Friday, July 28, 2006

Richard Waghorne

Nuair a léigh mé an post seo ar An tImeall, níor léigh mé an post le Richard Waghorne a raibh Conn ag tagairt dó. Ach luaigh Gary arís é, agus mar sin, léigh mé é. Agus cinnte, ní aontaím leis. Ach mar sin féin, nach bhfuil cead cainte ag gach éinne?

Tá cead aige a thuairim a nochtadh, cé gur maslach é dúinn. Nach mbíonn na scríbhneoirí ar Ceist Mhór an Lae malsach go leor fá dtaobh de Iosrael? Cuireann siad masmas orm, gan dabht. Ach bím ag tabhairt freagraí dá leithéid le blianta (gan éifeacht, faraor). Mura n-aontaíonn tú le rud, tabhair míníuchán agus fíricí don té nach n-aontaíonn tú leis. Tá géarghá againn sa lá atá inniu ann leis an aighneas stuama, seachas ionsaithe ad hominem. Má chreideann tú rud, ba chóir duit bheith in ann an creideamh sin a chosaint go ciallmhar. Ní ionann fearg agus fírinne. Agus bíonn dhá thaobh do gach scéal. Nó níos mó, fiú. Ní lia duine ná tuairim.

Scríobh sé na rudaí a cheapann sé maidir leis an nGaeilge. Deir gach éinne rud amaideach ó am go chéile (agus níos minice ná sin!). Nárbh fhearr dúinn freagraí a thabhairt do na rudaí a mhaíonn sé? And if Richard Waghorne cares to know what we are saying, he should learn Irish. Labhraítear Gaeilge anseo.

Chonaic mé cóip den Irish Times aréir ina raibh litir le duine eile atá ar aon intinn le Richard faoin teanga. Caitear an iomarca airgid uirthi, gan ghá, dúirt sé. Na sean-ghearáin mar a bhíonn. Ach cén fáth an fuath seo i leith na teanga? An bhfuil tionchar ró-mhór ag an rialtas ar chúrsaí teangan in Éirinn? An bhfuil sí i seilbh na heite clé amháin? Cheapfaí sin agus duine ag léamh na foilsiúchán Gaeilge agus an chuid is mó dá bhfuil ar an idirlíon. Sin ábhair smaointe. Ach ní freagra dó seo.

An fíor na rudaí a dúirt sé? An bhfuil Béarla níos soifisticiúla ná an Ghaeilge? An bhfuil aon ghá leis an teanga mar chuid d'fhéiniúlacht na hÉireann? An bhfuil cultúr tábhachtach ann a bhaineann leis an nGaeilge? An bhfuil ceoil breá ann as Gaeilge? Ceisteanna tábhachtaí iad seo, agus ba chóir dúinn freagairtí a thabhairt. Cé a thosnóidh? Bímis ullamh don chéad duine eile a deir na rudaí seo - agus beidh siad ann.

2 comments:

Conn said...

De ghnáth staonaim ón ndíospóireacht seo. Tráth dá raibh, dheininn na tuairimí frith-ghaelacha a chíoradh go mion agus iad a bhréagnú ceann ar cheann, ach fuaireas amach nach suim ag na daoine seo sa bhfírinne, ná sa ndíospóireacht réasúnta, don chuid is mó.

Sin é mar atá i gcás Richard, im' thuairimse, agus is ar an gcúis sin is mó a fhaighim locht air. Bheadh níos mó meas agam air dá gceapfainn go raibh muinín aige féin as a chuid tuairimí polaitiúla, ach ní chím aon fhiainise go n-eascraíonn siad as aon doimhin-mhachnamh aige féin. Sé sin le rá: níl aon mheá le feiscint ina chuid scríobhnóireachta. Ceart go leor, bí ar son taobh amháin - ach ar a laghad taispeáin dúinn gur mheáigh tú an fhiainise don dá thaobh den scéal.

Mar shampla, b'fhéidir go bhfuil argóint in aghaidh tacaíocht an stáit don dteanga Gaeilge, ach nílimse chun aon chreidiúint a thabhairt don argóint sin ag teacht ó bhéal duine a shéanann - go h-uile agus go h-iomlán - fiúntas an chultúir Ghaelaigh.

Ní dóigh liom go bhfuil sé "ad hominem" a rá go bhfuil argóintí an "homo" áirithe sin aontaobhach iontu féin. Tá an fhiainise ina bhriathra féin, ins an easpa meáite a thugann sé don gcás ina iomláine.

Sin an chúis go measaim nach bhfuil i dtuairimí Richard - iad go léir - ach "seasamh" - "pose" mar a deir siad sa Bhéarla, agus treabhúlacht dall.

Ní h-ionann san is a rá nach bhfuil meas cuí agam do dhearcadh "na h-eite deise". Tá meon oscailte agam i dtaobh na réitithe ar féidir a fháil ar fhadhbanna tromchúiseacha an domhain mhóir. Táim sásta tuairim ar bith a phlé. Tá a fhios agam go bhfuil an dearcadh céanna oscailte agat féin, a Shéamais. Tá do bhlag oscailte do thráchtaireachtaí agus tá meas agat ar an ndíospóireacht shibhialta. Ach ní mar sin do Richard, faraoir. Tarraingíonn sé mí-chlú ar an eite dheis, im thuairimse, lena bhlag iata agus lena mheon iata.

I gcás an mhéan-oirthir, ní dóigh liomsa gur leor mar argóint a rá gur sceimhlitheoirí iad na pailistínigh nó gur tíoránaigh iad na hIosráiligh - agus sin deireadh leis. Taispeáin an fhianise go léir dom, agus léirigh go bhfuil meá macánta á dhéanamh agat ar na h-argóintí coitianta a chuirtear i gcoinne pé sheasamh atá agat, agus ansin beidh meas níos mó agam ar do thuairim.

An chúis nach bhfuil meas agam ar ainilís Richard? Níl ainilís chothrom ar bith ann. Ach go h-áirithe: ní admhaíonn sé amhras ar bith a chuirfeadh isteach ar a dhearcadh. Tá fhios ag an chuid eile againn nach bhfuil an saol chomh simplí sin.

Séamas Poncán said...

Is fíor duit nach bhfuil mórán anailíse ann sa mhéad a scríobh sé. Agus is dócha nach n-éistidh sé le argóint ar bith ina choinne. Ach nílimse sásta é sin a fhágáil gan freagra. Ar ball...