Monday, June 22, 2009

Tá Dia Mór! Bás don Deachtóir!

Cé a cheapfadh go mbeadh an móramh i Meiriceá ag seasamh leo siúd a ghlaonn 'Allahu Akbar!' óna ndíonta? Ach is laochra iad atá á dhéanamh san Iaráin. Is é uair na cinniúna san Iaráin, agus guím gach rath ar na réabhlóidí. Sea, is réabhlóidí iad anois!

Seo tuairiscí is tuairimí (as Béarla) faoina bhfuil ar siúl ansin.

Gach lá, bíonn sé níos léire cé chomh huafásach agus atá an rialtas, agus nach bhfuil ann ach deachtóireacht mhíleata, seachas rialtas na ndaoine. Tuigeann an domhain seo. Tuigeann muintir na hIaráine seo anois. Tuigeann sliocht na hIaráine anseo i Meiriceá, cinnte. Tharla tubaiste ansin 30 bliain ó shin. Seo chugainn an réiteach, le cúnamh Dé.

Pé rud a tharlóidh, tá an saol athraithe sa tír sin. An réabhóid abú!

Agus pé rud a deir an fear lag atá ina uachtarán faoi láthair, bíonn na Stáit Aontaithe ar thaobh na saoirse.

Thursday, June 11, 2009

Et tu, a Dhubhglais De hÍde?

Ní fhaca mé an scéal seo ceithre bliana ó shin. Ní thuigim an neodracht. Níl sé ceart a bheith neodrach agus cairdiúil le haintiarnaí agus coirpigh, dar liomsa. Tharla na rudaí náireacha seo fadó, ach is ábhar machnaimh iad don lá atá inniu ann.

Má phléascann an Iaráin buama adamhach in Iosrael, slán mar a n-insítear é, an mbeidh Éire cairdiúil leis an Iaráin fós? An mbeidh Éire neodrach go deo? Nó an seasfaidh sí leis an gceart ar ball? Bhí sé casta go leor sa dara cogadh domhanda, mar ní bheadh Éire sásta troid ar son Sasana. Ach bhí i bhfad ní ba mhó ná sin i gceist, fós féin, go háirithe ag deireadh an chogaidh. Bheadh siad ábalta a rá go raibh siad ag seasamh leis an mBeilg, nó tíortha eile. Níor mhaith le Meiriceá Stalin, ach sheasamar leis i gcoinne Hitler.

Is ionann domsa an neodracht agus a bheith ar nós cuma liom maidir leis an gceart - agus mar sin, ag ceadú an mhíchirt. As ciúnas tuigtear tacaíocht. Agus bhí a fhios ag Dev féin nach raibh aon chosaint ann sa neodracht.

Tá beartas de neodracht mhíleata ag Éirinn agus ní ball d'aon chomhghuaillíocht mhíleata í. Mar sin féin, ar feadh caoga bliain, tá sí ag glacadh páirte gníomhaí in oibríochtaí coinneála síochána na NA agus údaraithe ag na NA agus tá páirt ghníomhach aici i bhforbairt Bheartas Slándála agus Cosanta na hEorpa.

Rinne an tAire tagairt freisin do neodracht na hÉireann, ag rá nach gcuirfeadh an Conradh Éire faoi aon chomhcheangal míleata ná cosanta d'aon saghas.


Ba mhaith leo an cáca agus é a bheith ite acu freisin, an ea? Cén fáth go bhfuil suim ag Éire i mBeartas Slándála agus Cosanta na hÉorpa nuair nach mbeidh siad sásta aon bheart mhíleata a dhénamh ar a shon? Nach leor an neodracht di?

An bhfuil níos mó i dtír neodrach ná tír lag le béal mór? Tiománaí an chúlshuíocháin i gcarr an domhain? Tír a bhraitheann ar thíortha móra as a slándáil, nach mbeidh sásta cabhair ar bith a thabhairt do na tíortha sin má bhíonn gá leis? Sin fadhb mhór na hEorpa, freisin. Ní féidir leis an Eoraip í féin a chosaint gan na Stáit Aontaithe. Níl aon chogadh domhanda eile le fada, agus an Eoraip lag, agus mar sin, tá na Stáit sásta íoc as a slándáil. Fiú na tíortha neodracha. Ní fheadar an dtiocfaidh an lá nach mbeidh na Stáit chomh flaithiúil, go háirithe nuair a bhíonn na hEorpaigh ag clamhsán faoi. B'fhéidir ba chóir dúinn a bheith neodrach?

