Tuesday, August 01, 2006

Anailís ar Alt Waghorne

1) Tosaíonn sé ag caint faoin nGaeilge mar rud ón stair, rud nach maireann. Tá dul amú air, mar is eol dúinn. Ach is rí-mhinic a cheaptar uirthi - agus a mhúintear í - mar theanga mharbh.
Seo alt an-deas ar an ábhar seo: The Value of Irish, ó Rubrication.
Más ón am atá thart amháin í dó, is léir ón méad sin nach dtuigeann sé a tábhacht chultúrtha. Is í an príomh-leanúnachas atá ann i gcultúr na hÉireann. Agus is í an rud is tábhachtaí a chothú chun féiniúlacht Éireannach a choimeád beo. Mura bhfuil sí tábhachtach d'oireacht na hÉireann, níl aon oireacht ann. Ní bheadh ann ach oireacht na gcoilíneach. Mar sin, tá Waghorne glan mícheart ón dtús.

2) Deir sé nach bhfuil aon ghá leis an nGaeilge chun stair na hÉireann a thuiscint. Bhuel, is dócha gur féidir le duine a stair a léamh i dteanga ar bith. Cad is ciall leis sin? Más príomhfhoinsí atá uait, ní mór ná go bhfuil Gaeilge agat chun aon rud a thuiscint i gceart. Ar tharla stair na hÉireann trí mheán an Bhéarla mar a mhaíonn sé? Roinnt de. Ach cad faoin rud is mó a tharla, an górta? Ar tharla sin do Bhéarlóirí? Cad faoi na réamhlóid? An raibh béarlóirí amháin páirteach leo? Ní dóigh liom, a dhuine aineolach. Agus tá a fhios seo agamsa, Meiriceánach. Náire ort, Richard.

Maidir le litríocht na hÉireann, nach amaideach a mhaíomh nach bhfuil litríocht Ghaeilge ann! Ní léann Béarlóirí an chuid is mó de, agus mar sin, níl sí chomh cáiliúil agus atá litríocht na mbéarlóirí. Yeats? Tá ceart dá chuid ag daoine i Sasana. Joyce? Ar chaith sé tamall in Éirinn? Tá a dtábhacht acu, mar scríbhneoirí. Ach tá litríocht Ghaeilge ann leis na mílte bliain, agus tá a fiúntas féin aici.

Is cóir agus cuí do gach aon chultúr litríocht ina theanga féin a bheith acu. Is rud an-tábhachtach é a chuireann in iúl go bhfuil cultúr éagsúil ann ar chor ar bith! Cuireann sé ionadh orm nach dtuigeann an Waghorne sin. Tá nuachtáin, irisleabhair, agus na céadta leabhar nua-aimseartha ann as Gaeilge. Tá litríocht bheo ann. Cad tá cearr leis nach bhfeiceann sé sin? Nó an ndearna sé iarracht ar bith chun saol na Gaeilge a iniúchadh sula labhair sé....?

3) Maíonn sé nach bhfuil aon mhaith i gceoil Gaelach, mar bhí Beethoven ní b'fhearr! Ar chuala tú a leithéid de chacamas riamh? An ndéarfadh sé le lucht gorma Mheiriceá nach gcóir dóibh a gceoil féin a dhéanamh, mar bhí na Gearmáinigh ní b'fhearr?! Níl aon mhaith in rac-cheol, ná snag-cheol, ná ceol bundúchasach ó thír ar bith, má úsáidtear an 'loighic' seo. Agus cén rud atá ann ar a bhfuil níos mó clú agus cáil, as Éirinn, ná a cuid ceoil?! An é nach maith leis na líiricí Gaeilge? Is maith le beagnach gach duine ar mhaith leis ceol Éireannach iad, fiú mura bhfuil focal Gaeilge ag an té sin. Bíonn daoine bródúil go bhfuil an traidisiúin arsa - agus beo - sin againn. Mórtas cine, sin rud nach dtuigeann mo dhuine, déarfainn.

4) Críochnaíonn sé leis an bhfear tuí céanna, ag rá nach bhfuil ann sa Ghaeilge ach teanga ón analód, agus nach mbíonn saol ann in Éirinn ach trí mheán an Bhéarla. Ní mór dó imeacht óna theach níos minice.


Bhuel, sin cúpla focal ar an ábhar seo. Is trua go dtugtar ceann dá leithéid. Mar a dúirt Conn, ní dhearna Richard aon staidéar ar an gceist sular oscail sé a bhéal. Thaispeán sé don saol cé chomh aineolach is atá sé. Bíodh oideachas agat, a Richard.

2 comments:

Diarmuid Hayes said...

Seamus,
Apart from his anti-Gaeilge stance you might probably like his politics! He is not a fan of Bertie either-an opinion I share with him :)

Séamas Poncán said...

Ceapaim gurb é bhur nAnn Coulter, b'fhéidir. Ní miste lioms sin, mar a deir tú, cé go dtéann siad araon thar fóir, sílim, más buan mo chuimhne. Léigh mé roinnt dá chuid tamall fada ó shin, agus bhí mé dóchasach faoi. Ach ansin, thosaigh sé ar an teanga...

Níl aon tuairim agamsa faoi Bheirtie, mar níl mórán eolais agam faoi. A mhalairt le hÉireannaigh, ní bhíonn Mericeánaigh ag smaoineamh polaitiúirí na hÉireann i gcónaí, mar a bhíonn na meáin Éireannacha ag caint fúinne...
GRMA as do theachtaireacht. Yo no comprende Espaniol, faraor.