Wednesday, December 03, 2008

Diabhal agus dia

Mar a bhíonn George Bush ina dhiabhal dar le mórán, is léir go bhfuil Barack Ó Bama ina dhia beag acu sin. Féach. An mbeidh íomhá de in gach teach in Éirinn mar a bhíodh na cinn den Chinnéideach? Cheapfá gur Mao éigin atá ann agus an iomad pictiúirí de á gcrochadh is á gcaitheamh in Brooklyn.

Ní dóigh liom go mbeidh daoine chomh sásta leis go deo arís. Agus a mhalairt faoi GWB - ní bheidh daoine chomh mí-shásta leis go deo arís. Muise, nach mbeidh faoiseamh an domhain air nuair a théann sé abaile go Crawford. Post fíor-dheacair is ea é, bheith i d'uachtarán, gan buíochas ó éinne, de ghnáth. Ní bhfaightear mar chúiteamh ar do dhianshaothar ach gearáin.

An mbeidh mí na meala Uí Bhama thart nuair a thosóidh sé? An bhfuil éadaí ar bith á gcaitheamh ag an rí? Síleann an eite chlé gur saghas slánaitheora é. An díomá atá orainne nár chaith vóta ar a shon, beidh an díomá chéanna ar lucht a thacaíochta ar ball, deirimse. Sin a rá, ní dóigh liom go mbeidh sé chomh dona agus a cheapamar, ná chomh hiontach agus a cheapann siad siúd. Ach is maith an scéalaí an aimsear.

1 comment:

aonghus said...

Aontaíom leat.
'Sé an trua go bhfuil íomhánna chomh cumhachtach i toghcháin, seachas substaint.

Táimid ann ghar don saghas sochaí a bhí Ray Bradbury ag cuir síos air i Fahrenheit 451 - le toghchán idir na "Ins" agus "Outs"