Friday, November 30, 2012

Vóta Eile in Aghaidh Iosrael...


Cé mhéad ball na Náisiúin Aontaithe a chaithfeadh vóta chun áit a aithint mar thír nuair
  • Bhí dhá ghrúpa ag maíomh go raibh siad i gceannas ansin go dtí tamall ó shin agus ní léir go bhfuil siad ag feidmhiú go maith fós lena chéile.  Rialtas an-amhrasach atá ann.
  • Tá dhá phíosa talún éagsúla acu, gan cheangal
  • Níl teorainneacha socraithe acu
  • Níl siad i gceannas ar aon teoreannacha, ná a n-aerspás, ná aon phort
  • Is sceimhlitheoirí gan náire iad
  • Bíonn a dtreoraithe ag insint bréige, agus ní aithníonn siad an stair mar a tharla
  • Tá éillitheacht fhorleathan ansin
  • Briseann siad dlíthe idirnáisiúnta i gcónaí - níl meas dá laghad acu ar a leithéid
  • Ní aithníonn siad ball na NA mar thír
  • Ní dhearna siad aon dul chun cinn mar phobal le chomh fada agus a chuir siad pobal orthu féin
  • Ní pobal stairiúil iad.
  • Níl aon chultúr, teanga ná creideamh dá gcuid féin acu
  • Dóbair go bhfuil geilleagar ar bith i bhfeidmh ansin
  • Tá baint acu le coireanna ar fud an domhain
  • Tá droch-chlú acu maidir le cearta daonna
  • Chuirfeadh an t-aitheantas seo isteach ar chonarthaí atá acu (gheall siad nach n-iarrfadh siad an t-aitheantas a fháil gan socruithe eile a dhénamh lena gcomarsa)
  • Ní bhfaighidh siad a lán airgid atá ar fáil dóibh ag an am seo, má iarrann siad stádas mar thír a fháil (déanfaidh sé dochar dá bpobal)
  • Chuirfeadh an t-aitheantas seo isteach ar aon dul chun cinn maidir le síocháin idir iadsan agus a gcomharsa
  • Nóiméad ó shin, bhí siad ag pléascadh busanna, agus seoladh cúpla céad diúracán chuig a gcomharsa, agus mar sin de.  Cheapfaí ar an aitheantas seo mar luaíocht ar an saghas seo droch-iompair
  • Ní dhéanfadh an vóta seo aon mhaith 
Náid. 

O, fan nóiméad - is fuath leo na Giúdaigh agus ba mhaith leo Iosrael a scriosadh!

Céad tríocha a haon.

11 comments:

Fearn said...

Grrrr! - Frith-Phailistíneachas! - Grrr!

Séamas Poncán said...

Grrr.

Fearn said...

Grrrr!

Ní cheadmhach comhbhá!!!

Séamas Poncán said...

Tá difear ann idir comhbhá agus maoithneachas amaideach. Is trua liom gach anam in Ifrinn, mar shampla - tá comhbhá agam dóibh. Ach ní ionann sin agus gur daoine deasa iad.

fearn said...

@Tá difear ann idir comhbhá agus maoithneachas amaideach. Is trua liom gach anam in Ifrinn, mar shampla - tá comhbhá agam dóibh. Ach ní ionann sin agus gur daoine deasa iad.

Fíor bréagach sin, ní chuireann sé leis nó ní bhaineann sé leis an Fhrith-Phailistíneachas thuas.

Tusa a tá freagrach as.




- Grrr!

Séamas Poncán said...

Níl siad cáilithe bheith ina náisiún, sin a bhfuil le rá agam fúthu. Tá na fíricí in aghaidh a leithéid, ach ba chuma sin leo siúd ar fuath leo Iosrael. Measaim daoine as a ndéanann siad, agus ní dhéanann na Palaistínigh ach dochar. Is féidir, dar ndóigh, nach bhfuil siad go léir i bhfábhar an dúnmharú agus an foréigin - tá súil agam go bhfuil a lán díobh in éadan sin. Ach ní léir go bhfuil. A mhalairt scéil, mar atá. Agus is mór an trua sin.

Fearn said...

Tig liom an ráiteas seo a shamhlú ag gamal éigin fosta:

"Níl siad cáilithe bheith ina náisiún, sin a bhfuil le rá agam fúthu. Tá na fíricí in aghaidh a leithéid, ach ba chuma sin leo siúd ar fuath leo An Bhreatain. Measaim daoine as a ndéanann siad, agus ní dhéanann na hÉireannaigh ach dochar. Is féidir, dar ndóigh, nach bhfuil siad go léir i bhfábhar an dúnmharú agus an foréigin - tá súil agam go bhfuil a lán díobh in éadan sin. Ach ní léir go bhfuil. A mhalairt scéil, mar atá. Agus is mór an trua sin."

Tá tú frith-Phailistíneach. Sin a bhfuil le rá agam fút. Agus is mór an trua sin.

Séamas Poncán said...

Comhrá ciorclach...

Fearn said...

Bíonn comhrá ann nuair a bhíos seal cainte seal éisteachta ann.
Óráidí a bhíos agatsa, creidim!!

Séamas Poncán said...

Dá mbéidir liom ciall a bhrú isteach id cheann, dhéanfainn. Agus is amhlaidh a bhfeiceann tú ormsa, is dócha. Murab fhéidir le daoine aontú ar na bunfhíricí, ní féidir aon dul chun cinn a dhéanamh, faraor. Agus mairimid i saolta éagsúla.

Fearn said...

@Agus is amhlaidh a bhfeiceann tú ormsa, is dócha.

Ní hé go deimhin. Bím ag súil go léifinn rud éigin a chuireas ar bhealach mo leasa mé, rud éigin nár smaoinigh mé air, rud éigin a rachfadh i gcion orm, a nochtadh an fhirinne dom, rud éigin nach bhfuil freagra agam air, a scaoilteas mo chroí is m'aigne is a dhóirteas mo mhothúcháin.

Agus is amhlaidh a síleann tú, is dócha?