Tuesday, November 23, 2010

Éire Faoin Uisce

Tá an chóisir thart, tá na billí ag teacht isteach, agus tá póit ar gach éinne. Cé hé a chuir an píosa caca sa bhabhla puinse?

Tá cúiseanna áirithe ann don ghéirchéim atá ann. Sheas an rialtas leis na bainceanna, mar ráthóir. Agus cén fáth nach ndéanfaidís amhlaidh? Tá an rialtas ag caitheamh airgid gan teorann mar gheall ar an airgead a rinne na bainceanna dóibh. Ach bhí na bainceanna as smacht, ag brath ar fhás gan deireadh i margadh an estáit réadaigh. Agus cá bhfuair siad an t-airgead, nó, chun a bheith beacht, an creidmheas, chun an droch-ineistíocht sin a dhéanamh?

Dar leis an alt seo, lena n-aontaímse, is é an euro is cionsiocair leis an bhfadhb, níos mó ná aon rud eile. Mar gheall ar an éagothroime idir geilleagair na dtíortha beaga agus na dtíortha móra, bhí buntáiste ag na tíortha beaga chun níos mó creidmheasa a fháil ná ba chóir. Agus féachaint nach raibh a gcuid geilleagar chomh láidir, bhí ní ba lú cumais acu na fiacha sin a íoc ar ais, go háirithe dá mba géirchéim ann. Bhuel, bhí an gaiste curtha.

Agus anois le cúrsaí mar atá, níl aon réiteach ann ach a bheith ag brath ar na daoine céanna atá ciontach as an bhfadhb. Chun an euro a shábháil, ní mór don AE seasamh leis na tíortha beaga bochta a bhíodh ar an ndrabhlás. Agus beidh le tuiscint níos fearr cé chomh mór is atá an chumhacht a thug Éire don Aontas Eorpach uirthi.

Bhí a fhios ag daoine áirithe nach raibh an euro oiriúnach do gach tír agus go mbeadh fadhbanna móra ann. Ach is beag Éireannach a d'éistfeadh leo...

(Tá míreanna eile ar an mblag seo ar an ábhar seo - déan cuardach ar 'euro' chun iad a fháil).

7 comments:

aonghus said...

Saint ba chúis leis, ní an Euro.

Bhí ár airgeadra nasctha leis an bpunt Sasanach ar feadh i bhfad, agus leis an ECU ina dhiaidh sin.

Finscéal is ea scéal an "punt saor gaelach"

Séamas Poncán said...

Bíonn saint ann agus ní mór do gach comhlacht an méid is mó agus is féidir leo a dhéanamh - gan baol as cuimse. Ach mura dtugtar an rópa don duine, ní bhíonn sé ábalta é féin a chrochadh.

ormondo said...

Don chuid is mó, aontaím leat a Shéamais.

Dála an scéil, an bhfuil áit do réalta de bhreis ar bhratach na Stát Aontaithe?

Mise Áine said...

'The tragedy is that so many in Ireland have had to suffer so much...'

Faraor, sin an tragóid, cibé is cúis leis.

Séamas Poncán said...

Níl aon airgead againn chun stát nua a cheannach, a Ormando! B'fhearr dúinn California a dhíol...

aonghus said...

Caolseans go gceannódh na Spáinnigh ar ais é....

Séamas Poncán said...

Bhuel, ba leis na Meicsicigh é i ndiaidh na Spáinne. Ach ní cheannódh ach tiarna na ndrugaí é dá mbeadh sé ar díol. Agus ba bheag an difear, is dócha.