Tuesday, December 27, 2005

Gan Feabhas

A) Tá SEIF (Siondróm Easpa Imdhíonachta Faighte) ina fhadhb an-mhór. Ba mhaith le gach duine deireadh a dhéanamh de. Ach ón uair a thosaigh daoine troid ina choinne, tá i bhfad níos mó daoine ann ar a bhfuil an galar seo. Má thugamaid neamhaird dó, beidh cúrsaí níos fearr.

B) Tá an dúnmharú mídhleathach i ngach aon áit. Ach ón uair a rinneadh an chéad dlí ina choinne, tá líon na ndúnmharfóirí ag fás. Maraítear i bhfad níos mó daoine gach aon bhliain agus na dlithe seo ann. Mar sin, ba chóir dúinn na dlithe a chur as feidhm, mar d'éirigh cúrsaí i bhfad ní ba mheasa i ndiaidh a gcumtha.

C) Ó 9-11 ar aghaidh, tá Meiriceá ag troid ar ais i gcoinne na sceimhlitheoirí. Tugtar 'An Cogadh i gcoinne na Sceimhlitheoireachta' air. Ach ón uair a tosaíodh an cogadh sin, tá níos mó sceimhlitheoiríochta ann. Ba chóir do Mheiriceá gan troid ina coinne.

Glacann mórán daoine le C, cé gur ionann le A agus B é.

Friday, December 16, 2005

Toghchán Eile a d'Éirigh Leo (hó-hum)

Rinne pobal na hIaráice éacht eile agus iad a chur an daonlathas chun cinn ina dtírsean. Tá méara corcra bródúla le feiscint ar fud na tíre, fiú i measc na ndaoine nach raibh sásta páirt a ghlacadh sna toghcháin roimhe seo (ná ar a raibh eagla roimh pháirt a ghlacadh mar gheall ar dhíoltas ó na sceimhlitheoirí). Rud iontach, pé toradh de a bheidh ann, rud le ceiliúradh. Tá muintir na hIaráice saor, agus in ann vóta. Tá saighdiúirí Iarácacha ag déanamh i bhfad níos mó chun a dtír féin a choimeád slán ó na sceimhlitheoirí. Faightear eolas i gcoinne na dúnmharfóirí siúd ó na cosmhuintir. Mar a dúirt bean éigin ann, “má cheapann aon duine nach mian le muintir na Iaráice an daonlathas, téidís go hIfreann!”

Agus bua eile ag na daoine agus ag an saoirse ann, cheapfá go mbeadh sé ina scéal ollmhór sna meáin. Mura mbeadh taithí agat orthu.

Beannachtaí ar na hIarácaigh agus go n-éirí sé leo.

Breis eolais (as Béarla):
The Officers' Club

Purple Power

Iraq News Roundup

Rebuilding Iraq

Tuesday, December 06, 2005

I Mo Dhuine Poiblí

Tá lán a fhios agam nach n-aontaíonn daoine áirithe liom, agus nach féidir leo argóint intuigthe a dhéanamh i mo choinne, agus mar sin, tugann a leithéid droch-ainmneacha orm. Sean-chleachtadh is ea é sin, agus ní chuireann sé aon ionadh orm, cé nach maith liom é. Sin saol an duine phoiblí.

Is cuma cén tuairim a nochtann duine os comhair an phobail – beidh daoine ann dá lochtú is dá cháineadh. Nuair a spreagann sé sin aighneas, is maith an rud é. Tagann smaointe níos cruinne as an aighneas i gcónaí, más i ndáiríre a dhéantar é. Má tá suim san fhírinne ag an dá thaobh, cé nach n-aontóidh siad lena chéile riamh b’fhéidir, beidh siad in ann a thuairimí a chur in iúl níos soiléire, agus fáil réidh le haon rud atá míchruinn nó mícheart. Agus is féidir go gcothófar meas iontu ar a chéile dá bharr. Agus dhéanfadh sé a leas d'aon duine a bheadh ag cúléisteacht.