Monday, June 08, 2009

Bua sa Liobáin

Tugadh droim lámha do na sceimhlitheoirí Hezboladh sa Liobáin - buíochas mór le Dia. Freagra don Iaráin sin, cinnte. Chaith an Iaráin agus an tSiria mórán airgid agus bhí brú nach beag ar an Liobáin chun níos mó cumhachta a thabhairt do Hezboladh - ach ní dhearna! Seo cur síos suimiúil air. Le cúnamh Dé, beidh athrú scéil san Iaráin féin, sula scriosfar a dtír (agus cá bhfios cén dochar eile a dhéanfaidís). Beidh a dtoghchán féin acu ar an 12ú. Ní bheidh ach rogha an dá dhíogha acu, acu b'fhéidir an duine is fearr de na drochdhaoine a roghnú, mar sin féin (agus fáil réidh le Ahmadinijad).

Ach ná bímis ró-dhóchasach faoin Iaráin.

Thursday, June 04, 2009

Obam Alechem

Fearadh fáilte Uí Cheallaigh roimh Obama i gCaireo, agus thug sé seó breá dóibh. Seo cúpla tuairim ar a ndúirt sé. Bhí sé an-hopeychangey, ach ní dóigh liomsa go ndéanfaidh sé níos mó maithe ná dochar.

Max Boot
www.jihadwatch.org
Mark Thiessen

Is mór an trua nár éist éinne le Bush. Bhí sé i bhfad ní b'fhearr (cé nach raibh sé ionraic maidir leis na fadhbanna bunúsacha in Ioslam ach oiread).

I also want to speak tonight directly to Muslims throughout the world. We respect your faith. It's practiced freely by many millions of Americans and by millions more in countries that America counts as friends. Its teachings are good and peaceful, and those who commit evil in the name of Allah blaspheme the name of Allah.

(APPLAUSE)

The terrorists are traitors to their own faith, trying, in effect, to hijack Islam itself.

The enemy of America is not our many Muslim friends. It is not our many Arab friends. Our enemy is a radical network of terrorists and every government that supports them.
- George W. Bush, 20 Meán Fómhair, 2001

Tiananmen Fiche Bliain ar Aghaidh

Fiche bliain ó shin sa tSín, bhí dóchas ann. Bhí an cumannachas ag fáil bháis in Aontas na Sóivéadach agus san Eoraip, agus ceapadh go raibh seans ann saoirse a bhaint amach sa tSín, freisin. Chonaic an domhan mór brúidiúlacht rialtas na Síne sna laethanta sin, ach chonaiceamar laochra a sheas ina haghaidh, freisin.

Seo mórán grianghraif de na leathanta siúd.

Ó shin, cé nach bhfuil aon athrú ar an rialtas úd, tugtar níos mó measa dóibh, níos mó cumhachta. Bhí na cluichí Oilimpeacha ann. Déantar i bhfad níos mó gnó leo. Ní luaítear eachtraí Tiananmen. Ní luaítear an Laogai. Ceannaímid earraí ón tSín, agus ar ball, úsáidfear an t-airgead sin chun ár gcomhlachtaí a cheannach uainn. Faightear airgead ar iasacht ón tSín, agus tá cumhacht as cuimse acu ar chúrsaí airgeadais sa lá atá inniu ann. Ní thugann siad aon chabhair don domhan chun smacht ar bith a choimeád ar an gCóiré Thuaidh, cé gur féidir leo. Bíonn siad ag bagairt ar an Téaváin i gcónaí. Ach ní féidir linn olc a chur orthu, mar gheall ar an airgead. Déantar gearáin faoin Tibéid uaireanta, ach níl rialtas ar bith an-dáiríre faoi. Tá an Sínigh ag déanamh a rogha ruda ann fós, ag scriosadh bailte agus a brú a gcultúr féin ar na daoine sin (iad siúd nach maraíonn siad).

Oscaíodh súile an domhain beagán in 1989, ach thiteamar inár gcodladh arís ó shin, maidir leis an Sín. Ní mór scéal Tiananmen a choimeád beo, a chuimhniú is ag múineadh don aos óg. Ní mór rialtas na Síne a thuiscint i gceart, mar deachtóireacht bhrúidiúil, pé íomhá dheas a chonaiceamar ó na cluichí Oilimpeacha. Pé rud a deir daoine amaideacha clúiteacha.

Táthar ag súil (le fada) go dtiocfaidh feabhas ar chúrsai agus go mbeidh saoirse ann ar ball, mar a éiríonn na Sínigh níos saibhre. Ní dóigh liom go dtarlóidh mura mbeidh laochra mar laochra Tiananmen ann. Go n-éirí siad arís.