Wednesday, October 06, 2010

Moladh

Seasaimis le Geert Wilders ar son na saoirse amárach. Beidh blagadóirí eile ar fud an domhain á dhéanamh. Tá rialtas na hÍsiltíre á ghéarleanúint mar gheall ar scannán a rinne sé, Fitna. Tá an scannán dian ar an gcorán agus deacair a sheasamh mar gheall ar na híomhánna uafásacha atá ann, ach molaim é mar sin féin. Is féidir é a fháil ar youtube (ach bí cúramach - tá bréagnaisc go leor ann). Beidh níos mó le rá agam faoi amárach, lcD. Is náireach an iompar atá ag a rialtas chuige, agus is saghas canáraí sa mhianach é.

1 comment:

aonghus said...

Is beag mo bhá leis an fuathghríosóir seo.

A leithéidí is fearr ag tiomáint Moslamaigh óga san Eoraip i dtreo Al Quaeda.