Thursday, April 15, 2010

Pápa nó Polanski?

Nach suntasach an difear idir meon ha heite clé maidir le Roman Polanski agus na hionsaithe leanúnacha atá ar bun acu anois ar an bPápa. Cé nach ndearna an Pápa aon rud mícheart. An rud is measa ab fhéidir go ndearna sé (gus ní léir fós gurb amhlaidh), sin nach ndearna sé go leor chun coirpigh san Eaglais a chosc is a chaitheamh amach. Ach tapaíonn daoine áirithe (na frith-Chríostaithe go háirithe) an deis seo chun caitheamh anuas ar an bPápa. Cén fáth? Mar gur is eisean an duine is tábhachtaí mar threoraí agus mar shiombal na Críostaíochta. Is comharba ar Néamh Peadair é, ceannaire na hEaglaise, an eaglais chríostaí is mó ar domhain. Mar sin, is fuath leis na haindiachaithe eiseann thar aon duine eile, agus ceapann siad go bhfuil bata lena bhualadh acu anois. Sop atá acu, dar liom.

Tá cosúlacht idir seo agus cás Iosrael. Is Iosrael an tír is tábhachtaí ar domhain, dar liom, mar gheall ar a lárnacht i ngach scéal tábhachtach idirnáisiúnta. Agus is tír atá bunaithe ar chreideamh i nDia, le daoine a roghnaigh Dia, agus as a bhfuaireamar Críost féin. Cén fáth go mbíonn fuath mhillteanach ann i leith na nGiúdach i gcónaí? Mar is pobal Dé iad. Más fuath le duine Dia agus creideamh, níl amhras ach gur fuath leis na Giúdaigh.

Tháinig an drochscéal amach in Éirinn i ndiaidh a theacht amach sna Stáit. Bhí an ghéarchéim chéanna againne. Táimid beo fós, agus beidh sibhse chomh maith.

Rinneadh ainbhirt san Eaglais. Ach ní leithscéal sin don Chaitliceach chun ionsaí a fhearadh ar an Eaglais. Níl amhras ach gur leithscéal do naimhde na hEaglaise é. An ndearna an Eaglais (sinne, sin a rá) gach rud i gceart? Ní dhearna, cinnte. Agus sin mar a deireann an Pápa.

Nochtadh an drochscéal seo i Meiriceá tamall gearr i ndiaidh 9/11. Bhí a lán daoine ag teacht ar ais chuig an gcreideamh agus chuig an Aifreann mar gheall air na hionsaithe sin a rinneadh orainn. Bhí an diabhal ag fanacht le huair oiriúnach, agus d'éirigh leis na daoine sin agus i bhfad níos mó a chur ó dhoras na hEaglaise. Ná bíodh an bua aige. Bhí aithne pearsanta ar roinnt sagart a bhí ciontach as drochiompar. Níl sé seo éasca domsa. Ach ní bheidh an bua ag an diabhal orm, le grásta Dé.

Níorbh é seo an chéad uair go raibh caimiléireacht agus drochdhaoine san Eaglais, ná baol air. Agus gan amhras, ní hiad seo na hionsaithe is measa a rinneadh uirthi. Sheas an Eaglais gach triall roimhe seo, agus seasfaidh sí an uair seo freisin. Sin mar a gheall Dia dúinn, agus sin an fhírinne.

Mura gcreideann tú i nDia agus ina Eaglais Chaitliceach, ní mór go dtuigeann tú nach eagras a rinneadh chun ainbhirt a dhéanamh é an Eaglais seo, agus níl aon duine a leanann teagasc na hEaglaise sásta leis na drochchúrsaí seo. Feiceann duine an rud ab áil leis, dar ndóigh, agus ní bheidh naimhde na hEaglaise sásta linn go deo. Ní miste liom sin. Is rud tábhachtach go mbíonn na naimhde cearta agat, dar liom. Sin mar a bhíonn tú cinnte go bhfuil an ceart agat.

Aonghus ag déanamh sár-oibre chun fírinne an scéil seo a iniúchadh is a thuairisciú.

Seo cúpla rud suimiúil ó Mheiriceá:

1 comment:

Dubhaltach said...

"Bhí an diabhal ag fanacht le huair oiriúnach, agus d'éirigh leis na daoine sin agus i bhfad níos mó a chur ó dhoras na hEaglaise. Ná bíodh an bua aige"

!!!
Níl mórán cur amach agam ar an diabhal ach go n-imríonn sé cártaí agus sílim go bhfaca mé lasmuigh de chlaí é oíche amháin agus mé ag dul abhaile ar meisce.

Ach caithfidh mé é seo a fhreagairt:

"fuath mhillteanach ann i leith na nGiúdach"

Ba chóir go mbeadh a fhios agat nach ionann "fuath" nó ceistiú polasaithe rialtais Iosrael agus fuath don Ghiúdach, ar chor ar bith.

An bhfuil fuath agam domsa féin agus mo chomhÉireannaigh nuair a cheistím gníomhartha mo rialtais féin?