Agus ansin, tá saghas duine eile ann, nach bhfuil meas aige ar aon duine. Níl pioc de fhéinmheas ag a leithéid gan bheith ag caitheamh anuas ar dhaoine eile. Cuir i gcás na daoine a bhí ar Chlár Plé Beo le fada anuas, ag scriosadh (beagnach) an fhóraim is mó úsáidte ag lucht labhartha na Gaeilge dá bhfuil ar an idirlíon. Bhíodh siad ag scríobh maslaí as Béarla chun chur in iúl dúinn nach bhfuil Gaeilge cheart againn, agus nach cóir d’aon duine a chuid Gaeilge a roinnt leis an saol gan í a bheith foirfe. Cén fáth a dhéanfadh duine a leithéid? Déanann sé dochar do shaol na Gaeilge aon ghuth a chosc. Déanann sé dochar aon mhúinteoir a stadadh, cé nach bhfuil Gaeilge fhoirfe ag an múinteoir, má tá daoine ag foghlaim uaidh, agus má chuirtear daoine ar bhóthar na foghlamtha. Ach dar leosan, níl ann ach drochGhaeilge. Is cuma leo faoi dhaoine, is cuma leo faoi labhairt na teanga. Ní bhíonn uatha ach bheith níos fearr agus níos cliste ná aon duine eile. Daoine truamhéalacha iad, i bhfírinne. Ach bíonn a leithéid ann. Tugtar ‘bulaithe’ ar a leithéid.

Tá saghas duine eile ann ar a dtugtar ‘hecklers,’ as Béarla ('trasnaitheoirí,' as Gaeilge, b'fhéidir). Is cuma leo faoin rud atá i gceist i gcomhrá nó scríbhneoireacht. Uaireanta ní bhíonn uathu ach greann, cé nach mbíonn siad béasach. Amanna eile, is é an aird atá uathu. Chun clú a fháil, déan rud (olc) do dhuine eile ag a bhfuil sé cheana, ceaptar. Ó bhuel, bíodh siad greannmhar mura bhfuil siad in ann bheith béasach!

Sea, nuair a ardaíonn tú do cheann, tá baol ann go mbuailfear é! Ach má tá cloigeann urrúnta agat, beidh tú in ann seasamh. Beidh an phian ann, gan dabht, ach ní dhéanfaidh sé aon dochar duit i ndeireadh na dála. Agus beidh bród ort as do sheasamh maith.

Cén fáth, agus a leithéid de chrá i ndán duit, a dhéanfá aon chaint nó aon scríbhneoireacht os comhair an phobail? An fiú é? Is ea, den chuid is mó. Cén leas a dhéanann sé duit? Braitheann sé ar an duine, is dócha. Uaireanta (ach ní go rí-mhinic, faraor), faightear moltaí, meas agus dea-chaint mar thoradh ar do chuid oibre. Uaireanta, is féidir leat cúrsaí an tsaoil a athrú, mar thagann daoine eile faoi anáil do smaointe. Uaireanta, tagann feabhas ar dhearcadh daoine áirithe mar gheall ar do shaothair. Agus bíonn spraoi ann sna heachtraithe féin, agus caidreamh le daoine eile nach mbeadh ann gan iad. Baintear gáire as duine agus tú á lorg, uaireanta. Foghlaimíonn tú as an saothar, mórán nach mbeadh agat gan é. Agus fiú mura n-éiríonn aon rud bheith níos fearr mar gheall ar d’iarrachtaí, beidh a fhios agat mar sin féin, agus tú sásta, go ndearna tú do dhícheall, le dea-thoil (tá súil agam). Is féidir go mbeidh luach saothair ar Neamh agat!

Agus an rud is fearr liomsa, sin go gtugann sé misneach do dhaoine eile chun a smaointe féin a chur os comhair an phobail, as Gaeilge. Agus bíonn níos mó spraoi sa saol seo as siocair sin - domsa agus do mhórán daoine eile.

Wednesday, November 30, 2005

Alt Nua

Tá alt nua agam
anseo.

Ábhar eile ar fad

Níl baint ar bith ag an gceann seo le cúrsaí polaitiúla. Tá blog eile ar an saol, agus podchraoladh ann, ó Chumann Carad na Gaeilge. Táimse ag caint air.

