Is minic a tharlaíonn sé sa lá atá inniu ann go bhfuil dearcadh diúlatach ag a lán daoine i leith éagsúlacht a dtíre nó a gcultúir. Baineann sin le meas dá dteanga, i measc gnéithe eile. Féin-fhuath atá i gceist.
Is iomaí cúis as a d'fhás an dearcadh seo. Ach dar liom, tá an locht is mó ar chórais oideachais na dtíortha seo. Táimid go léir multi-culti sa lá atá inniu ann, agus dar ndóigh, bíonn na cnoic glas i bhfad uainn - agus múintear nach bhfuil féar maith againn sa bhaile ar chor ar bith. Níl aon chultúr níos fearr ná cultúr eile (agus mar sin, níl aon mhaith i gcultúr ar bith).
Mura gcreideann tú go bhfuil an cultúr is fearr agat i do thír féin, mura gcreideann tú go bhfuil do thír go maith, agus mura gcreideann tú go bhfuil baint láidir agat le muintir do thírse agus lena cuid traidisiún, ní oireann an tír sin duit, agus ba chóir duit imeacht. Ach má chreideann tú gurb amhlaidh le gach tír, agus gur ionann iad go léir, is cuma, mar sin. Is cac iad go léir (ach amháin, b'fhéidir, ar na cnoic thall...)
Tá a lán daoine ann a shaoraíonn a gcuid pá as caitheamh anuas ar a dtíortha féin - Chomsky agus a leithéid sin, mar shampla. Is dócha, ar shlí, gurb amhlaidh leo siúd in Éirinn a bhíonn ag caitheamh anuas ar an nGaeilge. Mar is iondúil, is é an dearcadh atá ag a leithéid sin ná go bhfuil gach cultúr ar chomhchéim ach amháin a gceann féin, atá níos measa. Tá an Iodáilis agus an Ghearmáinis agus Béarla srl. ceart go leor. Ach níl aon ghá le teanga dár gcuid féin. Is ualach trom dár bpáistí sin. Tá cultúr nua againn, atá inghlactha ag na Béarlóirí. Tá cultúr domhanda againn anois (ná bí ag féachaint taobh thiar den chuirtín sin!)
Tá fadhb ann leis an gcultúr domhanda, is dócha. Tá gá i bhfad níos mó don fhéinmhuinín agus féiniúlacht chultúra in aghaidh brú an Bhéarla agus ábhar coitianta dhomhan an lae inniu. Ach mar gheall ar an gcúis thuas, agus lagaíochtaí eile, síltear gur gá géilleadh don choitiantacht. Ní cheaptar gur tábhachtach aon ní nach bhfuil boic mhóra an domhain sásta leis. Agus má tá, ní chreidtear, fiú, i gcás na Gaeilge. Tá Éire sásta mórán a ghéilleadh don Aontas Eorpach, ach nuair a ghlacann an AE leis an nGaeilge mar theanga fhiúntach, ní shíltear go bhfuil an ceart acu. Labhraimis Fraincis! Is fíor-Eorpaigh sinn! Mar tá gach cultúr go maith, ach amháin ár gcultúr féin.
Tá cosúlacht ann leis an spioradáltacht ABC (anything but Christianity) atá rí-choitianta an lá atá inniu ann. Ceaptar go bhfuil fiúntas i ngach creideamh ar domhain ach amháin creideamh ár sinsear féin. Mea culpa, mea culpa, mea maxima culpa...
Conas a tharla go bhfuil an bhail seo orainn? Chaill an Iarthar a lán féinmhuiníne mar gheall ar na cogaidh mhóra, a bhris ár spiorad (cé go raibh baint acu le cosaint an chultúir...). Bheimis ábalta sin a shárú, mar a tharla le gach tubaiste roimhe. Agus ba léir ar ball nach an Iarthar ba mheasa, cé go rabhamar lochtach (mar is daoine sinn). Rinneadh a lán damáiste mar gheall ar an gCogadh Fuar. D'éirigh leis na cumannaithe cur ina luí ar lucht na ndea-smaointe (mar dhea), sin a rá, lucht na n-ollscoileanna srl., go rabhamar ciontach as gach peaca ar domhain, agus go raibh an réiteach acusan, agus go raibh siadsan ar son na mbochtán. Le fírinne, bhí siad ag iarraidh a gcumhacht a mhéadú sa tríú domhan. Spreag siad a lán mioscais, go háirithe sa mheánoirthear.
