Thursday, February 09, 2012

Séamus na Gaeilge agus Fadhb na nUimhreacha

Rinneadh an chéad clár sa tsraith Dúshlán faoin Sáirsint Séamus Ó Fianghusa. Cainteoir líofa Meiriceánach (agus cara dom) atá san arm (fórsaí cosanta) is ea é, a bhí ar dualas san Afghanastáin (tá alt dá chuid in An Gael). Tugann sé cuairt ar Ghaoth Dobhair, ar Dhoire, agus téann sé abhaile go Nua-Eabhrac i rith an chláir, agus feictear é san Afghanastáin, ag obair mar shaighdiúr ansin.

Níl an clár go dona. Cheapfaí go mbeidís dá ionsaí an t-am ar fad (lucht déanta na clár, seachas an Talabán...), ach ní dhearna. Mar sin féin, tuigtear ó na roghanna a rinneadh agus ó roinnt tráchtanna sa chlár go bhféacheann siad ar Shéamas mar dhuine le dhá chloigeann, ar a laghad. Sin an fáth go ndearna siad an clár, is dócha - an rud is annamh is iontach. Tá an clár an-suimiúil.

Mar is iondúil, cé gur clár RTÉ TG4 é, rinneadh do lucht labhartha an Bhéarla é. Fo-theidil a bhíonn ann i mBéarla nuair a bhítear ag labhairt na Gaeilge, agus ní bhíonn fo-theidil as Gaeilge ann nuair a labhraítear Béarla. Ach más locht sin, is locht a bhíonn ann i gcónaí...

Bualann Séamas le fear i nDoire a insíonn dó go mbeadh sé ag troid ina aghaidh dá mbeadh sé ina chónaí san Iaráic nó san Afghanastáin. Is iomaí duine a déarfadh a leithéid, gan smaoineamh ar an gcúis a mbeadh sé ag troid ar a shon. Is cuma le daoine mar sin cé chomh dona agus atá naimhde na Stát. Dar leo, níl aon rud tábhachtach ach go bhfuil arm eachtránach i dtír eile. Is beag an radharc ar an saol atá ag a leithéid de dhuine. Níl an saol chomh simplí sin. Níl aon amhras orm ach go mbeadh sé ag troid ar son na sceimhlitheoirí thall. Agus is mór an trua sin.

An t-aon rud glan olc atá sa chlár ná an mhír ina luaitear sibhialtaigh na hAfghanastáine. Insíonn Séamus dóibh nach mbíonn na Meiriceánaigh ag marú sibhialtach. Go díreach ina dhiaidh, deir an tráchtaire go maraíodh rud mar 1300 Meiriceánach san Afghanastáin, agus gur maraíodh rud mar 130,000 sibhialtaigh. An rud atá le tuiscint as sin ná gur inis Séamus bréag, cheapfaí. Ach níl baint ar bith idir na huimhreacha sin. Na sibhialtaigh a fuair bás mar gheall ar shaighdiúirí Mheiriceá (NATO), de thaisme a tharla, i measc cogaíochta. Sin rud a tharlaíonn i ngach aon chogadh. Agus níos lú sna cogaí seo ná riamh sa stair. Ach an chuid is mó de na sibhialtaigh seo, mharaigh an Talabán agus sceimhlitheoirí eachtránacha eile iad. Más féidir linn an uimhir a thugtar a ghlacadh ar chor ar bith, mar is léir nach mbíonn fíor-uimhreacha thaismí an Talabáin le fáil, agus go ndéanann siad a seach ndícheall chun sibhialtaigh mharbha a chur os comhair an tsaoil, seachas naimhde armtha, agus is iomaí cleas atá acu chun sin a dhéanamh. Seans go bhfuil gaoth an dearcaidh ann sna huimhreacha seo go mbíonn rud éigin mí-chothrom ann má bhíonn na Meiriceánaigh ag marú céad duine as gach Meiriceánach a maraíodh - mar a bheadh cluiche éigin ar bun. Cé chomh hamaideach is atá an dearcadh sin, tá sé coitianta. Ach tá blagmhíreanna eile agam faoi na huimhreacha...

Pé scéal, mar chlár ar an ábhar seo, tá sé go maith, den chuid is mó. Treise leo, agus treise le Séamus agus a chomhghleacaithe, a bhíonn ag déanamh an saol níos fearr dúinn go léir, agus do mhuintir na hAfghanastáine go háirithe. Go raibh toradh ar a gcuid oibre.

[Dála an scéil, ní fuaimnítear ainm na tíre thall mar a cheapfá ón litriú oifigiúl, agus molann Séamus féin an h a chur i lár 'Afghanastáin'.]

1 comment:

Fearn said...

Casadh dom bheith ag coimhéad ar an stáisiún Teilifíse Russia Today le deireannas, ar gléas labhartha Rialtas na Rúise é, féachaint cad a deiridís i dtaobh urghaire na Rúise i leith na Sire, ar Chomhairle Slándála na NA díreach roimhe sin.

Beag leithscéal a ghabh siad ach dul i mbun tuairisc i dtaobh líon na ndaoine a mharbhadh sa scliúcas, agua mar nach raibh sé chomh mór is a ligeadh air.

Is dóigh má bhíos sé deacair aghaidh na fírinne a thabhairt ort fhéin, go mbíonn sé cuí dul i mbun fíorac nó dó atá iomallach táinisteach agus a mhór a dhéanamh
de na neamarta, na mbrealla is na murach ann.

Sílim fhéin gur ar eithne na cúise is cuí breith a thabhairt seachas ar a chraiceann, nó a seithe, nó ar aon bhall eile dhe.

Ní taise don Afgánastán!