Seo é: Cumann Carad na Gaeilge

Wednesday, November 09, 2005

Ní Buan a gCuimhne

Is minic a chloistear gur inis George Bush bréig agus gur thosaigh sé an cogadh san Iaráic gan chúis, ar a chonlán féin. An Bréag Mór atá ann, agus mar a mhol Stalin, dá minic a insítear é, is amhlaidh is mó a chreidtear é. Seo cúpla foinse fíricí an-mhaith daoibh.

Ní dhearna Bush aon rud nach ndearna Clinton roimhe, ach rinne Clinton rudaí beaga gan éifeacht. Seo ionsaí ar an Iaráic mar gheall ar airm ollscriosta - a rinne Bill Clinton: Operation Desert Fox

Agus seo achoimre iontach de na fíricí is na tuairimí a bhí ag gach éinne faoin Iaráic roimh thús an chogaidh:
Alt le John Podhoretz

Is fada iad araon, ach is fiú a léamh. Is mór an trua nach mbacann mórán daoine leis an bhfírinne. Is fearr le lucht na síochána an fuath...

Monday, October 24, 2005

Ceannteidil

Cad tá sa nuacht, agus nach bhfuil? Tá sé ag éirí go seoidh san Iaráic le déanaí. Bhí toghchán tábhachtach ann, gan mórán foréigin, agus le gach grúpa ag glacadh páirt ann. De réir dealraimh, glacfar leis an mbunreacht. Sin scéal mór! An mbíonn sé sna ceannteidil? Níl. Tá sé i bhfabhar George Bush, agus tá cosc ar sin sa nuacht.

Vóta

Cad faoi na Náisiúin Aontaithe? Tá Lá na NA ann inniú. Aon scéal? Bhuel, nochtar níos mó i gcónaí faoin scannal mór ola agus bia, agus feictear go bhfuil baint aige le hAl Caidhde anois. Ach an bhfuil sé sin sna ceannteidil? Níl, faraor, mar is rud naofa é na NA, nach bhfuil a fhios agat. Deirtear i gcónaí go ndearnadh an cogadh seo mar gheall ar an ola. Is léir nach ndearnadh, ach go ndearnadh mórán ina choinne mar gheall ar an ola is an airgead. Ach is cuma le daoine ceartchreidmhach sin...

Ola agus Bia

Rinne na NA rud maith, an gcreideann tú! Fuair siad an fhírinne maidir leis an Siria agus an feallmharú sa Leabáin. Tá rialtas na Siria trína chéile faoi, agus tá seans ann chun an tír sin a shabháil, mar a tharla sa Liobáin. Dar ndóigh, níl baint ar bith ag na rudaí seo leis an Iaráic...agus níl mórán fúthu sa nuacht.

An tSiria

Wednesday, September 21, 2005

Wednesday, April 20, 2005

An Pápa Nua

Buíochas mór le Dia go bhfuil Pápa Benedict XVI againn. Tá lucht na heite clé ar buile faoi, dar ndóigh. Tugann siad na haidiachtaí céanna air i gcónaí, agus tá na daoine céanna ag screadach faoi mar a bhíonn siad ag screadach faoi Bush.
Seo liosta beag na líomhaintí (bréagacha) a bhíonn acusan, agus cúpla focal dá bhfreagra:

1) Níl sé sásta an cosc ar choiscíní a athrú, agus tá daoine ag fáil bháis mar gheall air. Greannmhar an ceann seo. An gcreidtear go bhfuil na daoine a bhíonn ag scaipeadh SEIF ar fud na hAifrice ag bualadh craiceann lena chéile gan choiscíní mar gheall ar an bPápa? Dá mbeadh siad ag éisteacht leis, ní bheadh ach an corrchás SEIF ann.
2) Níl sé sásta banshagairt a dhéanamh, ná sagairt phósta. Ní raibh Eoin Pól II ach oiread, ná Pápa ar bith roimhe, maidir leis na banshagairt. Ní ceist oscailte í seo, ach rud socraithe. Tá mionlach ann de shagairt phósta, ach ní chreideann an Eaglais gur cheart é do shagairt i gcoitinne. Deirtear gur réiteach éigin a bheadh ann ar fhadhbanna gnéis na sagart, ach is fantaisíocht sin. Níl baint ar bith idir na ceisteanna seo.
3) Is fuath leis homaighnésigh. Cacamas. Ní fuath leis duine ar bith, déarfainn. Is fuath leis peacaí, agus ba bhreá leis cabhair a thabhairt d'aon duine atá ag straiceáilt le rud mar sin, cosúil le Caitliceach ar bith.

