Friday, August 24, 2012

Cá bhFuil an Ceart is an Chothroime?

Is iomaí rud atá as alt sa saol seo, ach sílim go bhfuil níos mó ná mar is iondúil le déanaí.  Tarlaíonn rudaí amaideacha i gcónai, dar ndóigh.  Ach an bhfuil patrún ann, agus cúrsaí ag dul in olcais?

Gearradh chomh beag le deich mbliana ar Anders Breivik, a mharaigh 77 duine san Iorua.  Cén mhaith sin?  Cén chóir?  Tá siad as a meabhair ar fad, dar liom.  Mura gcuirtear chun báis é (an rogha ab fhearr), ba chóir é a choimeád faoi ghlas go deo, ar a laghad.  Ní thuigim seo ar chor ar bith.  Beidh sé deas séimh síochánta go leor i gceann deich mbliana, is dócha.

Bítear ró-bheag ar chúrsaí an-dáiríre mar seo.  Agus ina theannta sin, bítear ró-dhian ar chúrsaí neafaiseacha - go háirithe nuair a bhaineann siad leis an gCeartchreidmheachas Polaitiúla.  Tá Póilíní na Smaointe níos tábhachtaí ná na fíorphóilíní i sochaí an lae inniu, cheapfaí.  Breathann sé ar do dhearcadh, dar ndóigh, cé acu má cháintear nó nach gcáintear thú.  Ní bhíonn na póilíní smaointe seo ag cosaint éinne.  Bíonn siad ag géarleanúint aon duine coimeádach a deir aon rud míchúramach.  Déanann siad an mór as an mbeag i gcónaí.

Seo leanas cúpla sampla.

Bhí duine darb ainm Sandra Fluke ag caint ar son Obama agus an dlí Sláinte (Obamacare), agus go háirithe, in aghaidh na hEaglaise Caitlicigh (agus in aghaidh saoirse creidimh, le fírinne), ag brú ar ollscoil Chaitliceach (mar dhea, ach sin scéal eile) íoc as ábhar frithghiniúnach.  Gníomhaí is ea í ar son an ghinmhillte, freisin.  Tá duine mór ar an raidió anseo darb ainm Rush Limbaugh, agus is coimeádach é.  Bíonn spraoi aige ar a chlár mór náisiúnta, clár plé agus tuairimí polaitiúla, agus bhí sé ag magadh faoi Fluke.  Bhuel, bhain sé feidhm as droch-fhocal - slut - i rith an mhagaidh sin.  Tuigeann tú, ba mhaith léi go n-íocann an rialtas as a cuid coiscíní nó mar sin de, ionas go mbeadh sí sásta bualadh craicinn.  Ach pé scéal, botún ab ea é an saghas sin focail a úsáid.  Ghabh sé a leithscéal faoi cheann tamaill bhig.  Ach ba chuma sin.  Scaoileadh na madraí air.  Chaill sé fógróirí, agus bhí sé ina dhuine gan mheas ar fud na meán cumarsáide le fada.  Dar ndóigh, is fuath leo é ar aon chuma, ach bhí sé seo ina scéal mór le fada acu.  Ní raibh a lán plé faoi na hábhair dháiríre, an ginmhilleadh, saoirse cainte, nó saoirse creidimh, nó an droch-dhlí seo féin.  Ba focail mhí-oiriúnacha Limbaugh ina scéal mór.

Sampla eile a tharla an tseachtain seo.  Ach tá an t-ionsaí ag teacht ón taobh eile an uair seo freisin, mar gheall ar a gcuid eagla roimh na meáin agus an eite chlé (is beagnach ionann iad sin).  Tá duine darb ainm Todd Akin ina iarthóir ar phost mar sheanadóir náisiúnta. Tá sé i bhfábhar beatha na bpáistí sa bhroinn a chosaint.  Aontaíonn an móramh i Meiriceá leis i gcásanna áirithe, pé rud a deir na Daonlaithigh.  Ach ní aontaíonn gach éinne nuair atá éigniú nó ciorrú coil i gceist.  Dúirt sé rud aimscí maidir leis an éigniú, an choimpeart agus an ginmhilleadh le déanaí.  Níl sé sásta go mbeadh aon eisceacht ann chun ginmhilleadh a cheadú (níl aon locht ar an leanbh).  Ach ní raibh a ndúirt sé soiléir, cruinn ná intuigthe ag an móramh.  Tá an pháirtí Poblachtach an-íogair le déanaí mar tá toghchán an uachtaráin ag teacht, agus bíonn an eite chlé ag fógairt go bhfuil na Poblachtaigh 'frith-mhná,' cé gur raiméis sin.  Anois, tá beagnach gach duine ina pháirtí féin ag iarraidh ar Akin éirí as an gcomórtas, mar creideann siad nach bhfuil aon seans aige tar éis an ráitis amháin sin.  Is cuma pé rud a chreideann sé, is cuma go bhfuil bun-sheasaimh mhaithe aige, is cuma gur duine maith é - dúirt sé drochrud.  Níl sé sásta géilleadh dóibh go fóill.  Níl a fhios agam an bhfuil seans aige - deirtear nach bhfuil.  Más amhlaidh an scéal, ba chóir dó géilleadh.  Ach dá dtabharfaí deis dó, cá bhfios nach mbeadh sé maith go leor.  An mór as an mbeag arís.