Cuid eile den fhadhb, agus baint aige le bolscaireacht na gcumannach, ná an dearcadh réabhlóideach a bhí ann sna seascaidí, agus adhradh an óige. Cheaptaí nach raibh aon rud i gceart ag na glúinte a bhí ann romhainn, agus go mbeadh lucht Woodstock srl. chun gach a fheabhsú, agus dar ndóigh, a athrú. Cloistear macalla de sin fós: Dóchas! Athrú! (níl aon rud go maith mar a bhfuaireamar é, sin a rá). Mar a deirtear sa seanrá, ba amadáin iad mo thuismitheoirí agus mé i m'óige, ach de réir a chéile, d'éirigh siad ní ba éirimiúla... Moladh an óige an iomarca sna seascaidí go háirithe, agus cailleadh meas ar an aois is ar an oidhreacht chultúra.
Creidtear mórán den chacamas thuas fós, dar ndóigh. Aon rud olc, rinne an Iarthar (ár sinsir) sin (agus is cuid den Iarthar Iosrael). Aon rud maith, déanfaidh daoine eile sin (ar ball, ar ball, ná bac le Stalin, Mao...). Níl aon mhaith ionainn, agus ní raibh aon mhaith inár sinsir gan dabht. Dóchas! Athrú! Aontas!
Tá daoine go leor ann a dhéanann staidear ar chúrsaí agus a thuigeann nach fíor an stuif sin. Ach múintear an dearcadh sin go rí-mhinic. Níl aon mhaith san Iarthar - agus fiú má tá, níl aon mhaith i mionchultúr nach ionann leis na boic mhóra. Is míbhuntáiste cultúr mar sin, go háirithe teanga mar sin. Níl meas againn ar Mheiriceá, ná ar Shasana - ach mura bhfuil meas acusan ar chultúr na hÉireann, ní mór ná go bhfuilimid níos measa ná iad! (Ná bactar leo siúd sna tíortha sin a labhraíonn Gaeilge...)
Ait le rá, ba amhlaidh dearcadh ár sinsear i leith na Gaeilge, den chuid is mó. Glactar leis an bhféinfhuath mar oireacht. Níl aon ghá leis an stuif sin eile a bhíodh acu. Nuair a dhéantaí éagóir ar ár sinsir, bhí sé tuilte againn. Nílimid chomh maith agus a bhí na tíortha cumasacha. Níl aon mhaith i stair an phobail seo againn. Níl aon mhaith iontú siúd a choimeád an cultúr beo in ainneoin an uile anró. Níl aon laochra ag muintir bhocht mar sin. Ní bhaineann an stuif sin le saol an lae inniu, saol an AE agus an stuif a gcuireann an saol mór suim ann. (Is daoine an-aite iadsan i Meiriceá agus san Astráil srl. a cheapann go bhfuil maitheas ann agus a labharaíonn an tseanteanga).
Ní mór dúinn ár misneach a bhailiú agus an cás a dhéanamh go bhfuil cúis bhróid againn as an gcultúr a bhfuaireamar ónár sinsir, agus go bhfuil an saol ar fad níos fearr mar gheall air, agus go bhfuil fiúntas ionainn mar gheall ar an éagsúlacht, seachas an cosúlacht. Gur pobal sinn. Sin, nó géilleadh don nithileachas.
Níl sé éasca cultúr a choimeád beo nuair nach mbíonn daoine ag fanacht sna háiteanna a bhfuil a ngaolta is a sinsir, nuair go mbíonn brú mór agus taisteal fada ann don chuid is mó againn. Táimid dífhréamhaithe, minic go leor. Ach tá sé indéanta, agus níos tábhachtaí ná riamh. Faigheann plandaí - agus daoine - gan fréamhacha bás.
Subscribe to:
Post Comments (Atom)
3 comments:
Píosa maith.
Ní bheinn baileach chomh duairc sinn. Bíonn lucht an éadóchais glórach, ach is dóigh liom go bhfuil mórtas cine fós ann go forleathan: a thugann a áit do cultúr cách.
Bualadh bos!
Tráchtaireacht mhaith ar cheist atá mór, casta agus íogair!
Bhain mé sult as an alt seo uait, a Shéamais.
Creidim féin go bhfuil mórtas cine, agus grá don teanga, láidir go leor sa tír seo fós, ach go bhfuil na daoine sin, nach gcloistear a nglór, ag obair leo sa chúlra go ciúin, ag cur le líon na gcainteoirí Gaeilge, ina mbealach féin.
Ní gá bheith glórach ná conpóideach le grá tíre ná grá teanga a thaispeáint, i mo thuairim. Creidim go n-aithníonn daoine in Éirinn é sin, agus go bhfuil an fhianaise le fáil i líon na ndaltaí sna Gaelscoileanna anois, líon atá de shíor ag méadú ar fud na tíre.
Post a Comment