Wednesday, July 26, 2006

Na NA sa Liobáin

Is eagraíocht frith-Iosraelach í na Náisiúin Aontaithe, den chuid is mó. Is minic a bhíonn siad ag taispeáint dímheasa d'Iosrael. Ach sháraigh Kofi Annan an gnáthmhasla inniu, agus an líomhaint aige gur mharaigh Iosrael saighdiúirí na NA d'aon ghnó. Nach iontach é go bhfuil duine mar sin i mbun na heagraíochta is 'tábhachtaí' maidir leis an taidhleoireacht, duine chomh neamhfhreagrach meargánta - agus scannalach (ach sin scéal eile).

Cén fáth go bhfuil na saighdiúirí sin ann in aon chor? An bhfuil siad ag coimeáid na síochána? Cad é an misean atá acu? An bhfuil siad ag tabhairt cabhrach do Hiosboladh?

Seo anailís chruinn iontaofa faoin ábhar, agus is fiú a léamh, cé gur as Béarla é. Píosa ó The Belmont Club is ea é. Is fiú na tráchtaí a léamh, freisin. Má tá suim ag éinne in aon rud ach bolscaireacht frith-Iosraelach agus líomhaintí gan bhunús.

Níos mó faoin NA agus Iosrael:
The Volokh Conspiracy ar chomhpháirteachas na NA
Joshuapundit ar an stair

15 comments:

Dubhaltach said...

an fáth go mbíonn siad ag deisiú na bóithre ná tá gá le cabhair dhaonnúil. Tá géarghá leis a leithéid ann faoi láthair mar tá gach slí isteach is amach sa tír scriosta.
Ní chiallaíonn sé sin go bhfuil siad ag troid ar son na Hiosboladh!!

Oscail do shúile ar feadh soicind, tá Iosrael ag dul thar fóir maidir leis seo.

Séamas Poncán said...

Níl mórán céille sa mhéid sin, faraor.
Nuair a thugann Iosrael bóthar amach do Hiosboladh, úsáideann siad é chun baill athneartacha a bhailliú isteach
(féach http://www.nypost.com/news/worldnews/grim_day_for_israel_in_leb_worldnews_uri_dan_______mideast_correspondent.htm - agus tá rud ann a cuireann in iúl go n-úsáitear baill na NA mar sciatháin ag Hiosboladh, leis).
Tá mó shúile lán-oscailte, agus ionadh orm nach ndéanann na hIosraeligh níos mó fós. Is cogadh é seo, a dhuine.

Dubhaltach said...

Bhuel níl fhios agam faoin méid "tá rud ann a chuireann in iúl go n-úsáitear baill na NA mar sciatháin ag Hiosboladh, leis"

Ach is féidir liom a thuiscint cén fáth go mbeadh arm an NA ar an taobh na dúchasaigh toisc gur chuala mé a lán scéal as buachaill a bhí thart sa Phalaistín ag obair mar oifigeach síochanaíochta ar son an NA. Agus mar a dúirt sé domsa, bíonn arm Iosrael ag glacadh urchair orthu beagnach gach lá mar bhí a fhios acu (arm Iosrael) nach raibh an cead ag arm an NA urchair a thabhairt ar ais.

Séamas Poncán said...

(náire orm) ...mar sciatha! Focal mícheart a bhí agam.

Cacamas faoi na saighdiúirí ag scaoileadh le lucht na NA. Agus más fíor nach féidir leo aon rud a dhéanamh, cén fáth go bhfuil siad ann ar chor ar bith?

Dubhaltach said...

Is oifigigh síochanaíochta iad tá dualgas orthu an tsíocháin a choinneáil chomh fada 's is féidir leo. ní an cead acu a bheith ag troid ar son aon taobh, so, níl aon chead acu a bheith ag filleadh urchair d'arm Iosrael.
Ní bhíonn arm Iosrael sásta leis an arm na NA mar ní fhéadfaidís in ann na ngnáth droch-rudaí ba mhaith leo a bheith ag déanamh ar na dúchasaigh de bharr an NA.

Agus is fíorscéal é an ceann faoi arm Iosrael ag scaoileadh ar arm an NA, creid é nó ná creid ,ach tarlaíonn sé gach lá. fíric.
ba cheart duit roinnt taighde a dhéanamh ar na rudaí atá ar siúl sa Phalaistín seachas a bheith ag léamh blagannaí ag daoine claonta.

grma as an míniú le haghaidh "a bhí" agus "a raibh"

Séamas Poncán said...
This comment has been removed by a blog administrator.
Séamas Poncán said...

Níl na saighdiúirí ón NA in ann aon rud a dhéanamh ann ach fáil bás, mura bhfuil siad in ann cumhacht ar bith a úsáid chun drochrudaí a stadadh. Tá a fhios acu go mbíonn Hiosboladh ag cuir córas a ndiúracán ar siúl taobh leo, agus ní dhéanann siad faic. Níl siad ann ach mar sciatha daonna do na sceimhlitheoirí. Ní dhéanfadh Iosrael rud ar bith gan na sceimhlitheoirí dá síorionsaí, dar ndóigh.