Idir an dá linn, is féidir le daoine ón eite chlé pé rud ab áil leo a rá gan aird ó na meáin.  Dúirt an leasuachtarán Joe Biden le déanaí, i mblas gorm do lucht éisteachta gorm, gur mhaith leis na Poblachtaí iad a chur ar ais i slabhraí.  Bréag a mhaslaigh na Poblachtaigh agus an lucht éisteachta araon.  Ach tugtar 'pass' do Biden i gcónaí.  Agus tá a lán samplaí eile dá leithéid ann, dar ndóigh.

Éireoidh cúrsaí níos measa as seo go dtí an toghchán, táim cinnte.  Ba chóir go ndíreofar ar na hábhair is tábhachtaí, ach tá an-amhras orm go ndéanfaí a leithéid, faraor.  Mar sin féin, tuigeann daoine cad atá i gceist sa toghchán seo.  Bíodh ciall acu.

10 comments:

aonghus said...

Gearradh chomh beag le deich mbliana ar Anders Breivik,

Tá sé sin go hiomlán mí chruinn. Gearradh an uasmhéid atá ceadaithe faoi dlí na hIorua air: 21 bliain ar a laghad agus ní scaoilfear saor é mar chreidtear gur bagairt fós don sochaí é.

April said...

A Shéamais, níl daoine ag iarraidh air éirí as mar gheall ar nach naontaíonn sé le cuid is mó de na daoine faoin nginmhilleadh i gcasanna éigniú nó sláinte na máthar. Dúirt sé rud amaideach faoi ' cumas cholainn na máthar nach ligeann dí éirí torrach i gcasanna éigniú.' Sin é an fáth go bhfuil sé i dtrioblóid le lucht na heite deise.

Tá a fhios 'am nach bhfuil sé fearáilte go bhfuil na Daonlathaigh in ann rudaí i bhfad níos amaidí agus i bhfad níos measa a rá,agus ní deireann meáin na heite chlé faic faoi. Níl raiteas Akin níos measa ná raiteas Hank Johnson (D) faoin Guam. Dúirt sé go bhféadfainn Guam ' tip over and capsize'' dá mbeadh níos mó Marines air. Agus nach mbíonn Obama ag rith thart ag rá 'corpse-men', agus ag caint faoi Austrians ag labhairt 'Austrian', agus ag caint faoi '57 States' agus araile. Agus tá Biden agus Peter Stark 'Raving Mad' agus níos mó ná iad ag déanamh a leithéid go laethúil.

Ach má tá sé feiliúnach, agus má tá imní air faoin tír seo agus é ag iarraidh an ruda is ceart a dhéanamh da bharr....cén fáth nár éirigh sé as?

Séamas Poncán said...

A Aonghus, tuairiscíodh go bhfuair sé idir 10 is 21 bliain, agus is fíor gur sin an téarma is mó atá indéanta dóibh. Deirtear freisin gur féidir leo é a choimeád faoi ghlas ina dhiaidh sin. Ach ar an taobh eile, deirtear gurb fhéidir leis parole a fháil i gceann seacht mbliana.
Níor mhaith liomsa breitheamh éigin a déanamh a rogha faoin duine seo gach cúpla bliain. Tá an dlí lag ansin, sin a bhfuil.

Séamas Poncán said...

A April,
Cinnte, dúirt sé rud amaideach faoi theoiric aisteach a chuala sé. Ach b'fhéidir leis a rá go raibh sé mícheart faoi sin gan a dhearcadh ar fad a athrú. Ní dóigh liom gurb é an duine is fearr, ar chor ar bith. Ach aontaím le Mike Huckabee. Táimid ag marú ár saighdiúr féin, mar gheall ar rud beag amaideach.

aonghus said...

Ní sin na tuairiscí a chonaic mise. 21 Bliain ar a laghad a bhí i gceist, gan parúl.

Séamas Poncán said...

"it is unlikely he will ever be released, even though a formal minimum term of 10 years applies."

aonghus said...

Tá an Astráil níos faide ón Iorua ná mar atá SAM!

Séamas Poncán said...

She set the minimum length of imprisonment to 10 years. An bhfuil an Bíb níos iontaofa duit? Níor chuir mé Fox News d'aon ghnó, mar níl aon fhios ag daoine thar sáile cé hiad...

April said...

Nó b'fhéidir gur caighdeán níos airde ag Poblachtanna agus ag Liobraíochaí ná atá ag lucht na heite chlé, agus easpa fimínteachta againn chomh maith!
Nó ar a laghad ba cheart a bheith!

Tá an cheart 'ad. Bhí an cheart ag Akin faoi na huimhreacha maidir le ginmhilleadh é féin agus cé mhéad torracha a bhfuil ann as éigniú. Níl mórán acu ann ar chór ar bith. Ach fós, mura bhfuil sé sach eolach le haithint nach bhfuil an teoiric sin fíor....

Níl mé i mo chonaí i Missouri, ach chuala mé nach sé raibh sé seo an chéad uair a dúirt Akin rud éigean amáideach..agus sin é fáth gur chaith lucht Chlaire McCaskill a gcuid vótaí ar a shon sna Primaries.

Dochreidte ach séard a dúirt Akin faoi sin ná go raibh 'cross over appeal' aige. : \




Séamas Poncán said...

Tuigim. Toradh ar dhroch-nós na primary oscailte is ea é. Ach is eisean an t-ainmneach. B'fhearrde duine eile, is dócha, ach...