Níl gach rud socraithe go fóill, agus táthar ag troid fós. Ach de réir dealraimh, beidh orainn an dlí seo a chur i bhfeidhm ar feadh tamaillín, ar aon nós, sula mbeimid ábalta an damáiste a dheisiú - más féidir. Deirtear go mbeidh droch-thoradh ar seo don pháirtí Doanlaitheach Mí Shamhna. Táthar ag súil. Tá sé seo níos measa ná an bhail a bhí orthu in 1994, agus fuair siad leadradh ansin.
D'éirigh leo sa chath seo, ach le cúnamh Dé, beidh an bua againne sa chogadh.
An bhfuil aon duine a chreideann fós go bfhuil Ó Buime chun an dá thaobh a aontú agus gur neamh-pháirtíneach é fós? Lasmuigh teach na ngealt, sin a rá?
Tá súil agam nach taistealfaimid níos faide anonn ar bhóthar seo an tsóisialachais. Beidh tír eile ar fad againn, má dhéanfar, agus an-dochar don domhan ar fad gan saoirse sna Stáit. Cé gur stád nadúrtha an chine dhaonna sin - go sabhála Dia sinn. Gealladh 'Athrú' dúinn. Seo linn. Agus an 'Dóchas'? An dóchas go mbeadh níos mó agus níos mó cumhachta ag lucht seo na heite clé a bhí i gceist, faraor.
Déanann vóta difear. Agus is mór an difear idir pártaithe polaitiúla. Sin ceacht thábhachtach do a lán daoine a chaith vótaí ar son Uí Buime ionas nach raibh siad sásta le GWB. Cé chomh dona agus a bhíonn McCain agus na Poblachtánaigh go minic, níl aon chosúlacht idir sin agus seo.
Ní hé an réiteach é an rialtas - is é an fhadhb é!

6 comments:
Ní hé an réiteach é an rialtas - is é an fhadhb é!
Dar leat.
Gan amhras b'é an easpa rialtais ar na córais airgeadais a d'fhag geilleagar SAM agus geilleagair ar fuaid an domhain sa duibheagán agus is mar gheall ar mí riail na hEite Dheise i SAM go bhfuair Obama an vóta a fuair sé. Ná bí ag gearán anois - is éard atá ar siúl anois ná baint an Fhomhair.
Fáiltím roimh chinneadh na dTeachtaí Dé Domhnaigh agus tá súil agam go leanfar an sampla anseo.
Cad é an deacracht atá ag Poblachtaigh leis an chúram sláinte do na boicht?
An ceist airgid atá i gceist? (Argóint atá deacair glacadh leis i bhfianaise an méid airgid a chaitear ar chogaíocht) nó an bunphrionsabal é atá bunaithe ar chritéir eile?
Ní aontaím leat gurb ionann 'cúram sláinte' agus bogadh i dtreo an tsóisialachais. (cibé cén chiall atá leis an fhocal 'sóisialachas'). Is bogadh é i dtreo na daonnachta. Tá córais chúram sláinte do chách ag cóir a bheith gach tír forbartha ar domhan. Ní thuigim an deacracht atá ag cuid de phobal na Stát leis?
A Choncubhair, cheapfaí nár léigh tú an blag seo riamh, agus an easpa tuiceana sin agat ar mo thuirimí maidir leis an ngeilleagar. Is é an rialtas a rinne na fadhbanna, mar is iondúil.
Is fuath linn na bochtáin, ach amháin nuair atá anlann milis orthu, rósta go maith. Seachas sin, ní bhíonn i gceist againn ach airgead.
Cheapfá a leithéid sin, as an méad a léann sibh, is dócha. Is iomaí plean atá againne chun leas na ndaoine a chur chun cinn, seachas an dochar seo a dhéanann lucht chumacht an rialtais. Tá nasc sa bhlogmhír seo chuig alt le Ann Coulter a luann cúpla rud ciallmhar.
I gcúpla focal, baineann sé le cumhacht na ndaoine agus le fíricí an airgid. Agus i gcónaí, ní ionann na daoine a deir rudaí deasa agus na daoine a dhéanann rudaí maithe.
Tá an iomarca le rá agam ar an ábhar seo. Léigh níos mó anseo as seo amach (agus na sean-ailt)!
Amhail is ná raibh aon bhaint ag Wall Street leis an t-uafás eacnamaíochta - nó gadaíocht Bernie Madoff nó mímhacántacht Lehman Bros is Enron is a leithéid. Na rudaí a rinne siad, bhí siad ábalta iad a dhéanamh de bharr easpa rialtais. Tá barúil agam go raibh na dreammanna seo, na dronganna seo, ina thacadóirí laidire ag an Pháirtí Phoblachtach.....
Ní h-é nach bhfuil fadhbanna ag Obama - ach ní féidir míchumas agus mímhacantacht a lua leis go fóill. Niorbh ionann an scéal le reimeas Bush. Reimeas Choiriúil ar chomhchéim le reimís dá leithéid ar fuaid an domhain, chomh h-olc le réimeas Cumanach a la Brezhnev nó Kruschev.....
Tá tú i do chónaí i saol eile ar fad, a Choncubhair.
DAS, faigheann an pháirtí Daonlaitheach níos mó airgead ó Wall Street agus a leithéid.
Post a Comment