Is tusa an duine claonta, mar is léir ón méid sin a scríobh tú. Táimid mar Hiosboladh (tusa) agus Iosrael (mise) - níl aon rud i gcoitinn eadrainn. Is dubh an bán atá agat domsa agus a mhalairt. Nach bhfuil a fhios agan nach mbeadh Hiosboladh ann ar chor ar bith ach amháin gur mian leo Iosrael a ionsaí agus a scriosadh? Sin an t-aon fháth go bhfuil siad ann!

Dubhaltach said...

ar dtús, mo náire "ní fhéadfaidís in ann" ní raibh aon ghá leis na focail "in ann".
Is mór an trua nach bhfuil tú in ann na teachtaireachtaí cuir in eagar.

"Níl na saighdiúirí ón NA in ann aon rud a dhéanamh ann ach fáil bás"

Go díreach, níl aon chead acu a bheith ag troid in aghaidh aoinne. Gan mhaith is dóigh liom. ach is breathnóirí iad sin a mhéid!!
Níl an gcéad acu a bheith ag déanamh spiaireacht ar son aon taobh ach oiread.

Glac mé an tagairt go bhfuil mé cosúil le Hiosboladh mar mhasla, toisc nár bhfuil mé i bhfách aon taobh den chogadh seo. táim in aghaidh daoine gan trócaire ar pháistí agus an saghas daoine a bheadh sásta sos comhraic a ghlacadh agus cúpla uair níos moille a bheith ag scaoileadh diúracáin isteach sa limistéir chónaithe arís chun níos mó pháistí a mharú.

"Nach bhfuil a fhios agan nach mbeadh Hiosboladh ann ar chor ar bith ach amháin gur mian leo Iosrael a ionsaí agus a scriosadh? Sin an t-aon fháth go bhfuil siad ann!"

Sin é an fáth go bhfuil siad ann go díreach agus sin an rún ceannann céanna ag Iosrael, e.g. gur mian le hIosrael na dúchasaigh a ionsaí agus a scriosadh

Is fáinne fí é

Séamas Poncán said...

Is féidir leat do theachtaireacht a scriosadh agus a ath-fhoilsiú. Rinne mise sin.

Faoi na NA
" is breathnóirí iad sin a mhéid!!"
Breathnóirí nach bhfaca le (15?) blianta go raibh sceimhlitheoirí ag ullmhú diúracán TAOBH LEO. Níl aon mhaith iontu, ach a mhalairt. Agus sin mo thuairim ar na NA i gcoitinne.
Níl cuspóir ag Iosrael aon duine a ionsaí, ná páistí a mharú, ná bundúchasaí nach iad a mharú. Tá siad ag cosaint a dtíre. Sin uile. Is mór an trua go bhfuil an tuairim sin gan bhunús agat.
Ní raibhas ag iarraidh masla a thabhairt ort, ach amhán do shúile a oscailt. Má bhíonn tú ag tacú lena scéal agus lena leithscéalta, bíonn tú ag tacú leosan.

Séamas Poncán said...

Seo alt breá ar Quana:

http://article.nationalreview.com/?q=ZmQ5NjUwODM5NTIxNzc2MjJjYjliNzM1MTY2YTI4ZWQ=

Dubhaltach said...

Beidh na Hiosboladh sásta leis an ghníomh seo gan amhras ar bith, mar a dúirt mé cheana féin thuas, ait éigin?

Tá gach ceart ag gach tír a imeallchríocha a chosaint ach tá IDF ag dul thar fóir agus níl siad ag troid laistigh de na rialacha cogaidh.

Séamas Poncán said...

"Tá gach ceart ag gach tír a imeallchríocha a chosaint ach tá IDF ag dul thar fóir agus níl siad ag troid laistigh de na rialacha cogaidh."
Bhuel, bhí an chéad rud ceart.
Seo dúshlán duit:
Ainmnigh riail cogaidh amháin a ghlacann na sceimhlitheoirí Hiosboladh leis.

Dubhaltach said...

Ní raibh mé riamh ag cosaint Hiosboladh, so ní bheidh mé ag tosú anois. Ach tá tú ag cosaint an IDF!!!Níl sé a dhóthain a bheith ag déanamh comparáid le Hiosboladh agus an IDF mar tá ceann amháin ina arm sceimhlitheoir agus an ceann eile ina arm ag iompar ar aghaidh mar sceimhlitheoir. agus tá muintir an Liobáin ag fulaingt faoi na hIosraelaigh

Dubhaltach said...

..de bharr seo

Séamas Poncán said...

De bharr nach ndearna a rialtas ná na NA ná aon duine eile rud ar bith chun rún na NA a chur i bhfeidhm agus Hiosboaladh a dhí-armadh. Ní féidir le hIosrael ach í féin a chosaint. Is trua mór é go bhfuil na sibhialtaigh ag fualaingt mar gheall air. Ach ná cuir an locht ar Iosrael amháin.