuid de fhógra a rinne Jimmy Cagney ann mar chuid de, agus bhí sé ag áiteamh ar dhaoine war bonds a cheannach. Rinne gach réalt a leithéid san aois sin. Cá bhfuil siad anois?

Uaireanta, déanann an freasúra polaitiúil dochar dá dtír féin, mar thréas, i bhfírinne. Seo an sampla is déanaí. Tráth dá raibh, bheadh píonós mór ann dá leithéid. Ach tá an New York Times ciontach as eolas rúnda a scapadh go rialta, mar déanann sé dochar don uachtarán.

Bíonn na meáin ag insint leath-scéalta, droch-scéalta, agus ag scaoileadh scéalta rúnda. Is tábhachtach go seastar ina gcoinne, mar déanann siad an-dochar dár dtír. Mar a tharla le Vítneam, agus iad ag iarraidh cúsaí a dhéanamh níos fearr, déanann siad cúrsaí i bhfad níos measa. Sea, is féidir tuairim eile a nochtadh, ach ní ionann sin agus obair ar son naimhde na tíre (mar a rinne Jane Fonda). Ní fiú cumannaigh atá i gceist an uair seo!

Wednesday, October 18, 2006

Sampla eile den Bhiogóideacht

Bhí mé breá sásta le heagrán Lúnasa de Feasta. Sea, tá alt maslach polaitiúil ann, le Seán Ó Loingsigh ("Pé ní a bhí i gceist, tá an domhan seo i bhfad níos dáinséaraí anois ná mar a bhí sular deineadh uachtarán de George W. Bush.") ach sin de rigueur in aon fhoisiúchán Éireannach. Ach tá alt breá ann le duine darb ainm Séamas Ó Neachtain. Agus tá rudaí fiúntacha eile ann, leis. Ansin, an rud deireanach san irisleabhar - alt beag ag áiteamh go bhfuil na Stáit Aontaithe ag ullmhú chun ionsaí a dhéanamh ar Veiniséala chun a cuid ola a ghoid. Táimid ag ullmhú trí mheán fís-chluiche, tá a fhios agat. Muise. Is daoine baolacha sinn - tabhair aire do do pháistí!