Monday, August 30, 2010

Admhaíonn Fiú an BBC é!

Ní minic a bhíonn aon rud dearfach faoi Iosrael le léamh nó le cloisteál ón mBíb. Ach fair play dóibh an uair seo, maidir leis an Mavi Marmara agus "Cabhlachán na Síochána" (mar dhea). Mar a dúirt mé ag an am, is iontach a bhfeictear le súile oscailte.

a lán cainte le déanaí faoi Phróiseas na Síochána, agus tá BHO ag cur i gcéil gur féidir na ceisteanna móra a shocrú, cé nach bhfuil aon údarás iontaofa ag na hArabaigh Phailistíneacha, agus go bhfuil a fhios acu nach mbeidh aon athrú ann. Is mór an trua nach mbeidh aon dul chun cinn ann, ach sin mar atá. Dá mbeadh ní ba mhó daoine ag féachaint ar chúrsaí mar atá, seachas mar a bheadh nó mar a chuala siad go bhfuil ó lucht an fhuatha, b'bhéidir dóibh cúrsaí a fheabhsú. Ach chomh fada agus a bheidh lucht tacaíochta ag na sceimhlitheoirí, ní bheidh aon náire orthu, ná athrú intinne.

2 comments:

Mise Áine said...

Tá tuairisc an UN le teacht, a Shéamais. Tuilleadh fós le cloisteáil againn ar an ábhar seo, is cosúil.

Bhí an clár sin ón BBC suimiúil. Go raibh maith agat as m'aird a tharraingt air.

Séamas Poncán said...

Tá níos lú muiníne agam as na NA ná atá agam as an BBC - agus ní mór an mhuinín sin!