Feicfear cé chomh maith agus a bheidh sé. Guím rath air. Agus táim dóchasach. Fear an-mhaith is ea é. Beannacht Dé air go deo.

Tuesday, March 08, 2005

Cé atá iontaofa?

Giuliana Sgrena???
Creidim arm Mheiriceá, seachas amadán cumannach (is ionann iad) Iodálach. Ach amháin nuair a dúirt sí go raibh siad ag dul ró-tapaidh chun srian a choimeád ar a gcarr agus iad ag dul chuig na saighdeoirí Meiriceánacha, ar bhóthar dáinséarach. Ní raibh meas ar bith acu ar na saighdeoirí, ná ar Mheiriceá. Cheap sí gurb cairde iad na sceimhlitheoirí san Iaráic di. Thug an rialtas (amaideach) cúpla míliúin dollar dóibh. Tá a fhios acu anois cén daoine is fearr a fhuadach, gan dabht. Agus tá an t-airgead acu anois chun saighdeoirí Iodálacha a mharú, leis.

Molaim Instapundit.

Nuacht: The Jawa Report - Carr Shgrena na mbréag.

Monday, February 28, 2005

Dul Chun Chinn sa Liobáin

D'éirigh an rialtas as a bpost sa Liobáin inniu. Céim eile chun tosaigh, chun na Siriaigh a dhíbirt den tír, faoi dheireadh!
cnn.comlebanon.protests
Is mithid go bhfuil an saol ag brú orthu. Agus is féidir mar gheall ar George W. Bush.

Tuesday, February 22, 2005

San Eoraip: Cé acu an fhíorBheilg?

Táimse den tuairim gur fíor é nach mbíonn daoine faoin tuath chomh amaideach agus a bhíonn daoine sna cathracha móra, maidir leis an bpolatíocht.
Seo samplaí ón Bheilg, áit ina mbeidh George Bush ar cuairt:
Fox News
Agus sampla eile:
The Weekly Standard
Tá an rud céanna againne anseo i Meiriceá. Tá sé ann i Sasana. Agus dar ndóigh, san Eoraip go háirithe. Bíonn na radacaigh ag maíomh go bhfuil an t-aon fhírinne amháin ina seilbhsean, agus gur amadáin iad nach n-aontaíonn leo - gan argóint, gan aighneas, ach mar gheall ar an maíomh amháin. Agus bíonn siad ina soisialaithe. Ar buile faoi dheireadh réim na gcumannaithe sa Rúis is san Eoraip, bíonn siad ag tabhairt faoi Mheiriceá. D'aithneoinn nach n-aontaíonn an gnáthphobal leo, leanann siad ar aghaidh ag béic níos airde. Féach gur roghnaigh an Phartaí Daonlathach Howard Dean mar cheannaire! Níl aon chiall ann. Tá súil agam go n-éisteofar le lucht na tuaithe san Eoraip, mar a tharla anseo.

Monday, January 31, 2005

An Toghchán

Bhuel, beannacht Dé ar na hIaráicigh chróga siúd a chaith a vótaí inné. D'éirigh sé leo, den chuid is mó, agus tá díomá le brath ar an eite clé. Tús maith, leath na hoibre. Agus tá obair le déanamh fós, cinnte. Is binn na béala ina dtost, a bhíodh ag rá i gcónaí nach n-éireodh sé leo san Iaráic riamh. Féach an mhéar ghorm!

Thursday, January 27, 2005

60 bliain

auschwitz
Seasca bliain, agus thug na Náisiúin Aontaithe faoi deara é, faoi dheireadh.
un.auschwitz.reut
An ndéanfar bagairt ar an Súdáin anois (féach Dé Máirt seo chugainn)? An mbeidh aon chumhacht taobh thiar de bhagairt ó na NA? An bhfuil inchreidteacht ar bith acu fós?
Idir an dá linn, tá buamaí ag pléasca in Darfur.
sudan.bombing.reut

Monday, January 24, 2005

Fear Oráiste Mise?

