Wednesday, September 29, 2010

Banríon na mBlag

Comhghairdeas le hÁine Durkin as duais a fháil ón Oireachtas:


COMÓRTAS A29: BLÁGÁILMaoinithe ag Oifig na Gaeilge, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha CliathDuais €500Mise Áine le Áine Durkin, Ceann Scríbe, Bóthar na Gráinsí, Bun Cranncha, Co. Dhún na nGall.

Táthar ag súil nach n-éireodh sí as an mblagadóireacht mar a tharlaíonn go minic tar éis an duais seo a fháil...

Tá blagadóir ann i gCeann Scríbe,
A fuair aitheantas as a blag ríoga;
Níor shéid sí a buabhall
Mar tá sí sách umhal
Ach gan amhras ní hise an díogha!

Friday, September 17, 2010

Ní Cheadaítear Amhras

Fiú má bhíonn poll mór sa scéal. Mar an poll a luaitear le déanaí mar gheall ar thoradh Phrotocol Montreal. Ceiliúradh caithréimach go ndearnadh an rud ceart (agus gur dea-shampla sin don uile rud eile cosúil leis a dhíríonn ar an téamh domhanda...) atá ann, feictear. Tá an cath sin thart, dar ndóigh, agus is casta an scéal é. Tá a lán foghlamtha ó shin, agus beidh i bhfad níos mó, le cúnamh Dé. Ach an rabhamar ceart? Sea, táim á cheistiú. Ní mór dom bheith ar an taobh eile de beagnach gach aon scéal, nach ea?

Nílim ag rá nach bhfuil 'poll ózóin' ann. Bíonn, bhíodh, agus beidh, chomh fada agus is eol dúinn. Baineann sé le dhá chúis, den chuid is mó, go bhfios dúinn. Scriosann clóirín san aitmaisféar ard an ózón, le cabhair ó ghathanna cosmacha. De réir dealraimh, tá timthriall nadúrtha ann a mhéadaíonn an poll seo go rialta, timpeall gach 11 bliain.

Is iomaí cúis go bhfuil clóirín saor san aitmaisféar (agus ózón), ach cuireadh an milleán ar fad as an bpoll seo ar na CFCanna (clorafluaracarbóin), agus trí bhliain is fiche ó shin, coscaíodh iad. Sin freon agus a leithéid. Má shábhálamar an domhan, b'fhiú sin. Ach bhí costas an-ard ann:


At the time, the CFC industry was worth about $8 billion in the U.S.,
employed over 600,000 people directly, and 1.4 million people indirectly...

Nílim an t-aon duine amháin atá amhrasach, ámh, gur shábhálamar an domhan. Seo duine de mo leithéid (S. Fred Singer). Tá a lán rudaí suimiúla le rá aige. Ach is 'eolaíocht shocraithe' atá i gceist anois (mar a bhí an domhan cothrom...) agus ní cheadaítear a cheistiú, de ghnáth. Is mór an trua sin, mar tá an scéal an-suimiúil agus tá mórán le foghlaim as nach bhfuil foghlamtha go fóill. Go háirithe maidir leis an bpolaitíocht a bhain leis an bpoll ózón seo...

Anois, b'fhéidir cúpla focal faoi DDT agus an mhaláire? Ar ball. Beidh mé ag sábháil an domhain idir an dá linn...

(Rud suimiúil nach mbaineann le hábhar: an bhfuil a fhios agat cad is PVC ann?)

Thursday, September 09, 2010

Dubh Dóite

a lán cainte ann faoi dhó chóip an Chóráin. Aontaím le hAonghus den chuid is mó faoi. Ach deir sé go mbeidh daoine ag fáil bháis mar gheall air. Cuir an abairt sin samhail i mo chloigeann. Éigníodh an bhean úd mar bhí sí go hálainn. Maraíodh an fear úd mar ba Ghiúdach é. Goideadh ón nduine siúd mar bhí sé ró-shaibhir. Bualadh an páiste sin mar thug sé masla orm.

Ní bhíonn sé ceart riamh an milleán a chur ar an íospartach.

Níl aon leithscéal ann do choir ina leithéid cainte. Má mharaítear éinne mar gheall ar an mbeart amaideach seo, déanfaidh dúnmharfóir é, agus beidh an locht iomlán airsean. Is fabht ollmhór ar chreideamh má cheaptar ann gur ceart daoine a mharú is a dhícheannú is a phlódú srl. mura n-aontaíonn siad leis. Ní thabharfainn creideamh na síochána ar a leithéid...

Is iomaí Moslamach dea-thola atá ann, gan amhras. Ach tá an iomarca ann atá lán-sásta leis an bhforéigean agus an dúnmhárú. Agus tá an iomarca ann a thugann bualadh bos dóibh. Tá siadsan ciontach freisin. Fiú mura sheasann tú ina n-éadann, tá tú ciontach, ar shlí. Istigh nó amuigh, gan rogha eile, dar liom.

Ní réitíonn creideamh na ndaoine sin le cultúr an Iarthair, mar níl siad sásta cead aighnis a thabhairt d'éinne. Tuigtear coir ar scaipeadh na Críostaíochta sna tíortha Moslamacha. Díbrítear Giúdaigh agus Críostaithe uatha. Tugtar drochíde don lucht Bahá’í. Tá a lán díobh sna tíortha seo an-sásta mionlaigh áirithe de fo-chreidimh Mhoslamacha a mharú is géarleanúint a dhéanamh orthu. Cé acu againn atá le hathrú, agus béasa nua a fhoghlaim?

Sean-choimhlint atá ann, agus tá sé ag éirí níos teo. Seasaimis leis an amadán in Florida, nach maródh duine ar bith, seachas leosan atá á bhagairt le bás.

Dála an scéil, chun a bheith dea-bhéasach do na daoine éadúlangacha siúd, coigistíonn Arm na Stat bíoblaí ó na saighdiúirí san Afghanastáin, mar níl cead acu iad a choimeád ansin. Agus cad a dhéanann siad leo? Dóitear iad.

Cad ina thaobh go mbímid ag géilleadh do na daoine sin? Eagla? Nó drochmhisneach? Nó meath creidimh/cultúra san Iarthar? Níl sé ceart, agus ní dhéanfaidh sé aon mhaith, ach a mhalairt. Táimid chomh dea-bhéasach do na dúnmharfóirí sin go mbeidh buama adamhach acu sul i bhfad (dóbair go bhfuil cheana, sa Phacastáin). Cad a dhéanfaimid ansin?

Ar a laghad, cé go mbíonn eagla orainn roimh an Moslamachas míleata, ní bhaintear feidhm as sin mar chúis fhoréigin (ach amháin nuair a fhearann siad cogadh ar thíortha eile, nó a bhíonn siad ar tí sin a dhéanamh). A mhalairt scéil maidir leo siúd ar a bhfuil eagla orthu roimh an gCríostaíocht.

Seo alt fiúntach eile ar an gconspóid seo (as Béarla) a mholaim. Agus seo ceann eile.

Ná géillimis go deo!