Tá dul chun cinn ar domhan: Tá Yuschenko ina uachtarán san Úcráin! Buíochas le Dia, agus go n-éirí sé leis! Go raibh deireadh le réim na gcumannach i bhfírinne. Is laochra iad go léir a sheas a bhfód ar a shon. Cosúil le Cearnóg Tienmen, ach bhí an bua acu. Réabhlóid, gan foréigin agus ar son a leasa. An rud is annamh is iontach. Aire duitse, a Phúitin!

Thursday, January 20, 2005

Déardaoin na gCailliúnaithe Cráite

Nó Lá Oirniú an Uachtaráin, sin inniu. Is iontach an nimh ar thaobh na gcailliúnaithe an uair seo. Ní fheiceann siad cé chomh náireach a bhíonn a n-eachtraithe. Dúirt siad rudaí uafásacha do Condoliza Rice inné, agus stad siad an vóta ionnas nach mbeadh sí in ann bheith ina Rúnaí Stáit inniu. Bhí siad maslach di. Agus mar a bhfuil taithí againn air le fada, bíonn mórán daoine ag insint bréag faoi GWB sa nuacht agus gach uile áit. Chonaic mé clúdach an nuachtáín oll-liobrálach The Village Voice inniu, agus tá Bush ann mar Chaesar. Mura mbeadh an líon mór seo acu ann, bheadh sé an-ghreannmhar. Ach mar tá an MSM (Mainstream Media) ag tacú leo, agus an preas eachtránach go háirithe ag cumadh na fionnscéalta lán le fuath do GWB, beidh an dearcadh aineolach nimhneach seo ann go Lá an Bhrátha, is dócha.
Ach mar sin féin, is lá sona é inniu. Bíodh ceiliúradh sásúil agat, a léitheoir!

Friday, January 14, 2005

Na hAirm Ollscriosta

Fadó, scríobh mé ailt fúthu seo. Stadadh a lorg le déanaí, agus de réir gach dealraimh, níl raibh siad ann san Iaráic. Tá seans ann fós go raibh, agus gur imigh a raibh ann go dtí an tSíria agus b'fhéidir an Iaráin.
Cuireann sé isteach go mór ar na frithBhuisí, dar ndóigh. Níl éinne an-sásta leis. Ach cheap mé ar íomhá chun an rud a thuiscint i gceart:
Tá coirpeach ann os do chomhar, agus is poilín tú. Tá an-aithne agat ar an gcoirpeach seo, agus is dúnmharfóir é. Tá coirpigh eile ina thimpeall ag féachaint air mar threoraí. Agus tá a fhios agat go raibh gunnaí aige.
Tá a lámh i bhfolach in a chóta. Deir tú, taispeán dom do lámh, go mbeinn in ann feiscint nach bhfuil gunna agat. Diúltaíonn sé. Tugann tú am go leor dó. Deir tú arís is arís eile go mbeidh iarmhairtí dáiríre dó mura ndéanfaidh sé mar a deir tú. Ach cuireann sé dealramh air go bhfuil gunna aige, agus diúltaíonn sé. Ba bhreá le póilíní eile imeacht agus cead a cheann a thabhairt dó, cé go bhfuil a lán fhios agat go mbeidh sé chun daoine a mharú dá ndéanfar amhlaidh.
Ní mór duit rud éigin a dhéanamh. Tá gá le foréigean ann. Agus bheadh an ceart agat mar phóilín má dhéanann tú rud; ní bheadh mura ndéanann.
Sin an scéal mar a bhí. Is cuma, i ndáiríre, pé acu go raibh gunna aige nó nach raibh.

Wednesday, January 12, 2005

Tús

Bhuel, tá blog agam anois. Tá ábhar léitheoireachta agam cheana féin ag http://www.scoilgaeilge.org/lasmuigh/caomhach/
Ach cé a bheidh á léamh?